An fáth a bhfuil foireann dea-struchtúrtha ríthábhachtach chun go n-éireoidh le tionscnamh
Éilítear le feachtais an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh (TES) comhordú trasnáisiúnta, cumarsáid shoiléir, agus struchtúr marthanach. Is éard atá i gceist le feachtas TES a reáchtáil feachtais iomadúla ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú, feachtais atá saincheaptha don réigiún sonrach sin ó thaobh na teachtaireachta de. Le foireann dea-struchtúrtha, dea-bheachtaithe, féadfar feachtas a mhéadú, freagairt go hiomchuí ar tharlúintí gan choinne, deiseanna a thiocfaidh chun cinn a uasmhéadú, agus móiminteam a choinneáil ar bun.
Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh d’fheachtas a dhílárú, agus d’fhéadfadh an méid sin treoir a thabhairt don straitéis fhoriomlán.
-
Déan do mhachnamh ar dheiseanna trasnáisiúnta a shaothrú, comhordú ar fud an Aontais a spreagadh, agus comhlíonadh dlí a chinntiú.
-
Lena linn sin, cuirfidh foirne náisiúnta straitéis feachtais i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil, á cur in oiriúint don chomhthéacs réigiúnach trí theachtaireachtaí a shaincheapadh agus trí iarracht a stiúradh chun sínithe a bhailiú ar an láthair.
-
Tá róil, freagrachtaí agus cúraimí soiléire ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon ríthábhachtach chun go bhfeidhmeoidh TES go héifeachtach thar theorainneacha agus chun go mbeidh tionchar marthanach aige.
Tús a chur ón tús
Má tá feachtas á fhorbairt agat ón mbun aníos, smaoinigh ar ghníomhaithe nó feachtasóirí a bhfuil taithí acu a earcú. Tá saineolas feachtasóirí a bhfuil taithí acu maidir le slógadh sibhialta ríthábhachtach le haghaidh feachtas trasnáisiúnta cosúil le TES. Tuiscint a fháil ar na castachtaí a bhaineann le rannpháirtíocht pobal éagsúil agus dul i ngleic le dinimic trasteorann, d’fhéadfadh siad an difear ar fad a dhéanamh. Cuideoidh an taithí atá acu chun straitéis a chuíchóiriú, am oiliúna a íoslaghdú, agus cinnteoidh sé gur féidir le d’fhoireann dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin uathúla a bhaineann le TES.
Ach ceann de na rudaí is tábhachtaí ná tús a chur leis go straitéiseach, cuir i gcás príomhróil a ainmniú de réir spriocanna d’fheachtais.
D’earcaigh eagraithe an tionscnaimh ‘PsychedeliCare’ cuid mhór dá bhfoireann ó ghairmithe sa tsíceolaíocht, sa tsíciatracht, sa leigheas agus sa taighde. Ní raibh taithí ag go leor acu ar an ngníomhaíochas ach bhí saineolas domhain acu ar an ábhar. Bhí an cúlra sin luachmhar do chreidiúnacht, forbairt ábhair agus for-rochtain laistigh dá réimse. Ag an am céanna, molann siad d’eagraithe TES a bheidh ann amach anseo ról gníomhach a thabhairt do ghníomhaithe a bhfuil taithí acu nuair is féidir, toisc gur féidir leis sin cuidiú chun comhordú a chuíchóiriú, am ionduchtúcháin a laghdú, agus struchtúr an fheachtais a neartú ón tús.
Forbairt a dhéanamh ar eagraíochtaí atá ann cheana
Ach forbairt a dhéanamh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) atá ar an bhfód cheana féin, cuirfear buntáistí ar fáil cuir i gcás líonraí atá ann cheana, acmhainneacht riaracháin, saineolas agus creidiúnacht. Is féidir leis sin for-rochtain, tiomsú airgid agus tuilleadh foirmithe comhpháirtíochta a éascú, agus d’fhéadfadh sé comhghuaillíocht uile-Aontais a bhunú chun TES a shlógadh.
D’éirigh le heagraithe an tionscnaimh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ a bhfoireann feachtais a earcú ó eagraíocht neamhrialtasach atá lonnaithe sa tSlóivéin. Thug sé sin rochtain láithreach dóibh ar bhonneagar cumarsáide agus ar lucht spéise a bhí ann cheana, rud a chuidigh leo tuilleadh ball foirne a earcú go tapa agus a rochtain thar theorainneacha a leathnú.
Foireann thrasnáisiúnta a bhainistiú
Bíonn dúshláin dhosheachanta ann ó thaobh na teanga, an chultúir agus na lóistíochta de agus foireann TES á comhordú i dtíortha éagsúla.
-
Tá cumarsáid shoiléir agus solúbthacht ríthábhachtach chun foirne idirnáisiúnta a choinneáil ailínithe.
-
Déan cinnte de go bhfuil gach ábhar feachtais simplí agus inrochtana, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca do bhaill foirne ar fud tíortha é a thuiscint agus a chur in oiriúint.
-
Smaoinigh ar chomhordaitheoirí cumarsáide náisiúnta a cheapadh i do spriocthíortha ar féidir leo an iarracht a stiúradh chun a chinntiú go mbeidh an t-ábhar uile saincheaptha le go rachaidh sé i gcion ar lucht spéise áitiúil. Ba cheart don duine sin oibriú le huirlisí iontaofa aistriúcháin nó le cainteoirí dúchais chun a chinntiú go mbeidh príomhdhoiciméid agus teachtaireachtaí feachtais ag teacht leis an teachtaireacht fhoriomlán, agus comhsheasmhacht á cinntiú i ngach réimse agus difríochtaí réigiúnacha á n-urramú ag an am céanna.
Foirne náisiúnta a bhainistiú
Smaoinigh ar ábhair a chur ar fáil, cuir i gcás forléargais feachtais, íomhánna, treoirlínte, agus teachtaireachtaí samplacha is féidir a scaipeadh trí líonraí atá ann cheana ar mhaithe le teagmháil a dhéanamh le baill foirne agus oibrithe deonacha nua a d’fhéadfadh a bheith ann.
-
Ach pointe iontrála simplí tacúil a thairiscint, cuideofar chun muinín a chothú as obair d’fhoirne agus laghdófar an bhacainn a bhainfidh le páirt a ghlacadh san fheachtas.
Chun foirne náisiúnta a fhorbairt, chuaigh eagraithe an tionscnaimh ‘PsychedeliCare’ i dteagmháil le heagraíochtaí comhpháirtíochta ar dtús, agus d’iarr siad tacaíocht chun oibrithe deonacha a raibh spéis acu sa réimse a aimsiú i dtíortha éagsúla. Chuidigh na heagraíochtaí sin chun an glao a scaipeadh trína gcainéil ar na meáin shóisialta agus trína nuachtlitreacha. Chruthaigh an feachtas foirm theagmhála ar an suíomh gréasáin freisin. Ar an gcaoi sin, bhí daoine a raibh spéis acu ann ábalta suim a léiriú go héasca ach a dtír a chur in iúl, rud a chuidigh chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an bpróiseas chun oibrithe deonacha a mheaitseáil le riachtanais foirne náisiúnta.
D’fhéadfadh na róil seo a leanas, mar shampla, a bheith ar ghnáthfhoireann náisiúnta:
-
comhordaitheoir náisiúnta a bheidh freagrach as páirtithe leasmhara áitiúla a mhapáil
-
cruthaitheoir ábhair a chuirfidh ábhair feachtais in oiriúint don chomhthéacs náisiúnta
-
comhordaitheoir oibrithe deonacha a mbeidh sé de chúram air tacadóirí breise a earcú agus a spreagadh
Ach foirne feachtais agus róil chomhchosúla a mhacasamhlú thar na foirne náisiúnta uile, cuideofar chun comhsheasmhacht a chothú ar fud an fheachtais, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca é a bhainistiú agus a mhéadú.
Uirlisí agus bogearraí comhordúcháin
Braitheann comhordú éifeachtúil mar chuid d’fheachtas TES go mór ar úsáid chliste uirlisí digiteacha.
-
Is féidir cumarsáid a chuíchóiriú trí aipeanna teachtaireachtaí amhail WhatsApp nó Signal lenar féidir grúpaí a chruthú go héasca.
Bhain eagraithe an tionscnaimh ‘PsychedeliCare’ úsáid mhór as pobail ar WhatsApp mar uirlis lárnach don chumarsáid inmheánach, rud a chuir ar a gcumas nascadh go héifeachtúil le hoibrithe deonacha ar fud an Aontais. Chruthaigh siad grúpa tiomnaithe do chomhordaitheoirí náisiúnta, lenar cumasaíodh sreabhadh tapa eolais, comhordú tascanna, agus comhar trasteorann. Seo a leanas comhairle níos leithne uathu le haghaidh feachtais eile: roghnaigh uirlisí cumarsáide a bhfuil cur amach ag oibrithe deonacha orthu cheana féin chun comhordú a choinneáil réidh cuimsitheach.
-
Cabhróidh uirlisí le haghaidh comhar amhairc amhail Miro nó cláir bhána eile ar líne le foirne smaointe a chruthú agus oibriú tríothu. Chun cúraimí agus sreafaí oibre a bhainistiú, tá ardáin amhail Trello, Notion, nó Slack an-éifeachtach chun freagrachtaí a shannadh, dul chun cinn a rianú, agus trédhearcacht a chinntiú.
D’fhorbair eagraithe an tionscnaimh ‘Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh’ pobal Discord le breis agus 4,000 oibrí deonach ann, rud a chuir ardán ar fáil lena úsáid chun tacaíocht a shlógadh go tapa nuair a bhí gá leis. Le Discord freisin, cuirtear ar chumas feachtas tíortha agus láidreachtaí oibrithe deonacha a mhapáil, tionchairí áitiúla a shainaithint, agus iarrachtaí agus gníomhaíochtaí mearfhreagartha a eagrú.
Cé nach bhfuil a shárú ag luach acmhainní daonna, is féidir le huirlisí IS a bheith ina róbó-chúntóirí luachmhara trí ghníomhú go héifeachtach mar bhall sonrach d’fhoireann an fheachtais.
-
Mar shampla, ar ChatGPT, is féidir leat do shamhail shaincheaptha GPT féin a fhorbairt atá saincheaptha do d’fheachtas, oilte chun treoirlínte, tuin, agus comhsheasmhacht branda d’fheachtais a leanúint chun tacú le straitéis feachtais, comhpháirtithe féideartha a mhapáil, cuidiú le rannpháirtíocht oibrithe deonacha, agus cabhrú le sceidealú agus pleanáil.
-
Is féidir le huirlisí eagarthóireachta físe agus giniúna íomhánna amhail Runway agus Midjourney cuidiú chun an próiseas cruthaitheach a chuíchóiriú agus meáin ar ardchaighdeán a tháirgeadh lena n-úsáid le haghaidh rannpháirtíocht ar na meáin shóisialta, ábhair feachtais, nó scéalaíocht amhairc.
-
Is féidir le huirlisí aistriúcháin amhail DeepL cabhrú chun ábhair feachtais a logánú go teangacha éagsúla.
Nuair a bhaintear úsáid stuama astu agus i gcás nach bhfuil teacht ar chúnamh daonna, cuideoidh arduirlisí IS chun acmhainní agus am a shábháil chun díriú ar straitéis agus ar fhorbairt líonraí.
Roinnt na hoibre: an leibhéal Eorpach agus an leibhéal náisiúnta
Braitheann gné shuntasach de rath fheachtas TES ar an gcumas comhar cuimsitheach a fhorbairt lena gcomhtháthófar saineolas ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta. Seo roinnt moltaí faoin gcaoi ar féidir le d’fheachtas foirne éifeachtacha a struchtúrú agus oibriú ar bhealach comhordaithe.
Thug eagraithe an fheachtais ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ tús áite d’féiniúlacht bhranda láidir chomhsheasmhach a fhorbairt ar fud na bhfoirne náisiúnta uile. Chinntigh an chroífhoireann sa tSlóivéin gur lean teachtaireachtaí, íomhánna agus stíl feachtais de bheith aontaithe ar fud tíortha éagsúla, agus ag an am céanna, chuir siad ar chumas foirne náisiúnta an t-ábhar a chur in oiriúint beagán do réaltachtaí áitiúla. Leis an gcomhsheasmhacht sin, neartaíodh aitheantas feachtais, cothaíodh muinín i measc lucht tacaíochta, agus cuidíodh chun guth comhleanúnach a choinneáil thar theorainneacha.
Anseo thíos tá róil choiteanna a chuideoidh chun freagrachtaí a shoiléiriú agus comhar rianúil a chothú laistigh de struchtúr feachtais trasnáisiúnta.
Róil a d’fhéadfadh a bheith ag foireann agus fofhoirne ar an leibhéal Eorpach:
- Foireann Beartais: Seasamh polaitiúil an fheachtais a fhorbairt, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí reachtacha an Aontais, chomh maith le hidirchaidreamh le lucht ceaptha beartas.
- Príomh-Chomhordaitheoir: Maoirseacht a dhéanamh ar an bhfeachtas, cinnte a dhéanamh de go n-oibreoidh gach cuid i sinc, agus a bheith mar phríomhphointe cuntasachta.
- Cumarsáid, Caidreamh Poiblí agus na Meáin Shóisialta: Insint phoiblí an fheachtais a mhúnlú, an caidreamh leis an bpreas agus for-rochtain na meán a bhainistiú, maoirseacht a dhéanamh ar straitéis na meán sóisialta, agus cur le hinfheictheacht bhranda an fheachtais.
- Cruthaitheoir Ábhair: Ábhar digiteach tarraingteach a chruthú lena gcuirfear teachtaireacht an fheachtais chun cinn lena úsáid ar ardáin ar líne, arb é is aidhm dó teagmháil a mhéadú, rannpháirtíocht a spreagadh, agus acmhainneacht mhearscaipthe a chruthú.
Bhí láithreacht spreagúil ag an tionscnamh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ ar na meáin shóisialta ríthábhachtach chun go n-éireodh leis. Bhí a n-ardáin ar líne ina mol nuachta agus faisnéise maidir leis an daonlathas agus saincheisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha, agus bhí tóir ar na hardáin i ngeall ar a bhfreagairt tapa ar imeachtaí domhanda. Ach ábhar luachmhar a chomhroinnt go comhsheasmhach, chuaigh siad i bhfeidhm ar a lucht tacaíochta agus d’éirigh leo an glao chun a TES a shíniú a shní isteach go nádúrtha san ábhar, rud a choinnigh móiminteam agus a d’fhorbair pobal a bhí ar son a gcúise.
- Foireann Dlí: Comhairle a thabhairt maidir le ceanglais dhlíthiúla an Aontais agus ceanglais dhlíthiúla náisiúnta, téarmaí agus séantaí a dhréachtú, agus comhlíonadh RGCS a chinntiú.
- Foireann Eolaíochta agus Saineolaithe: Taighde cúlra a dhéanamh, saineolas eolaíoch nó teicniúil a chur ar fáil, ábhair fhianaise-bhunaithe a dhréachtú, agus tacú le habhcóideacht le cumarsáid phoiblí chruinn inchreidte i ndlúthchomhar le caidreamh poiblí.
- Foireann Tiomsaithe Airgid: Deiseanna maoiniúcháin a shainaithint, iarratais ar dheontais a dhréachtú, an caidreamh le deontóirí agus buiséadú feachtais a bhainistiú.
- Foireann Forbartha Comhghuaillíochta: Teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le comhpháirtithe féideartha, agus caidreamh a choinneáil ar bun le heagraíochtaí comhghuaillithe.
- Foireann Theicniúil/TF: An suíomh gréasáin a bhainistiú, agus an tslándáil dhigiteach a chinntiú.
- Foireann Riaracháin: Lóistíocht feachtais a phleanáil agus a chur i gcrích, imeachtaí a bhainistiú, taisteal a chomhordú, agus ábhar a sheoladh ina measc.
- Bainistiú Oibrithe Deonacha: Oibrithe deonacha nua a ionduchtú, seisiúin oiliúna a eagrú, folláine agus spreagadh na foirne a chinntiú.
Róil a d’fhéadfadh a bheith ag foireann agus fofhoirne ar an leibhéal náisiúnta:
- Comhordaitheoir Náisiúnta: A bheith mar cheannaire áitiúil, iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú, agus tuairisciú don fhoireann Eorpach.
- Foireann Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí: Imeachtaí áitiúla a phleanáil, rannpháirtíocht feachtais in imeachtaí poiblí a eagrú.
- Foireann Cumarsáide agus na Meán Sóisialta: Teachtaireachtaí do lucht spéise náisiúnta a aistriú agus a chur in oiriúint, ábhar logánta a chruthú, agus ardáin áitiúla a bhainistiú.
- Foireann Ionduchtúcháin agus Bainistithe Oibrithe Deonacha: Fáilte a chur roimh bhaill foirne nua agus treoir a thabhairt dóibh maidir lena róil.
- Foireann Aistriúcháin: Cinnte a dhéanamh d’ábhar an fheachtais a logánú agus a aistriú go cruinn.
- Foireann Forbartha Comhghuaillíochta: Teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí áitiúla, tionchairí agus eagraíochtaí na meán chun tacaíocht a fhorbairt.
D’fhéadfadh forluí a bheith idir róil, agus d’fhéadfadh daoine aonair freagrachtaí iomadúla a ghlacadh orthu féin bunaithe ar a saineolas agus ar a n-infhaighteacht. Mar shampla, d’fhéadfadh Foireann Cumarsáide agus na Meán Sóisialta nascadh le Foireann Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí, agus d’fhéadfadh na baill foirne cruthú ábhair agus cur chun cinn imeachtaí araon a láimhseáil. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh foirne cumarsáide agus aistriúcháin a bheith ag obair go dlúth lena chéile agus déileáil le haistriúcháin agus leis na straitéisí is fearr chun teachtaireachtaí a chur in oiriúint do chomhthéacsanna náisiúnta.
Eagraithe an tionscnaimh ‘HouseEurope!’, d’iarr siad ar gach ball foirne machnamh a dhéanamh ar a mbealach féin chun feasacht a mhúscailt ar an ábhar agus an scéal a insint. Gach seachtain, bhí a sheal féin ag gach ball foirne i gceannas ar ábhar na meán sóisialta. Bhí a rud féin le déanamh ag gach duine ar a bhealach féin, rud a chruthaigh iolrachas guthanna agus ábhair a thacaigh le cuspóir an tionscnaimh.
Ionduchtú agus bainistiú oibrithe deonacha
Tá níos mó i gceist le hionduchtú agus bainistiú oibrithe deonacha ná díreach róil a líonadh. Baineann sé le spreagadh agus muintearas a chothú. Chun rannpháirtíocht a spreagadh, d’fhéadfaí an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
Cúraimí beaga fiúntacha a thabhairt d’oibrithe deonacha lena ligfear dóibh rannchuidiú gan a bheith trína chéile.
-
Am a thógáil chun a leasanna agus a láidreachtaí a thuiscint agus iad a shannadh do róil chun go mothóidh siad úsáideach agus comhlíonta.
-
Ach freagracht a spreagadh trí úinéireacht róil shoiléir, aitheantas poiblí, agus braistint an phobail, cuideofar le hoibrithe deonacha leanúint de bheith rannpháirteach agus tiomanta le himeacht ama.
Bhí sé d’aidhm ag eagraithe an tionscnaimh ‘Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh’ oibrithe deonacha a spreagadh chun uair an chloig amháin in aghaidh na seachtaine nó na míosa a thabhairt don fheachtas. Chuidigh an cur chuige lagbhrú sin leis na mílte oibrithe deonacha a choinneáil agus bhíothas in ann rannpháirtíocht a choinneáil san fheachtas le himeacht ama ar bhealach gan bhac.
Ullmhú géarchéime agus méadú
Ní féidir géarchéimeanna a sheachaint, cuir i gcás baill foirne ag fágáil, teipeanna teicniúla, nó laghdú ar rannpháirtíocht ar na meáin shóisialta. Bí ullamh agus déan aithris ar na cásanna sin.
- Cuir oiliúint tras-earnála ar bhaill foirne ionas nach dtitfeadh an fhreagracht as aon chúram amháin ar aon duine amháin.
- Mar shampla, má fhágann Comhordaitheoir Cumarsáide gan choinne, d’fhéadfadh Bainisteoir Meán Sóisialta nó Cruthaitheoir Ábhair cúram an chaidrimh phreasa agus sceidealaithe ábhair a ghlacadh go sealadach.
Leag eagraithe an tionscnaimh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ béim ar an tábhacht a bhaineann le pleananna teagmhasacha a bheith ann do phríomhróil. Ach plean a bheith ann roimh ré d’athruithe féideartha ar baill foirne, bhí siad in ann leanúint de bheith solúbtha agus oibríochtaí a choinneáil ag feidhmiú go rianúil nuair a d’aistrigh baill foirne amach gan choinne.
- Ardáin teicneolaíochta a éagsúlú agus cúltacaí a ullmhú.
- Mar shampla, má chliseann ar do phríomhshuíomh gréasáin le linn mórsheoladh, d’fhéadfá an lucht tacaíochta a atreorú chuig leathanach tuirlingthe réamhullmhaithe a óstálfaí ar fhreastalaí eile.
Cuireadh scáthchosc ar eagraithe an tionscnaimh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ ar na meáin shóisialta tar éis thoghcháin na Stát Aontaithe, rud a laghdaigh go mór a n-infheictheacht ar phríomhardáin. An méid a tharla dóibh, léiríonn sé an tábhacht a bhaineann leis an athléimneacht dhigiteach: ná bí ag brath ar aon ardán amháin. Chun fanacht infheicthe, leathnaigh siad a gcuid láithreachta chuig roghanna malartacha amhail Bluesky agus Tumblr. Ach do chainéil dhigiteacha a éagsúlú go luath, is féidir cuidiú le for-rochtain a choinneáil ar bun má tharlaíonn sé gan choinne nach féidir brath ar ardán amháin.
- Urlabhraithe a ainmniú a bhfuil pointí cainte acu atá réidh le húsáid.
- Mar shampla, d’fhéadfadh teachtaireacht ghearr thrí phointe a thabhairt do Chomhordaitheoir Feachtais nó do Cheann Cumarsáide chun agallaimh leis na meáin nó ráitis phoiblí gan choinne a láimhseáil. Ba cheart d’fhoireann caidrimh phoiblí na príomhtheachtaireachtaí sin a ullmhú roimh ré, i ndlúthchomhar le Foireann Saineolaithe, chun soiléireacht agus creidiúnacht araon a chinntiú.
Léirigh eagraithe an tionscnaimh ‘Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh’ go bhfuil sé ríthábhachtach bonn eolasach oibrithe deonacha agus lucht spéise a fhorbairt le haghaidh athléimneacht i gcoinne géarchéime. Nuair a rinne pearsa tionscail mí-ionadaíocht ar a bhfeachtas, shlóg siad a bpobal go tapa chun páirt a ghlacadh i bplé eolasach, chun míthuiscintí a cheartú, agus chun an staid a iompú droim ar ais agus infheictheacht níos fearr a bhaint amach.
- Oibrithe deonacha a dheighilt de réir scile agus infhaighteachta
- Mar shampla, is féidir cúramaí mearchruthaithe ábhair a shannadh d’oibrithe deonacha a bhfuil cumas deartha acu, agus is féidir leo siúd nach bhfuil mórán ama acu tacú le bailiú sínithe ar laethanta tábhachtacha gníomhaíochta.
Chuir eagraithe an tionscnaimh ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc’ i dtábhacht go bhfuil scála agus comhsheasmhacht ag teastáil chun algartaim na meán sóisialta a chomhrac. Tá sé ríthábhachtach foireann thiomnaithe cumarsáide agus meán sóisialta a struchtúrú go luath agus postálacha rialta, rannpháirtíocht agus freagairtí tapa a chinntiú chun fanacht infheicthe. Mar a dúirt siad féin, ‘comhrac i gcoinne an algartaim atá ann’.
Is féidir leat ullmhacht d’fhoirne a neartú trí chuairt ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a ionchorprú i do phróiseas oiliúna agus ionduchtúcháin. Mar shampla, tugtar cuireadh do gach foireann TES ag tús a bhfeachtais freastal ar fhíschomhdháil le saineolaithe Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Ach gach ball foirne a chur ar an eolas faoi dhea-chleachtais, straitéisí feachtasaíochta agus na hacmhainní TES atá ar fáil, cinnteofar tuiscint chomhroinnte ar riachtanais an tionscnaimh agus feabhsófar éifeachtacht fhoriomlán an fheachtais.
Struchtúr a chumasaíonn straitéis
Tá níos mó i gceist le TES ná sínithe a bhailiú. Baineann sé le heagrúcháin thar theorainneacha, iarrachtaí a ailíniú, agus gluaiseacht inbhuanaithe a fhorbairt a théann níos faide ná céim bailithe na sínithe. Is cuma cé acu cúigear nó caoga duine ar an bhfoireann, struchtúr soiléir, róil thiomnaithe, cumarsáid inmheánach láidir, agus an cumas rudaí a chur in oiriúint, is iad sin na láidreachtaí is mó atá agat.
Chun bunús láidir a fhorbairt, déan d’fhoireann a spreagadh chun dul i muinín acmhainní go luath sa phróiseas, cuir i gcás Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
-
Uirlisí praiticiúla amhail an bhlagphostáil ar fhíor-leideanna straitéise d’eagraithe feachtais agus taifeadadh an tseimineáir ghréasáin ar struchtúir fheachtas TES, tabharfaidh siad léargas luachmhar ar dhea-chleachtais, ar dhúshláin choiteanna, agus ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó fheachtasóirí a bhfuil taithí acu. Ach na hacmhainní sin a ionchorprú in ionduchtú agus oiliúint d’fhoirne, cinnteofar ní hamháin go mbeidh siad spreagtha ach go mbeidh an t-eolas acu freisin chun dul i ngleic le castachtaí fheachtas TES.
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
