Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An seimineár gréasáin ‘Sínithe a bhailiú le haghaidh do thionscnaimh ó na saoránaigh’, 2021

Dáta tosaigh: 30/03/2021
Dáta deiridh: 30/03/2021
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 14/04/2021

Tá taifeadadh den seimineár gréasáin ar fáil thíos

Aoi-chainteoirí:

Julie Steendam (Eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Right to Cure’ [An ceart chun leighis ar ghalar])

Ella Jakubowska (Eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Reclaim Your Face’ – Civil society initiative for a ban on biometric mass surveillance practices [D’aghaidh a éileamh ar ais – Tionscnamh de chuid na sochaí sibhialta maidir le toirmeasc ar chleachtais ollfhaireachais bhithmhéadraigh])

Daniela Vancic (Clárbhainisteoir Eorpach, Democracy International)

Modhnóir: Flavio Grazian, Bainisteoir an Daonlathais Rannpháirtíochta, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach

Teangacha: GA

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla) le foghlaim ón taithí atá ag eagraithe na dtionscnamh atá ar siúl faoi láthair agus ag saineolaithe maidir le straitéisí i leith na sprice chun aon mhilliún síniú a bhailiú a bhaint amach, chomh maith leis na tairseacha éagsúla sna Ballstáit. Roinneann na cainteoirí an taithí atá acu ar shínithe a bhailiú le linn COVID-19, agus an chaoi a gcoinníonn siad a bhfeachtas solúbtha faoi na srianta faoi seach. Le linn an phlé idir na saineolaithe, féachtar ar an tábhacht a bhaineann le feachtais straitéiseacha a ullmhú agus a reáchtáil, ar líne agus ar an láthair araon, chun sínithe a bhailiú go rathúil.

Is í Julie Steendam comhordaitheoir an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘An ceart chun leighis ar ghalar – Ná déantar brabús ar an bpaindéim’. Seoladh an feachtas i mí na Samhna 2020 agus, faoin am seo, is comhghuaillíocht é ina bhfuil 300 eagraíocht Eorpach páirteach agus é mar aidhm acu aon mhilliún síniú a bhailiú chun togra reachtach a rith sa Choimisiún Eorpach chun go mbeidh vacsaíní agus cóireálacha in aghaidh COVID-19 ina n-earraí poiblí.

Is oifigeach beartas agus feachtas í Ella Jakubowska leis an líonra um chearta digiteacha, Cearta Digiteacha Eorpacha (EDRi). Sular ceapadh sa phost sin í, d’oibrigh sí le cuideachta innealtóireachta agus teicneolaíochta agus ansin chaith sí seal i mbun taighde ar an nasc idir cearta an duine, an teicneolaíocht agus an tsochaí ó dhearcadh feimineach socheolaíoch. Is as an Ríocht Aontaithe ó dhúchas do Ella, ach tá sí ina cónaí sa Bhruiséil anois, áit a dtacaíonn sí le cosaint chearta digiteacha an duine san Aontas Eorpach.

Daniela Vancic ina Clárbhainisteoir Eorpach le Democracy International, eagraíocht neamhrialtasach a chuireann rannpháirtíocht níos láidre na saoránach chun cinn sa phróiseas déanta cinntí polaitiúla. Tá taithí aici ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ón uair a tugadh isteach é. Tá ceithre bliana de thaithí ag Daniela ar fheachtas agus líonraí a fhorbairt, agus le trí bliana anuas, tá sí ag obair ar fheachtais Eorpacha de chuid Democracy International. Is mór an méid oibre atá déanta ag Daniela ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ó chomhairle a chur ar fáil d’eagraithe maidir le feachtasaíocht agus tiomsú cistí, go dtí obair a dhéanamh ar mhaithe le cur chun feidhme níos fearr rialachán an Tionscnaimh, agus feasacht a ardú ina leith i measc na saoránach. 

Is é Flavio Grazian Bainisteoir an Daonlathais Rannpháirtíochta le Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS), áit a n-oibríonn sé ar thionscadail de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, agus a ndíríonn sé go háirithe ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus ar an daonlathas rannpháirtíochta ar leibhéal an Aontais. Tá sé ina chomhordaitheoir tionscadail ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Flavio Grazian [Nóiméad 0 go 4]

2. Forbhreathnú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le Flavio Grazian [Nóiméad 4 go 15]

3. Plé painéil le Julie Steendam, Ella Jakubowska agus Daniela Vancic [Nóiméad 15 go 56]

4. Ceisteanna agus freagraí le Julie Steendam, Ella Jakubowska agus Daniela Vancic [Nóiméad 56 go 1u12]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Cad iad na príomh-mholtaí maidir le straitéis éifeachtach bailithe sínithe a ullmhú agus tacaíocht a fháil do do thionscnamh?

- Cad iad na céimeanna praiticiúla a bhaineann le sínithe a bhailiú le haghaidh Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (na teangacha, na hardáin agus na cainéil le húsáid agus conas iad a úsáid)?

- Conas sínithe a bhailiú go rathúil in aimsir shrianta COVID-19.

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Tá tábhacht ag baint le caidrimh phearsanta nuair atá sínithe á mbailiú. D’fhéadfadh eagraithe teachtaireachtaí a ullmhú (le húsáid ar gach cineál ardán, agus le cur mar theachtaireachtaí meandracha san áireamh) ar féidir lena lucht tacaíochta a roinnt lena líonra chun feasacht a ardú i leith a dtionscnaimh.

- Is féidir sínithe a bhailiú go rathúil agus, san am céanna, srianta COVID-19 a urramú. Is féidir le heagraithe freisin díriú ar theagmhálaithe pearsanta a fhorbairt trí ghlaonna a chur ar dhaoine. Ba cheart dóibh a chinntiú go bhfuil an t-eolas a chuireann siad ar fáil sothuigthe, go háirithe má tá sé le roinnt ar líne, agus ba cheart a bheith cruthaitheach le léirsithe siombalacha – d’fhéadfadh aon duine amháin aird na meán a tharraingt ar chúis ar leith! 

- Ba cheart d’eagraithe an straitéis chumarsáide a phleanáil go cúramach: Ba cheart dóibh an spriocphobal a shainaithint agus an teachtaireacht a chur in oiriúint trí chainéil éagsúla a úsáid (na meáin shóisialta, físeáin, ailt, glaonna gutháin, nuachtlitreacha) mar aon le teangacha éagsúla (teangacha oifigiúla den Aontas agus fiú mionteangacha!). Chun go mbeidh sé éasca páirt a ghlacadh ann, ba cheart teachtaireacht shimplí a bheith ann.

- Tá an-tábhacht ag baint le for-rochtain ghníomhach agus forbairt comhghuaillíochtaí. Ba cheart d’eagraithe a chinntiú go ndéanann siad teagmháil le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun úsáid a bhaint as na líonraí atá acu, agus chun díriú ar an ábhar a dhéanamh ábhartha don phobal i gcoitinne agus le go mbeidh sé éasca a aithint.

- Dírigh ar pháirtithe leasmhara a bhfuil tionchar acu chun feasacht a ardú i leith na saincheisteanna agus chun an t-ábhar a chur os comhair an phobail, gan beann ar an toradh a bheidh ar an bpróiseas bailithe sínithe.

Webinar Collecting Signatures
Categories
Bailiú sínithe
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?