Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Comhairle a lorg

Cuirimid comhairle shaincheaptha agus neamhspleách ar fáil d’eagraithe (ionchasacha) na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais laistigh d'ocht lá oibre ar a mhéad, comhairle dlí, mar shampla, nó comhairle maidir le feachtasaíocht, tiomsú airgid nó aon ábhar ábhartha eile.

Introduction to the Seek Advice service of the Forum

D’fhéadfadh measúnú ar an méid a leanas a bheith san áireamh le comhairle dlí:

  • cibé an bhfuil reachtaíocht ann cheana ón Aontas maidir le hábhar an dréacht-tionscnaimh;

  • cibé an féidir leis an dréacht-tionscnamh na critéir chlárúcháin a chomhlíonadh, lena n-áirítear cibé an léir nach dtagann sé go follasach faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin agus, mura bhfuil, cad í an fhoráil nó cad iad na forálacha sa Chonradh lena dtugtar an chumhacht sin don Choimisiún;

  • cibé ar iarr eagraithe eile go ndéanfaí tionscnaimh chomhionanna nó tionscnaimh atá beagnach comhionann a chlárú roimhe seo agus cibé an raibh rath orthu.

Is féidir measúnú a dhéanamh ar an méid a leanas de bhun na comhairle ar fheachtasaíocht nó ar thiomsú airgid:

  • na líonraí atá i bhfeidhm agat;

  • an bonn saorálaithe atá agat;

  • acmhainní daonna agus airgeadais;

  • straitéisí cumarsáide;

  • rochtain ar chistí, srl.

Tabhair do d'aire nach ndéanaimid tionscnaimh a dhréachtú d’eagraithe ná tacaíocht a thabhairt dóibh a gcuid feachtas a chur i gcrích ná cistí a thiomsú.

Mura bhfuil uait ach faisnéis faoi phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i gcoitinne, tugaimid cuireadh duit féachaint ar an roinn 'Foghlaim' ar an suíomh seo nó ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Comhairle a lorg

Má tá comhairle uait, cuir do chuid ceisteanna chugainn tríd an bhfoirm thíos. Iarrfar ort ceistneoir gearr a líonadh. Go raibh maith agat.

Seol d'iarratas

Chun comhairle a lorg uainn, ní mór duit tú féin a fhíordheimhniúa chlárú.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?