Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin: ‘An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus conas sínithe a bhailiú’, 2021

Dáta tosaigh: 07/10/2021
Dáta deiridh: 07/10/2021
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 13/10/2021

Tá taifeadadh den seimineár gréasáin ar fáil thíos

Cainteoirí:

Flavio Grazian, Bainisteoir an Daonlathais Rannpháirtíochta, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS)

Attila Dabis, Eagraí an tionscnaimh ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’

Helmut Burtscher-Schaden, Eagraí an tionscnaimh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’

Modhnóir

Elisa Lironi, Bainisteoir Sinsearach an Daonlathais Eorpaigh, ECAS

Teanga: Béarla

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla) chun tuilleadh eolais a fháil faoi na céimeanna éagsúla a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus conas sínithe a bhailiú. Chuir beirt a d’eagraigh tionscnaimh ar éirigh leo agus saineolaithe sa réimse eolas ar fáil mar chuid den seimineár.

Eolaí polaitiúil agus pearsa poiblí is ea Dr Attila Dabis atá lonnaithe i mBúdaipeist na hUngáire. Ó 2012 tá sé ag feidhmiú mar Choimisinéir Gnóthaí Eachtracha le Comhairle Náisiúnta Szekler. Ó 2016 tá sé ina Chomhordaitheoir Idirnáisiúnta leis an Institiúid um Chearta Mionlaigh a Chosaint. Ó 2019 i leith tá sé ina chomh-bhunaitheoir agus ina phríomheagarthóir leis an irisleabhar eolaíochta Kisebbségvédelem / Cosaint na Mionlach. Chuir sé leis an bhFóram seo ina cháil mar leasionadaí (ionaid) an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’.

Is bithcheimiceoir é Helmut Burtscher-Schaden agus tá sé ag obair ar éifeachtaí na gceimiceán ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte le beagnach fiche bliain anuas leis an eagraíocht neamhrialtasach Global 2000 (Cairde na Cruinne san Ostair). Tá foilseacháin éagsúla scríofa aige ar an gconspóid leanúnach maidir le formheas an Aontais ar ghliofosáit agus ar an gcúlra eolaíochta a bhaineann leis. Ainmníodh é mar ‘Cumarsáidí na Bliana 2017’ de bharr na hoibre sin, sin gradam a bhronnann Comhlachas Caidrimh Phoiblí na hOstaire (PRVA) gach bliain. Bhí Burtscher-Schaden ar dhuine de thionscnóirí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh dar teideal ‘Stop Glyphosate’ agus an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh atá fós ar siúil dar teideal ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’.

Is é Flavio Grazian Bainisteoir an Daonlathais Rannpháirtíochta le Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS), áit a n-oibríonn sé ar thionscadail de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus a ndíríonn sé go háirithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus ar an daonlathas rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais. Tá sé ina chomhordaitheoir tionscadail ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Is í Elisa Lironi Bainisteoir Sinsearach an Daonlathais Eorpaigh, agus tá sí ag obair le Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS) ó 2015. Is í a fhorbraíonn réimse fócais an Daonlathas Eorpaigh de chuid ECAS agus a thugann ceannaireacht dó trí thionscadail agus staidéir thaighde de chuid an Aontais maidir leis an Ríomhdhaonlathas, an Rannpháirtíocht Shibhialta agus Pobalachas a Thuiscint a chur chun feidhme. Tá roinnt tionscadal á gcomhordú aici ó chláir éagsúla san Aontas. Faoi láthair tá sí i gceannas ar CODE Europe – tionscadal lena ndéantar smaointe saoránach maidir le cáilíocht an aeir a shluafhoinsiú (deontais EEA). D’fhoilsigh sí an chaibidil is deireanaí óna leabhar le gairid freisin, ‘Crowdsourcing EU Legislation: Harnessing the Power of Digital Democracy' (ECPR Press, 2021). Ó 2018 tá sí ina Saineolaí le Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le haghaidh Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus tá sí ina comhalta den fhoireann atá ag obair le hArdrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh chun an t-ardán comhoibritheach ar líne sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá agus focal fáilte le Elisa Lironi [nóiméad 1 go 6]

2. Cur i láthair le Flavio Grazian ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, na céimeanna éagsúla atá ag gabháil leis agus conas sínithe a bhailiú [nóiméad 6 go 19]

3. Cur i láthair le Attila Dabis ar an tionscnamh ‘Beartas comhtháthaithe maidir le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach’ [nóiméad 19 go 22]

4. Cur i láthair le Helmut Burtscher-Schaden ar an tionscnamh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin’ [nóiméad 22 go 25]

5. Ionchur ó Attila Dabis ar na straitéisí agus na heilimintí éagsúla chun sínithe a bhailiú go rathúil do thionscnamh ó na saoránaigh [nóiméad 25 go 37]

6. Ionchur ó Helmut Burtscher-Schaden ar a thaithí féin agus na fachtóirí a bhaineann le sínithe a bhailiú go rathúil do dhá thionscnamh ó na saoránaigh [nóiméad 37 go 47]

7. Ceisteanna agus freagraí leis an lucht féachana [nóiméad 47 go 75]

 

Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Cad é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus conas is féidir leat sínithe a bhailiú dó?

- Cad iad na céimeanna gnásúla éagsúla den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh?

- Cá bhfaighidh mé tuilleadh treorach faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh?

- Cad iad na straitéisí rathúla chun 1 mhilliún síniú a bhailiú?

- Cad iad na príomhdhúshláin a bhí ag eagraithe agus iad ag bailiú sínithe agus conas a sháraigh siad na dúshláin sin?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Is féidir an nós imeachta foirmiúil a scaradh ina 6 chéim, is iad sin: 1. tús a chur le tionscnamh 2. tionscnamh a chlárú 3. céim an bhailithe sínithe 4. an próiseas fíoraithe 5. an tionscnamh a chur isteach 6. freagra a thabhairt ar an tionscnamh.

- Tá sé tábhachtach an obair ullmhúcháin a dhéanamh i bhfad sula seolann tú tionscnamh. Maidir le céim an bhailithe sínithe den tionscnamh, thuas seal agus thíos seal a bheidh an chéim sin. Tá sé tábhachtach pleananna teagmhais a bheith i bhfeidhm nuair a tharlaíonn sin agus a bheith leanúnach i rith an fheachtais.

- Tá sé tábhachtach measúnú a dhéanamh ar na tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith agat sula gcuireann tú tús le céim an bhailithe sínithe.

- Tá sé ríthábhachtach líonra maith comhpháirtithe a bheith agat chun sínithe a bhailiú sna Ballstáit éagsúla. Tá sé tábhachtach tosú ag tógáil an líonra sin sula gcuireann tú tús le bailiú na sínithe.

- Tá sé tábhachtach iarracht a dhéanamh níos mó ná milliún síniú a bhailiú mar go mbeidh roinnt ráiteas tacaíochta neamhbhailí tar éis do na húdaráis náisiúnta iad a sheiceáil.

- Tá teachtaireachtaí pearsantaithe an-éifeachtach chun teagmháil a dhéanamh le sínitheoirí ionchasacha sna Ballstáit éagsúla. Tá sé ríthábhachtach freisin an t-ardán is fearr a aithint chun freastal ar do spriocphobal.

- Is iad laethanta deiridh an fheachtais na laethanta is tábhachtaí chun sínithe a bhailiú mar sin de ba cheart duit do chuid iarrachtaí a mhéadú le linn na laethanta sin. 

Webinar: 'The European Citizens’ Initiative and how to collect signatures'
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?