Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Conas sínithe a bhailiú

Faigh an t-eolas ar fad atá uait maidir le conas ráitis tacaíochta a bhailiú le haghaidh do thionscnaimh. Cuimhnigh gur féidir tacaíocht do na tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a bhailiú ar pháipéar (trí úsáid a bhaint as foirmeacha réamhlíonta in-íoslódáilte) agus ar líne tríd an lárchóras bailithe ar líne. 

Forléargas

D’fhéadfaí a mhaíomh gurb í an chéim bailithe sínithe an chéim is deacra den tionscnamh. Mar eagraí, tá 12 mhí agat chun 1 mhilliún síniú a bhailiú agus an tairseach a bhaint amach i 7 mBallstát éagsúla ar a laghad. Dá bhrí sin, mar eagraí, ní mór duit tuiscint a bheith agat ar conas sínithe a bhailiú le haghaidh do thionscnaimh agus ar na bealaí éagsúla chun an méid sin a dhéanamh. 

An mian leat TES a shíniú? Féach ar na tionscnaimh atá ann faoi láthair atá ar oscailt chun sínithe a bhailiú anseo!

Treoraíocht

Faigh tuilleadh eolais faoi conas ráitis tacaíochta a bhailiú sa treoirnóta thíos: 

Lárchóras Bailithe ar Líne

Is é an lárchóras bailithe ar líne, a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil d’eagraithe TES saor in aisce, an t-aon uirlis amháin atá ann chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne. 

Léigh tuilleadh eolais faoin lárchóras bailithe ar líne sa treoirnóta thíos: 

 

 

Foghlaim ón saineolaí!

San fhíseán seo, leagann Jerome Stefanini, an t-oifigeach TF atá freagrach as an Lárchóras Bailithe Ar Líne sa Choimisiún, béim ar a airíonna agus a bhuntáistí, agus tugann sé freagraí ar cheisteanna agus ar bharúlacha ó eagraithe TES.

The European Citizens’ Initiative’s Central Online Collection System Explained

Moltaí agus leideanna maidir le sínithe a bhailiú

Foghlaim ó na daoine ar éirigh leo! 

San fhíseán seo, comhroinneann Olga Kikou, eagraí an tionscnaimh rathúil ‘End the Cage Age’ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’], leideanna agus cleasa maidir le sínithe a bhailiú. 

 

Moltaí maidir le sínithe a bhailiú don tionscnamh agat
Aistriúchán ar an tras-scríbhinn físe. Fianaise ó Olga Kikou, eagraí de chuid an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh End the Cage Age

Cuimhnigh!

Ní mór do shínitheoirí a bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach (náisiúnaigh de na Ballstáit) agus sean go leor chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (is é sin 18 mbliana d’aois i ngach Ballstát nó níos óige i roinnt Ballstát) – seachas sna cásanna sin ina bhfuil sé socraithe ag an mBallstát an aois íosta do shínitheoirí a laghdú go 16 agus ina bhfuil an Coimisiún curtha ar an eolas aige dá réir sin. Féach an liosta riachtanas aoise

Léigh na blagphostálacha seo thíos chun tuilleadh leideanna agus cleas a fhoghlaim maidir le sínithe a bhailiú. 

Foghlaim ó TESanna ar éirigh leo

Foghlaim ó eagraithe ar éirigh leo 1 mhilliún síniú fíoraithe a bhailiú. Léigh na Scéalta Ratha

Seimineáir ghréasáin ghaolmhara

Féach na seimineáir ghréasáin go léir