Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Do shonraí pearsanta a chosaint

Tugtar eolas faoi phróiseáil agus faoi chosaint do shonraí pearsanta sa ráiteas príobháideachais maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

An oibríocht phróiseála: An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur chun cinn agus a éascú trí Ardán Comhoibritheach ar Líne (Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh)

An Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach

An Rialaitheoir Oibriúcháin Sonraí: Aonad SG.A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais & Clár Oibre’

Tagairt taifid: DPR-EC-00828

1. Réamhrá

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do chuid sonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le hoibríochtaí próiseála ardán comhoibritheach ar líne an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (‘an tArdán’) a dhéanann Aonad SG.A.1. ‘Tosaíochtaí Beartais agus Clár Oibre’.

Déanann an Coimisiún oibriú an Ardáin a sheachfhoinsiú chuig conraitheoir seachtrach (‘Oibreoir an Ardáin’). Is é Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach an conraitheoir, eagraíocht neamhbhrabúsach atá cláraithe faoi dhlíthe na Beilge agus a bhfuil a oifig chláraithe aige ar BeCentral 12 Cantersteen, 1000 an Bhruiséil, an Bheilg. Feidhmíonn Oibreoir an Ardáin mar phróiseálaí sonraí thar ceann an Choimisiúin maidir le sonraí pearsanta na n-Úsáideoirí Cláraithe. 

 

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála:

Cuirtear tacaíocht ar fáil ar an Ardán chun tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh a ullmhú agus chun plé a spreagadh i dtaobh na dtionscnamh sin agus i dtaobh na hionstraime féin agus a chur chun feidhme freisin [1].

Freastalaíonn an tArdán ar eagraithe tionscnamh reatha agus ar dhaoine a d’fhéadfadh a bheith ina eagraithe ar thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh amach anseo, ar shaineolaithe, ar pháirtithe leasmhara na sochaí sibhialta, ar an gCoimisiún agus ar institiúidí eile agus, ar bhonn níos ginearálta, ar na saoránaigh go léir ar spéis leo an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Tá sé ceaptha cabhrú le heagraithe (féideartha) ar spéis leo tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a thosú comhpháirtithe a aimsiú san Eoraip chun an grúpa d’eagraithe atá riachtanach a chur ar bun, inneachar a dtionscnaimh a cheapadh in éineacht le rannpháirtithe a bhfuil níos mó taithí acu, feachtais a ullmhú, foghlaim conas cistí a thiomsú agus feachtas a reáchtáil agus taithí agus dea-chleachtais a mhalartú le heagraithe eile. Tugann an tArdán caoi freisin do na saoránaigh uile a bhfuil suim acu san ábhar seo páirt a ghlacadh sa phlé a bhaineann leis na tionscnaimh ag na céimeanna éagsúla agus sa phlé a bhaineann le gnéithe cothrománacha d’fheidhmiú ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, agus an plé sin a leanúint freisin.

Is iad seo a leanas príomhghnéithe an Ardáin:

  • Fóram Nuachta agus Plé trínar féidir plé ar líne a dhéanamh agus blagphostálacha a fhoilsiú ar ábhair a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh d’fhonn teagmháil a chothú idir baill de phobal an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú, comhpháirtithe a aimsiú, etc. 
  • Spás Foghlama ina gcuirtear ábhar treorach ar fáil faoi ghnéithe ábhartha de thimthriall tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, agus
  • Deasc cabhrach a phléann le fiosrúcháin agus a chuireann tacaíocht dhíreach ar fáil.

Bailímid agus úsáidimid do shonraí pearsanta ionas go mbeidh tú in ann nascadh agus tuilleadh idirghníomhaithe a dhéanamh leis an Ardán agus le hÚsáideoirí Cláraithe eile, agus chun cothú pobal, comhoibriú agus malartú i measc na n-Úsáideoirí a éascú. Go háirithe, beidh d’ainm, agus do ghrianghraf, más ann dó, le feiceáil in aice le haighneachtaí a d’fhéadfá a sholáthar ar an Ardán agus beidh na hÚsáideoirí eile in ann an fhaisnéis atá i do phróifíl (cé is moite den seoladh ríomhphoist atá agat) a cheadú. Féadfaidh d’ainm a bheith le feiceáil freisin sna torthaí ar chuardaigh a dhéanann na hÚsáideoirí eile bunaithe ar na critéir ‘tír chónaithe’ agus ‘réimse spéise’. 

Déanaimid do shonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ar an gcaoi seo a leanas:

  • Déantar cuid den phróiseáil ar do shonraí pearsanta trí oibríochtaí uathoibrithe. Baineann an méid seo a leanas le hábhar go háirithe:
    • Nuair a nascann tú den chéad uair leis an Ardán, is é sin a luaithe is a dhéanann tú iarratas ar chlárú mar Úsáideoir Cláraithe den Ardáin (trí chliceáil ar an réimse ábhartha ar an bhfoirm ghréasáin), iompórtáltar do chéadainm, do shloinne agus do sheoladh ríomhphoist go huathoibríoch ón bhfeidhmchlár ‘EU Login’ (áit ina mbíonn ar úsáideoirí cláraithe a chlárú agus a logáil isteach ar dtús) [2]
    • A luaithe is atá tú cláraithe, foilseofar d’ainm, agus do ghrianghraf, más ann dó, go huathoibríoch taobh le haon aighneacht a fhoilsíonn tú ar an Ardán;
  • Líonann tú isteach do shonraí pearsanta agus aon fhaisnéis eile de láimh i do Phróifíl Úsáideora, sábhálann tú iad agus déanann tú eagarthóireacht orthu i do phróifíl úsáideora (ach amháin i gcás sonraí a iompórtáltar isteach ó ‘EU Login’);
  • Ní mór cead sonrach a fháil uait chun do sheoladh ríomhphoist a thabhairt d’úsáideoir cláraithe eile;
  • Is de láimh (i bhfoirm leictreonach) a dhéanann Oibreoir an Ardáin oibríochtaí eile a bhaineann le do shonraí. Seo a leanas na hoibríochtaí faoi leith atá i gceist:
    • Na hiarrataí a rinne tú a bhaineann le cosaint sonraí a láimhseáil (iarrataí a dhéantar ar ríomhphost ar Phróifíl Úsáideora a scriosadh go háirithe).

D’fhéadfaí sonraí pearsanta a phróiseáltar a athúsáid chun críoch nósanna imeachta os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh, na gcúirteanna náisiúnta, an Ombudsman Eorpaigh nó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.

úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Is de bhun Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chuirtear an tArdán chun feidhme.

Más úsáideoir seachtrach thú, is dleathach próiseáil na sonraí éigeantacha sin a iarrtar ort a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(a) agus (b) de Rialachán (AE) 2018/1725, a thagraíonn do chás ina bhfuil ‘gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais’ agus ‘(…) chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh’.

Na sonraí breise a bhfuil sé de rogha agat a sholáthar, ní dhéanfar iad a phróiseáil ach le toiliú uait, agus mar sin, is dleathach í i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725, a thagraíonn do chás ina bhfuil ‘toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó’.

Leo féin, ní thagann do shonraí próiseáilte faoi aon cheann de na catagóirí a bhfuil toirmeasc ar phróiseáil orthu faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 (‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’) ach amháin más infheidhme aon cheann de na cásanna a luaitear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2018/1725. Má ghlacann tú páirt i ngníomhaíochtaí an Ardáin chun tionscnamh ar leith a eagrú, áfach, d’fhéadfadh do thuairimí polaitiúla teacht chun solais. Mar sin de, d’fhéadfadh do shonraí pearsanta a bheith íogair siocair íogaireacht pholaitiúil an tionscnaimh lena mbaineann.

Ag brath ar an ábhar agus ar íogaireacht do thionscnaimh, d’fhéadfaí a mheas gur sonraí a nochtann tuairimí polaitiúla iad do shonraí pearsanta próiseáilte.

Cé gur tusa a chinneann an t-ábhar is mian leat a fhoilsiú, má tá an t-ábhar sin íogair ó thaobh na polaitíochta de, tuigtear gur thoiligh tú go sainráite na sonraí íogaire sin a phróiseáil. Sa chás sin, ní bheidh cosc ar an bpróiseáil, i gcomhréir le hAirteagal 10(2)(a).

Más riarthóir ardáin thú (i.e., Úsáideoir den Ardáin ag a bhfuil rochtain phribhléidithe níos airde ar Chóras Bainistithe Inneachair an Ardáin), próiseáiltear do shonraí ar an mbonn conarthach dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) (‘Oibreoir an Ardáin”) agus Airteagal 5(1)(a) agus (b) (foireann an Choimisiúin atá i gceannas ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh nó ar uirlis teicneolaíochta faisnéise an Ardáin) de Rialachán (AE) 2018/1725.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Le bheith in ann nascadh leis an Ardán mar Úsáideoir Cáilithe (Riarthóirí Ardáin san áireamh), ní mór duit clárú le Seirbhís Fíordheimhniúcháin ‘EU Login’ an Choimisiúin Eorpaigh ar dtús.

Tá na sonraí a thabharfaidh tú an tráth sin faoi réir ráiteas príobháideachais Sheirbhís Bainistíochta Aitheantais agus Rochtana an Choimisiúin Eorpaigh [3].

Nuair a bheidh tú cláraithe agus sainaitheanta tríd an tSeirbhís Fíordheimhniúcháin ‘EU Login’, an chéad uair a nascfaidh tú leis an Ardán, cruthófar Próifíl Úsáideora duit i mbunachar sonraí an Ardáin, agus iompórtálfar do chéadainm, do shloinne agus do sheoladh ríomhphoist go huathoibríoch ón mbunachar sonraí atá á bhainistiú ag an tSeirbhís Bainistíochta Aitheantais agus Rochtana.

Iarrfar ort ansin na sonraí pearsanta/an fhaisnéis (roghnach) seo a leanas a sholáthar chun go mbeidh do Phróifíl Úsáideora iomlán:

  • náisiúntacht
  • rogha teanga
  • tír chónaithe
  • aoisghrúpa
  • inscne
  • réimse spéise
  • post/ról
  • cúlra agus spreagadh chun an tArdán a úsáid
  • grianghraf

D’fhéadfadh sonraí pearsanta, nó ábhar a mheastar ar sonraí pearsanta é, a bheith mar chuid de do chuid aighneachtaí agus nótaí tráchta ar an Ardán chomh maith le cumarsáid idir tú féin agus an deasc cabhrach.

Stóráiltear stair na n-oibríochtaí a dhéanann úsáideoirí ar an Ardán ar an timpeallacht óstála i bhfoirm comhaid loga le gur féidir fabhtcheartú a dhéanamh.

5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choimeádaimid do shonraí pearsanta ach amháin a fhad agus is gá chun cuspóir a mbailithe nó a bpróiseáil tuilleadh a chomhlíonadh. Beidh feidhm ag na teorainneacha ama seo a leanas:

(i) Faisnéis a sholáthair tú mar chuid den chlárú leis an tSeirbhís Fíordheimhniúcháin EU Login
Na teorainneacha ama maidir le sonraí a choinneáil sa tSeirbhís Fíordheimhniúcháin EU Login, sainítear iad sa ráiteas príobháideachais atá ag Seirbhís Bainistíochta Aitheantais an Choimisiúin [4].

(ii) Sonraí a sholáthair tú mar chuid den Phróifíl Úsáideora atá agat (mar Úsáideoir Cláraithe, mar Riarthóir Ardáin san áireamh)

Coinneofar sonraí pearsanta atá sa Phróifíl Úsáideora atá agat, do chuid aighneachtaí agus nótaí tráchta ar an Ardán chomh maith le cumarsáid idir tú féin agus an deasc cabhrach, (ar an suíomh) a fhad agus a mbíonn tú gníomhach, nach scriosann tú sonraí i do Phróifíl tú féin agus nach n-iarrann tú ar an Riarthóir Ardáin do phróifíl úsáideora a bhaint den Ardán.

Mura mbaineann tú úsáid as do Phróifíl ar feadh 2 bhliain as a chéile, scriosfar é go huathoibríoch gan aon ghá le hiarratas sonrach chun amhlaidh a dhéanamh.

Chun comhleanúnachas an Ardáin agus a inneachair a chinntiú, tar éis Próifíl Úsáideora a scriosadh faoi dheireadh, coinneofar do chuid aighneachtaí agus nótaí tráchta chomh maith leis an gcumarsáid idir tú féin agus an deasc cabhrach ar an Ardán faoi leagan gan ainm sa chás go scriostar do Phróifíl Úsáideora (má iarrann tú é a scriosadh nó mura mbaineann tú úsáid as do Phróifíl ar an Ardán ar feadh 2 bhliain as a chéile scriostar é go huathoibríoch). 

Coinnítear comhaid loga ar feadh 40 lá.

6. Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, agus leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go mbeadh rochtain neamhúdaraithe orthu, lena gcuirtear san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí (agus fochonraitheoirí).

Tá gach oibríocht phróiseála a dhéantar ag baint úsáid as córais cumarsáide agus faisnéise an Choimisiúin faoi réir an Chinnidh ón gCoimisiún maidir le Slándáil na Teicneolaíochta Faisnéisí (AE, Euratom) 2017/46 an 10 Eanáir 2017.

Tá bunachar sonraí an Ardáin á óstáil go slán ar fhreastalaithe conraitheora de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, is é sin Amazon Web Service.  Suiteálann an conraitheoir paistí agus nuashonruithe go rialta chun go mbeidh na freastalaithe cosanta i gcoinne ionraidh agus rochtain mhailíseach.

Tá próiseálaithe (conraitheoirí) an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do shonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin. Ní mór do na próiseálaithe bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur i bhfeidhm chun an leibhéal slándála a éilíonn an Coimisiún a chinntiú.

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tá rochtain ar do shonraí pearsanta ag an gCoimisiún agus ag baill foirne Oibreoir an Ardáin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh. Rochtain theoranta is ea é, bunaithe ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’ agus cloíonn na baill foirne lena mbaineann le comhaontuithe rúndachta reachtúla (i gcás an Choimisiúin) agus le comhaontuithe rúndachta conarthacha (i gcás an oibreora).

Taispeánfar do chéadainm agus do shloinne, chomh maith le do ghrianghraf, más ann dó, in aice le haon inneachar a fhoilseoidh tú ar an Ardán agus dá bhrí sin beidh sé le feiceáil ag an bpobal i gcoitinne.

Nuair a fhoilsítear an fhaisnéis theoranta sin faoi rannpháirtithe na snáitheanna plé, is féidir na snáitheanna plé a chuireann Úsáideoir ar leith ar fáil a leanúint agus cuireann sin in iúl an beartas trédhearcachta agus cuntasachta is infheidhme maidir leis an uirlis sin.

Beidh inneachar iomlán do Phróifíle Úsáideora, do sheoladh ríomhphoist san áireamh, le feiceáil ag na Riarthóirí Ardáin. I gcás ina bhfuil gá le tacaíocht a bhaineann le TF, d’fhéadfaí mionsonraithe do Phróifíle Úsáideora, agus comhaid loga ón ardán san áireamh, a roinnt le foireann an Choimisiúin in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (AS DIGIT), agus seirbhísí tacaíochta á soláthar bunaithe ar an bprionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’.

An seoladh ríomhphoist atá mar chuid den Phróifíl Úsáideora atá agat, ní thabharfar do na hÚsáideoirí Cláraithe aonair eile é ach amháin má aontaíonn tú go sainráite na sonraí sin a thabhairt trí fheidhmiúlacht ar leith den Ardán atá ar fáil chuige sin:

  • Más rud é go mbeidh Úsáideoirí Cláraithe eile ag iarraidh dul i dteagmháil leat go pearsanta is féidir leo foirm theagmhála a chuirtear ar fáil ar an Ardán a líonadh isteach trí d’ainm agus ábhar na teachtaireachta atá le seoladh a sholáthar. Gheobhaidh tú an teachtaireacht ón Úsáideoir sin ag an seoladh ríomhphoist a úsáideann tú don chuntas EU Login. Beidh seoladh ríomhphoist an Úsáideora a rinne dteagmháil leat le feiceáil má thugann tú freagra ar an teachtaireacht. Má thugann tú freagra, beidh fáil ag an duine sin ar do sheoladh ríomhphoist.
  • Ar an gcaoi chéanna, sa chás gur mian leat dul i dteagmháil le hÚsáideoir eile ar an Ardán go pearsanta, beidh ort an fheidhm chéanna den Ardán a úsáid agus do sheoladh ríomhphoist a sholáthar don Úsáideoir lena mbaineann dá bharr.

Ina theannta sin, is féidir le hOibreoir an Ardáin, agus é ag gníomhú de réir threoracha an Choimisiúin, an fheidhm ‘Nascadh’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a úsáid chun ríomhphoist a sheoladh chuig gach Úsáideoir Cláraithe chun fógra a thabhairt dóibh faoi uasghráduithe ar an Ardán nó faoi ghníomhaíochtaí tábhachtacha sonracha a bhaineann go docht le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Is é is aidhm do na ríomhphoist sin go mbeadh úsáideoirí in ann an nasc leis agus an idirghníomhú leis an Ardán agus le hÚsáideoirí Cláraithe eile a fheabhsú, agus cothú pobal, comhoibriú agus malartú i measc na n-Úsáideoirí a éascú.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. Tá sé de cheart agat iarraidh a dhéanamh ar do shonraí pearsanta a scriosadh, srian a chur lena bpróiseáil, agus agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála.

Braitheann próiseáil na sonraí pearsanta roghnacha a sholáthair tú i do Phróifíl Úsáideora ar thoiliú a fháil uait. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach an fhaisnéis ábhartha i do Phróifíl Úsáideora a scriosadh nó teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí nó an Próiseálaí Sonraí (Oibreoir an Ardáin), nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, agus, más gá, leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Tá na sonraí teagmhála tugtha faoi Cheannteideal 9 thíos.

Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthair tú mar chuid den chlárú leis an tSeirbhís Fíordheimhniúcháin EU Login, féach ar an ráiteas príobháideachais sonrach ó Sheirbhís Bainistíochta Aitheantais an Choimisiúin Eorpaigh [5].

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála shonrach amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt nó tagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 9 thíos) i d’iarraidh.

Láimhseálfar aon iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil. Iarraidh d’aon sórt eile a luaitear thuas, is laistigh de 15 lá oibre a dhéileálfar léi.

Is féidir leat freisin do chearta a fheidhmiú go díreach a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a sholáthair tú mar chuid den Phróifíl atá agat mar Úsáideoir Cláraithe: is féidir leat an fhaisnéis atá i do Phróifíl Úsáideora a dheimhniú, a athrú, a nuashonrú nó a scriosadh ar líne tú féin go díreach (cé is moite den fhaisnéis a iompórtáladh ón tSeirbhís Fíordheimhniúcháin EU Login).

9. Sonraí teagmhála

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a thíolacadh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil le:

  • An Rialaitheoir oibriúcháin Sonraí:

An Coimisiún Eorpach

Ardrúnaíocht

Stiúrthóireacht A ‘Straitéis, Rialáil Fheabhsaithe & Rialachas Corparáideach’

Aonad A.1 ‘Tosaíochtaí Beartais & Clár Oibre’

B – 1049 an Bhruiséil, an Bheilg

Teil. +32 2 29 92165

Facs. +32 2 29 66655

Ríomhphost: SG-ECI-mailing@ec.europa.eu

  • An Próiseálaí Sonraí (Oibreoir Ardáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh):

EUROPEAN CITIZEN ACTION SERVICE

BeCentral 12 Cantersteen 

1000B an Bhruiséil, an Bheilg

Ríomhphost: ECIforum@ecas.org

  • Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis)(edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Tuilleadh eolais

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir a dhéanann an Coimisiún maidir le sonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl don Oifigeach. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Áirítear an oibríocht phróiseála shonrach sin ar chlár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-00828.

Tá faisnéis ghinearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs chur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le fáil ag: https://citizens-initiative.europa.eu/how-it-works/data-protection

 

 

[1] Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, féach https://citizens-initiative.europa.eu

[2] Féach DPR-EC-03187 An tSeirbhís Bainistíochta Aitheantais agus Rochtana ag http://ec.europa.eu/dpo-register agus an Ráiteas Príobháideachais ‘EU Login’ sonrach comhfhreagrach .

[3] Féach DPR-EC-03187 An tSeirbhís Bainistíochta Aitheantais agus Rochtana ag http://ec.europa.eu/dpo-register agus an ráiteas príobháideachais sonrach comhfhreagrach. Féach ar an sainráiteas príobháideachais sin chun teacht ar an bhfaisnéis ábhartha a fhreagraíonn do phointe 4 go pointe 9 den ráiteas príobháideachais seo.

[4] https://intragate.ec.europa.eu/cas/privacyStatement.html

[5] https://intragate.ec.europa.eu/cas/privacyStatement.html

Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?