An fáth a bhfuil sé ríthábhachtach a bheith ag obair le cruthaitheoirí ábhair le haghaidh TESanna
Ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le haon Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) ná teagmháil a dhéanamh le daoine lasmuigh den líonra atá agat cheana féin. Is féidir deacrachtaí a bheith ag feachtais láidre, go fiú, ó thaobh spásanna plódaithe ar líne a shárú de, go háirithe ar fud tíortha, teangacha agus pobail éagsúla ar líne.
Tá sé léirithe ag TESanna ar éirigh leo le déanaí go bhféadfaidh cruthaitheoirí ábhair (tionchairí meán sóisialta) a bheith ar cheann de na spreagthaí is éifeachtaí i dtaca le hinfheictheacht, rannpháirtíocht agus bailiú sínithe ar líne. Féadfaidh cruthaitheoir iontaofa do thionscnamh a chur in iúl do phobail iomlán nua, cuidiú i dtaobh ábhair chasta a mhíniú ar bhealach sothuigthe, agus daoine a spreagadh chun idirghníomhú le d’fheachtas agus é a chomhroinnt. Gan ach postáil, scéal, athphostáil nó tagairt amháin ó chruthaitheoir, d’fhéadfaí an infheictheacht a mhéadú go mór agus tionchar láidir a imirt ar rath an fheachtais.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ar líne, ós rud é gur nós leis na hardáin srian a chur le hinfheictheacht ábhair agus cuntas a mheastar a bheith ‘polaitiúil’. Ina theannta sin, is minic a éiríonn go maith le hábhar a chuireann tionchairí chun cinn toisc gur mó seans go n-idirghníomhóidh daoine le hábhar ó na daoine úd a leanann siad iad agus a measann siad iad a bheith iontaofa cheana féin. Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin gur féidir tionchar a imirt i bhfad níos faide i gcéin ná cainéil d’fheachtais ach dul i gcomhar le tionchairí meán sóisialta.
Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach straitéis cruthaitheora ábhair a chur i dtoll a chéile chun tacaíocht a chothú do d’fheachtas. Cé go mbíonn tionchar na tráthúlachta agus na giniúna móimintim i gceist i gcónaí lena rathúla a bheidh an feachtas, ní bheidh infheictheacht ná gníomhaíocht ann go dtí go gcuirfidh daoine spéis sa TES agus go n-idirgníomhóidh siad leis.
Na spriocanna a shainiú i dtaca le feachtasaíocht tionchairí
Is éard atá i gceist le plean a chruthú chun dul i gcomhar le tionchairí meán sóisialta spriocanna agus ionchais a leagan síos agus bealach soiléir a bheith ann chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn agus fad teagmhála d’fheachtais a rianú. Anseo thíos tá roinnt ceisteanna le cur ort féin sula dté tú i dteagmháil le cruthaitheoirí ábhair.
Tuilleadh sínithe a fháil; eolas faoin bhfeachtas a scaipeadh; lucht leanúna meán sóisialta an fheachtais féin a mhéadú; scaipeadh an fheachtais a mhéadú agus idirghníomhaíocht leis na postálacha, etc., a fheabhsú.
Iad a lucht leanúna a spreagadh chun nascadh leis an gcúis agus an tionscnamh a shíniú; iad a lucht leanúna a spreagadh chun do chuntas a leanúint agus idirghníomhú leis; iad oideachas a chur ar a lucht leanúna faoi shásra TES ionas nach mbeidh an oiread céanna drogaill orthu é a shíniú, etc.
Feachtais a chuaigh i gcion go rathúil ar phobail níos óige; tionscnaimh lenar forbraíodh pobail láidre ar líne; cruthaitheoirí a mhíníonn ábhair chasta go soiléir; feachtais a bhfuil físeáin ghearrfhoirme shuimiúla ag gabháil leo; cruthaitheoirí a bhfuil a dton, a luachanna nó a lucht féachana ag teacht le do TES, etc.
D’fhéadfadh freagraí éagsúla a bheith ann ag brath ar an gcéim ag a bhfuil d’fheachtas. Le spriocanna soiléire, áfach, leagtar síos na hionchais chearta agus spreagtar cruthaitheacht ó thaobh do chomhair de.
Tionchairí ábhartha sna spriocthíortha a mhapáil
Féadfaidh cruthaitheoirí ábhair dul in oiriúint do theachtaireachtaí áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta
Caithfidh feachtais TES teagmháil a dhéanamh le daoine i dtíortha éagsúla, i gcultúir éagsúla agus i bpobail éagsúla ar líne. D’ainneoin teachtaireacht lárnach shoiléir a bheith ag d’fheachtas, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr le spriocphobail éagsúla stíleanna éagsúla cumarsáide, samplaí éagsúla nó tosaíochtaí éagsúla. Sin an tábhacht a bhaineann le ról an chruthaitheora ábhair ann; tuigeann siad an teanga, an ton, na tagairtí, an greann, an frámú agus an cultúr ar líne atá ábhartha dá lucht leanúna.
Agus tionchairí á mapáil, cuimhnigh gur féidir le comhpháirtithe feachtais cabhrú leat teagmháil a dhéanamh le tionchairí freisin. D’fhéadfadh sé go dtarlódh sé sin ar bhonn díreach trína líonraí áitiúla, nó ar bhonn indíreach trí infheictheacht d’fheachtais a mhéadú sa tír, go dtí go mbeidh cruthaitheoirí áitiúla ar an eolas faoi agus go gcinnfidh siad páirt a ghlacadh, díreach mar a tharla i gcás an TES ‘PsychedeliCare’. Féach an físeán seo.
Trí sholúbthacht chruthaitheach a thabhairt do chruthaitheoirí do TES a mhíniú ar a mbealach féin, is féidir go mbeidh an t-ábhar níos barántúla agus níos tarraingtí don spriocphobal dá bharr sin.
Spriocphobail, luachanna agus catagóir ábhair
Chun tionchairí a mhapáil ar do thopaic, beidh ort na critéir a shainiú ar dhóigh níos beaichte ná díreach de réir teanga agus de réir tíre. Déan do mhachnamh ar na ceisteanna seo a leanas:
- Beag, meánach, mór... is dócha go mbeidh tionchar aige sin ar a dtáille nó ar a dhóchúla atá sé go rachaidh siad i gcomhar leat ar bhonn deonach.
- Cé na haoisghrúpaí, na réimsí spéise nó na pobail lena mbaineann a lucht leanúna?
- An bhfuil forluí idir a lucht leanúna agus iad siúd ar mhian leat go sroichfeadh do TES iad?
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar spriocphobail a aimsiú, féach Treoirnóta Fhóram TES ‘Conas dul i mbun feachtais’.
Roghnaigh cur chuige réalaíoch for-rochtana tionchairí
Cuimhnigh go bhféadfadh cuntais a bheith ag tionchairí ar an iliomad ardán, ach is feiceálaí iad ar ardán amháin nó ar dhá cheann. Tá sé sin tábhachtach agus cinneadh á dhéanamh agat faoin sórt ábhair a bhfuil tú ag súil leis uathu, agus conas a rachaidh tú i dteagmháil leo. Thairis sin, d’fhéadfadh ábhar a bhaineann le topaic do TES a bheith níos coitianta ar roinnt ardán seachas ardáin eile, ach ba cheart láithreacht d’fheachtais a éagsúlú ar a oiread ardán agus is féidir. Tá roinnt ardán ann atá tírshonrach, mar sin trí thaighde a dhéanamh ar an áit a mbítear ag plé do thopaic TES ar líne, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na pobail chearta.
Leis an bhfeachtas ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ slógadh pobail ar leith ar Reddit, Twitch, agus Discord. Chun pobail den sórt sin a ionchorprú i d’fheachtas, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo trína modhnóirí. Is minic a bhíonn modhnóirí pobail i dteagmháil le tionchairí.
Tá diongbháilteacht de dhíth chun teagmháil a dhéanamh le cruthaitheoirí
Is minic gur cluiche uimhreacha atá i gceist le teagmháil a dhéanamh le cruthaitheoirí ábhair, go háirithe ag tús d’fheachtais. D’fhéadfadh sé nach bhfreagródh go leor cruthaitheoirí do theachtaireacht, sin nó go dtabharfaidís neamhaird uirthi, nó b’fhéidir nach mbeadh an t-am acu aon pháirt a ghlacadh. Tá sé sin normálta, ná cuireadh sé ó dhoras thú.
Ar an gcúis sin, d’fhéadfadh sé a bheith éifeachtach teagmháil a dhéanamh le raon leathan cruthaitheoirí seachas díriú ar líon beag cuntais mhóra a bhfuil an-tóir orthu. Is minic a bhíonn lucht leanúna an-ghníomhach ag micrithionchairí agus d’fhéadfaidís a bheith ní b’oscailte i leith comhoibriú le feachtais.
Bhí ráta ratha freagartha 12% ag an bhfeachtas ‘Cuirtear deireadh leis an eite-theascadh - Cuirtear deireadh leis an trádáil’ trí theagmháil a dhéanamh le 1200+ cruthaitheoir ábhair, agus d’fhoilsigh siad 160 postáil dá thoradh sin. Déan teagmháil le daoine i bhfad agus i ngearr chun líon na bpostálacha ó chruthaitheoirí ábhair a mhéadú.
Chun go mbeidh an obair for-rochtana inbhainistithe, d’fhéadfadh sé a bheith cuidiúil teimpléad simplí for-rochtana a ullmhú is féidir a phearsantú go gasta do chruthaitheoirí éagsúla. Ba cheart teachtaireacht ghearr shoiléir a úsáid de ghnáth maidir le cé thú féin, cad atá i gceist le d’fheachtas, cén fáth a bhfuil tú ag dul i dteagmháil leo go sonrach, agus cén sórt comhair atá tú a lorg.
Is minic a bhraitheann rath for-rochtana tionchairí ar a dhiongbháilte a bhíonn tú ina leith agus ar líon na dteachtaireachtaí a sheolann tú, seachas ar theagmháil a dhéanamh le roinnt cuntais mhóra.
Comhar íoctha agus pro-bono
Tá tacaíocht dheonach nó tacaíocht pro-bono faighte ag roinnt feachtais TES ar éirigh leo ó chruthaitheoirí ábhair a ndeachaigh an chúis i gcion orthu i ndáiríre. I gcás go leor eagraithe, go háirithe iad siúd a oibríonn le buiséid theoranta, d’fhéadfadh sé gurbh é sin an príomhchineál comhair tionchairí atá ar fáil dóibh.
Ag an am céanna, má tá buiséad cumarsáide ag d’fheachtas, is féidir do raon feidhme a leathnú agus cineálacha ábhair níos uaillmhianaí a bheith ar fáil duit ach cuid den bhuiséad a leithdháileadh ar chomhar cruthaitheora. Mar shampla, le comhar íoctha d’fhéadfadh sé a bheith ní b’éasca físeáin thiomnaithe, ábhair mhíniúcháin, rannpháirtíocht bheoshruthaithe, nó tacaíocht níos fadtéarmaí a iarraidh le linn an fheachtais. Fiú comhar beag, d’fhéadfadh sé a bheith luachmhar.
Ba cheart duit cruthaitheoirí a spreagadh freisin chun tacú le d’fheachtas ar feadh a shaolré. Mar shampla, d’fhéadfadh cruthaitheoirí a bheith toilteanach nasc sínithe do TES a chur lena bhféinaisnéis nó lena bpróifíl go ceann tréimhse níos faide, rud a chuideodh i dtaobh an infheictheacht a choinneáil ar bun le linn an fheachtais.
I gcás an TES ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach’, d’éirigh go maith leis an ngné teachtaireachta dírí ar fhormhór na n-ardán. Is féidir teagmháil a dhéanamh le tionchaire ar ríomhphost nó trí bhainisteoir nó gníomhaireacht freisin, ach d’fhéadfadh sé go nglacfadh sé níos mó ama freagra a fháil.
Dóigheanna chun tionchairí a rannpháirtiú i d’fheachtas
Léirigh TESanna roimhe seo gur féidir le gnéithe comhair ar fud na n-ardán a bheith iontach éifeachtach. Ar Instagram, leis an ngné ‘Collab’, is féidir postáil amháin nó ‘ríl’ amháin a bheith le feiceáil ar chuntas an fheachtais agus ar chuntas an chruthaitheora araon san am céanna, rud a thugann infheictheacht, rannpháirtíocht agus spriocphobail le chéile ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí ná gnáthchlib a chur ar an ábhar. D’fhéadfadh sé sin méadú suntasach a dhéanamh ar fhor-rochtain agus ar idirghníomhaíocht, ó tharla go bhfeiceann lucht leanúna an dá chuntas an t-ábhar céanna agus go n-idirghníomhaíonn siad le chéile leis. Tá gnéithe comhchosúla postála comhoibríche ann ar TikTok agus YouTube chomh maith, ina measc sin beoshruthanna comhoibríocha, físeáin fí, díséid, físeáin ghreamaithe, agus formáidí ábhair comhpháirteacha. D’fhéadfadh na huirlisí sin a bheith ar na bealaí is éifeachtaí chun TESanna a chur in iúl do spriocphobail nua go nádúrtha agus chun go mbeidh an chuma air go bhfuil an comhar comhtháite i ngnáthstíl ábhair an chruthaitheora. Féach na samplaí ó YouTube agus ó Instagram.
Sna céimeanna luatha d’fheachtas, is iondúil gur réadúla rannpháirtíocht a fhásann go seasta trí chomhar arís agus arís eile agus trí idirghníomhaíocht an phobail, ná a bheith ag súil go mearscaipfear an t-ábhar in aon gheábh amháin. Is féidir le hábhar a chruthaíonn tionchairí agus lucht tacaíochta cuidiú i dtaobh d’fheachtas a leathnú go nádúrtha freisin. Go minic, is é is dóichí gurb iad na poist a spreagann plé, freagairtí mothúchánacha, greann, cruthaitheacht nó rannpháirtíocht an phobail na cinn a chomhroinnfidh agus a oiriúnóidh na húsáideoirí ar fud na n-ardán. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin méimeanna, físeáin freagartha, fuaimeanna atá ag treochtáil, físeáin fí nó díséid TikTok, athmheascadh Instagram Reels, athmheascadh YouTube Shorts, nó úsáideoirí a n-ábhar féin a chruthú i leith thopaic d’fheachtais.
Le gnéithe ardáin amhail athphostálacha ar Instagram nó físeáin fí agus díséid ar TikTok, féadfaidh na feachtais na hidirghníomhaíochtaí sin a mhéadú a thuilleadh agus rannpháirtíocht níos leithne a spreagadh maidir leis an tionscnamh. Trí aird a tharraingt ar ábhar ó úsáideoirí agus é a chomhroinnt, is féidir muintearas níos láidre a chothú ar líne agus móiminteam do TES a fhorbairt.
Tá an méid seo a leanas ar na bealaí eile ar féidir tionchairí a rannpháirtiú i d’fheachtas:
1. Físeáin mhíniúcháin ó chruthaitheoirí
Tá go leor cruthaitheoirí ar líne a bhfuil saineolas acu ar réimsí éagsúla. Is féidir leo míniú a thabhairt ar thopaic do TES, ar an tábhacht a bhaineann leis, agus ar an dóigh ar féidir le daoine tacú leis ina dton agus ina stíl féin. Tá sé sin úsáideach go háirithe chun topaicí casta nó dlíthiúla a dhéanamh níos sothuigthe agus níos tarraingtí ar líne. Mar shampla, chruthaigh an cruthaitheoir Olive Badger físeán YouTube faoi mhíthuiscintí teicniúla i dtaca leis an TES ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ ó dhearcadh forbróra bogearraí de, agus mhínigh an rapóirtéir Francesca Albanese ó na Náisiúin Aontaithe ar Instagram a dearcadh ar an TES ‘Justice for Palestine’ [‘Ceartas don Phalaistín’] ina cáil mar shaineolaí ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chearta an duine.
2. Físeáin a mhíníonn an fáth ar shínigh an cruthaitheoir an feachtas
Comhroinneann na cruthaitheoirí na cúiseanna pearsanta atá acu le tacú leis an bhfeachtas agus spreagann siad a lucht leanúna lena shíniú freisin. Is minic a bhraitear na físeáin sin a bheith níos barántúla agus níos intuigthe ná teachtaireachtaí feachtasaíochta institiúideacha. Mar shampla, spreag comhalta agus leas-uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Nicolae Ștefănuță, saoránaigh ar Instagram leis an TES ‘My Voice, My Choice’ [‘Mo ghuth, mo rogha’] a shíniú trína réasúnaíocht féin a chur i láthair le tacú leis an bhfeachtas.
3. Comhar leantach
Seachas a bheith ag brath ar phostáil amháin a bheith mearscaipthe, is féidir le feachtais tairbhe a bhaint as cruthaitheoirí an tionscnamh a lua arís agus arís eile le linn an fheachtais. Cuidíonn an infheictheacht leanúnach i dtaobh eolas, muinín agus móiminteam a chothú le himeacht ama. Chuaigh an ceoltóir Severina i mbun feachtasaíochta ar son an TES ‘My Voice, My Choice’ [‘Mo ghuth, mo rogha’] roinnt uaireanta ar Instagram, mar atá le feiceáil anseo trí úsáid a bhaint as gothaí an chroí, a bhfuil baint aige leis an tionscnamh, agus anseo freisin trí shínithe a thabhairt ón gCróit chuig cinnteoirí an Aontais.
4. Beoshruthanna, físeáin fhada, agus ceisteanna agus freagraí
Is féidir le cruthaitheoirí beoshruthanna nó plé a óstáil leis na heagraithe chun ceisteanna a fhreagairt, próiseas TES a mhíniú, nó an tsaincheist a phlé go grinn. Spreagann na formáidí sin idirghníomhaíocht dhíreach agus rannpháirtíocht an phobail. Mar shampla, d’fhoilsigh ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ físeán Ceisteanna Coitianta i leith an fheachtais ar YouTube.
5. Ábhar agus rannpháirtíocht ó úsáideoirí
Is féidir le feachtais lucht tacaíochta a spreagadh lena méimeanna féin, a bhfíseáin féin, a bhfreagraí féin, a ngrianghraif féin nó a scéalta féin a bhaineann leis an tionscnamh a chruthú. Cuidíonn sé sin i dtaobh feachtais a scaipeadh go nádúrtha trí phobail ar líne. Mar shampla, tá leathanach Vicipéide ag ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ ar chuir lucht tacaíochta an TES sin leis. Is féidir le feachtais an t-ábhar a bhaineann leo atá déanta ag úsáideoirí eile a athphostáil freisin, mar atá déanta ag an TES ‘HouseEurope!’ ar Instagram.
6. Líonraí cruthaitheoirí a fhorbairt agus móiminteam a chothú
Nuair a thacaíonn cruthaitheoirí iomadúla le feachtas go poiblí, is féidir daoine eile a spreagadh le páirt a ghlacadh ann freisin. Trí ábhar cruthaitheora a athphostáil, buíochas a ghabháil leis an lucht tacaíochta go poiblí, agus a chur in iúl go feiceálach go bhfuil gluaiseacht ann, d’fhéadfaí móiminteam níos leithne ar líne a chothú maidir leis an TES. Mar shampla, d’fhoilsigh an TES ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin’ scéal Instagram inar gabhadh buíochas leis an lucht tacaíochta, cuir i gcás an Feisire Chloé Ridel de Pharlaimint na hEorpa, as a habhcóideacht ar son an TES agus as a gcuntais Instagram a nascadh.
7. Leas a bhaint as imeachtaí atá ann cheana agus dátaí tábhachtacha
Is minic a bhíonn cruthaitheoirí agus pearsana poiblí gníomhach maidir le himeachtaí móra agus laethanta idirnáisiúnta feasachta. Trí d’fheachtas a ailíniú leis an méid sin, is féidir é a dhéanamh níos éasca tacaíocht a fháil agus dul i dteagmháil le spriocphobail níos leithne. Mar shampla, d’fhoilsigh an TES ‘Justice for Palestine’ [‘Ceartas don Phalaistín’] postáil Instagram le haghaidh Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine. Chomh maith leis sin, roghnaigh eagraithe an tionscnaimh ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin’ an t-am ceart roimh ré le go dtarlódh an chéim dheireanach dá bhfeachtas i gcomhthráth leis an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe (an 17 Bealtaine), nuair a chomhroinn go leor pearsana poiblí (amhail Emmanuel Macron ar a chuntas X) ábhar maidir le cearta LADTIA+, rud a chuidigh i dtaobh infheictheacht agus móiminteam an fheachtais a mhéadú. Is féidir leat níos mó a léamh faoi thaithí fheachtasóirí an tionscnaimh ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin’ sa bhlagphostáil seo ar Fhóram TES.
8. Sraith uirlisí do chruthaitheoirí
Trí ábhair atá réidh le húsáid a chur ar fáil do chruthaitheoirí, amhail íomhánna, fíricí, naisc, Ceisteanna Coitianta, nó teachtaireachtaí molta, is féidir é a dhéanamh níos fusa rannpháirtíocht a ghlacadh, agus ag an am céanna, a chinntiú go mbíonn cruthaitheoirí in ann ábhar a chur in oiriúint dá stíl féin. Chruthaigh ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ subreddit lenar nascadh le chéile acmhainní tábhachtacha ón bhfeachtas, amhail leathanach an TES ar shuíomh gréasáin an Aontais Eorpaigh.
9. Spás a dhéanamh don lúcháir agus don phobal
Is minic a dhíríonn feachtais TES ar shaincheisteanna tromchúiseacha, ach d’fhéadfadh sruth seasta nuachta diúltaí an spriocphobal a chur trína chéile. Trí dheiseanna lúcháire agus nasctha a chruthú tríd an gcomhar le healaíontóirí, le ceoltóirí agus le heagraíochtaí cultúrtha, is féidir cabhrú le d’fheachtas dul i dteagmháil le spriocphobail nua agus muintearas níos láidre a chothú. Spreagann taispeántais, ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile rannpháirtithe freisin le hábhar a chruthú agus a dtaithí a chomhroinnt lena ngrúpaí féin, rud a chuireann le raon feidhme d’fheachtais as líne agus ar líne araon. Mar shampla, chruthaigh an TES ‘Justice for Palestine’ [‘Ceartas don Phalaistín’] postáil Instagram faoi imeacht a d’eagraigh na heagraithe ina ndearna ceoltóirí ceolchoirm shaor in aisce. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an TES ‘HouseEurope!’ físeán ar LinkedIn inar chuir an t-ealaíontóir Nikita Merkushin saothar ealaíne i láthair i dtaca le foirgnimh thréigthe a athrú ó bhonn.
10. Comhoibriú le heagraíochtaí agus le pobail (seachas le daoine aonair amháin)
Níor cheart comhpháirtíochtaí meán sóisialta a theorannú do dhaoine poiblí aonair ná do thionchairí aonair. Is féidir le hirisí, músaeim, eagraíochtaí cultúrtha agus pobail ar líne cuidiú i dtaobh d’fheachtas a mhéadú freisin. Is minic a chuireann na comhpháirtithe sin deiseanna ar fáil lasmuigh den chur chun cinn digiteach, amhail ceardlanna, comórtais, taispeántais nó spásanna le haghaidh imeachtaí, rud a chuireann ar a chumas don lucht tacaíochta rannpháirt a ghlacadh san fheachtas ar bhealaí níos fónta. Mar shampla, chuaigh an TES ‘HouseEurope!’ i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí ailtireachta chun ceardlanna agus comórtais deartha a thairiscint do ghairmithe óga, rud a rinne rannpháirtíocht ar an láthair den rannpháirtíocht ar líne agus an feachtas á chur chun cinn. D’fhoilsigh ‘HouseEurope!’ postáil Instagram freisin inar taispeánadh suiteáil ealaíne don TES, rud a reáchtáladh ag taispeántas. I bpostáil eile ar Instagram uathu, chuir siad comórtas chun cinn maidir le seanfhoirgnimh a athúsáid.
Móiminteam a bhainistiú agus do dhul chun cinn a mheas
Príomh-mhéadrachtaí
Agus tú ag obair le cruthaitheoirí ábhair, tá sé tábhachtach monatóireacht a dhéanamh ar cé acu comhoibriú, ardáin agus cineálacha ábhair atá ag cuidiú i dtaobh d’fheachtas a fhás le himeacht ama.
Moltar sa TES ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin’ súil a choinneáil ar an gcruthaitheoir, ar iarrachtaí for-rochtana, ar fhreagairtí agus ar thorthaí i scarbhileog chomhroinnte nó i ndoiciméad rianúcháin le linn an fheachtais.
Trí do straitéis tionchairí a rianú, is féidir leat tuiscint níos fearr a fháil ar an méid seo a leanas:
- cé hiad na cruthaitheoirí is mó a ghineann rannpháirtíocht
- cé na postálacha as a dtagann infheictheacht mhéadaithe nó níos mó sínithe
- cé na tíortha nó na spriocphobail is gníomhaí a fhreagraíonn
- cé na formáidí is fearr a n-éiríonn leo ar ardáin éagsúla
Ní leis an líon leantóirí ná an líon amharc amháin a thomhaistear rath. Nótaí tráchta, ábhar a chomhroinnt, athphostálacha, ábhar a shábháil, naisc a chliceáil, teachtaireachtaí díreacha, agus ábhar ó úsáideoirí – féadfaidh an méid sin uile a chur in iúl go bhfuil daoine ag idirghníomhú go gníomhach le d’fheachtas.
D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin fás sínithe ar fud na dtíortha a chur i gcomparáid le d’iarrachtaí rannpháirtíochta cruthaitheora sna tíortha sin. Mar shampla, má éiríonn feachtas níos feiceálaí go tobann i dteanga nó i réigiún ar leith tar éis dul i gcomhar le cruthaitheoirí, d’fhéadfadh sé sin cabhrú leat straitéisí a shainaithint ar fiú iad a úsáid in áiteanna eile.
Trí mhonatóireacht rialta a dhéanamh ar thorthaí, is féidir cabhrú le d’fheachtas oiriúnú níos tapúla agus fuinneamh a dhíriú ar an áit is mó tionchar dó.
Dúshláin a bhainistiú
De réir mar a théann an feachtas ar aghaidh, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh constaicí éagsúla chun cinn a bhfuil réiteach nuálach fadhbanna de dhíth ina leith, chomh maith le foireann atá réidh le freagairt go tapa. Mar a chuir Nika Kovač ó ‘My Voice, My Choice’ [‘Mo ghuth, mo rogha’] i dtábhacht ina hagallamh le Fóram TES: is iad na tionchairí a osclaíonn na doirse; is iad na hoibrithe deonacha agus na foirne náisiúnta a shiúlann isteach orthu agus a bhailíonn na sínithe.
Fuair ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ amach gur féidir guthanna criticiúla a úsáid chun an comhrá a mhéadú faoi thopaic an fheachtais. Sa chás sin, bhí critíc á déanamh ag cruthaitheoir eile ar YouTube ar an tionchaire a bhí ag tacú leis an tionscnamh. Mar thoradh air sin, táirgeadh níos mó ábhair faoin TES agus tugadh níos mó airde air.
Féadfaidh tráthanna airde méadaithe, bíodh siad dearfach nó diúltach, teacht chun cinn go tapa. D’fhéadfadh postáil dul i gcion ar dhaoine go tobann, d’fhéadfadh cruthaitheoir tacú le do thionscnamh gan choinne, nó d’fhéadfadh díospóireacht phoiblí agus cáineadh poiblí solas a chaitheamh as an nua ar do d’ábhar. Nuair a tharlaíonn a leithéid, tá sé tábhachtach freagairt go tapa, fanacht i dteagmháil leis an spriocphobal, agus é a dhéanamh chomh héasca agus is féidir do dhaoine foghlaim faoi do TES agus é a shíniú. Teagmháil thairbheach a dhéanamh le daoine a bhfuil amhras orthu faoi do smaoineamh, tá sé sin ina chuid de chuspóir TES freisin: is amhlaidh a chruthaíonn sé spás do dhíospóireacht phoiblí ar fud na hEorpa. Féadfaidh na malartuithe sin cuidiú leat lucht tacaíochta nua a aimsiú, nó ar a laghad, do theachtaireacht a shoiléiriú agus d’fheachtas a fheabhsú. Is minic gur fearr is féidir le feachtais a fhreagraíonn go cruthaitheach agus go straitéiseach móiminteam agus rannpháirtíocht fhadtéarmach a dhéanamh den aird ar líne.
Chun níos mó eolais a fháil faoi bhainistiú géarchéime, féach leat an bhlagphostáil seo ar Fhóram TES agus an Treoirnóta seo i dtaca le Struchtúr Foirne.
Rialacha maidir le trédhearcacht agus fógraíocht pholaitiúil
Tá rialacha maidir le fógraíocht pholaitiúil íoctha ar ardáin mhóra ar líne ag dul i ndéine, go háirithe laistigh de chreat rialála an Aontais maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh roinnt ardán srian a chur le hábhar polaitiúil íoctha agus postálacha atá le cur chun cinn, iad a lipéadú, nó bearta trédhearcachta breise a éileamh ina leith.
I ndeireadh na dála tá cead a gcinn ag tionchairí, go háirithe nuair nach n-íoctar as a bpostálacha iad. Tá gá le cumarsáid éifeachtach chun a chinntiú go gcuirfear eolas cruinn ar fáil don spriocphobal agus go mbeidh dea-cháil ar an bhfeachtas i gcónaí.
I gcás eagraithe TES, ciallaíonn sé sin go bhfuil sé tábhachtach rialacha a bhaineann go sonrach le hardáin agus rialacháin náisiúnta ábhartha araon a thuiscint agus iad ag plé le comhar cruthaitheoirí íoctha nó le hábhar a chuirtear chun cinn. Ní mór comhpháirtíochtaí urraithe a nochtadh go soiléir, agus féadfaidh an feachtas agus an cruthaitheoir araon freagracht a chomhroinnt as a chinntiú go ndéanfar an t-ábhar a lipéadú i gceart.
Trí thaifid shoiléire a choinneáil den chomhar íoctha, de phostálacha urraithe agus de chomhaontuithe le cruthaitheoirí ábhair, cuideofar i dtaobh feachtais a bheith trédhearcach i gcónaí agus deacrachtaí a sheachaint níos déanaí.
Ní mór aon chur chun cinn íoctha a lipéadú dá réir sin, agus is iad na tionchairí agus na feachtasóirí araon atá freagrach as sin.
Na pointí is tábhachtaí
Níl aon fhoirmle aonair ann le haghaidh feachtasaíocht cruthaitheora rathúil. Tarlaíonn sé i gcás roinnt feachtas go bhfásann siad trí dhornán cruthaitheoirí atá an-ghníomhach, agus éiríonn le roinnt feachtais eile trí líonraí leathana tacadóirí beaga agus pobal ar líne. Is minic gurb iad na straitéisí sin a leanann de bheith solúbtha, barántúil agus freagrúil i leith rannpháirteachas nádúrtha na ndaoine ar líne na straitéisí is éifeachtaí.
Tar éis an tsaoil, ní hinfheictheacht amháin atá i gceist le feachtasaíocht tionchairí. Tá muinín, rannpháirtíocht agus pobail tacaíochta a chothú i leith do TES i gceist freisin. Le cruthaitheacht, diongbháilteacht agus na comhpháirtíochtaí cearta, is féidir le cruthaitheoirí ábhair cur go cumhachtach le d’fheachtas agus cuidiú i dtaobh sínithe agus fíormhóiminteam a dhéanamh den aird ar líne.
Seicliosta
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
