Céard atá i gceist leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh?
Is é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) an chéad ionstraim fhornáisiúnta den daonlathas rannpháirtíochta, lena gceadaítear do shaoránaigh an Aontais rannchuidiú le clár oibre an Aontais.
Chun TES a sheoladh, ní mór d’eagraithe grúpa a chur le chéile ina mbeidh ar a laghad seachtar saoránach Eorpach a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla. Chun TES a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, ní mór d’eagraithe 1 mhilliún síniú ar a laghad a bhailiú ar fud an Aontais Eorpaigh laistigh de 12 mhí, agus íoslíon ar leith acu sin a bheith faighte i 7 mBallstát ar a laghad.
Tá sásraí comhchosúla ann i roinnt tíortha den Aontas, ach is ceann uathúil é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ós rud é gurb é an chéad uirlis fhoirmiúil ar domhan le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann. Tá an tairseach chun aighneachtaí a chur isteach i bhfad níos ísle i gcomparáid leis na leibhéil náisiúnta, ós rud é nach bhfuil in 1 mhilliún síniú ach 0.2% de shaoránaigh uile an Aontais. Ó 2012 i leith, a bhuí leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Má éiríonn le TES, agus má chinneann an Coimisiún gníomhú ina leith, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an togra a scrúdú agus a phlé mar chuid de phróiseas reachtach an Aontais.
Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh? Féach na hábhair faoin teideal ‘An chaoi a n-oibríonn sé’ ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le tionscnamh a sheoladh agus faoi na céimeanna uile atá i gceist, tá sé le fáil anseo thíos.
Lógó an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Glacadh an Rialachán athbhreithnithe maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh i mí Aibreáin 2019, agus tháinig sé i bhfeidhm i mí Eanáir 2020. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcreat dlíthiúil, téigh chuig suíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi rialacha an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, féach ar ár seimineár gréasáin: Seimineár gréasáin ‘Rialacha nua maidir don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh amhail ó 2020’
Amlíne an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh - gach céim
- Ullmhúchán
Gan teorainn
- Clárú
2 mhí + 2 mhí (más gá) chun tionscnamh a leasú agus a ath-thíolacadh lena chlárú
- Bailiúchán
12 mhí (agus an fhéidearthacht ann an dáta tosaigh a roghnú laistigh de 6 mhí tar éis an chlárúcháin)
- Sínithe a chur isteach lena bhfíorú
(ar choinníoll go gcomhlíontar na tairseacha is gá) Laistigh de 3 mhí ó dháta deiridh bhailiú na sínithe
- Fíorú
3 mhí ar a mhéad chun go ndéanfaidh údaráis na mBallstát ráitis tacaíochta bhailiúcháin a fhíorú
- An tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún Eorpach
Laistigh de 3 mhí
- Scrúdú agus freagra ón gCoimisiún Eorpach
6 mhí
- Bearta leantacha ón gCoimisiún Eorpach (más ann dóibh)
6 mhí
Ullmhú agus clárú
A luaithe a bheidh smaoineamh ag na heagraithe maidir lena dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, is é an chéad chéim eile a chinntiú go dtagann sé faoi inniúlachtaí an Choimisiúin Eorpaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi inniúlachtaí an Aontais agus faoi phróiseas clárúcháin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, féach an roinn ‘Conas ullmhú don chlárú’.
Cuimhnigh gur féidir le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh cúnamh saincheaptha a chur ar fáil d’eagraithe le linn tréimhse ullmhúcháin tionscnaimh. Cuir ceist ar ár saineolaithe.
Grúpa d’eagraithe Ní mór grúpa d’eagraithe a bhunú chun an tionscnamh a sheoladh agus cinntiú go bhfuil an inniúlacht ag an gCoimisiún gníomh a dhéanamh.
Ní mór seachtar saoránach Eorpach ar a laghad a bheith sa ghrúpa d’eagraithe, iad sean go leor le vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla ar a laghad. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach iad a náisiúntachtaí atá tábhachtach, ach na háiteanna ina bhfuil cónaí orthu!
Ní mór do gach TES beirt chomhaltaí den ghrúpa d’eagraithe a ainmniú mar theagmhálaithe, ionadaí agus ionadaí malartach, a dhéanfaidh idirchaidreamh le hinstitiúidí an Aontais thar ceann an ghrúpa. Foilseoidh an Coimisiún ainmneacha na n-eagraithe uile agus seoltaí ríomhphoist na ndaoine teagmhála i gclár oifigiúil an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Féadfar eintiteas dlíthiúil a chruthú chun TES a bhainistiú, i gcomhréir le dlí náisiúnta Ballstáit. Má shuitear é, ní mór sonraí faoin eintiteas dlíthiúil sin a sholáthar agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh á chlárú.
Ráitis tacaíochta a bhailiú
Beidh 12 mhí ag na heagraithe chun 1 mhilliún ráiteas tacaíochta ar a laghad a bhailiú, agus beidh líon íosta ag teastáil ó 7 mBallstát ar a laghad (féach an léarscáil thíos). Féadfaidh na heagraithe an dáta a roghnú óna gcuirfidh siad tús leis an mbailiúchán ráiteas (an ‘tréimhse bhailiúcháin’). Tá sé mhí ag na heagraithe tús a chur le céim an bhailithe sínithe tar éis dóibh a dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chlárú. Cuimhnigh nach mór an dáta tosaigh a chur in iúl don Choimisiún 10 lá oibre ar a laghad roimh an dáta sin.
Féadfar ráitis tacaíochta a shíniú ar líne nó i bhfoirm páipéir.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ráitis tacaíochta a bhailiú, tabhair cuairt ar ár leathanach 'Conas sínithe a bhailiú'.
Fíorú
Nuair atá deireadh leis an tréimhse bhailiúcháin (ag deireadh 12 mhí nó roimhe sin más sin a shocraíonn na heagraithe) agus má tá an líon ráitis tacaíochta is gá bailithe, beidh 3mhí ag na heagraithe na ráitis tacaíochta a thíolacadh lena bhfíorú.
Ní mór do na heagraithe a iarraidh ar údaráis náisiúnta inniúla Bhallstát náisiúntachta gach sínitheora bailíocht a ráiteas tacaíochta a dheimhniú, fiú más i mBallstát eile a bailíodh na ráitis tacaíochta sin.
An Coimisiún a dhéanfaidh an tíolacadh i gcás na ráiteas tacaíochta a bhailítear tríd an lárchóras bailithe ar líne.
Cuirfidh an Coimisiún seirbhís shlán malartaithe comhad ar fáil chun ráitis tacaíochta a aistriú chuig na húdaráis ábhartha sna Ballstáit. Is féidir ráitis tacaíochta leictreonacha agus leaganacha scanta de ráitis tacaíochta páipéir araon a uaslódáil chuig an gcóras i bhfoirm chriptithe. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig suíomh idirlín an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Is gá ráitis tacaíochta a thíolacadh do gach údarás inniúil sa Bhallstát atá freagrach trí úsáid a bhaint as an bhfoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn V den rialachán. Eiseoidh na húdaráis inniúla náisiúnta deimhniú laistigh de thrí mhí ó thíolacadh na ráiteas tacaíochta.
Cur isteach
Agus an deimhniú deireanach faighte acu ó na húdaráis inniúla, beidh 3 mhí ag na heagraithe an tionscnamh a thíolacadh don Choimisiún Eorpach. Ní mór do na heagraithe an fhoirm shonrach atá leagtha amach in Iarscríbhinn VII a thíolacadh trína gcuntas d’eagraithe mar aon le cóipeanna, i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach, de na deimhnithe a fuarthas le linn chéim an fhíoraithe.
Scrúdúchán
Foilsiú agus cruinniú leis an gCoimisiún Eorpach
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún tionscnamh bailí, foilseoidh sé fógra sa chlár oifigiúil agus déanfaidh sé an tionscnamh a sheoladh chuig na hinstitiúidí Eorpacha ábhartha agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Laistigh de mhí amháin ón tionscnamh a thíolacadh, buailfidh eagraithe an tionscnaimh le hionadaithe ón gCoimisiún chun míniú mionsonraithe a thabhairt ar a dtionscnamh.
Éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa
Laistigh de 3 mhí tar éis an tionscnamh a thíolacadh, tabharfar an deis don na heagraithe an tionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí a reáchtálfar i bParlaimint na hEorpa. Beidh ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach i láthair, agus cinnteoidh an Pharlaimint go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar na leasanna ábhartha poiblí agus príobháideacha.
Tar éis na héisteachta, féadfaidh Parlaimint na hEorpa díospóireacht iomlánach agus rún a ghlacadh chun an tacaíocht pholaitiúil atá ann don tionscnamh a mheas.
Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach
Laistigh de shé mhí ó thíolacadh an tionscnaimh lena scrúdú agus tar éis na héisteachta poiblí, eiseoidh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht ina leagfar amach a chinneadh.
Míneofar sa Teachtaireacht sin, a fhoilseofar ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh, más ann dóibh, mar aon leis an réasúnaíocht atá taobh thiar díobh. Soláthrófar leis freisin an amlíne a bhfuiltear ag súil léi le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.
Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus gach parlaimint náisiúnta san Aontas ar an eolas freisin. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa measúnú ar na bearta a ghlacfaidh an Coimisiún de bharr a Theachtaireachta.