Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An beartas modhnóireachta

1. Cé hé oibreoir an láithreáin seo?

Tá an suíomh seo á fheidhmiú ag Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS) thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh agus tá sé faoi réir ag conradh leis

2. Modhnóireacht:

Oibríonn ár modhnóirí chun go mbeidh úsáideoirí uile an láithreáin seo in ann an luach is mó is féidir a bhaint as.

Déanann siad measúnú ar an ábhar arna thíolacadh ag úsáideoirí cláraithe lena fhoilsiú agus déantar é a fhoilsiú, é sin nó a dhiúltú (maille le míniú).

Féadfaidh siad idirghabháil a dhéanamh chun snáithe plé a chumasc, a roinnt, a bhogadh nó a dhúnadh, nó chun aird na rannpháirtithe a dhíriú ar inneachar ábhartha eile. Déanfaidh siad idirghabháil freisin chun úsáid neamh-inghlactha an láithreáin a chosc.

3. Úsáid inghlactha an láithreáin:

Cuirimid fáilte agus spreagaimid plé oscailte macánta a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus/nó le tionscnaimh ar leith.

Ní ceart an láithreán seo a úsáid chun dearcadh polaitiúil, tráchtála ná reiligiúnach ar leith a chur chun cinn, ná chun plé a dhéanamh ar chúrsaí eile nach mbaineann le hábhar.

Níor cheart d’úsáideoirí teanga ghránna ionsaitheach ná cineál teanga a d’fhéadfadh a bheith ina masla cainte a úsáid.

Forchoimeádann na modhnóirí an ceart postálacha atá ina sárú ar na treoirlínte seo a bhaint agus/nó clárúchán aon úsáideora nach gcloíonn leo go leanúnach nó nach gcloíonn leo ar dhóigh atá thar fóir a chur ar ceal.

Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?