Grúpa Facebook an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar na meáin shóisialta

Read ECI updates and connect and interact with organisers of initiatives, stakeholders and interested citizens through the ECI Facebook Group!
Pacáiste eolais an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh d’Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta
Is é an pacáiste eolais seo an treoir duit chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) a thuiscint agus a úsáid chun athrú dáiríre a spreagadh. Tá neart léargas, leideanna agus scéalta feachtais san áireamh ann, agus ceapadh é chun cabhrú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta tionscnaimh a sheoladh, tacú leo agus iad a mhéadú.
Ceangail le húsáideoirí eile an Fhóraim
Coimeádaimid bunachar sonraí d’úsáideoirí cláraithe an láithreáin ghréasáin seo. Má tá tú cláraithe agus logáilte isteach, is féidir leat an leathanach seo a úsáid chun cuardach a dhéanamh ar an mbunachar sonraí de réir tíre agus réimse spéise, agus chun teachtaireachtaí a sheoladh chuig úsáideoirí ar mian leat teagmháil a dhéanamh leo chun a bheith ina gcomheagraithe ionchasacha ar do thionscnaimh nó chun comhairle a fháil uathu.
Na húsáideoirí lena dtéann tú i dteagmháil tríd an leathanach seo, gheobhaidh siad do theachtaireacht ag an seoladh ríomhphoist a d’úsáid siad nuair a chláraigh siad. Féadfaidh tú do theagmhálaithe a chur in eagar agus iad a roinnt ina ngrúpaí éagsúla de réir na hábhair ina bhfuil suim agat féin.
Chun codanna éagsúla an leathanaigh seo a úsáid, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniú nó a chlárú.
Cuidigh linn Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a fheabhsú
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
