Forléargas
Is iad comhpháirtithe tionscnaimh na daoine aonair agus na heagraíochtaí a chabhróidh leat do theachtaireacht a mhéadú, feasacht ar an bhfeachtas a mhúscailt, agus daoine a spreagadh chun do Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) a shíniú.
Dá bhrí sin, mar eagraí, ní mór duit comhpháirtithe féideartha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach a mhapáil chun tacú le do Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Seo roinnt catagóirí éagsúla comhpháirtithe is féidir a chuardach:
-
Idirghabhálaithe
Eagraíochtaí ballraíochta a bhfuil bá acu le hábhar do thionscnaimh, amhail ceardchumainn, ENRanna, comhlachais, etc.
-
Urraí
Seans go mbeidh idirghabhálaithe áirithe sásta tacú leis an bhfeachtas (trí chistí nó trí thacaíocht chomhchineáil a thabhairt). B’fhéidir gurbh fhiú duit freisin do mhachnamh a dhéanamh ar iarratas a chur chuig na fondúireachtaí carthanachta ábhartha.
-
Tionchairí
Má tá polaiteoirí, iriseoirí agus daoine ‘mór le rá’ sásta tacaíocht a thabhairt don tionscnamh atá agat, is féidir go gcabhróidh sin chun borradh a chur faoin mbailiú sínithe agus feasacht ar an tionscnamh a mhúscailt ag an am céanna.
-
Oibrithe deonacha
Na pobail ar líne a leanann eagraithe agus comhpháirtithe nó a úsáideann haischlibeanna a bhaineann le hábhar, is foinse thábhachtach iad chun teacht ar oibrithe deonacha atá sásta teachtaireachtaí an fheachtais a thabhairt leo chuig na pobail sin, ar líne agus as líne, agus chun sínithe a bhailiú.
Treoraíocht
Take part in our quick survey to improve the ECI Forum Guidance Notes.
It only takes a few minutes to complete, and your responses will remain completely anonymous.
Click to begin the survey and contribute to a more inclusive and user-friendly experience for all. The survey is available in all 24 EU languages.
Faigh tuilleadh eolais faoi conas comhpháirtithe a chuardach sa nóta treorach thíos:
An bhfuil ceist agat maidir le conas comhpháirtithe a chuardach? Seol d'fhiosrúchán chuig ár saineolaithe!
Foghlaim ó Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh ar éirigh leo
Foghlaim ó eagraithe ar éirigh leo 1 mhilliún síniú fíoraithe a bhailiú. Léigh na Scéalta Rathúla.
Pacáiste eolais an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta
Faigh amach faoin gcéad Phacáiste Eolais riamh de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a dhear eagraíochtaí na sochaí sibhialta go sonrach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta!
Seimineáir ghréasáin ghaolmhara
- Dúnta
- Cainteoirí
- Daniela Vancic, Christelle Savall, Almog Yoana Sade
- Na catagóirí