Tá níos mó ag teastáil chun tionscnamh Eorpach rathúil ó na saoránaigh a sheoladh ná go díreach smaoineamh iontach - teastaíonn feachtas dea-phleanáilte. Is é atá sa nóta treorach seo an acmhainn chun straitéis feachtais bhuaiteach a chruthú agus a chur i bhfeidhm, straitéis a mbeidh dáimh ag daoine ar fud an Aontais léi.
An fáth a bhfuil an nóta treorach seo ábhartha duit
Mar eagraí, is é an sprioc atá agat breis agus milliún síniú a bhailiú ó sheacht mBallstát den Aontas laistigh de 12 mhí ar a laghad. Sa treoir seo tugtar leideanna riachtanacha maidir le líonra tacaíochta láidir a thógáil, teachtaireachtaí láidre a chruthú, agus leas a bhaint as na bealaí cumarsáide cearta chun raon do thionchair a uasmhéadú. Cibé acu atá tú i mbun feachtais den chéad uair nó ag iarraidh do chur chuige a bheachtú, cuideoidh an treoir seo leat feachtas cumhachtach comhordaithe a chruthú a chuirfidh do thionscnamh chun cinn agus a rachaidh i bhfeidhm ar shaoránaigh ar fud na hEorpa.