Forléargas
Breis agus aon mhilliún ráiteas tacaíochta fíoraithe a bhailiú ó shaoránaigh den Aontas i 7 dtír éagsúla laistigh de 12 mhí, is rud é sin atá níos éasca a rá ná a dhéanamh. Chun na dúshláin sin a shárú agus chun go n-éireoidh leat, tá sé ríthábhachtach do phlean feachtais a ullmhú i bhfad roimh ré agus na hacmhainní is gá a fháil sula dtosóidh tú ag bailiú sínithe, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- foireann feachtais éifeachtach a bhunú agus a chomhordú i dtíortha agus i dteangacha éagsúla, agus le comhpháirtithe éagsúla;
- teachtaireachtaí feachtais atá soiléir stuama a chruthú agus, san am céanna, solúbthacht a chaomhnú chun iad a chur in oiriúint do chúinsí áitiúla;
- amharc-aithne a chruthú;
- suíomh gréasáin láidir a dhearadh chun feachtas an tionscnaimh a chur chun cinn;
- do phríomhbhealaí cumarsáide a aithint.
Treoraíocht
Faigh tuilleadh eolais faoi conas feachtas a dhéanamh sa nóta treorach thíos:
An bhfuil ceist agat maidir le conas feachtas a eagrú? Seol d'fhiosrúchán chuig ár saineolaithe!
Foghlaim ó na daoine ar éirigh leo
San fhíseán thíos roinneann Dénes András Nagy, eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ‘Mionlaigh SafePack’, léargais luachmhara agus straitéisí praiticiúla chun feachtas rathúil a reáchtáil.
Faigh tuilleadh léargais ar fheachtasaíocht rathúil an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh seo tríd an méid seo a leanas a léamh: Comhairle Mionlaigh SafePack do thionscnaimh atá ar siúl faoi láthair: oiriúnú don suíomh nua
Foghlaim ó Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh ar éirigh leo
Foghlaim ó eagraithe ar éirigh leo 1 mhilliún síniú fíoraithe a bhailiú. Léigh na Scéalta Rathúla.
Seimineáir ghréasáin ghaolmhara
Faigh tuilleadh eolais ó eagraithe eile agus ó shaineolaithe maidir le conas d’fheachtas a eagrú go rathúil trí fhéachaint ar na seimineáir ghréasáin thíos.

- Dúnta
- Cainteoirí
- John Holland , Nils Kluger , Elisa Lironi
- Na catagóirí
- Dúnta
- Na catagóirí