Lárchóras Bailithe ar Líne
Is é an Lárchóras Bailithe ar Líne an uirlis a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil d’eagraithe na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne. Ó 2023 ar aghaidh, is é an t-aon chóras amháin is féidir le heagraithe tionscnamh nua a úsáid chun sínithe a bhailiú dá dtionscnaimh ar líne.
Faigh tuilleadh eolais faoin Lárchóras Bailithe Ar Líne (COCS), rud atá á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach d’eagraithe tionscnaimh.
Nóta Treorach NUA maidir leis an Lárchóras Bailithe Ar Líne
Moltaí agus leideanna maidir le sínithe a bhailiú
Cuimhnigh!
Ní mór do shínitheoirí a bheith ina saoránaigh den Aontas Eorpach (náisiúnaigh Bhallstáit) agus sean go leor chun vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa (is é sin 18 mbliana d’aois i ngach Ballstát nó níos óige i roinnt Ballstát) – seachas sna cásanna sin ina bhfuil sé socraithe ag an mBallstát an aois íosta do shínitheoirí a laghdú go 16 agus ina bhfuil an Coimisiún curtha ar an eolas aige dá réir sin. Féach an liosta riachtanas aoise.
Faigh tuilleadh eolais anseo:
Na hÚdaráis Náisiúnta atá i bhfeighil ar an gCaoi lena chinntiú go ndéanfar do Shínithe a Fhíorú
San fhíseán seo, leagann Jerome Stefanini, an t-oifigeach TF atá freagrach as an gcóras sa Choimisiún, béim ar a airíonna agus a bhuntáistí, agus tugann sé freagraí ar cheisteanna agus ar bharúlacha ó eagraithe na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Foghlaim ó na daoine ar éirigh leo: moltaí agus leideanna maidir le sínithe a bhailiú á gcur i láthair ag Olga Kikou, eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘End the Cage Age’ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’];