Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí! I dtreo Talmhaíocht Neamhdhíobhálach do Bheacha i gcomhair Comhshaol Folláin

 

Eolas faoin tionscnamh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’

D’éirigh leis an tionscnamh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht atá neamhdhíobhálach do bheacha ar mhaithe le comhshaol sláintiúil’ 1.05 milliún ráiteas tacaíochta fíoraithe a bhailiú agus baineadh amach na taireseacha íosta in 11 Bhallstát. Cláraíodh an tionscnamh an 30 Meán Fómhair 2019, agus cuireadh tús leis an tréimhse bailithe sínithe an lá céanna. Leis an tionscnamh, iarrtar ar an gCoimisiún gníomhartha dlí a mholadh chun deireadh a chur de réir a chéile le lotnaidicídí sintéiseacha faoi 2035, chun an bhithéagsúlacht a athbhunú agus chun tacú le feirmeoirí san aistriú. Cuireadh síneadh bliana leis an tréimhse bhailiúcháin, go dtí an 30 Meán Fómhair 2021, chun gurbh fhéidir aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar an bhfeachtas [i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1042, Cinneadh C(2020) 9226, agus Cinneadh C(2021) 1121].

Is iad seo a leanas na trí chuspóir atá leis:

  • Deireadh a chur de réir a chéile le 80% de na lotnaidicídí sintéiseacha i dtalmhaíocht an Aontais faoi 2030, ag tosú leis na lotnaidicídí is guaisí, chun bheith saor ó lotnaidicídí sintéiseacha;
  • Na héiceachórais nádúrtha a athbhunú sna limistéir talmhaíochta ionas go mbeidh an fheirmeoireacht ina veicteoir i dtaca le téarnamh bithéagsúlachta; 
  • An talmhaíocht a athchóiriú trí thosaíocht a thabhairt don fheirmeoireacht mhionscála, iléagsúil agus inbhuanaithe, trí thacú le méadú tapa ar chleachtas agra-éiceolaíoch agus orgánach, agus trí oiliúint agus taighde neamhspleách maidir le feirmeoireacht saor ó lotnaidicídí agus ó GMOnna a chur á ndéanamh. 

Tar éis dheireadh chéim bailithe na sínithe, cuireadh an tionscnamh tríd an bpróiseas fíoraithe ráiteas tacaíochta. Ina dhiaidh sin, tíolacadh don Choimisiún Eorpach é ar bhonn foirmiúil an 7 Deireadh Fómhair 2022 (preasráiteas). D’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht inar tugadh freagra ar an tionscnamh sin an 5 Aibreán 2023.

Cad a chuir le rathúlacht an tionscnaimh ‘Sábháiltear na Beacha agus na Feirmeoirí!’?

Comhghuaillíocht uile-Eorpach eagraíochtaí neamhrialtasacha

An chomhghuaillíocht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (breis agus 200 eagraíocht neamhrialtasach ar fud na hEorpa) a bhí ann cheana a chur ag obair i gcomhar a chéile, agus comhpháirtithe nua a earcú a raibh cumhacht mhór slógtha acu i dtreo an deiridh.

Buanseasmhacht na gcomhpháirtithe

Buanseasmhacht na gcomhpháirtithe a choinnigh orthu ar feadh dhá bhliain d'ainneoin na ndeacrachtaí seachtracha agus a scaip fuinneamh dearfach i ngach cruinniú.

Cruinnithe rialta na n-eagraithe

Reáchtáladh físchruinniú seachtainiúil leis na heagraithe uile don tréimhse dhá bhliain ar fad (síntí de bharr na paindéime).

Amlíne

  1. Cláraíodh an tionscnamh

    An 30 Meán Fómhair 2019

  2. Dáta tosaigh bhailiú na sínithe

    An 30 Meán Fómhair 2019

  3. Dáta deiridh bhailiú na sínithe

    An 30 Meán Fómhair 2021

    Síneadh COVID-19 san áireamh

  4. Tionscnamh bailí

    An 7 Deireadh Fómhair 2022

    Síneadh COVID-19 san áireamh

  5. Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach

    An 5 Aibreán 2023

An straitéis taobh thiar den tionscnamh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’

Ullmhú

Bhí taithí shuntasach ag eagraithe an tionscnaimh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’ ar thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a eagrú toisc gur eagraigh cuid acu an tionscnamh ‘Stop Glyphosate’ a bhailigh 1,070,865 shíniú. Chuaigh an taithí a bhí ag na heagraithe chun tairbhe dóibh agus iad ag ullmhú an tionscnaimh nua seo agus á chur i bhfeidhm.

Bhí sé fíor-riachtanach líonra comhpháirtithe a fhorbairt chun go mbeadh rath ar an tionscnamh seo. Ag an tús bhí dlúthghrúpa ag na heagraithe de 10 n-eagraíocht neamhrialtasacha ó thíortha éagsúla agus bhí sé de chúram ar gach eagraíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha eile a aimsiú chun tacú leis an tionscnamh. Ar deireadh, fuair an tionscnamh tacaíocht ar leibhéil éagsúla ó bhreis agus 200 eagraíocht, idir eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, eagraíochtaí feirmeoirí agus beachairí, fondúireachtaí carthanacha agus institiúidí eolaíocha ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, ba dhúshlánach a chinntiú gur thacaigh na heagraíochtaí neamhrialtasacha go gníomhach leis an tionscnamh. Sháraigh na heagraithe an dúshlán sin trí chuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí neamhrialtasacha a thug tacaíocht freastal ar na cruinnithe rialta ar líne inar cheap na heagraithe straitéis le haghaidh an fheachtais. Thacaigh go leor eagraíochtaí neamhrialtasacha leis an tionscnamh, ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’ amhail Bee Life, Générations Futures, Global 2000, Umweltinstitut München, Gréasán Gníomhaíochta in éadan Lotnaidicídí san Eoraip – PAN Eoraip, agus Romapis. 

Ba ríthábhachtach láithreacht ar líne a fhothú freisin mar chuid de straitéis chumarsáide an tionscnaimh. Chuir na heagraithe suíomh gréasáin ilteangach ar bun ar a raibh uirlisí tacaíochta in-íoslódáilte ar líne amhail foirmeacha sínithe ar pháipéar, litreacha do chomharsana agus do chairde, leabhráin, póstaeir, greamáin agus físeáin. An próiseas chun an suíomh gréasáin a thógáil agus na huirlisí tacaíochta a chruthú – cuireadh aistriúchán den dá rud ar fáil – bhí sé fadálach agus dá bharr chuir na heagraithe a ndáta bailithe sínithe oifigiúil siar thart ar 6 seachtaine. Ina theannta sin d’fhorbair na heagraithe a láithreacht ar líne ar na meáin shóisialta: Twitter (1799 leantóir), Instagram (2746 leantóir) agus Facebook (3000 leantóir).

Tiomsú airgid agus acmhainní

Ar an iomlán, bhailigh eagraithe an tionscnaimh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’ €282,858 de thacaíocht agus de chistí. 

Foinsí maoiniúcháin (€)

 

 Tabhair faoi deara: Tá tuilleadh eolais faoi thacaíocht agus maoiniú ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’ le fáil ar leathanach an tionscnaimh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’ i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Ní gá ach ranníocaíochtaí os cionn €500 in aghaidh an urra a thuairisciú.

Straitéis an fheachtais agus plean bailithe sínithe

Ar dtús, is gluaiseacht phobail a bhí beartaithe ag na heagraithe chun sínithe a bhailiú trí theagmháil dhíreach le saoránaigh ar an tsráid chun an ghluaiseacht a neartú agus chun ‘cur leis an athrú sóisialta a bhfuil géarghá leis’. I ndeireadh na dála, mar gheall ar an bpaindéim b’éigean dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis. 

Ó thús, is éard a bhí mar chuspóir don fheachtas ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’ sínithe a bhailiú ó gach tír den Aontas, seachas gan díriú ach ar chuid acu. Mar sin féin, i ngeall ar na deacrachtaí a bhí ann mar thoradh ar an bpaindéim, b’éigean do na heagraithe athsmaoineamh a dhéanamh ar an straitéis sin. D’éirigh leis na heagraithe sínithe a bhailiú i dtíortha ina raibh láithreacht láidir acu nó ag a gcomhpháirtithe líonra. Ós rud é gur ionstraim trasnáisiúnta an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh, ba riachtanach láithreacht ghníomhach a bheith ann in go leor tíortha agus ba ríthábhachtach ról na gcomhpháirtithe líonra agus na n-oibrithe deonacha san fheachtas. 

Cé gur theastaigh ó na heagraithe ag an tús feachtas láidir pobail a chruthú agus labhairt go díreach le daoine , thuig siad gurbh éigean an chuid is mó de na sínithe a bhailiú ar líne agus ní ar pháipéar, i ngeall ar an bpaindéim. Baineadh úsáid as córas bailithe aonair ar líne le haghaidh an tionscnaimh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’. Bhain an phaindéim agus na hábhair imní phraiticiúla a bhain léi an aird den imní a bhí ar dhaoine maidir le cosaint na bithéagsúlachta agus an chomhshaoil. Ag an tús, ní raibh na heagraithe in ann teacht ar straitéis oibre chun na constaicí sin a shárú go hiomlán. Mar thoradh air sin, d’éirigh bailiú na sínithe ní ba dheacra agus tháinig moill ar an bpróiseas. Mar sin féin, le síneadh ar an tréimhse bailithe sínithe agus le cuidiú óna gcomhpháirtithe líonra, d’éirigh leis na heagraithe an chonstaic sin a shárú.

Bailiú sínithe agus an próiseas fíoraithe

Ar an iomlán, tar éis an tsínidh, bhailigh an tionscnamh 1.18 milliún síniú i 27 mBallstát den Aontas, agus mheas na húdaráis náisiúnta gur bhailí 89% díobh. An 7 Deireadh Fómhair 2022, chuir na heagraithe na teastais a chruthaigh gur bailíodh 1,054,973 ráiteas tacaíochta fíoraithe faoi bhráid an Choimisiúin. Leis an gcéim sin cuireadh tús leis an tréimhse imscrúdúcháin 6 mhí. 

Ba ríthábhachtach an feachtas a choinneáil beo agus leibhéal ard spéise a choinneáil i measc na saoránach i rith na tréimhse tíolactha. Scríobh na heagraithe roinnt litreacha oscailte chuig ionadaithe na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa agus d’eagraigh siad cruinnithe i bpearsa leo. Ina theannta sin rinne na heagraithe comhdháil phreasa a eagrú le IFOAM Organics Europe chun moltaí an tionscnaimh a chur chun cinn agus an dul chun cinn a bhí déanta go dtí sin ar laghdú lotnaidicídí a phlé. Tá rún daingean ag eagraithe an fheachtais seo cur leis na gníomhaíochtaí sin sa todhchaí chun an t-athrú agus an dul chun cinn a bhrú ar aghaidh maidir le laghdú na lotnaidicídí san Aontas. 

Líon na ráiteas tacaíochta a bhailigh Sábháilimis na Beacha agus na Feirmeoirí! in aghaidh an Bhallstáit

 

Léiríonn na ticmharcanna ar an gcairt na Ballstáit inar baineadh amach tairseach íosta na sínithe a theastaíonn chun tacú leis an tionscnamh. Shroich ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’ na tairseacha íosta in 11 Bhallstát. Tá an tábla iomlán le ráitis tacaíochta le haghaidh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’ le fáil ar leathanach an tionscnaimh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí’ i gClár an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Tionchar an fheachtais ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’

Tíolacadh foirmiúil agus cruinnithe leis an gCoimisiún

Tar éis an tionscnamh a thíolacadh go foirmiúil an 7 Deireadh Fómhair 2022, an 25 Samhain 2022 bhuail na heagraithe leis na Coimisinéirí Eorpacha Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, agus Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia (Preaseisiúint). An 15 Nollaig 2022 d’eisigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an tionscnamh (féach Tuairim ó CESE).

Éisteacht phoiblí Pharlaimint na hEorpa

An 24 Eanáir 2023 thionól Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an Tionscnamh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’ (éisteacht phoiblí, féach an phreaseisiúint). Chuir na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rinne siad plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (Príomhphointí Éisteacht PE). An lá céanna leis an éisteacht phoiblí, an 24 Eanáir 2023, chuir an Coimisiún Eorpach ‘Beart Nua do Phailneoirí’ i láthair chun dul i ngleic leis an meath scanrúil atá ar fheithidí pailnithe fiáine san Eoraip, beart lena ndéantar athbhreithniú ar Thionscnamh Pailneoirí an Aontais 2018 (féach an phreaseisiúint). An 16 Márta 2023, rinneadh plé ar an tionscnamh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’ i seisiún iomlánach ag Parlaimint na hEorpa (féach an taifeadadh).

 

 

Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach

An 5 Aibreán 2023 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht lena leagtar amach a ghníomhaíochta mar fhreagairt ar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ‘Sábhálaimis na beacha agus na feirmeoirí!’. Ba dhíol sásaimh don Choimisiún Eorpach an tionscnamh agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé, ós rud é gur dúshláin mhéadaitheacha do thalmhaíocht agus do shlándáil bhia na hEorpa iad géarchéimeanna idirnasctha an athraithe aeráide, an truaillithe agus chailliúint na bithéagsúlachta. Rinneadh measúnú sa Teachtaireacht ar gach ceann de thograí an tionscnaimh de réir a dtuillteanas féin (féach an phreaseisiúint). Go sonrach, thug an Coimisiún tús áite do na tograí le haghaidh rialachán maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus le haghaidh dlí um athbhunú an dúlra atá faoi chaibidil faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, do ghlacadh na dtograí sin agus dá gcur chun feidhme, agus do chur chun feidhme éifeachtach an Chomhbheartais Talmhaíochta.

Mar fhreagairt ar an teachtaireacht ón gCoimisiún, thacaigh na heagraithe leis an nglao ón gCoimisiún ar na comhreachtóirí [Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle] teacht ar chomhaontuithe gasta uaillmhianacha maidir lena dtograí reachtacha lena n-áireofar uaillmhian na saoránach sa dlí. Ina theannta sin, mhol na heagraithe go nglacfaidh na saoránaigh agus na heolaithe ar cás leo an cheist páirt sa phróiseas go dtí go mbainfear na spriocanna amach agus deir siad nach bhfuil deireadh leis an tionscnamh ‘Sábhálaimis na Beacha agus na Feirmeoirí!’ ná baol air (féach an phreaseisiúint). Chuir an Coimisinéir Sinkevičius agus ionadaithe ó na hArd-Stiúrthóireachtaí rannpháirteacha i láthair freagra an Choimisiúin do na heagraithe i gcruinniú an 25 Aibreán 2023. 

 

Leideanna agus cleasa d’eagraithe nua

Ná tabhair isteach riamh! 

Bíodh a fhios agat gur próiseas fada casta é tionscnamh a eagrú agus a reáchtáil. 

Tóg an t-am chun ullmhú go cúramach

Tá ullmhúchán cúramach riachtanach chun go n-éireoidh le do thionscnamh.

Labhair le daoine eile

Déan teagmháil le heagraithe agus páirtithe leasmhara a bhfuil taithí acu agus a d’oibrigh leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. D’fhéadfadh an t-eolas atá acu a bheith an-luachmhar.

Cuir ceist ar ár saineolaithe má tá aon amhras ort faoi do thionscnamh!

Tuilleadh eolais

Sábhálaimis na Beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin
Sábhálaimis na Beacha agus na feirmeoirí! I dtreo talmhaíocht neamhdhíobhálach do bheacha i gcomhair comhshaol folláin