Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin, ‘Tuiscint ar na ceanglais dhlíthiúla i ndáil le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a sheoladh’ 2026

Taifead

Dáta tosaigh: 10 March 2026
Dáta deiridh: 10 March 2026
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 27 January 2026
Tuiscint ar na ceanglais dhlíthiúla i ndáil le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a sheoladh

Painéal

Cainteoirí
  • Ionut Grigoras, Oifigeach Beartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
  • Ioana-Virginia Motoc, Saineolaí dlí den tseirbhís ‘Fiafraí de shaineolaí’
  • Claire Damilano, Bainisteoir Comhairle Dlí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Modhnóir
  • Vasiliki Mustakis, Foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Chun tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) a sheoladh, caithfear a thuiscint i dtús cé acu atá nó nach bhfuil do smaoineamh inghlactha ó thaobh an dlí de, agus tuiscint a bheith agat ar an gcaoi a n-oibríonn an próiseas clárúcháin go praiticiúil.

Ar chaill tú an seisiún beo? Féach ar an taifeadadh iomlán den seimineár gréasáin (thuas) chun eolas a fháil faoi na ceanglais dhlíthiúla i ndáil le TES a sheoladh, faoi na príomhchúiseanna le deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag tionscnaimh ag céim an chlárúcháin, agus faoin tacaíocht atá ar fáil trí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Sa seimineár gréasáin 50 nóiméad seo, mhínigh saineolaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh conas TES a ullmhú agus a chlárú, an dóigh lena mheas cé acu a thagann nó nach dtagann togra faoi inniúlachtaí an Aontais, agus conas is féidir le heagraithe fanacht amach ó dheacrachtaí dlíthiúla coiteanna.

 

An méid a mhínítear sa seimineár gréasáin seo

  • An méid is gá a dhéanamh chun go mbeidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh inghlactha ó thaobh an dlí de 
  • An dóigh chun an bunús dlí ceart le do thogra a shainaithint 
  • An méid a sheiceálann an Coimisiún Eorpach ag céim an chlárúcháin 
  • An dóigh chun botúin choiteanna a sheachaint a bhféadfaí an tionscnamh a dhiúltú dá mbarr 
  • An dóigh ar féidir le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh tacú leis na heagraithe 

 

Na cainteoirí

Is iad seo a leanas na daoine a thug cur i láthair do na rannpháirtithe:

  • Ionut Grigoras, Oifigeach Beartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, a mhínigh an sainmhíniú dlíthiúil ar thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus na príomhchritéir inghlacthachta, ina measc sin inniúlachtaí an Aontais agus cumhachtaí an Choimisiúin; 
  • Claire Damilano, Bainisteoir Comhairle Dlí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, a chuir na sásraí tacaíochta agus rialúcháin cáilíochta i láthair atá ar fáil do na heagraithe; 
  • Ioana-Virginia Motoc, saineolaí dlí ón tseirbhís ‘Fiafraí de shaineolaí’, a leag béim ar dheacrachtaí dlíthiúla coiteanna agus a chuir comhairle phraiticiúil ar na rannpháirtithe i dtaca le tionscnamh a dhréachtú atá fónta ó thaobh an dlí de. 

 

Na príomhléargais ón bplé

  • Tosú le hinniúlacht an Aontais. Ní mór baint a bheith ag tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le réimse inar féidir leis an Aontas gníomhú agus inar féidir leis an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh. 
  • A bheith soiléir sonrach. Le cuspóirí dea-shainithe agus bunús dlí soiléir, méadaítear an seans go n-éireoidh leis an gclárú. 
  • Tástáil dhlíthiúil is ea an clárú. Ní dhéanann an Coimisiún Eorpach a mheas an smaoineamh maith nó inmhianaithe atá sa togra, ach seiceálann sé an gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla. 
  • Díriú ar thograí inghníomhaithe. Ní mór do TES a iarraidh ar an gCoimisiún gníomh dlí a mholadh, seachas seasamh a ghlacadh ina leith. 
  • Leas a bhaint go luath as an tacaíocht atá ar fáil. Cuireann Fóram TES comhairle shaincheaptha ar fáil saor in aisce a chuideoidh le heagraithe a gcuid smaointe a bheachtú agus diúltú a sheachaint. 
  • Foghlaim ó thionscnaimh agus reachtaíocht atá ann cheana. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar TESanna a bhí ann roimhe seo agus ar dhlíthe an Aontais, is féidir cur chuige réalaíoch inoibrithe a shainaithint. 

 

Clár an tseimineáir gréasáin

  • Réamhrá agus fáilte le Vasiliki Mustakis, Foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 
  • Forléargas ar phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus ar na céimeanna clárúcháin 
  • Ceanglais dhlíthiúla agus critéir inghlacthachta 
    • Ionut Grigoras, an Coimisiún Eorpach [nóiméad 05:44 – 24:44] 
  • Tacaíocht agus rialú cáilíochta trí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh 
    • Claire Damilano [nóiméad 24:50 – 32:38] 
  • Conas tionscnamh a dhréachtú atá fónta ó thaobh an dlí de agus deacrachtaí coiteanna a sheachaint 
    • Ioana-Virginia Motoc [nóiméad 28:12 – 36:57] 
  • Seisiún ceisteanna agus freagraí leis na rannpháirtithe 
  • Focail scoir 

 

Ceisteanna a freagraíodh sa seimineár gréasáin

  • Cad é is gá a dhéanamh chun go mbeidh Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh inghlactha ó thaobh an dlí de? 
  • Conas is féidir le heagraithe an bunús dlí ceart a shainaithint le haghaidh TES? 
  • Cé na cúiseanna is coitianta a ndiúltaítear TESanna faoi chlárú?  
  • Conas a oibríonn an próiseas clárúcháin go praiticiúil? 
  • Conas is féidir le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh tacú le heagraithe le linn an ullmhúcháin? 

 

Chun go n-éireoidh le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, is ceart é a bhunú ar thogra atá fónta ó thaobh an dlí de. Trí thuiscint a fháil ar na critéir chlárúcháin, an bunús dlí ceart a shainaithint agus úsáid a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil trí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is féidir le heagraithe cur go suntasach leis an seans atá acu beart a dhéanamh dá smaoineamh ar leibhéal an Aontais.

 

Ardán: Webex

Teanga: Béarla

Sleamhnáin láithreoireachta

ECI Forum 10 March 2026 Webinar Presentation

Na seimineáir ghréasáin is déanaí

  • Dúnta
  • Arna nuashonrú an 27 January 2026
Taifeadadh ar fáil
  • Dáta tosaigh: 10 March 2026
  • Dáta deiridh: 10 March 2026
Cainteoirí
Ionut Grigoras, Oifigeach Beartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Ioana-Virginia Motoc, Saineolaí dlí den tseirbhís ‘Fiafraí de shaineolaí’ , Claire Damilano, Bainisteoir Comhairle Dlí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Na catagóirí
  • Dúnta
  • Arna nuashonrú an 25 July 2025
Taifeadadh ar fáil
  • Dáta tosaigh: 16 October 2025 - 12:30
  • Dáta deiridh: 16 October 2025
Cainteoirí
Mattéo Garguilo, eagraí ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’, Diego Naranjo, eagraí ‘D’aghaidh a éileamh ar ais’ , Timothée Galvaire, eagraí ‘Deireadh a chur leis an díolúine ó cháin ar bhreosla eitlíochta’
Na catagóirí