Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha – Tugtar Gealltanas go mbeidh an Eoraip Saor ó Thástáil ar Ainmhithe’

 

Eolas faoin tionscnamh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha

Is é ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha – Tugtar Gealltanas go mbeidh an Eoraip Saor ó Thástáil ar Ainmhithe’ an 9ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis lena n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach beart cinntitheach a dhéanamh chun deireadh a chur le tástáil ar ainmhithe chun críoch taighde eolaíoch, tásála rialála agus oideachais.

Cláraíodh é an 30 Meitheamh 2021, agus níorbh fhada go bhfuair ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ tacaíocht phoiblí. Cuireadh tús le bailiúchán sínithe an fheachtais go hoifigiúil an 31 Lúnasa 2021 agus bhain sé cloch mhíle iontach amach nuair a bhailigh sé 1,217,916 ráiteas tacaíochta fíoraithe. Baineadh tairseacha íosta amach in 21 Bhallstát, rud a léiríonn tacaíocht láidir fhorleathan ar fud an Aontais.

Ba iad seo a leanas cuspóirí an tionscnaimh:

  • Cosaint agus neartú a dhéanamh ar an gcosc ar thástáil ar ainmhithe le haghaidh cosmaidí: athrú reachtach a thionscnamh chun cosaint tomhaltóirí, oibrithe agus chomhshaoil a chur i bhfeidhm maidir le gach comhábhar cosmaideach gan tástáil a dhéanamh ar ainmhithe chun aon chríche in am ar bith
  • Athrú ó bhonn a dhéanamh ar reachtaíocht an Aontais maidir le Ceimiceáin: cinnte a dhéanamh de go gcosnaítear sláinte an duine agus an comhshaol trí cheimiceáin a bhainistiú gan ceanglais nua maidir le tástáil ar ainmhithe a thabhairt isteach
  • An eolaíocht san Aontas a nuachóiriú: gealltanas a thabhairt maidir le togra reachtach a eisiúint lena ndéanfar treochlár a phleanáil chun deireadh a chur de réir a chéile le gach cineál tástála ar ainmhithe san Aontas roimh dheireadh an téarma reachtaigh atá ann faoi láthair

Tar éis an phróisis fíorúcháin, cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go hoifigiúil an 25 Eanáir 2023 (Preasráiteas). D’fhreagair an Coimisiún trí Theachtaireacht a fhoilsiú an 25 Iúil 2023 ina leagtar amach an seasamh atá aige, rud atá ina chéim ríthábhachtach sna hiarrachtaí leanúnacha chun roghanna malartacha daonna agus ardfhorbartha ó thaobh na heolaíochta de a chur in ionad tástáil ar ainmhithe ar fud an Aontais.

  1. Cláraíodh an Tionscnamh

    30.6.2021

  2. Tosaíodh ar bhailiú sínithe

    31.8.2021

  3. Tréimhse bailithe sínithe dúnta

    31.8.2022

  4. An tionscnamh bailíochtaithe ag an gCoimisiún Eorpach

    25.1.2023

  5. Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh

    25.7.2023

Cad a chuir le rathúlacht an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’?

Ní amháin gur chomhlíon ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ na spriocanna go léir, d’éirigh leis iad a shárú. Bhailigh sé os cionn 1.2 milliún síniú agus bhain sé na tairseacha íosta amach in 21 mBallstát, rud nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Ba shárú ollmhór é sin ar an gceanglas 1 mhilliún síniú a bhailiú agus na tairseacha a bhaint amach i 7 dtír ar a laghad. Dar leis na heagraithe, bhí trí thosca thábhachtacha ann a chuir leis an rath sin:

Ullmhúchán straitéiseach

Sprioclíon sínithe a fhorbairt le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar thaithí a fuarthas ó thionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh roimhe, agus an straitéis mhargaíochta a choigeartú tríd an tionscnamh go léir, bhí an dá rud sin ríthábhachtach chun go mbeadh rath air.

Cuspóirí láidre inghníomhaithe

Chuidigh spriocanna soiléire pragmatacha, iad ailínithe le dlí an Aontais, le hindéantacht an tionscnaimh a léiriú. Trí dhíriú ar phríomhathruithe reachtacha, bhí tionchar ag an bhfeachtas ar fud an Aontais, rud a d’fhág go raibh tacaíocht níos mó ná a bhfacthas riamh ann in 21 Bhallstát.

Comhar éifeachtach

Bhí ról ríthábhachtach ag comhghuaillíocht láidir eagraíochtaí agus cuideachtaí cosanta ainmhithe chun an teachtaireacht a mhéadú. Trí ábhair chumarsáide sholáimhsithe a chur ar fáil, cuireadh ar chumas comhpháirtithe a lucht spéise a mhealladh go héifeachtúil agus an tionchar is mó is féidir a imirt.

An straitéis taobh thiar de ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’

 

Ullmhú

In 2014 d’eisigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus an Coimisiún ráiteas comhpháirteach inar shoiléirigh siad a dtuiscint go bhféadfaí comhábhair cosmaidí a thástáil fós ar ainmhithe i gcúinsí teoranta áirithe. Tháinig an scéala sin 18 mí tar éis chur i bhfeidhm iomlán na gcosc ar thástáil agus ar mhargaíocht cosmaidí, rud a spreag racht feirge agus cáinte ar fud an Aontais. Tar éis blianta fada feachtasaíochta nár bhain aon athrú beartais amach, tháinig na cúig eagraíocht cosanta ainmhithe uile-Aontais is mó (PETA, ‘An Eoraip Saor ó Chruálacht’, Eurogroup for Animals, European Coalition to End Animal Experimentation, agus Humane Society International/Europe) le chéile le togra le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh in aghaidh na tástála ar ainmhithe. 

Dhréachtaigh eagraithe an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ spriocanna agus cuspóirí an tionscnaimh go cúramach chun a chinntiú go raibh siad pragmatach, indéanta agus (níos tábhachtaí arís) i gcomhréir le conarthaí an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin fuair na heagraithe comhairle dhlíthiúil ó shaineolaithe ar Fhóram TES chun a chinntiú gur cláraíodh an tionscnamh i gceart. 

Le linn na céime ullmhúcháin, bhain eagraithe an fheachtais ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ tairbhe as comhráite le daoine a d’eagraigh tionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh roimhe chun foghlaim ón taithí a bhí acu agus iad ag ullmhú a bhfeachtas agus á gcur i bhfeidhm. 

Sular cuireadh an feachtas i bhfeidhm, bhí sé tábhachtach líonra comhpháirtithe a fhorbairt chun borradh a chur faoin bhfeachtas ar líne. Chuaigh na heagraithe i dteagmháil le roinnt eagraíochtaí agus cuideachtaí cosanta ainmhithe a raibh a luachanna ailínithe leis an bhfeachtas ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’, chun cuidiú le teachtaireacht an tionscnaimh a chur chun cinn. Ba é ceann de na príomhfhachtóirí a chinntigh go raibh an líonra comhpháirtithe sin gníomhach agus rannpháirteach le linn an fheachtais an chumarsáid sheasta agus na hacmhainní cumarsáide a chuir na heagraithe ar fáil dá gcomhpháirtithe.

Tiomsú airgid agus acmhainní

Bhailigh eagraithe ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ tacaíocht agus cistí dar luach €2,160,614.83 ó 22 urraitheoir, le ranníocaíochtaí suntasacha ó eagraíochtaí amhail PETA agus Dove. Tháinig na cistí sin ó 91 shíntiús san iomlán.

Foinsí maoiniúcháin (€)

 

 Tabhair faoi deara: Tá tuilleadh eolais faoi thacaíocht agus maoiniú ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ le fáil ar leathanach an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Ní gá ach ranníocaíochtaí os cionn €500 in aghaidh an urra a thuairisciú.

Straitéis an fheachtais agus plean bailithe sínithe

Thug eagraithe an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ tús áite do rannpháirtíocht a gcomhpháirtithe trí sheimineáir ghréasáin eolais a óstáil, spás acmhainní digiteacha tiomnaithe a bheith ann agus cumarsáid a dhéanamh trí ríomhphost. Mar sin féin, de réir mar a chuaigh an feachtas ar aghaidh, bhog na heagraithe ó ríomhphost go Slack (ardán comhoibrithe ar líne) chun nuashonruithe tráthrialta a phostáil, eolas a roinnt, ceisteanna a fhreagairt agus teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe chun cuidiú a fháil. 

Diomaite de chumarsáid sheasta a choinneáil ar bun lena líonra comhpháirtithe, chuir na heagraithe ar chumas na gcomhpháirtithe ábhair chumarsáide a oiriúnú lena lógó féin. Le haghaidh rannpháirtíocht an phreasa agus an phobail, chuir na heagraithe ábhair ar fáil chun laethanta idirnáisiúnta áirithe a bhí ábhartha do chuspóirí an tionscnaimh (e.g. Lá Idirnáisiúnta na gCat) a chur i dtábhacht agus d’fhorbair siad ábhair a dhírigh ar gach ceann de thrí chuspóir an tionscnaimh. Ina theannta sin chuir na heagraithe físeáin agus acmhainní eolais ar fáil chun cuidiú le daoine nascleanúint a dhéanamh ar an ardán bailithe sínithe, agus roinn siad físeáin tharraingteacha i dteangacha éagsúla ina raibh tionchairí mór le rá agus daoine cáiliúla, mar Sir Paul McCartney, an fuirseoir Ricky Gervais, an banna ceoil mhiotail throm ón bhFionlainn Lordi, an t-aisteoir Evanna Lynch agus an t-amhránaí Red Canzian. Chuaigh na heagraithe i dteagmháil leis an bpreas áitiúil agus reáchtáil siad feachtais phoiblí le léirsithe agus ealaín sráide.

 

Sa bhreis ar chomhordú a dhéanamh le roinnt páirtithe leasmhara agus éascaitheoirí ina bhfeachtas, rinne na heagraithe cinnte de gur bhailigh siad na sonraí ba ghá (nuair ab fhéidir) chun meastóireacht a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht agus feabhsú de réir mar a chuaigh an feachtas ar aghaidh. Choinnigh na heagraithe cuntas ar fheidhmíocht fógraí agus na straitéisí ar éirigh go maith leo i mBallstát amháin, chuir siad na straitéisí sin i bhfeidhm i mBallstáit eile.

Chuir 100 eagraíocht náisiúnta agus a lucht tacaíochta agus brandaí neamhchruálacha domhanda mar Dove agus The Body Shop an tionscnamh chun chinn.

Bailiú sínithe agus an próiseas fíoraithe

Thug na heagraithe faoi chéim bhailithe na sínithe le pleanáil agus aird chúramach. Leag na heagraithe spriocanna síos do gach Ballstát bunaithe ar roinnt fachtóirí, mar shampla an líon sínithe a bailíodh roimhe sa Bhallstát sin ar fheachtais chomhchosúla, an líon eagraíocht tacaíochta sa Bhallstát sin, agus acmhainneacht for-rochtana ar líne na n-eagraíochtaí áitiúla. Ina theannta sin thug na heagraithe aird ar rudaí a d’fhéadfadh bac a chur ar shaoránaigh an tionscnamh a shíniú, mar shampla bearnaí teicneolaíochta agus an gá le haitheantas pearsanta a chur ar fáil ar líne. Tar éis measúnú a dhéanamh ar na fachtóirí sin, shainaithin na heagraithe príomh-spriocthíortha a bhí mar bhonn eolais dá straitéis mhargaíochta agus a chinnteodh go bhfaigheadh an tionscnamh aon mhilliún síniú ar a laghad.

D’ainneoin dianphleanáil agus ullmhúchán grinn, bhí roinnt deacrachtaí roimh na heagraithe le linn chéim bhailithe na sínithe. Dá bhrí sin b’éigean do na heagraithe a straitéis feachtasaíochta a oiriúnú sna Ballstáit ina raibh bailiú na sínithe fadálach agus i gcásanna géarchéime, mar shampla an cogadh leanúnach san Úcráin, rud a d’fhág go raibh ar na heagraíochtaí comhpháirtíochta fuinneamh agus acmhainní a atreorú chun cuidiú leo siúd a bhí i ngátar. D’ullmhaigh na heagraithe físeáin eolais ar conas an tionscnamh a shíniú tríd an lárchóras bailithe ar líne a chuireann an Coimisiún ar fáil, ach mar sin féin fuair siad aiseolas ó na saoránaigh a rá nár thuig siad cad é a bhí le déanamh acu nó cén fáth a raibh orthu an oiread sin eolais phearsanta a chur ar fáil. Thairis sin, mar a luadh cheana féin, bhain na heagraithe úsáid as feidhmíocht fógraí chun cuidiú le feabhas a chur ar a straitéis mhargaíochta le linn an fheachtais. Mar sin féin, fuair na heagraithe nach raibh siad in ann méadrachtaí sonraí a rianú le mionsonraí leordhóthanacha leis an lárchóras bailithe ar líne chun bonn eolais a thabhairt don fheachtas ar na meáin shóisialta, agus chuir sin srian ar a n-ábaltacht an t-eolas sin a úsáid chun feabhas a chur ar a straitéis. Cuireadh feabhas ar an bhfeidhmiúlacht sin sa chóras ó shin. Ina ainneoin sin, lean na heagraithe dá straitéis a oiriúnú nuair ab fhéidir.

Tháinig deireadh le tréimhse bhailiú na sínithe don tionscnamh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ an 31 Lúnasa 2022. Cuireadh na ráitis tacaíochta chuig na húdaráis náisiúnta atá freagrach as fíorú a dhéanamh orthu i ngach Ballstát. I ndiaidh an phróisis fhoirmiúil, rinne na húdaráis náisiúnta figiúr deiridh 1,217,916 shíniú a bhailíochtú. Baineadh na tairseacha ba ghá amach i 21 Bhallstát, líon nár baineadh amach roimhe.

Ina dhiaidh sin tíolacadh an tionscnamh don Choimisiún Eorpach ar bhonn foirmiúil an 25 Eanáir 2023, nuair a cuireadh tús leis an tréimhse imscrúdaithe 6 mhí.

Líon na ráiteas tacaíochta a bhailigh Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha in aghaidh an Bhallstáit

 

Léiríonn na ticmharcanna ar an gcairt na Ballstáit inar baineadh amach tairseach íosta na sínithe a theastaíonn chun tacú leis an tionscnamh. Shroich ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ na tairseacha íosta in 21 mBallstát. Tá an tábla iomlán le ráitis tacaíochta le haghaidh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ le fáil ar leathanach an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Móiminteam a choinneáil le linn chéim na stocaireachta

Agus na heagraithe ag dul isteach i gcéim na brústocaireachta ina bhfeachtas, bhí sé ríthábhachtach móiminteam láidir a choinneáil. Is éard a bhí i gceist leis sin teagmháil a dhéanamh le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) agus le príomhchinnteoirí. Chruthaigh na heagraithe acmhainní éagsúla, ábhair agus litreacha san áireamh dá gcomhpháirtithe le cur i láthair na n-údarás ina réigiúin. D’ullmhaigh siad doiciméad faisnéise mionsonraithe lena scaipeadh roimh an gcruinniú leis na Coimisinéirí agus roimh an éisteacht i bParlaimint na hEorpa. D’fhorbair siad freisin doiciméad Ceisteanna agus Freagraí chun aghaidh a thabhairt ar aon ráitis a mheas siad a bheith gan bhunús nó míthreorach, agus chun iad a bhréagnú. 

Ina theannta sin chuir na heagraithe a dtionscnamh i láthair ag cruinniú den Idirghrúpa um Leas agus Caomhnú Ainmhithe i bParlaimint na hEorpa. Chomhoibrigh siad go gníomhach le comhaltaí den ghrúpa sin chun a chinntiú go raibh siad ullmhaithe go maith don díospóireacht iomlánach an 10 Iúil 2023.

Tionchar ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’

Tíolacadh foirmiúil agus cruinnithe leis an gCoimisiún

Tar éis an tionscnamh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ a thíolacadh go foirmiúil an 25 Eanáir 2023 (preasráiteas), bhuail na heagraithe le Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Luachanna agus Trédhearcacht agus Thierry Breton, an Coimisinéir Eorpach um an Margadh Inmheánach, an 17 Márta 2023 (tuairisciú grianghraf).

 

Éisteacht phoiblí Pharlaimint na hEorpa

An 25 Bealtaine 2023 thionól Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an tionscnamh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ (éisteacht phoiblí; taifeadadh). Chuir na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus chuaigh siad i dteagmháil leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (Ceachtanna ó ‘An Eoraip Saor ó Chruálacht’). An 10 Iúil 2023 pléadh an tionscnamh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa (taifeadadh).

Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach

Ghlac an Coimisiún teachtaireacht an 25 Iúil 2023 inar leagadh amach a fhreagra ar an tionscnamh. Ba dhíol sásaimh é an tionscnamh don Choimisiún agus d’aithin sé go bhfuil tábhacht mhór le leas ainmhithe do shaoránaigh an Aontais go fóill. Rinneadh measúnú sa Teachtaireacht ar fhiúntas gach ceann de thograí an tionscnaimh (preaseisiúint).

Léirítear sa Teachtaireacht an ról ceannasach atá ag an Aontas maidir le deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ainmhithe i dtástáil agus maidir le feabhas a chur ar leas na n-ainmhithe go ginearálta. Go sonrach, mhol an Coimisiún na gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha seo a leanas mar fhreagairt ar chuspóirí an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’:

  • leanúint den toirmeasc ar thástáil ar ainmhithe a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú faoi chuimsiú Rialachán an Aontais maidir le Cosmaidí;
  • féachaint ar an ngá atá le hathruithe reachtacha chun an comhéadan idir rialachán an Aontais maidir le Cosmaidí agus rialachán REACH a shoiléiriú a thuilleadh bunaithe ar thoradh athbhreithnithe bhreithiúnaigh leanúnaigh;
  • tús a chur le hobair ar threochlár chun tástáil ar ainmhithe a ionadú i measúnuithe ar shábháilteacht ceimiceán, le gníomhaíochtaí iomadúla agus bealach céim ar chéim chun tástáil ar ainmhithe a ionadú, ina mbeidh na páirtithe leasmhara ábhartha uile rannpháirteach;
  • tús a chur le sraith gníomhaíochtaí chun dlús a chur le laghdú na tástála ar ainmhithe sa taighde, san oideachas agus san oiliúint (ceardlanna trialacha san áireamh) agus chun tionscnaimh oiliúna nua a choinneáil ar bun d’eolaithe ag tús a ngairme;
  • leanúint de bheith ag tacú le taighde ar roghanna malartacha ar thástáil ar ainmhithe le maoiniú ón Aontas.

An 8 Samhain 2023 bhuail na heagraithe leis an gCoimisinéir Sinkevičius chun freagra an Choimisiúin ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a phlé.

 

Leideanna agus cleasa d’eagraithe nua

Seo a leanas roinnt leideanna tábhachtacha ó eagraithe an tionscnaimh ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ chun a chinntiú go n-éireoidh le d’fheachtas:

Tá an t-ullmhúchán ríthábhachtach! 

Déan cinnte de gur féidir le heagraíochtaí comhpháirtíochta páirt a ghlacadh go héasca trí fhógraí aistrithe, acmhainní digiteacha inoiriúnaithe, agus ábhair feachtais inoiriúnaithe a sholáthar. A rianúla an próiseas, is mó an rannpháirtíocht ann.

Bíodh foireann chuimsitheach agat

Ní hamháin go bhfuil daoine de dhíth ort ar d’fhoireann atá eolach ar shaincheist d'feachtais, ach teastaíonn daoine uait freisin atá in ann ábhar tarraingteach a chruthú, anailís a dhéanamh ar thorthaí feachtais, comhar le daoine eile a chothú, agus dul i dteagmháil le Feisirí ábhartha de Pharlaimint na hEorpa;

Coinnigh smacht ar thuairisciú airgeadais

Coinnigh súil ar chaiteachas (tacaíocht chomhchineáil san áireamh) toisc go bhfuil ceangal dlíthiúil ort ranníocaíochtaí os cionn €500 a fhógairt (chomh maith le tacaíocht chomhchineáil a bheadh cothrom leis an luach sin nó níos mó).

Cuir ceist ar ár saineolaithe má tá aon amhras ort faoi do thionscnamh!

Tuilleadh eolais

SÁBHÁILTEAR COSMAIDÍ NEAMHCHRUÁLACHA – TUGTAR GEALLTANAS GO MBEIDH AN EORAIP SAOR Ó THÁSTÁIL AR AINMHITHE