Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Right2Water

Maidir leis an tionscnamh 'Right2Water'

 

An tionscnamh ‘Right2Water’ (teideal iomlán: Tá an ceart ag cách ar uisce agus ar shláintíocht! Tá uisce ann ar mhaithe leis an phobal, ní haon tráchtearra é!”,) cláraíodh é an 10 Bealtaine 2012 agus ba é an chéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis breis agus milliún síniú a bhailiú.

Leis an tionscnamh, iarradh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh lena gcuirfí i bhfeidhm ceart an duine chun uisce agus sláintíochta, ceart a aithníonn na Náisiúin Aontaithe, agus a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí riachtanacha sin ar fáil do chách mar sheirbhísí poiblí. I gcroílár an fheachtais bhí an tuairim láidir gur ceart bunúsach é rochtain ar uisce óil glan agus ar shláintíocht ar cheart a ráthú do chách

Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin an 20 Nollaig 2013, agus bhí deimhnithe ag gabháil leis chun bailíocht 1,659,543 ráiteas tacaíochta a dheimhniú. Mar chuid de phróiseas an tionscnaimh ó na saoránaigh, bhuail na heagraithe le hionadaithe ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2014 agus chuir siad a gcás i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa lá céanna. 

D’eisigh an Coimisiún a fhreagairt oifigiúil sa Teachtaireacht uaidh laistigh de 3 mhí (mar a cheanglaítear leis an gcéad Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh), an 19 Márta 2014 (féach an preaseisiúint). Ina fhreagra, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé gníomhaíocht i roinnt réimsí a bhaineann leis an tionscnamh, lena n-áirítear trédhearcacht a mhéadú agus nuálaíocht a spreagadh. Mhol sé freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hUisce Óil, lena dtugtar isteach oibleagáid ar na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar uisce óil, go háirithe do na grúpaí is leochailí.

Is é ‘Right2Water’ an chéad tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis, rud a léirigh acmhainneacht an daonlathais rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Léiríodh leis conas is féidir le saoránaigh ó gach cearn den Eoraip teacht le chéile faoi ábhar imní comhroinnte, tionchar a imirt ar an gclár oibre Eorpach, agus rannchuidiú le forbairtí beartais a bhfuil tionchar marthanach acu.

  1. Cláraithe

    10/05/2012

  2. Dáta tosaithe an bhailiúcháin

    10/05/2012

  3. Bailiúchán dúnta

    1.11.2013*

    * Socraíodh spriocdháta nua i bhfianaise deacrachtaí a bhí ag na heagraithe le linn chéim thionscnaimh an tionscnaimh ó na saoránaigh. 

  4. Tionscnamh bailí

    20/12/2013

  5. Freagra tugtha ar an tionscnamh

    19/03/2014
     

Cad é a chuidigh leis an tionscnamh seo sínithe a bhailiú go rathúil?

Líonra láidir atá ann cheana a threisiú

Ba é an chúis ba mhó a bhí leis an rath a bhí ar ‘Right2Water’ ná go raibh sé ag brath ar ghluaiseacht idirnáisiúnta a bhí seanbhunaithe cheana féin. Shlóg na heagraithe struchtúir cheardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, gluaiseachtaí sóisialta agus líonraí áitiúla atá ann cheana ar fud na hEorpa, rud d’fhág gurbh fhéidir leis an bhfeachtas dul chomh fada le lucht féachana leathan go tapa agus tacaíocht a fháil i roinnt mhaith tíortha san Aontas.

Comhordú Eorpach a chomhcheangal le feachtais láidre náisiúnta

Bhí an dlúthchomhar idir na heagraithe Eorpacha agus na foirne feachtais náisiúnta ríthábhachtach. Cé gur choinnigh an feachtas teachtaireacht choiteann Eorpach ar bun, chuir comhordaitheoirí náisiúnta manaí, stíleanna cumarsáide agus straitéisí for-rochtana in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla, rud a d’fhág go raibh saoránaigh in ann an tionscnamh a thuiscint ar bhealach níos fearr.

Infheistíocht luath a dhéanamh san ullmhúchán agus i bhforbairt comhghuaillíochta

Chuir pleanáil chúramach fhadtéarmach leis an bhfeachtas. Cuireadh tús leis an ullmhúchán cúpla bliain roimh an seoladh oifigiúil, cuir i gcás tiomsú airgid, forbairt comhghuaillíochtaí agus forbairt teachtaireachtaí feachtais. A bhuí leis an infheistíocht luath sin, bhí na hacmhainní, an saineolas agus na comhpháirtíochtaí ba ghá i bhfeidhm ag na heagraithe a luaithe a cuireadh tús leis an tréimhse bhailiúcháin.

Na meáin thraidisiúnta agus na meáin dhigiteacha araon a úsáid chun infheictheacht a uasmhéadú

D’éirigh leis na heagraithe for-rochtain ar na meáin shóisialta a chomhcheangal le cumhdach traidisiúnta na meán chun feasacht a mhúscailt agus chun lucht tacaíochta a shlógadh. Chuidigh cláir theilifíse, ailt nuachtáin agus feachtais ar líne le hinfheictheacht an phobail a mhéadú, agus chuidigh gníomhaíochtaí áitiúla as líne agus líonraí gníomhaithe le rannpháirtíocht a choinneáil ar bun ar an láthair ar fud na hEorpa.

An straitéis taobh thiar den tionscnamh seo

Ullmhú

Cuireadh tús leis an bhfeachtas ‘Right2Water’ in 2009 nuair a chinn Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU) leas a bhaint as ionstraim nua an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. I gcás na n-eagraithe, chuir an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh deis uathúil ar fáil chun feachtas a fhorbairt a mbeadh gné fhíor-Eorpach ag baint leis agus chun comhar thar theorainneacha a chothú.

Bhí an fhís fhadtéarmach sin ríthábhachtach i dtaobh an rátha a bhí ar an tionscnamh. Trí bliana sular cláraíodh an tionscnamh go hoifigiúil, bhí ciste tiomnaithe bunaithe ag EPSU cheana féin chun tacú leis an bhfeachtas agus thosaigh sé ar chomhghuaillíocht leathan comhpháirtithe a chur le chéile. Thug an chomhghuaillíocht eagraíochtaí forbartha, eagraíochtaí neamhrialtasacha sóisialta agus comhshaoil, eagraíochtaí ban, eaglaisí, cuideachtaí uisce poiblí agus bardais le chéile, agus iad go léir aontaithe ar mhaithe le sprioc choiteann.

Mhínigh eagraí amháin go raibh a chúis féin ag na comhpháirtithe uile le tacaíocht a thabhairt don tionscnamh, ach go raibh leas coiteann acu: go mbeadh ráth ar an bhfeachtas.

Chun tacaíocht a chothú ar fud na hEorpa, bhí eagraithe ag brath ar theagmhálacha pearsanta, comhaltaí EPSU, gluaiseachtaí sóisialta, líonraí náisiúnta agus eagraíochtaí Eorpacha, cuir i gcás an Biúró Eorpach Comhshaoil, Mná san Eoraip, an tArdán Sóisialta agus Gluaiseacht Uisce na hEorpa. Chuidigh an líonra fairsing sin le feasacht a mhúscailt agus lucht tacaíochta a shlógadh i dtíortha agus i bpobail éagsúla.

Cuid lárnach den bhfeachtas ba ea pleanáil chúramach. Rinne eagraithe iarracht nach beag teachtaireachtaí feachtais soiléire a fhorbairt agus straitéis a ullmhú i bhfad roimh ré. Leag comhordaitheoir náisiúnta feachtais amháin béim ar a thábhachtaí atá sé ambasadóirí feachtais a roghnú go cúramach, agus a chinntiú go mbíonn dóthain ama, acmhainní agus saineolais ar fáil chun saincheisteanna a bhaineann le beartas agus gnéithe teicniúla den fheachtas araon a bhainistiú.

Lorg na heagraithe saineolas dlí freisin le linn chéim an ullmhúcháin. Chuaigh siad i gcomhairle le dlíodóirí atá ar scor, rud a chuidigh leo an tionscnamh a dhréachtú agus a chinntiú gur raibh a gcuspóirí leagtha amach go héifeachtach acu.

 

Tiomsú airgid agus acmhainní

Fuair an tionscnamh ‘Right2Water’ tacaíocht airgeadais ó urraitheoir amháin: Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU), cónaidhm ceardchumann a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe seirbhíse poiblí ar fud na hEorpa. Chuir EPSU €140,000 ar fáil chun tacú leis an bhfeachtas.

 

Cur i bhfeidhm 

Chun an feachtas a chur i gcrích, bhain na heagraithe úsáid as for-rochtain ar na meáin shóisialta chomh maith le bealaí cumarsáide níos traidisiúnta. Cé gur baineadh úsáid as réimse cainéal, thug na heagraithe faoi deara gurbh uirlisí an-éifeachtach iad grúpaí agus imeachtaí Facebook chun lucht tacaíochta a shlógadh. Cé gur aistrigh Facebook a fhócas ó imeachtaí go leathanaigh ó shin, thug eagraithe dá n-aire go raibh imeachtaí fós luachmhar toisc gur lean daoine a léirigh spéis d’fhógraí agus nuashonruithe a fháil.

Ceann de na rudaí ba mhó a tharla le linn an fheachtais ba ea sceitse grinn ar chlár teilifíse príomh-ama sa Ghearmáin inar luadh an feachtas. Spreag an craoladh méadú nach beag ar thacaíocht, agus fuarthas thart ar 200,000 síniú breise a bhuí leis. Rinne eagraithe iarracht an rud céanna a dhéanamh i dtíortha eile, ach mheas siad go raibh an próiseas fadálach agus nach raibh siad in ann an leibhéal céanna airde a tharraingt ó eagraíochtaí meán náisiúnta. 

Bhí ról tábhachtach ag an bhfeachtasaíocht as líne freisin. Chuir gníomhaithe an tionscnamh chun cinn i gcathracha agus in ionaid oibre ar fud an Aontais, rud a chuidigh chun teagmháil a dhéanamh le lucht féachana nach ndéanfaí teagmháil leo ar bhealaí digiteacha. Bhunaigh na heagraithe líonra de phointí teagmhála áitiúla ina bhféadfadh feachtasóirí taithí a roinnt agus tuairisc a thabhairt ar a gcuid gníomhaíochtaí. A bhuí leis an malartú smaointe sin, d’fhoghlaim na grúpaí éagsúla óna chéile agus neartaíodh an feachtas ina iomláine. 

 

Léirsiú an 14 Bealtaine 2013 ag Alexanderplatz i mBeirlín. Foinse: Europäische Bürgerinitiative (EBI) "Wasser ist ein Menschenrecht" - Neue Zahlen vom 13. Mai 2013 - Berliner WassertischBerliner Wassertisch

Bhí tionchar nach beag ag an dlúth-idirghníomhaíocht idir comhordú ar an leibhéal Eorpach agus feachtais náisiúnta ar an ráth a bhí ar an tionscnamh. Dar leis na heagraithe, dearadh ‘an feachtas go léir ar bhealach a chuir an deis ar fáil le haghaidh comhordúchán Eorpach chun rudaí a mhalartú leis na páirtithe náisiúnta.’

An tráth céanna, d’aithin na heagraithe a thábhachtaí atá sé teachtaireachtaí feachtais a chur in oiriúint do chomhthéacsanna náisiúnta. Mhínigh comhordaitheoir náisiúnta amháin an chaoi ar modhnaíodh beagán an mana ‘Is Ceart Daonna é an t-uisce’ san Fhionlainn go ‘Is Ceart Bunúsach é an t-uisce’ ( (Vesi on perusoikeus), foclaíocht a bhí níos láidre toisc gur léirigh sé téarmaíocht a úsáidtear go coitianta i ndáil le Bunreacht na Fionlainne. Léirigh an taithí sin, cé go bhfuil comhordú Eorpach fíor-riachtanach, gur féidir le solúbthacht agus íogaireacht i leith cásanna náisiúnta feachtas a neartú go mór.

Leathnaíodh an comhar go díreach idir comhpháirtithe náisiúnta freisin. Chuidigh na malartuithe sin le feachtais foghlaim óna chéile agus a líonraí a leathnú. Deir na heagraithe gur léiriú ar an rath a bhí ar an bhfeachtais i roinnt mhaith tíortha an méadú atá tagtha ar an líon páirtithe náisiúnta.

Creideann na heagraithe freisin gur chuir an chaoi a raibh cuspóir an tionscnaimh ábharthacht do chách go mór leis an rath a bhí air. Mar a chuir siad in iúlteastaíonn uisce ó gach uile duine ar bhonn laethúil, agus ní fhéadfadh rud ar bith sa tsochaí feidhmiú gan é.’ Ós rud é go ndéanann rochtain ar uisce difear do chách, bhí daoine ó chúlraí éagsúla in ann spriocanna an fheachtais a thuiscint agus tacaíocht a thabhairt don tionscnamh.

Bailiú na sínithe agus an próiseas fíorúcháin

Dar leis na heagraithe, bhí baint nach beag ag feasacht an phobail maidir leis an tábhacht a bhaineann le rochtain ar uisce glan leis an rath a bhí ar an bhfeachtas bailithe sínithe. Bhí tionchar mór ag an tsaincheist ar shaoránaigh ar fud na hEorpa, rud a chuidigh leis an tionscnamh dul ó neart go neart ón tús.

Bhí tacaíocht an-láidir san Iodáil, sa Spáinn agus sa Ghréig, agus sáraíodh na spriocanna tosaigh sna háiteanna sin. Bhí cuid de na bearta déine is forleithne i bhfeidhm sna tíortha sin an tráth sin, mar shampla beartais a bhain le príobháidiú seirbhísí poiblí bunúsacha. Mar thoradh air sin, chuaigh teachtaireacht an tionscnaimh go mór i bhfeidhm ar na saoránaigh a raibh imní orthu faoi rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha.

Rinne na heagraithe faireachán leanúnach ar dhul chun cinn an fheachtais agus chuir siad a straitéis in oiriúint de réir mar a chuaigh an tréimhse bhailiúcháin ar aghaidh. 6 mhí tar éis dóibh tosú ar shínithe a bhailiú, bhí siad in ann na tíortha ina raibh an tacaíocht ag méadú go tapa a shainaithint agus iarrachtaí breise a dhíriú sna háiteanna sin. A luaithe a bhain siad an tairseach is gá amach i mBallstát, lean siad de shínithe a bhailiú agus é mar aidhm acu 5 % níos mó a fháil, rud a thug solúbthacht sa phróiseas fíorúcháin.

Tháinig deireadh le tréimhse bhailiúcháin fhoirmiúil 12 mhí an tionscnaimh an 10 Bealtaine 2013. Ghlac an Coimisiún le ráitis, áfach, chun tacú leis an tionscnamh suas go dtí an 1 Samhain 2013, mar gheall ar na deacrachtaí a bhí ag formhór na n-eagraithe maidir lena gcórais bailithe ar líne a chur ar bun le linn chéim thionscnaimh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.  Faoi dheireadh na céime bailithe, bailíodh 84 % den 1.7 milliún síniú ar líne agus 16 % díobh ar pháipéar.

An líon ráiteas tacaíochta a bhailigh Right2Water in aghaidh an Bhallstáit

 

Léiríonn na ticmharcanna ar an léarscáil na Ballstáit inar baineadh amach na tairseacha íosta sínithe is gá chun tacú leis an tionscnamh. Agus 1 659 543 ráiteas fíoraithe faighte san iomlán, bhain an tionscnamh ‘Right2Water’ na tairseacha íosta amach i 13 Bhallstát.

Léiríonn na réiltíní ar an léarscáil na Ballstáit den Aontas ina bhfuarthas deimhnithe na ráiteas tacaíochta tar éis don tionscnamh a bheith curtha ar aghaidh chuig an gCoimisiún le haghaidh scrúdaithe. Ní raibh na figiúirí sin san áireamh i líon iomlán na sínitheoirí. Tá an tábla iomlán le ráitis tacaíochta ar fáil ar an leathanach tiomnaithe de shuíomh gréasáin na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
 

Tionchar an tionscnaimh seo

Tíolacadh foirmiúil an tionscnaimh agus cruinnithe leis an gCoimisiún

An 17 Feabhra 2014 bhí cruinniú ann leis an gCoimisiún, agus is é Leas-Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Riarachán, Maroš Šefčovič, a rinne ionadaíocht air.

  

Éisteacht phoiblí Pharlaimint na hEorpa

San iarnóin an 17 Feabhra 2014, tar éis a gcruinnithe leis an gCoimisiún Eorpach, chuir na heagraithe ‘an tionscnamh Right2Water’i láthair ag éisteacht phoiblí ag Parlaimint na hEorpa (féach an preaseisiúint). Ba é an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia a d’eagraigh an éisteacht, i gcomhar leis an gCoiste um Achainíocha, Coiste um Fhorbairt agus an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra. D’fhreastail Leas-Uachtarán an Choimisiúin Šefčovič ar an éisteacht freisin.

I gcás na n-eagraithe, deis a bhí san éisteacht dul i dteagmháil go díreach le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) agus leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcaoi a bhféadfaí cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Mar a léirigh siad níos déanaí, bhí siad ag súil go gcuirfeadh an éisteacht ardán ar fáil chun plé substainteach a dhéanamh ar thograí an tionscnaimh. Níor baineadh an cuspóir sin amach ach go páirteach áfach, dar leo. Cé go ndearna roinnt Feisirí idirghabháil le linn na héisteachta, mheas na heagraithe nach raibh ach díospóireacht theoranta ann maidir leis an tionscnamh féin. Mar a chuir siad in iúl, ‘rinne FPEnna idirghabháil go pointe áirithe ach ní dhearnadh díospóireacht faoin tionscnamh’., .

 

Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach

Sa Teachtaireacht uaidh an 19 Márta 2014, leag an Coimisiún Eorpach sraith gníomhaíochtaí amach a gheall sé a dhéanamh mar fhreagairt ar an tionscnamh Right2Water (féach an preaseisiúint).

Gné lárnach de fhreagairt an Choimisiúin ba ea gealltanas cur chun feidhme reachtaíocht cáilíochta uisce an Aontais atá ann cheana a neartú agus rochtain ar uisce óil sábháilte a fheabhsú ar fud an Aontais Eorpaigh. Chun tacú leis na cuspóirí sin, d’fhógair an Coimisiún comhairliúchán poiblí uile-Aontais maidir leis an Treoir maidir le hUisce Óil chun bealaí a shainaithint chun rochtain na saoránach ar uisce óil ardcháilíochta a fheabhsú.

Gheall an Coimisiún freisin trédhearcacht a mhéadú ó thaobh earnáil an uisce. Ar na gníomhaíochtaí a beartaíodh, bhí feabhas a chur ar bhainistiú sonraí uisce óil agus fuíolluisce, féachaint ar thagarmharcanna cáilíochta uisce a fhorbairt agus idirphlé níos struchtúrtha a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara.

Ina theannta sin, cuireadh i dtábhacht sa Teachtaireacht a thábhachtaí atá sé tacú leis an gcomhar agus leis an nuálaíocht i seirbhísí uisce agus sa chúnamh forbartha. Mar shampla comhpháirtíochtaí idir oibreoirí uisce a spreagadh, malartú dea-chleachtas i measc na mBallstát a éascú agus deiseanna nua comhair a shainaithint.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, d’athdhearbhaigh an Coimisiún a thiomantas rochtain do chách ar uisce óil sábháilte agus ar shláintíocht a chur chun cinn trí bheartas forbartha an Aontais agus trína abhcóideacht i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Abhcóideacht tar éis na tréimhse bailithe sínithe

Tar éis dóibh an feachtas bailithe sínithe a chur i gcrích, lean na heagraithe dá n-iarrachtaí torthaí an tionscnaimh a chur in iúl agus rannpháirtíocht a choinneáil ar bun i measc lucht tacaíochta. Chun nuashonruithe agus faisnéis a scaipeadh, bhí an tionscnamh Right2Water ag brath ar a fheasachán nuachta, a úsáideadh le linn an fheachtais. Fiú roimh dheireadh an tionscnaimh, rinne na heagraithe nuashonruithe a chur amach go rialta i dteangacha éagsúla chuig lucht tacaíochta ar fud na dtíortha rannpháirteacha.

Ba é líonra Eorpach marthanach a chruthú ceann de na torthaí is mó a bhí ar an bhfeachtas. Leanadh den chaidreamh agus de na comhpháirtíochtaí a bunaíodh le linn an tionscnaimh i bhfad tar éis phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a thabhairt i gcrích go foirmiúil. De réir na n-eagraithe, bhí tógáil líonra fhadtéarmaigh ar cheann de na cuspóirí ón tús: ‘ceann de na smaointe agus an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh á sheoladh.’ Léiríonn a dtaithí gur féidir le níos mó ná bailiú sínithe agus freagairt ón gCoimisiún a bheith i gceist le tionchar tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh. Is féidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh comhpháirtíochtaí marthanacha, comhghuaillíochtaí agus comhar leanúnach i measc eagraíochtaí a bhfuil spriocanna coiteanna acu a spreagadh freisin.

Agus machnamh á dhéanamh acu ar an bhfeachtas, shainaithin na heagraithe an ghné náisiúnta mar cheann de na tosca ba thábhachtaí ó thaobh an rátha a bhí air. Dar leo, bhí dearadh agus cur chun feidhme feachtas láidir náisiúnta ríthábhachtach chun cuspóirí an tionscnaimh a bhaint amach. Chuir siad i dtábhacht go bhfuil ‘an obair i dtaobh comhghuaillíochta a thógáil ar an leibhéal náisiúnta’ thar a bheith tábhachtach, agus béim á leagan acu ar an luach a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i gcomhpháirtíochtaí áitiúla agus i líonraí tacaíochta a luaithe agus is féidir.

Tá breis eolais faoi na bearta leantacha le fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Tionchar reachtach agus obair leantach

Tar éis an tionscnaimh ‘Right2Water’, rinneadh roinnt forbairtí reachtacha arbh é ab aidhm dóibh an rochtain ar uisce óil sábháilte ar fud an Aontais Eorpaigh a neartú.

An 1 Feabhra 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le huisce óil, agus bhí bearta lena gceanglaítear ar na Ballstáit rochtain ar uisce óil a fheabhsú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe, san áireamh. An 16 Nollaig 2020 ghlac Parlaimint na hEorpa go foirmiúil an Treoir athbhreithnithe maidir le hUisce Óil. Tháinig sé i bhfeidhm an 12 Eanáir 2021. Bhí go dtí an 12 Eanáir 2023 ag na Ballstáit an Treoir a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta.

I measc forbairtí eile, bhí togra le haghaidh Rialachán maidir le híoschleanglais le haghaidh athúsáid uisce, a glacadh i mí Bealtaine 2018, agus íoschaighdeáin sláinteachais nua le haghaidh ábhar agus táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce óil, a glacadh i mí Eanáir 2024. 

Is iad sin cuid de na forbairtí reachtacha a lean an tionscnamh Right2Water. Tá tuilleadh eolais faoi rialacha an Aontais maidir le huisce óil ar fáil ar shuíomh gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin Eorpaigh.
 

Leideanna agus cleasa d’eagraithe nua

Tosaigh leis na líonraí atá agat cheana

Is annamh a thógtar feachtais láidre gan chuidiú. Is féidir le comhghuaillíochtaí, ceardchumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gluaiseachtaí pobail atá ann cheana an lucht tacaíochta, an saineolas agus an chreidiúnacht is gá a chur ar fáil chun slógadh go tapa ar fud na hEorpa.

Smaoinímis ar bhonn Eorpach, gníomhaímis ar bhonn áitiúil

Tugann teachtaireacht chomhroinnte Eorpach le chéile muid, ach caithfidh solúbthacht a bheith ann i gcás feachtais náisiúnta chun go rachaidh siad i bhfeidhm ar shaoránaigh. Is féidir difríocht mhór a dhéanamh ach manaí agus straitéisí teanga agus for-rochtana a chur in oiriúint don saol mar atá sna háiteanna éagsúla.

Bí ag ullmhú i bhfad roimh an seoladh

Na tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh ar éirigh leo, níor cuireadh tús leo ar lá an chlárúcháin. Déan infheistíocht go luath i bhforbairt comhghuaillíochta, i dtiomsú airgid, i bpleanáil feachtais agus i bhforbairt teachtaireachtaí chun a chinntiú go mbíonn do thionscnamh réidh le dul ón gcéad lá ar aghaidh.

Gach cainéal cumarsáide atá ar fáil a úsáid

Na meáin shóisialta, na meáin thraidisiúnta agus feachtasaíocht an phobail a chur le chéile chun an infheictheacht is fearr is féidir a bhaint amach. Cruthaíonn for-rochtain ar líne móiminteam, agus cuidíonn imeachtaí agus gníomhaithe áitiúla le leas an phobail a iompú ina sínithe.

Comhpháirtithe a choinneáil nasctha le chéile le linn an fheachtais

Le malartuithe rialta idir eagraithe náisiúnta, neartaítear comhordú agus spreagtar comhroinnt smaointe agus dea-chleachtas. Is féidir le comhar thar theorainneacha cabhrú le feachtais fás níos tapúla agus leanúint de bheith dinimiciúil le himeacht ama.

Eolas breise

Tá tuilleadh eolais faoi ‘Right2Water’ le fáil ar shuíomh gréasáin na n-eagraithe agus ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.

Blue Trophy
Right2Water: Tionchar cumhdach teilifíse príomh-ama