Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Lárchóras Bailithe ar Líne

An fáth a bhfuil an nóta treorach seo ábhartha duit

Mar eagraí, tá sé ríthábhachtach go dtuigfidh tú raon iomlán na bhfeidhmiúlachtaí agus na ngnéithe atá sa chóras seo chun do thionscnamh a chur i gcrích go rathúil. Cuirtear síos san acmhainn seo ar conas d’ardán bailithe a chur ar bun agus a shaincheapadh, chun a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le sainaitheantas físeach agus spriocanna d’fheachtais. Sonraítear ann freisin an próiseas chun an córas seo a chomhtháthú le suíomh d’fheachtais, cumarsáid le do lucht tacaíochta a bhainistiú, agus cloí le caighdeáin slándála agus inrochtaineachta.

Agus an nóta treorach seo agat, beidh tú in ann foghlaim conas do thionscnamh a bhainistiú go héifeachtúil óna bhunú den chéad uair go dtí deireadh na tréimhse bailithe sínithe, rud a chuideoidh leat ar deireadh an milliún síniú is gá a bhaint amach i seacht mBallstát ar a laghad.

Forléargas

Is é is aidhm do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh 1 mhilliún síniú ar a laghad a bhaint amach, agus líon íosta san áireamh i 7 mBallstát ar a laghad, laistigh de 12 mhí. I do cháil mar eagraí, beidh 6 mhí agat ó dháta clárúcháin do thionscnaimh chun a chinneadh cén uair a chuirfear tús leis an tréimhse bliana le haghaidh bailiú ráiteas tacaíochta, ar líne agus ar fhoirmeacha páipéir araon. 

Ní mór do shínitheoirí a bheith ina saoránaigh den Aontas (náisiúnaigh de Bhallstáit an Aontais) agus sean go leor chun vóta a chaitheamh sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ina mBallstát féin – ach amháin má tá aois íosta leagtha síos ag an mBallstát sin chun tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a shíniú ag aois níos ísle agus gur chuir sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. Féach an liosta riachtanas aoise.

An Lárchóras Bailithe Ar Líne

Dhá chuid atá sa Lárchóras Bailithe Ar Líne: 

a) An comhéadan poiblí lenar féidir le saoránaigh tionscnaimh a aimsiú agus tacú leo. 

b) An comhéadan d’eagraithe, ar deais bhainistíochta é lenar féidir le heagraithe a gcóras bailithe ar líne a shaincheapadh agus cumarsáid a dhéanamh leis an lucht tacaíochta. 

Príomhghnéithe an Lárchórais Bailithe Ar Líne: 

  • Níl ach beagán ullmhúcháin le déanamh (réiteach lándéanta atá ann) agus é saor in aisce;
  • Níl aon cheaduithe ná deimhnithe ag teastáil: comhlíonann an córas caighdeáin theicniúla agus slándála cheana féin
    • chun an córas a úsáid, níl le déanamh ach comhaontú a shíniú leis an gCoimisiún;
  • Cumraíocht thapa: chun an córas a úsáid, níl le déanamh ach an Coimisiún a chur ar an eolas trí do chuntas eagraithe 10 lá oibre sula dtosaíonn an bailiú;
  • Ráthaítear leibhéal ard slándála, lena gcomhlíontar an Cinneadh[1] maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach;
  • Tá an córas iomlán inrochtana ag daoine atá faoi mhíchumas
  • Déantar tástálacha go rialta i ndáil le leochaileacht, feidhmíocht, inúsáidteacht agus inrochtaineacht;
  • Tugtar deis d’eagraithe ríomhphoist a sheoladh chuig lucht tacaíochta;
  • Comhtháite go hiomlán le cuntas eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh;
  • Comhtháite go hiomlán leis an tSeirbhís Malartaithe Comhad (chun ráitis tacaíochta a aistriú chuig na Ballstáit lena bhfíorú i gcás tionscnaimh rathúla);
  • Déantar forbairt leanúnach trí ionchur a bhailiú ó pháirtithe leasmhara.

 

[1] Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach, IO L 6, 11.1.2017, lch 40.

Struchtúr an Lárchórais Bailithe Ar Líne

Tá an taobh clé den suíomh gréasáin deartha chun an méid seo a leanas a thaispeáint: 

  • Lógó an tionscnaimh;
  • Príomhchuspóirí an tionscnaimh bheartaithe;
  • An nasc chuig leathanach an tionscnaimh i gclár an Choimisiúin Eorpaigh;

 

I measc an eolais bhreise ar an bpainéal sin tá suíomh gréasáin an tionscnaimh, sonraí teagmhála na n-eagraithe, an uimhir chlárúcháin, dáta tosaigh na tréimhse bailiúcháin, agus naisc chuig próifílí meán sóisialta an tionscnaimh.

Taispeántar don phobal dul chun cinn na sínithe a bailíodh leis an tionscnamh leis an mbarra dul chun cinn ag bun an taoibh chlé den suíomh gréasáin.

 

Faoi bhun an bharra dul chun cinn, mínítear nach mór 1 mhilliún síniú bailí ar a laghad a bhailiú agus na tairseacha íosta a bhaint amach i 7 dtír ar a laghad chun go mbeidh an tionscnamh bailí.

Ar an taobh deas den leathanach gréasáin, is féidir leat tacú leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar cheann den dá bhealach seo: 

  1. Síniú le do ríomh-shainaitheantas (eID) – má chuireann do thír náisiúntachta an rogha sin ar fáil.
  2. An fhoirm a líonadh isteach ar líne – rud atá ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais. 

Is ar an taobh deas a thaispeántar an sprioc-am le síniú a chur leis. Taispeántar eolas faoi na sonraí pearsanta is gá chun tionscnamh a shíniú, mar aon leis an ráiteas príobháideachais, sula mbeidh an rogha ag an saoránach leanúint ar aghaidh.

Déantar gach foirm a shaincheapadh de réir na sonraí a theastaíonn ón mBallstát roghnaithe (an rogha an ríomh-shainaitheantas a úsáid san áireamh).

Is ag barr an leathanaigh atá an nascleanúint, agus is féidir í a úsáid chun dul ar ais chuig leathanach na dtionscnamh nó chuig leathanach baile shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. 

Eispéireas na saoránach agus iad ag síniú ar líne

Ag brath ar a náisiúntacht, is féidir le saoránaigh tacú le tionscnamh: 

  • trí chóras ríomh-shainaitheantais a dtíre féin;
  • nó trí fhoirm ar líne (féach na ceanglais sonraí do gach Ballstát). 

Má roghnaíonn siad síniú trí ríomh-shainaitheantas, atreoraítear iad chuig a dtairseach náisiúnta ríomh-shainaitheantais chun an próiseas fíordheimhniúcháin a chur i gcrích sula dtaifeadtar a dtacaíocht.

Agus an fhoirm ar líne á húsáid, nuair a bheidh an tír roghnaithe, taispeántar an fhoirm ábhartha ar an leathanach céanna. Déantar gach foirm a shaincheapadh chun na sonraí sonracha is gá sa tír roghnaithe a léiriú.

Féadfaidh an saoránach atá ag síniú an tionscnaimh teanga an chomhéadain a athrú tráth ar bith trí úsáid a bhaint as liosta anuas ag barr an leathanaigh ar dheis. Athrófar teanga eolas an tionscnaimh dá réir sin. 

Tar éis don saoránach tacú le tionscnamh, atreorófar é go huathoibríoch chuig leathanach deimhniúcháin sínithe. Ar an leathanach sin, tugtar sainaitheantóir sínithe don saoránach.

 

Cuirtear an saoránach ar an eolas faoi na chéad chéimeanna eile: an méid a tharlaíonn má fhaigheann an tionscnamh 1 mhilliún síniú ar a laghad, an próiseas fíorúcháin, agus an freagra ón gCoimisiún. Má tá níos mó eolais de dhíth ort, is féidir eolas céim ar chéim a fháil ar shuíomh gréasáin nasctha an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. 

Tá sé de rogha ag an saoránach clárú chun nuashonruithe a fháil ach a sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas: 

  1. An t-eolas is déanaí faoin tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a síníodh (cor poist do thionscnaimh)
  2. Nuachtlitir mhíosúil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh 

Ina theannta sin, ag bun an leathanaigh, is féidir le saoránaigh rogha a dhéanamh an tionscnamh a chomhroinnt ar na meáin shóisialta agus aiseolas a thabhairt. Sa chás sin, ní mór dóibh toiliú leis an ráiteas príobháideachais is infheidhme agus le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta. 

Tá naisc sa bhuntásc chun an tionscnamh a chomhroinnt ar na meáin shóisialta agus naisc chuig suíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, áit ar féidir le húsáideoirí eolas a chur ar thionscnaimh eile agus tacú leo. 

Bealaí chun d’ardán bailithe ar líne a shaincheapadh

I do cháil mar eagraí, is féidir leat codanna áirithe dá leathanach bailithe sínithe a shaincheapadh. Is iad seo na bealaí inar féidir leat saincheapadh a dhéanamh: 

  1. Lógó an tionscnaimh féin a uaslódáil;
  2. Nasc chuig suíomh gréasáin an tionscnaimh féin;
  3. Naisc meán sóisialta a thaispeáint faoin rannán ‘Meáin shóisialta’;
  4. Eolas a chur ar fáil do lucht tacaíochta. 

Bainistítear na roghanna sin go léir tríd an gCuntas d’eagraithe faoin táb ‘Bainistigh an bailiú ar líne’ ar an taobh clé den leathanach. Sa rannán sin, tá rochtain agat ar an méid seo a leanas: 

  • Deais
  • Oiriúnaigh
  • Scaip an scéal
  • Cuir na sínitheoirí ar an eolas
  • Aiseolas ó úsáideoirí

 

Deais 

Chomh maith leis an saincheapadh sin, is féidir leat rochtain a fháil ar staitisticí breise maidir le do bhailiú sínithe ar líne sa rannán Deais atá le fáil faoin táb ‘Bainistigh an bailiú ar líne’ sa roghchlár. 

 

Tá an méid seo a leanas san áireamh leis sin: 

  • Stádas foriomlán an bhailithe sínithe ar líne

 

  • Stádas bailithe sínithe ar fud an Aontais (ar fáil i bhformáid léarscáile agus i dtábla) 

 

  • Na 7 dtír is mó a bhailigh an líon is mó sínithe 

 

  • Stádas míosúil an bhailithe ar líne: sínithe bailithe ar fud an Aontais in aghaidh na míosa

 

  • Sínithe bailithe de réir tíre in aghaidh na míosa (ar fáil i bhformáid ghraif agus tábla)

 

 

Oiriúnaigh

Chun lógó do thionscnaimh agus an nasc chuig suíomh gréasáin do thionscnaimh a uaslódáil, roghnaigh an rannán Saincheapadh

 

Scaip an scéal

Téigh go dtí an rannán ‘Scaip an scéal’ chun do naisc meán sóisialta a chur le do leathanach bailiúcháin ar líne. Tá an rogha ag an eagraí an teachtaireacht a thaispeántar a shaincheapadh chun lucht tacaíochta a spreagadh a dtacaíocht a chomhroinnt ar na meáin shóisialta, mar shampla ‘Comhroinn le do chairde’. 

 

Lucht tacaíochta a chur ar an eolas

Agus tionscnamh á shíniú ag saoránach, tá an rogha aige liostáil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh trína sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil. Má chláraíonn an saoránach chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin tionscnamh agus má chuireann sé a sheoladh ríomhphoist isteach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis tríd an gCuntas d’eagraithe TES sa rannán ‘Lucht tacaíochta a chur ar an eolas’, atá le fáil faoin táb ‘Bainistigh an bailiú ar líne’ ar an taobh clé den Chuntas d’eagraithe. 

Ar chúiseanna príobháideachais, níl rochtain agat, mar eagraí TES, ar sheoltaí ríomhphoist na sínitheoirí.

 

Atreorú chuig leathanach bailithe do thionscnaimh ó shuíomh d’fheachtais

Ó shuíomh gréasáin feachtais do thionscnaimh féin, is féidir leat atreorú chuig leathanach do thionscnaimh sa Lárchóras Bailithe ar Líne. Féach an lámhleabhar úsáideora le haghaidh treoracha sonracha. 

Deireadh na tréimhse bailithe sínithe

Ar dháta deiridh thréimhse bailithe do thionscnaimh, dúnfaidh an córas an bailiú sínithe go huathoibríoch ar 24:00, am Lár na hEorpa.

Léireofar ar leathanach baile do chórais bailithe gur dúnadh an bailiú sínithe. Ní bheidh saoránaigh in ann an tionscnamh a shíniú, ach beidh siad fós in ann an t-eolas ginearálta (cuspóirí, etc.) agus líon na sínithe a bailíodh ar líne a cheadú. 

An bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth ort?

An bhfuil ceisteanna eile agat faoin gcóras bailithe ar líne? Féach an Lámhleabhar úsáideora (ar fáil d’eagraithe TESanna cláraithe) nó déan teagmháil le Fóram TES tríd an uirlis Fiafraí de shaineolaí.

Nóta Treorach maidir leis an Lárchóras Bailithe Ar Líne
Nóta Treorach maidir leis an Lárchóras Bailithe Ar Líne