Taifead
Painéal
- Pavel Zálešák, ball den TES ‘Stop Destroying Videogames’ [‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’]
- Olga Kikou, ball den TES ‘Good Food For All’ [‘Bia maith do chách’] agus iarbhall den TES ‘End the Cage Age‘ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’]
- Paola Zamboni, Foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Seimineár gréasáin, ‘Cuir eolas ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: réamhrá céim ar chéim’ - Ceachtanna comhroinnte ó dhá chineál feachtais éagsúla
Ar chaill tú an seisiún beo? Féach ar thaifeadadh iomlán an tseimineáir gréasáin thuas chun tuiscint níos fearr a fháil ar na céimeanna éagsúla atá le leanúint chun TES a sheoladh.
Cad é atá i gceist leis an seimineár gréasáin seo?
Tá i bhfad níos mó ná smaoineamh láidir ag teastáil chun tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) a sheoladh. Ní mór d’eagraithe inniúlachtaí an Aontais a thuiscint, straitéis chumarsáide a ullmhú, líonraí tacaíochta a fhorbairt ar fud tíortha, agus saincheisteanna casta a aistriú ina bhfeachtais lenar féidir leo daoine a shlógadh ar fud na hEorpa. Pléitear sa seimineár gréasáin seo na réaltachtaí praiticiúla atá taobh thiar d’fheachtais TES ar éirigh leo trí thaithí bheirt eagraithe a d’fhorbair cineálacha gluaiseachtaí an-difriúil: ceann arb iad na comhghuaillíochtaí móra uile-Eorpacha d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a spreag é; ceann eile ar thiomáin pobal cluichíochta ar líne é ar oibrithe deonacha ar fad iad na baill.
Tá an seisiún úsáideach go háirithe dóibh seo a leanas: eagraithe TESanna a bheidh ann amach anseo; eagraíochtaí sochaí sibhialta; feachtasóirí agus gníomhaithe; eagraithe pobail; agus aon duine ar spéis leis an chaoi a bhforbraítear feachtais Eorpacha sa chleachtas.
Fuair na rannpháirtithe forléargas freisin ar phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus ar an tacaíocht atá ar fáil tríd an bhFóram um an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.
Cainteoirí
- Pavel Zálešák: Eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ‘Stop Destroying Videogames’ [‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’]
- Olga Kikou: Eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ‘Good Food for All‘ [‘Bia maith do chách’] agus iar-eagraí ‘End the Cage Age’ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’]
Modhnóir
- Paola Zamboni: Foireann an Fhóraim um an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
Clár an tseimineáir gréasáin
- Fáiltiú agus forléargas ar phróiseas agus ar cheanglais TES, le Paola Zamboni, Foireann an Fhóraim um an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
- Seisiún idirghníomhach, taithí ó eagraithe TES le Pavel Zálešák agus Olga Kikou
- Céim ullmhúcháin agus clárú an tionscnaimh [12:25–19:45]
- Comhghuaillíocht a fhorbairt agus comhpháirtithe a lorg [19:45–25:25]
- Teaicticí feachtais [25:25–36:35]
- Bainistíocht agus tuairisciú airgeadais [36:35–40:18]
- Seisiún ceisteanna agus freagraí leis na rannpháirtithe
- Focail scoir
Na príomhchonclúidí ón seimineár gréasáin
- Tosaíonn an t-ullmhúchán i bhfad roimh an gclárú: Chun go n-éireoidh le TES, ní mór pleanáil, straitéis chumarsáide agus ullmhú eagraíochtúil a dhéanamh i bhfad sula mbailítear sínithe.
- Ní ann d’aon mhúnla amháin chun go n-éireoidh leis: D’fhéadfadh sé go n-éireodh le tionscnaimh éagsúla trí struchtúir an-éagsúil a úsáid, ó chomhghuaillíochtaí móra d’eagraíochtaí neamhrialtasacha go pobail dhíláraithe ar líne.
- Tá tábhacht níos mó le pobail láidre ná méid an fheachtais ann féin: Leag an bheirt eagraithe béim ar an tábhacht a bhaineann le lucht tacaíochta rannpháirteach a bhraitheann go bhfuil baint phearsanta acu le cuspóirí an fheachtais.
- Tá an chumarsáid riachtanach: Ní mór d’eagraithe saincheisteanna casta a aistriú ina dteachtaireachtaí atá ábhartha go mothúchánach agus go praiticiúil do lucht féachana níos leithne.
- Ní mór d’fheachtais Eorpacha a bheith dianseasmhach: Tá am, comhordú agus inoiriúnaitheacht ag teastáil chun infheictheacht agus tacaíocht a fhorbairt ar fud roinnt Ballstát.
-
An fód a sheasamh go deireadh: Chuir na heagraithe i bhfios go láidir go bhfuil gá le teacht aniar, ullmhú agus solúbthacht le haghaidh feachtais fhada Eorpacha.
Ceisteanna eile a freagraíodh sa seimineár gréasáin:
- Conas is féidir le TES cuidiú le heagraithe teagmháil a dhéanamh le lucht tacaíochta agus le comhpháirtithe i dtíortha eile den Aontas?
- Ar chuir polaiteoirí, páirtithe leasmhara tionscail, nó gníomhaithe eile i do choinne le linn an fheachtais? Má chuir, conas a d’fhreagair tú na dúshláin sin?
- Conas a bhainistigh tú na héilimh a bhaineann le TES a ullmhú, a reáchtáil agus obair leantach a dhéanamh air in éineacht le do ghealltanais ghairmiúla agus phearsanta?
- Cá mhéad a chuireann ábhair feachtais a thairiscint i dteangacha éagsúla le rath tionscnaimh, agus conas is féidir le heagraithe cothromaíocht a bhaint amach idir na tairbhí agus an t-ualach oibre breise atá i gceist chuige sin?
Tuilleadh comhairle agus tacaíochta
- Tuilleadh eolais faoin TES atá ar siúl faoi láthair ‘Good food for all’ [‘Bia maith do chách’]
- Tuilleadh eolais faoin rath a bhí ar an TES ‘Stop destroying videogames’ [‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’]
- Tuilleadh eolais faoin rath a bhí ar an TES ‘End the cage age’ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’]
Má tá tú ag smaoineamh ar thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a sheoladh, cuireann an Fóram um an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh tacaíocht saor in aisce agus treoir phraiticiúil ar fáil d’eagraithe, an méid seo a leanas san áireamh:
- nótaí treorach praiticiúla, seimineáir ghréasáin agus ábhair oiliúna;
- scéalta ó na heagraithe agus samplaí ó fheachtais;
- agus an tseirbhís ‘Fiafraí de shaineolaí’ le haghaidh comhairle dlí agus feachtais;
Cláraigh chun smaointe a chomhroinnt agus a phlé, agus féach ar an bhFóram um an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun tuilleadh eolais a fháil agus rochtain a fháil ar thacaíocht atá oiriúnach do do thionscnamh féin.
Ardán: Webex
Teanga: Béarla
- Na catagóirí
Na seimineáir ghréasáin is déanaí
- Dúnta
- Cainteoirí
- Pavel Zálešák, ball den TES ‘Stop Destroying Videogames’ [‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’], Olga Kikou, ball den TES ‘Good Food For All’ [‘Bia maith do chách’] agus iarbhall den TES ‘End the Cage Age‘ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’]
- Na catagóirí
- Dúnta
- Cainteoirí
- Ionut Grigoras, Oifigeach Beartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Ioana-Virginia Motoc, Saineolaí dlí den tseirbhís ‘Fiafraí de shaineolaí’ , Claire Damilano, Bainisteoir Comhairle Dlí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
- Na catagóirí
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
