Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana

 

Eolas faoi ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana

Is é ‘Mo ghuth, mo rogha: Ar mhaithe le ginmhilleadh sábháilte inrochtana’ an dara tionscnamh Eorpach déag ó na saoránaigh ar éirigh leis an tacaíocht is gá a bhailiú. Moladh leis an tionscnamh go gcruthófaí sásra deonach tacaíochta airgeadais de chuid an Aontais chun cabhrú leis na Ballstáit cúram ginmhillte a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil rochtain acu air ina dtír féin. 

Cláraíodh an tionscnamh ‘Mo ghuth, mo rogha’ an 10 Aibreán 2024 agus chuaigh sé chun cinn go tapa. Thosaigh an feachtas ag bailiú sínithe go hoifigiúil an 24 Aibreán 2024 agus bhailigh sé 1,124,513 ráiteas tacaíochta fhíoraithe. Baineadh na tairseacha íosta amach i 19 mBallstát.  Cuireadh na sínithe a bailíodh faoi bhráid na n-údarás náisiúnta lena bhfíorú go pras.

I ndiaidh an phróisis fíorúcháin cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar bhonn foirmiúil an 1 Meán Fómhair 2025. D’fhreagair an Coimisiún trí Theachtaireacht a fhoilsiú inar leagadh amach na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe aige a dhéanamh mar fhreagairt ar an tionscnamh an 26 Feabhra 2026. 

  1. Cláraíodh an tionscnamh 

    10/04/2024

  2. Tosaíodh ar bhailiú sínithe 

    24/04/2024

  3. Dúnadh an tréimhse bailithe sínithe 

    24/04/2025

  4. Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh 

    01/09/2025

  5. Thug an Coimisiún Eorpach freagra ar an tionscnamh 

    26/02/2026

Leideanna agus noda d’eagraithe a bheidh ann amach anseo

Cuir líonra comhordaitheoirí náisiúnta i dtoll a chéile sula seola tú an tionscnamh.

Is féidir a chinntiú go bhfuil bailiú na sínithe, imeachtaí agus an fhor-rochtain fréamhaithe go háitiúil agus ábhartha ó thaobh cultúir de ach ceannaireacht iontaofa a bheith ann i ngach tír den Aontas.

Cuir muinín i gcumhacht na ndaoine. 

Is beag an ní nach cuidiú é - cúpla síniú, postáil chomhroinnte, tabhartas €5 - cuireann siad go léir leis an ngluaiseacht. Cuir cúrsaí mórtais ar leataobh agus coinnigh an sprioc chomhroinnte i lár an aonaigh i gcónaí.

Déan do chuid eagraíochtaí tacaíochta a éagsúlú.

 Bhailigh ‘Mo ghuth, mo rogha’ tacaíocht ní hamháin ó ghrúpaí feimineacha agus sláinte atáirgthe, ach ó chumainn dreapadóireachta, ó ghrúpaí ollscoile, ó cheoltóirí agus ó aisteoirí chomh maith. Leathnaíonn comhghuaillithe gan choinne an ciorcal tacaíochta.

Bain leas straitéiseach as tionchairí agus ceannairí tuairimíochta. 

Le postáil nó físeán amháin ó phearsa phoiblí iontaofa, is féidir na mílte daoine a ghríosú taobh istigh de chúpla uair an chloig. Ach ba cheart do rannpháirtíocht na dtionchairí cothú comhghuaillíochta an phobail a chomhlánú, seachas teacht ina ionad.

Bíodh plean tiomsaithe airgid agat ón tús.

Comhcheangail deontais ó fhondúireachtaí, tabhartais aonair, agus sruthanna cruthaitheacha amhail díolacháin earraí marsantais chun priontáil, taisteal, tacaíocht dhlíthiúil agus imeachtaí a mhaoiniú.

An straitéis taobh thiar den tionscnamh seo

Ullmhúchán

‘Gach a bhfuil ár gcroí istigh ann, tá sé cumhdaithe: an troid ar son an athraithe, trí mhodhanna dlíthiúla daonlathacha, daoine a eagrú, agus gluaiseacht a chur i dtoll a chéile bunaithe ar an gcineáltas agus ar an dóchas.’ — Nika Kovač, Comhordaitheoir, ‘Mo ghuth, mo rogha’

Cuireadh ‘Mo ghuth, mo rogha’ ar bun tar éis chinneadh Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe in 2022 Roe v. Wade a chur ar ceal, rud a spreag Nika Kovač, a raibh cónaí uirthi sna Stáit Aontaithe an t-am sin, agus a dlúth-chomhoibrí Sarah le machnamh a dhéanamh an bhféadfadh sé go dtarlódh cúlú ar an dóigh chéanna san Eoraip. Agus leas á bhaint ag Kovač as an taithí a fuair sí ag ‘Institute of the 8th of March’, eagraíocht fheimineach Shlóivéanach ar éirigh léi cheana féin dlíthe intíre a athrú trí fheachtais bailithe sínithe, mheas sí gurbh é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an ionstraim cheart: an t-aon uirlis dhaonlathach amháin lenar féidir leis na saoránaigh athruithe ar dhlí an Aontais a mholadh go díreach.

Díríodh sa chéim ullmhúcháin ar thogra a chruthú a bhí bunaithe go dlíthiúil ar inniúlachtaí an Aontais agus a bhí láidir go mothúchánach do shaoránaigh ar fud 27 gcomhthéacs náisiúnta éagsúla. Bhí na heagraithe ar an eolas go sárófaí inniúlacht an Aontais sa tsláinte phoiblí dá n-iarrfaí dlíthe náisiúnta ginmhillte a chomhchuibhiú.  Dá bhrí sin, chinn siad sásra dlúthpháirtíochta airgeadais spriocdhírithe a iarraidh lena gcumasófaí rochtain trasteorann ar ghinmhilleadh sábháilte do mhná nach raibh a leithéid ar fáil acu ina dtír féin.

Líonra comhpháirtithe agus oibrithe deonacha a fhorbairt

D’éirigh le ‘Mo ghuth, mo rogha’ a bheith ar na gluaiseachtaí feimineacha is mó san Eoraip, agus tacaíocht aige ó níos mó ná 300 eagraíocht agus comhordaitheoir náisiúnta i mbeagnach gach Ballstát den Aontas. Rinne na heagraithe an feachtas a struchtúrú ar chomhordaitheoirí náisiúnta a d’fhéadfadh an tsochaí shibhialta, gníomhaithe polaitiúla agus saoránaigh aonair a nascadh ar an leibhéal áitiúil, agus rinne siad imeachtaí a eagrú agus sínithe a bhailiú ar bhealaí a chuaigh i gcion ar a bpobail féin.

Mheall an feachtas comhghuaillithe gan choinne freisin, ina measc sin cumann dreapadóireachta, grúpaí ollscoile, agus pearsana cultúrtha amhail amhránaithe agus aisteoirí. Leis an gcur chuige cuimsitheach sin, bhíothas in ann dul i bhfeidhm ar phobail nach mbeadh ag plé de ghnáth le habhcóideacht na gceart feimineach nó atáirgthe.

Tiomsú airgid agus acmhainní

Chun an feachtas a mhaoiniú, tugadh le chéile tacaíocht ó fhondúireachtaí, tabhartais aonair, agus sruth nuálach ó earraí marsantais trí shiopa gréasáin an fheachtais. Earraí amhail t-léinte, cochaill agus mugaí agus mana ‘Mo ghuth, mo rogha’ orthu, thug siad ioncam isteach agus chruthaigh siad meon dlúthpháirtíochta pobail araon, agus luaigh na hoibrithe deonacha go raibh lúcháir ar leith ag baint le t-léine de chuid an fheachtais a fheiceáil ar dhuine i gcathair nach raibh cur amach acu uirthi.

 

‘Is é an chomhairle atá agam smaoineamh láidir a bheith agat, agus cúis a gcreideann tú go láidir inti a bheith agat, toisc go mbeidh sé ar an bhfeachtas is faide dá ndéanfaidh tú. Feachtasaíocht gan stad gan staonadh atá ann, agus beidh tuirse ort, mar aon leis na daoine eile thart timpeall ort. Caithfidh a oiread ceana a bheith agat don chúis sin go n-oibreoidh tú saor in aisce ina leith, más gá.’ — Nika Kovač

Na míreanna buiséid ba mhó ná an chomhairle dlí, ábhair phriontála, eagrú imeachtaí agus costais taistil. Cuireann na heagraithe i dtábhacht nach gá nach n-éireoidh le feachtas i ngeall ar acmhainní teoranta; is féidir le fuinneamh, diongbháilteacht agus oícheanta gan chodladh buiséad níos lú a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil an bhunchúis láidir.

 

Nóta: Tá tuilleadh eolais faoi thacaíocht agus maoiniú ‘Mo ghuth, mo rogha’ le fáil ar leathanach an tionscnaimh ‘Mo ghuth, mo rogha’ i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Nóta maidir leis na hurraitheoirí príobháideacha*: fuarthas thart ar 22 ranníocaíocht ó urraitheoirí príobháideacha, iad idir €250 agus €5000.

Straitéis an fheachtais agus plean bailithe sínithe

San fheachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’, cuireadh i bhfeidhm an ‘modh PEACE’, mar a thugann eagraithe an fheachtais air, ina bhfuil: foighne, teagmháil, gníomhú, misneach agus earráidí. Bhí ról ar leith ag gach gné chun breis agus milliún síniú a bhaint as smaoineamh misniúil.

Foighne: Bhí gá le foighne chun dul i ngleic leis an bpróiseas casta a bhaineann le comhpháirtithe a shainaithint, an togra a bheachtú, agus líonra tosaigh na gcomhordaitheoirí náisiúnta a fhorbairt sula gcuirfí tús leis an mbailiú fiú.

Teagmháil: Is éard a bhí i gceist le teagmháil dul níos faide ná an bonn lárnach tacadóirí atá ann cheana chun nascadh leis na daoine inchorraithe, is é sin na daoine nach raibh cur amach acu ar an tsaincheist go fóill ach a raibh bunluachanna comhroinnte acu a d’fhéadfadh iad a spreagadh chun síniú a chur leis.

Gníomhú: Is éard a bhí i gceist le gníomhú fuinneamh seasta a choinneáil ar bun trí imeachtaí poiblí, dul i láthair sna meáin, laethanta gníomhaíochta tiomnaithe, agus gníomhaíochtaí bailithe sínithe a reáchtáladh in ionaid pholaitiúla agus neamhpholaitiúla araon, amhail maratóin agus féilte pobail.

Misneach: Bhí gá le misneach chun aghaidh a thabhairt ar chiapadh ar líne, ar fheachtais chlúmhillte agus ar chur i gcoinne polaitiúil, agus chun dul sa seans réamhbheartaithe, amhail teagmháil dhíreach a dhéanamh le tionchairí a d’fhéadfadh cur leis an bhfeachtas i dtíortha nár baineadh na tairseacha amach iontu go fóill.

Earráidí: Caitheadh le hearráidí mar a bheadh deiseanna foghlama iontu: gach imeacht nár éirigh leis, gach postáil nár tugadh mórán airde uirthi, nó gach comhpháirtíocht ar diúltaíodh di, bhí siad ina bhfoinse léargais chun cur chuige an fheachtais a bheachtú.

Tháinig beagnach 100,000 síniú isteach le linn na chéad seachtaine den fheachtas, ach aithníonn na heagraithe nach raibh sa bhorradh luath sin de lucht tacaíochta tiomanta ach an feachtas ina thús. Bhí obair for-rochtana straitéiseach le déanamh chun teagmháil a dhéanamh le pobail nua, pobail ar minic nach raibh teacht orthu, trí theachtaireachtaí saincheaptha, trí chomhoibriú le comhpháirtithe gan choinne, agus trí úsáid chruthaitheach a bhaint as na meán sóisialta.

‘Is é mo chomhairle d’eagraithe eile muinín a chur i gcumhacht na ndaoine! Fiú mura mbailíonn duine amháin ach cúpla síniú, tá tábhacht leis sin fós. Cuir cúrsaí mórtais ar leataobh agus dírigh ar an sprioc dheireanach, is é sin 1 mhilliún síniú a bhaint amach.’ — Nika Kovač

Thacaigh tionchairí agus ceannairí tuairimíochta go háirithe leis an bhfeachtas chun an ceann is fearr a fháil ar na bacainní algartamacha a chuireann na hardáin meán sóisialta i bhfeidhm níos mó agus níos mó ar ábhar a aicmítear mar ábhar ‘polaitiúil’. Nuair a tháinig an réalta popcheoil Crótach, Severina, i láthair ag preasagallamh sa Bhruiséil an 1 Meán Fómhair 2025 chun aighneacht fhoirmiúil an tionscnaimh a chomóradh, chuir sí teachtaireacht an fheachtais in iúl do na milliúin daoine ar fud réigiún na hiar-Iúgslaive agus níos faide i gcéin. Ar an gcaoi chéanna, chuir an t-iriseoir agus an príomhláithreoir teilifíse Gréagach, Anastasia (Natasa) Giamali, clúdach ar fáil sna meáin phríomhshrutha agus slógadh digiteach araon don fheachtas trí Instagram Reels agus trí cholúin tuairimíochta. Léirigh a taithí go bhféadfaí conspóid, go fiú, i bhfoirm ionsaithe ó pholaiteoirí frithghníomhacha, a chur chun tairbhe an fheachtais trí fheasacht a mhúscailt.

 

Bailiú na sínithe agus an próiseas fíorúcháin

Bhain ‘Mo ghuth, mo rogha’ úsáid as lárchóras bailithe ar líne an Choimisiúin Eorpaigh le linn na tréimhse bailiúcháin. Osclaíodh an bailiú sínithe an 24 Aibreán 2024 agus dúnadh é bliain ina dhiaidh sin.

I ndeireadh na dála, bhailigh an tionscnamh sínithe ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais. Cuireadh ‘Mo ghuth, mo rogha’ faoi bhráid an Choimisiúin go foirmiúil an 1 Meán Fómhair 2025 lena scrúdú. Tar éis do na húdaráis náisiúnta fíorú foirmiúil a dhéanamh, deimhníodh go raibh 1,124,513 shíniú bailí (as 1,224,998 síniú a bailíodh). Sáraíodh na tairseacha íosta is gá i 19 mBallstát, níos mó ná dhá oiread na tairsí íosta a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais, is é sin seacht mBallstát. 

 

Bhain ‘Mo ghuth, mo rogha’ na tairseacha íosta amach i 19 mBallstát - Foinse: Suíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, 2026. Tá an tábla iomlán ina bhfuil na ráitis tacaíochta le fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.

Sna míonna sular cuireadh an tionscnamh isteach go foirmiúil, d’aistrigh na heagraithe ó shlógadh poiblí go teagmháil institiúideach. Thionóil siad cruinnithe le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun an bealach a réiteach do ghlacadh institiúideach dearfach.

Tionchar an tionscnaimh seo

An tionscnamh a chur isteach go foirmiúil agus cruinnithe leis an gCoimisiún

Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar bhonn foirmiúil an 1 Meán Fómhair 2025. An lá céanna, thionóil na heagraithe preasagallamh sa Bhruiséil inar chuir an réalta popcheoil Crótach, Severina, agus an t-iriseoir Gréagach, Anastasia (Natasa) Giamali, a dtacaíocht in iúl go poiblí.

An 1 Deireadh Fómhair 2025, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, bhuail na heagraithe le Hadja Lahbib, an Coimisinéir Eorpach um Chomhionannas agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, agus oifigigh an Choimisiúin, sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Tháinig an comhordaitheoir Nika Kovač agus baill eile den fhoireann ‘Mo ghuth, mo rogha’ le chéile ag an gcruinniú.

 

Éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa

Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) maidir le tacú leis an tionscnamh ‘Mo ghuth, mo rogha’. An 5 Samhain, ghlac sí dréachtrún lena dtacaítear leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Ritheadh é le 26 vóta ina fhabhar, 12 vóta ina choinne, agus gan aon staonadh, rud a léiríonn tacaíocht leathan sa Choiste agus rud ar céim mhór chun cinn é don tionscnamh. Ansin, an 2 Nollaig 2025, thionóil Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí (féach an taifeadadh) maidir leis an tionscnamh, arna heagrú ag Coiste FEMM le rannpháirtíocht an Choiste um Achainíocha (PETI) agus le rannpháirtíocht Coistí ábhartha eile (DEVE, SANT agus LIBE). 

Thug an Coimisinéir Lahbib óráid freisin. Chuir na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rinne siad plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa go díreach. 

 

Díospóireacht iomlánach agus rún a ghlacadh i bParlaimint na hEorpa

An 16 Nollaig 2025 pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. An 17 Nollaig 2025 ghlac an Pharlaimint rún inar cuireadh in iúl go dtacaíonn sí leis an tionscnamh, le 358 vóta ina fhabhar, 202 vóta ina choinne agus 79 staonadh. Ba é Abir Al-Sahlani FPE (Renew, an tSualainn) an rapóirtéir.

 

Gníomhaithe an tionscnaimh ‘Mo ghuth, mo rogha’, iad ag ceiliúradh i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg. Foinse: Suíomh gréasáin ‘Mo ghuth, mo rogha’.

Cloch mhíle pholaitiúil shuntasach a bhí sa rún, rud a léirigh tacaíocht leathan traspháirtí do spriocanna an tionscnaimh agus rud a chuir in iúl don Choimisiún neart na tacaíochta parlaimintí do ghníomhaíocht maidir le cearta atáirgthe (féach an Preaseisiúint).

Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach

An 26 Feabhra 2026 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht inar leag sé amach a fhreagra ar an tionscnamh. Tar éis dó anailís chúramach a dhéanamh ar an togra, agus teorainneacha Chonarthaí an Aontais ar inniúlacht an Aontais i réimse na sláinte poiblí á gcur san áireamh, dheimhnigh an Coimisiún gur féidir leis na Ballstáit Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a úsáid chun rochtain níos fearr ar sheirbhísí ginmhillte atá sábháilte agus ar fáil go dleathach a mhaoiniú.

 

Gníomhaithe an tionscnaimh ‘Mo ghuth, mo rogha’, iad ag ceiliúradh os comhair an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil. Foinse: Suíomh gréasáin ‘Mo ghuth, mo rogha’.

Chuir an Coimisiún i dtábhacht gur féidir an tacaíocht sin a chur ar fáil go measartha tapa trí ionstraimí atá ann cheana, gan gá le reachtaíocht nua, ar choinníoll go roghnaíonn na Ballstáit dá ndeoin féin na hacmhainní atá ar fáil faoina gcláir CSE+ a leithdháileadh nó a ath-leithdháileadh.

‘Ní hé sin go díreach an rud a d’iarramar, ach réitíonn sé sin an bealach chun go n-urramófar an ceart sin ar fud an Aontais Eorpaigh. Iarradh san iarratas bunaidh go maoineofaí na nósanna imeachta leighis go sonrach, ach leis an bhfreagra sin is féidir an taisteal a mhaoiniú freisin. Mar sin, d’fhéadfaí níos mó a bhaint amach leis an méid sin ná mar a d’iarramar sa chéad áit.’ Matteo Cadeddu, foireann an fheachtais, ‘Mo ghuth, mo rogha”

D’admhaigh na heagraithe gur oscail sé conair fhóinteach a d’fhéadfadh a bheith forleathan, cé nach raibh an freagra ag teacht go díreach leis an iarraidh. Sa chéad chéim eile den fheachtasaíocht, díreofar ar Bhallstáit aonair a spreagadh chun maoiniú CSE+ a ghealladh chun feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí sábháilte ginmhillte. 

Féach an phreaseisiúint ón gCoimisiún agus na ráitis ón Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Mînzatu agus ón gCoimisinéir Lahbib maidir leis an bhfreagra ón gCoimisiún.

Cad é a chuidigh leis an tionscnamh seo sínithe a bhailiú go rathúil?

Comhghuaillíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo

Leis an tacaíocht ó níos mó ná 300 eagraíocht agus ó líonra ollmhór oibrithe deonacha a chuimsíonn gach ceann de na 27 mBallstát, cruthaíodh bonneagar feachtais a bhí in ann an dul chun cinn a choinneáil ar bun thar 12 mhí iomlána den bhailiúchán. Mar gheall ar éagsúlacht na gcomhpháirtithe, ó eagraíochtaí feimineacha go cumainn dreapadóireachta, ó ghrúpaí ollscoile go réaltaí popcheoil, bhíothas in ann dul i dteagmháil le pobail i bhfad thar theorainneacha traidisiúnta abhcóideachta na gceart atáirgthe.

Leas straitéiseach a bhaint as tionchairí agus ceannairí tuairimíochta

Léirigh an tionscnamh ‘Mo ghuth, mo rogha’ an dóigh ar féidir le pearsana poiblí iontaofa an ceann is fearr a fháil ar na srianta algartamacha ar ábhar ‘polaitiúil’ a shárú agus ar an dúshlán struchtúrach a bhaineann le dul i dteagmháil le pobail nua i 27 gcomhthéacs náisiúnta. Bhí straitéis tionchairí an fheachtais tomhaiste, spriocdhírithe, agus nuair ba ghá, ba é ba phríomhthréith di an misneach teagmháil a dhéanamh le daoine nach rabhthas cinnte an dtabharfaidís tacaíocht don fheachtas.

Inoiriúnaitheacht agus athléimneacht

Ghlac eagraithe an fheachtais le hearráidí mar a bheadh deiseanna foghlama iontu agus rinne siad a gcur chuige a bheachtú go leanúnach mar fhreagairt ar an méid a bhí ag obair agus ar an méid nach raibh ag obair. Eagraíodh imeachtaí in ionaid neamhpholaitiúla, cuireadh teachtaireachtaí in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla, agus leathnaíodh an fhorbairt comhghuaillíochta chuig comhpháirtithe nach mbeadh baint acu de ghnáth leis an abhcóideacht fheimineach.

Fócas leanúnach ar an gcéim institiúideach

Níor chaith an tionscnamh ‘Mo ghuth, mo rogha’ leis an gcloch mhíle aon mhilliún síniú a bhailiú mar dheireadh an phróisis. Rinne na heagraithe infheistíocht mhór sa chéim iarbhailiúcháin, iad ag cothú caidrimh le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le hoifigigh an Choimisiúin, ag ullmhú don éisteacht sa Pharlaimint agus don díospóireacht iomlánach, agus ag obair chun a chinntiú gur oscail freagairt an Choimisiúin bealach fóinteach chun tionchar a imirt, seachas bealach a dhruidim.

Eolas breise