Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin ‘Sínithe a bhailiú ar líne – An t-eolas is gá a bheith agat faoin Lárchóras Bailithe Ar Líne agus teistiméireachtaí ó thionscnaimh rathúla!’

Dáta tosaigh: 14/03/2023
Dáta deiridh: 14/03/2023
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 14/02/2023

Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi shínithe a bhailiú ar líne agus faoin Lárchóras Bailithe ar Líne?

Bí linn Dé Máirt an 14 Márta nuair a roinnfidh Jerôme Stefanini, saineolaí TF, agus Nils Kluger, eagraí an tionscnaimh rathúil ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, eolas praiticiúil, treoir agus taithí maidir leis an Lárchóras Bailithe Ar Líne a úsáid. 

Cuirfidh an seimineár gréasáin seo eolas praiticiúil agus treoir ar fáil maidir le sínithe a bhailiú ar líne tríd an Lárchóras Bailithe ar Líne go háirithe. Tabharfaidh an saineolaí TF, Jerôme Stefanini, forléargas gairid ar an gcóras bailithe ar líne agus ar na bealaí go léir ar féidir le heagraí na sonraí a shaincheapadh agus a rochtain. Labhróidh Nils Kluger, eagraí an tionscnaimh ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’, faoin taithí atá aige ar an gcóras a úsáid agus tabharfaidh sé comhairle do na heagraithe. Ar deireadh, beidh deis ag na rannpháirtithe ceisteanna a chur ar an mbeirt chainteoirí. 

Chun clárú don seimineár gréasáin seo, seol ríomhphost chuig ECIforum@ecas.org agus sonraigh d’Ainm Iomlán agus d’Eagraíocht (más infheidhme). 

Dáta: Dé hAoine, an 14 Márta 2023

An t-am: 12:30 – 1:30 Am Lár na hEorpa

Cainteoirí:

Jerôme Stefanini, Oifigeach TF atá freagrach as an Lárchóras Bailithe Ar Líne

Nils Kluger, Eagraí ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití: Cuirtear deireadh leis an trádáil 

Ardán: Webex

Teanga: Béarla

Speakers: Jerôme Stefanini , Nils Kluger

ECI Forum - Collecting Signatures Online - Webinar Recording

Sleamhnáin láithreoireachta

ECI Forum Webinar - Central Online Collection System - Presentation
Béarla
(824.68 KB - PPTX)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?