An bhunobair a leagan síos
Is iarracht é tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) a eagrú a bhfuil foireann thiomnaithe, pleanáil straitéiseach agus acmhainní airgeadais de dhíth ina leith. Is féidir go mbeidh gá le hacmhainní ag gach céim d’fheachtas trasnáisiúnta TES, ón ullmhúchán go dtí an cur i bhfeidhm, chun éifeachtúlacht a chinntiú. I bhfianaise éagsúlacht teanga na hEorpa, ní mór ábhair a aistriú go teangacha éagsúla chun teagmháil éifeachtach a dhéanamh le lucht tacaíochta i ngach ceantar. Cé gur minic a bhíonn ról lárnach ag oibrithe deonacha, is minic a bhíonn gá le foireann thiomnaithe a fháil don chomhordú, don treoraíocht dhlíthiúil agus don fhor-rochtain. Ina theannta sin, tá gá le maoiniú chun láithreacht láidir a fhorbairt trí shuíomh gréasáin, trí na meáin shóisialta agus trí imeachtaí poiblí. Le comhairliúcháin dlí, ábhair feachtais, fógraíocht – idir dhigiteach agus thraidisiúnta – is féidir tuilleadh speansas feachtais a bheith i gceist. Tá sé ríthábhachtach na héilimh airgeadais sin a thuiscint chun feachtas dea-struchtúrtha inbhuanaithe a chinntiú.
Tosú go luath go straitéiseach
Tá sé ríthábhachtach tús a chur le d’iarrachtaí tiomsaithe airgid go luath chun na hacmhainní is gá don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a fháil. Chun go n-éireoidh leat, dírigh ar mhaoiniú a fháil le haghaidh gníomhaíochtaí tosaigh, amhail forbairt suímh gréasáin nó mapáil comhpháirtithe sula seolfar do TES go hoifigiúil. Go hidéalach, ba cheart tús a chur leis an tiomsú airgid fiú sula gcláraí tú do thionscnamh.
Ba cheart duit smaoineamh chun cinn freisin: déan d’iarrachtaí tiomsaithe airgid a ailíniú le laethanta speisialta feasachta sa bhliain atá le teacht a thagann le topaic do TES. Imeachtaí amhail féilte polaitiúla, nó laethanta ar leith san fhéilire a bhaineann le topaicí: Deiseanna iontacha atá i Lá Idirnáisiúnta na mBan, Lá an Domhain, Lá Domhanda na Sláinte, nó Lá Chearta an Duine chun cistí a thiomsú agus cur leis an infheictheacht. Tarraingíonn na hócáidí sin aird na meán agus rannpháirtíocht an phobail, agus tá siad oiriúnach go téamach chun do TES a chur chun cinn.
Bhain an TES ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’ úsáid as Lá Idirnáisiúnta na gCat le haghaidh rannpháirtíocht an phreasa agus an phobail.
Ina theannta sin, tá sé luachmhar clocha míle sonracha a shainiú le linn d’fheachtais, mar shampla achainíocha tiomsaithe airgid a sheoladh nuair a bhaintear amach spriocanna suntasacha, amhail 100,000 síniú. Is féidir leis na clocha míle sin a bheith ina bpointí tábhachtacha chun borradh a chur an athuair faoi do thiomsú airgid agus chun tacaíocht bhreise a ghiniúint de réir mar a théann do TES ar aghaidh.
Smaoinigh mar fhoireann: sann ról tiomsaithe airgid
Tá sé tuairiscithe ag eagraithe TESanna roimhe seo gur fearr róil a shannadh go soiléir laistigh de d’fhoireann TES. Má tá tiomsaitheoir airgid tiomnaithe nó foireann tiomsaithe airgid thiomnaithe ann, cinntítear gur cuid lárnach de spriocanna d’fheachtais é an tiomsú airgid agus nach bhfágtar ar an méar fhada é. Tá an méid seo a leanas ar na tascanna:
- Caidrimh a fhorbairt agus a chothabháil le maoinitheoirí.
- Feachtais tiomsaithe airgid a chruthú agus a bhainistiú.
- Monatóireacht a dhéanamh ar bhuiséid agus ar cheanglais tuairiscithe.
Tá níos mó i gceist le tiomsú airgid ná tabhartais a iarraidh nó cistí a fháil. Is éard is tiomsaitheoir airgid ann duine atá in ann comhpháirtíochtaí a dhaingniú agus cur leis an infheictheacht agus le forbairt agus bainistíocht pobail. Is féidir níos mó bealaí a bheith i gceist le tacaíocht ó chomhpháirtithe, seachas cúrsaí airgid amháin, amhail tacaíocht trí thabhartais chomhchineáil, acmhainní daonna, nó scaipeadh.
Cuir d’fheachtais in oiriúint
Chun go n-éireoidh le TES, ní mór lucht tacaíochta a spreagadh i dtíortha éagsúla, rud a bhfuil comhordú cúramach agus straitéisí áitiúla de dhíth ina leith. Ós rud é go bhfuil éagsúlacht sna teangacha náisiúnta, sna cultúir agus sna tírdhreacha cistiúcháin, tá sé ríthábhachtach feachtais thírshonracha a dhearadh a théann i bhfeidhm ar gach lucht spéise.
Ba cheart do láithreacht ar na meáin shóisialta a chur in oiriúint freisin do dhéimeagrafaic éagsúla agus do shainroghanna réigiúnacha. Na hardáin a bhfuil tarraingt mhór orthu, tá siad éagsúil de réir tíre agus de réir aois na n-úsáideoirí. D’fhéadfadh sé go mbeadh lucht spéise níos óige ag úsáid Instagram agus TikTok go príomha, agus d’fhéadfadh daoine eile a bheith níos gníomhaí ar Facebook nó LinkedIn. Trí straitéis shonraíbhunaithe a chur chun feidhme ar fud na n-ardán, cuideoidh sé leat rannpháirtíocht agus for-rochtain a uasmhéadú.
Taobh amuigh de na modhanna for-rochtana ar líne, ba cheart duit do mhachnamh a dhéanamh ar chineálacha malartacha cur chuige pobalbhunaithe. Cé go bhféadfaidh feachtais dhigiteacha a bheith costéifeachtach, ná déan beag is fiú de chumhacht na rannpháirtíochta ar an láthair. Ag brath ar do spriocphobal, d’fhéadfadh sé go bhfaighfeá tacaíocht luachmhar i ngrúpaí caithimh aimsire, i gciorcail shóisialta, i gcumainn áitiúla, in ionaid oibre agus in eagraíochtaí pobail. Cé go bhféadfadh sé a bheith ní ba dheacra teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí sin ar dtús, is minic a léiríonn siad dúthracht láidir nuair a bhíonn siad rannpháirteach agus is féidir ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le tacaíocht a shlógadh ar mhaithe le cúis a gcreideann siad inti.
Ar deireadh, bain an úsáid is fearr is féidir as uirlisí meán sóisialta chun tiomsú airgid agus rannpháirtíocht a chuíchóiriú. Mar shampla, le gnéithe amhail an cnaipe ‘Donate’ ar Instagram, is féidir aighneachtaí a éascú go díreach laistigh den ardán, rud a fhágann go mbíonn sé níos éasca don lucht tacaíochta gníomhú.
Is féidir leis na heagraithe airgead a shábháil le tacaíocht neamhairgeadais chomh maith. Ar na samplaí den tacaíocht chomhchineáil a bhíonn ar fáil ón gCoimisiún Eorpach tá Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, aistriúchán do gach tionscnamh cláraithe (teideal, cuspóirí, iarscríbhinn), agus córas bailithe ar líne saor in aisce a bhainistíonn an Coimisiún go díreach. Agus an meall mór ar deiridh, cuireann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tacaíocht chomhlántach ar fáil d’eagraithe.
Bealaí chun cistí a fháil
Sainaithin do chuid riachtanas
Dréachtaigh buiséad mionsonraithe ar dtús ina leagtar amach na hacmhainní is gá le haghaidh d’fheachtais. Tá an méid seo a leanas ainmnithe ag eagraithe roimhe seo a bheith ar na príomhchostais:
- Acmhainní daonna: Is dócha gur ar an bhfoireann a chaithfear an chuid is mó de bhuiséad do TES. Má tá an acmhainneacht airgeadais agat, smaoinigh ar ghairmithe a fhostú le haghaidh cumarsáide nó tacaíocht TF, chomh maith le comhordaitheoirí feachtais. D’fhéadfadh sé gur ghá aird ar leith a thabhairt ar chruthú ábhair agus suíomhanna gréasáin, ar bhainistiú meán sóisialta agus ar chomhordú na meán. Mura bhfuil an acmhainn airgeadais agat, ná déan beag is fiú de chumhacht na n-oibrithe deonacha!
- Fógraíocht: Tá tionchar ar leith ag an bhfógraíocht dhigiteach. Mar sin féin, ag brath ar do thopaic, d’fhéadfá smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh sna fógraí digiteacha (na meáin shóisialta nó fógraí ar líne) agus san fhor-rochtain thraidisiúnta (nuachtáin, teilifís, raidió) araon.
Nod ó na heagraithe: Chuaigh an TES ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc’ ó neart go neart tríd an infheictheacht orgánach, rud a méadaíodh le tacaíocht ón bhfeachtas ‘Mo ghuth, mo rogha’. Chuidigh a gcomhar chun an tionscnamh a scaipeadh ar na meáin shóisialta, agus tacaíocht bhreise ann ó thionchairí, ó mhéaraí agus ó dhaoine atá i mbéal an phobail ar gach leibhéal. Léiríonn sé sin cumhacht na gcomhghuaillíochtaí leathana agus an dóigh ar féidir le comhpháirtíochtaí idir TESanna an fhor-rochtain agus an tionchar a leathnú.
- Ábhair for-rochtana: Bileoga a phriontáil agus marsantas le haghaidh imeachtaí ar mhaithe leis an infheictheacht ar an láthair.
Is ar oibrithe deonacha ar fad a fheidhmíonn an TES ‘Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh’ agus bhíothas in ann feasacht a mhúscailt maidir leis an TES trí úsáid ghníomhach a bhaint as ardáin saor in aisce amhail YouTube, fóraim ar líne agus na meáin shóisialta.
Do líonra a fhorbairt agus acmhainní a chomhcheangal
Is mór an cuidiú é líonra láidir comhpháirtithe chun buiséad teoranta a leithdháileadh go héifeachtúil, agus is féidir leis foinsí nua maoiniúcháin a scaoileadh freisin. Agus comhpháirtithe á lorg agat, dírigh ar eintitis atá ar aon intinn leat agus a bhfuil spriocanna comhchosúla acu. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:
- Eagraíochtaí neamhrialtasacha: Sainaithin na príomheagraíochtaí atá ag obair ar do thopaic ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta, Eorpach nó idirnáisiúnta.
- Daoine a thacaigh le TES roimhe seo: Déan taighde ar mhaoinitheoirí nó comhpháirtithe TESanna roimhe seo trí úsáid a bhaint as an eolas poiblí atá ar fáil ar leathanach gréasáin an TES.
- Comhlachais tionscail: Cuardaigh eintitis san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach a bhfuil a gcuspóirí ag teacht le do thionscnamh.
- Údaráis phoiblí: Déan do mhachnamh ar chomhpháirtíochtaí a dhéanamh le rialtais áitiúla nó le bardais áitiúla, go háirithe le haghaidh TESanna a bhfuil tábhacht áitiúil nó réigiúnach ag baint leo.
Thacaigh Cathair Rennes sa Fhrainc le ‘Cinntítear go gcuirfear fáilte dhíniteach roimh imircigh chun na hEorpa’ go mór, rud a léiríonn acmhainneacht na gcomhpháirtíochtaí poiblí.
Agus teagmháil á déanamh agat le comhpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann, cuir béim ar an dóigh a bhféadfadh do chomhar leas frithpháirteach a bhaint amach agus inniúlachtaí, cumais agus acmhainní tábhachtacha a chomhroinnt. Le líonra éagsúil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le saoránaigh i réigiúin éagsúla agus i ndéimeagrafaic éagsúla. Is féidir le comhpháirtithe seanbhunaithe a gcuid saineolais a chur ar fáil do do d’fheachtas, rud a mhéadóidh an mhuinín i measc maoinitheoirí agus lucht tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann. Agus tú ag comhoibriú, treisítear dlisteanacht d’fheachtais trí lógónna do chomhpháirtithe a úsáid i do chuid ábhair.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le do líonra a fhorbairt, féach an rannán ‘Conas comhpháirtithe a chuardach’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Thóg an TES ‘Mo ghuth, mo rogha’ líonra de bhreis agus 250 eagraíocht tacaíochta trí dhul i dteagmháil le comhghuaillithe nach mbeifí ag dúil leo seachas trí fhor-rochtain a theorannú do ghrúpaí sláinte atáirgthe. Mar shampla, bhí aisteoirí, bannaí ceoil, agus cumainn dreapadóireachta fiú amháin i gceist leo. Leis an gcur chuige sin, leathnaítear tacaíocht agus freastalaítear ar an lucht spéise is leithne is féidir, rud a mhéadaíonn infheictheacht fhoriomlán an fheachtais agus deiseanna maoiniúcháin.
Féach leat uirlisí amhail Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh agus an fheidhm ‘Déan teagmháil’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun comhpháirtithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint.
Ó thacadóir go deontóir: Is féidir le do lucht tacaíochta a bheith ina n-iolraitheoirí féin do d’fheachtas agus a bheith ina bhfoinse chumhachtach maoiniúcháin. Téigh i dteagmháil leo tríd an méid seo a leanas:
- Tabhartais: Roghanna soiléire a chur ar fáil maidir le conas tabhartas a thabhairt agus tacú le d’fheachtas. A bheith trédhearcach faoin dóigh a n-úsáidfear na cistí.
- Feachtais atá bunaithe ar chlocha míle: Bain úsáid as éachtaí feachtais (e.g. 10,000 síniú a bhaint amach) chun achainíocha tiomsaithe airgid a sheoladh chuig lucht tacaíochta.
- Sluamhaoiniú: Déan ardáin a ghiaráil chun lucht spéise leathan a bhaint amach. Spreag lucht tacaíochta chun d’fheachtas a chomhroinnt laistigh dá líonraí féin.
Déan an rannpháirtíocht a uasmhéadú trí fhor-rochtain ríomhphoist
Tá for-rochtain ríomhphoist agus nuachtlitreach fós ina huirlis chumhachtach slógtha, agus in amanna is féidir léi níos mó airde a tharraingt agus freagairtí níos fearr a mhealladh ná na meáin shóisialta. I gcás an TES ‘Tax the Rich’, fiú agus 800,000 leantóir ag Oxfam International ar X, níor tháinig ach cúpla céad síniú isteach as feachtas na meán sóisialta. Is féidir an rud céanna a bheith i gceist maidir le for-rochtain ó thaobh maoiniúcháin de; ní hionann lucht mór leanúna a bheith ann agus a rá go mbeidh rannpháirtíocht ann. Dírigh ar thógáil pobail agus ar bhainistiú pobail, trí nuachtlitreacha mar shampla.
Sainaithin na maoinitheoirí cearta: déan tacaíocht mharthanach a choinneáil, a mhealladh agus a fhorbairt
Maoinitheoirí féideartha a shainaithint
Is céim ríthábhachtach é maoinitheoirí féideartha a shainaithint chun tacaíocht airgeadais a fháil do do Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Chun an seans is fearr is féidir a bheith agat go n-éireoidh leat, ba cheart duit díriú ar dheontóirí a bhfuil spéis nádúrtha acu i do chúis: iad siúd a oibríonn sa réimse céanna le do TES, a bhfuil na luachanna céanna acu, agus a bhíonn ag saothrú spriocanna den chineál céanna.
Túsphointe iontach is ea taighde a dhéanamh ar mhaoinitheoirí TESanna den chineál céanna a bhí ann roimhe. Féach ar thionscnaimh roimhe seo a chuaigh i ngleic le saincheisteanna gaolmhara agus féach cén áit as ar tháinig a maoiniú. Cuirtear eolas poiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin an TES a chuideoidh leat eagraíochtaí nó daoine aonair a shainaithint a thug tacaíocht cheana féin do chúiseanna den chineál céanna. D’fhéadfá anailís a dhéanamh freisin ar thuarascálacha agus ar admhálacha ó na TESanna ar éirigh leo chun leideanna a d’fhéadfadh a bheith ann a nochtadh.
Lasmuigh de na TESanna a bhí ann roimhe seo, ba cheart duit féachaint ar bhunachair sonraí mhaoiniúcháin níos leithne. Is clár cistiúcháin é clár an Choimisiúin Eorpaigh um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) lena bhfoilsítear go rialta glaonna ar thionscadail a bhaineann le rannpháirtíocht na saoránach, an éagsúlacht agus cearta sibhialta a chosaint, agus saoránaigh a chumhachtú sa saol daonlathach, i measc ábhair eile.
Ina theannta sin, is féidir le Clár Trédhearcachta an Aontais, nó tairseacha trédhearcachta náisiúnta, cabhrú leat ENRanna, fondúireachtaí agus urraitheoirí corparáideacha a dhíríonn ar thopaic do TES a shainaithint.
Déan deiseanna maoiniúcháin an Aontais a mheas – Clár CERV
Cuireann clár an Choimisiúin Eorpaigh um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá rannpháirteach i rannpháirtíocht, cearta agus daonlathas na saoránach. Fuair an TES ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’ tacaíocht trí CERV.
Le haghaidh deiseanna atá ann faoi láthair, téigh chuig:
Glaonna CERV ar thograí: Glaonna CERV ar thograí
Príomhleathanach Eolais CERV: Príomhleathanach eolais CERV
Is féidir leat fógraí a rianú freisin trí nuachtlitir an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Chun do chuardach a bheachtú a thuilleadh, tá sé ríthábhachtach mapáil a dhéanamh ar na príomhpháirtithe leasmhara ar fud Bhallstáit an Aontais a bhfuil baint acu le topaic do TES. Foilsíonn go leor maoinitheoirí a dtosaíochtaí i dtuarascálacha bliantúla nó liostaíonn siad na deontais a thug siad le déanaí ar a suíomhanna gréasáin. Trí athbhreithniú a dhéanamh ar na foinsí sin, is féidir leat a mheas an bhfuil do TES ag teacht lena straitéisí maoiniúcháin agus an bealach is fearr chun teagmháil a dhéanamh leo a chinneadh. Trí naisc a bhunú le heagraíochtaí, grúpaí abhcóideachta agus líonraí ábhartha, cuideofar leat tuiscint níos fearr a fháil ar an tírdhreach maoiniúcháin agus deiseanna comhair a d’fhéadfadh a bheith ann a chruthú.
Ar deireadh, ná déan dearmad ar dheontóirí aonair. Tacaíonn go leor daonchairde go gníomhach le cúiseanna sóisialta agus polaitiúla agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh spéis phearsanta acu i gcuspóirí do TES. Chun maoinitheoirí aonair a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, déan taighde ar a dtabhartais roimhe seo agus na ceangail atá acu, agus ar aon ráiteas poiblí nó aon ghníomhaíocht phoiblí a léiríonn a dtiomantas do shaincheisteanna den chineál céanna. Trí dhul i dteagmháil leo trí líonraí gairmiúla amhail LinkedIn, imeachtaí, nó fiú na meáin shóisialta, is féidir leat naisc luachmhara a bhunú agus cás láidir a dhéanamh chun go dtacóidh siad leat.
Straitéis úsáideach is ea príomhtheagmhálaí a shainaithint laistigh de gach eagraíocht mhaoiniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, amhail ceann na roinne maoiniúcháin nó oifigeach cláir atá freagrach as leithdháileadh na ndeontas. Trí nasc díreach a bhunú leis an duine ceart, is féidir leat léargais luachmhara a fháil ar thosaíochtaí, próiseas iarratais agus ionchais an mhaoinitheora, rud a fhágfaidh go mbeidh do chuid iarrachtaí for-rochtana níos éifeachtaí agus níos pearsantaithe.
Ná déan dearmad: Tá an trédhearcacht ríthábhachtach chun muinín a chothú le lucht tacaíochta, maoinitheoirí agus comhpháirtithe. Ní mór gach ranníocaíocht os cionn €500 a nochtadh go poiblí, mar aon le mionsonraí faoi thacaíocht chomhchineáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach an rannán ‘Conas tacaíocht airgeadais a thuairisciú’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.
Déan do chuid foinsí maoiniúcháin a éagsúlú
Trí thacaíocht a fháil ó roinnt maoinitheoirí éagsúla, tugtar sábháilteacht don fheachtas. Féach leat na roghanna seo a leanas:
- Eagraíochtaí neamhrialtasacha nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta: Is iad na maoinitheoirí TES is coitianta iad, agus is iad is dóichí go dtiocfaidh siad le cúis TES agus go dtacóidh siad léi.
- Urraíochtaí corparáideacha: Téigh i dteagmháil le cuideachtaí a bhfuil a luachanna ag teacht le do thionscnamh. Cuir béim ar na buntáistí a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do d’fheachtas, amhail comhlachas dearfach branda agus rochtain ar lucht spéise nua.
- Comhpháirtíochtaí poiblí: Déan tacaíocht a lorg ó rialtais áitiúla, go háirithe le haghaidh tionscnaimh a bhaineann le leasanna áitiúla (e.g. saincheisteanna iompair nó comhshaoil).
- Fondúireachtaí nó deontais phoiblí
- Comhlachais tionscail
- Deontóirí aonair agus daonchairde
Cinneann urraitheoirí corparáideacha tacú le tionscnamh chun cur lena mbranda agus lucht spéise nua a bhaint amach. Bíonn na hurraitheoirí ag iarraidh dul i dteagmháil le déimeagrafaic nár baineadh amach go fóill, mar sin tá sé ríthábhachtach an luach sin a léiriú. Fuair an TES Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha tabhartais ó The Body Shop, Dove agus Unilever, rud lena ngabhann infheictheacht an bhranda agus freagracht shóisialta chorparáideach.
Cad é a bhíonn á lorg ag na maoinitheoirí?
Agus maoiniú á lorg agat do do TES, tá sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar na tosaíochtaí a dtugann maoinitheoirí tosaíocht dóibh. Trí eolas a bheith agat ar an méid a bhfuil siad ag súil leis, féadfaidh tú do chur chuige a chur in oiriúint agus cur leis an seans atá agat tacaíocht a fháil.
Ailíniú le luachanna agus spriocanna maoinitheoirí
Is mó i bhfad an seans go dtacóidh maoinitheoirí le TESanna atá ag teacht go dlúth lena misean agus lena luachanna. Agus tú ag dréachtú do thogra lena n-aghaidh, cuimhnigh ar na leideanna seo a leanas:
- Léirigh go soiléir conas a chuireann do TES le torthaí atá cosúil le torthaí thionscadail an mhaoinitheora, agus conas a thagann sé lena spriocanna nó lena luachanna.
- Mínigh cén fáth a bhfuil tábhacht le do thionscnamh agus conas a thagann sé le téamaí níos leithne a dtugann maoinitheoirí tacaíocht dóibh, amhail an daonlathas, leas ainmhithe, cearta bunúsacha, nó an inbhuanaitheacht.
Sula ndéana tú teagmháil, déan taighde ar ranníocaíochtaí agus tosaíochtaí straitéiseacha an mhaoinitheora roimhe seo. Féach ar a dtuarascálacha bliantúla, a stair mhaoiniúcháin, agus a ráitis phoiblí chun do chur chuige a chur in oiriúint dá réir.
Príomhthosca i gcinntí maidir le maoiniú
Agus tú ag iarraidh maoiniú a fháil, d’fhéadfadh sé difear mór a dhéanamh tuiscint a fháil ar thosaíochtaí deontóirí. Seo a leanas príomhthosca a ndéanann deontóirí a machnamh orthu:
- Topaic agus raon feidhme an TES – is mian le maoinitheoirí tacú le tionscnaimh atá ábhartha dá sainréimsí.
- Plean buiséadach mionsonraithe – rud atá ríthábhachtach chun an indéantacht a léiriú. Le miondealú soiléir ar an dóigh a n-úsáidfear na cistí, neartaítear an chreidiúnacht.
Ná cuireadh an easpa tacaíochta airgeadais roimh ré bac ort teagmháil a dhéanamh le deontóirí. Is féidir maoinitheoirí a mhealladh fós le tionscnamh dea-ullmhaithe.
Misean, struchtúr agus plean straitéiseach soiléir
Agus iad ag léamh do thogra maoiniúcháin nó ag idirghníomhú leat, bíonn maoinitheoirí ag súil go bhfeicfidh siad an méid seo a leanas:
- Misean dea-shainithe ina mínítear cad is aidhm do do TES a bhaint amach.
- Cuspóirí sonracha a bhfuil nasc díreach acu leis an misean níos leithne.
- Plean cumarsáide ina leagtar amach an dóigh a rachaidh tú i dteagmháil le lucht tacaíochta, le páirtithe leasmhara polaitiúla agus leis na meáin chun an tairseach sínithe a bhaint amach.
Botúin choiteanna atá le seachaint
Agus iad ag dul i dteagmháil le maoinitheoirí, déanann go leor eagraithe TES earráidí is féidir a sheachaint. Seo iad na cinn is coitianta:
- Rómheastachán a dhéanamh ar líon na dtacadóirí a d’fhéadfadh a bheith ann.
- Easpa comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, a bhfuil meas ag maoinitheoirí orthu go minic.
- Gan go leor mionsonraí a chur ar fáil sa chéad chumarsáid.
- Gan plean cumarsáide soiléir réalaíoch a chur i láthair.
Bí beacht, trédhearcach agus straitéiseach i d’fhor-rochtain. Déan iarrataí doiléire a sheachaint agus, seachas sin, cuir cás spriocdhírithe struchtúrtha sonraíbhunaithe i láthair chun tacaíocht a chinntiú.
Monatóireacht agus cuntasacht
Is mian le maoinitheoirí a fhios a bheith acu conas a úsáidfear a ranníocaíochtaí agus an tionchar a bheidh acu. Is iondúil go ndéanann siad measúnú ar TESanna bunaithe ar an méid seo a leanas:
- An líon sínithe a bailíodh – rud atá ina phríomhtháscaire ar rannpháirtíocht an phobail.
- Raon na meán agus na meán sóisialta – léiríonn sé an infheictheacht agus an tionchar.
- Tuairisciú mionsonraithe – rud atá ríthábhachtach chun nuashonruithe rialta a chur ar fáil do mhaoinitheoirí maidir le húsáid na gcistí agus dul chun cinn an fheachtais.
- Tionchar ar chinnteoireacht an Aontais – plé beartais agus freagairtí ó lucht ceaptha beartas a rianú.
Bealaí cruthaitheacha agus malartacha chun cistí a thiomsú
Níl aon chur chuige amháin ann a oireann do chách maidir le tiomsú airgid, is cuma cé acu atá tú ag díriú ar mhaoinitheoirí móra nó ag bailiú tacaíochta ó go leor ranníocóirí beaga, is féidir leis an dá straitéis a bheith éifeachtach. Smaoinigh ar an dá mhodh a chomhcheangal chun d’fhoinsí maoiniúcháin a éagsúlú. Is féidir le maoinitheoirí móra tacaíocht shuntasach a chur ar fáil, agus is féidir le deontóirí beaga bonn leathan tacaíochta a chruthú agus muintearas a chothú timpeall ar do TES.
Sluamhaoiniú
Bealach cumhachtach atá sa sluamhaoiniú chun teagmháil a dhéanamh le go leor daoine a bhfuil suim acu i do chúis. Faoin modh sin tugann go leor daoine aonair airgead uathu – méideanna beaga de ghnáth – chun tionscadal nó tionscnamh a mhaoiniú. Úsáideann sé líonraí leathana daoine a ndéantar teagmháil leo trí na meáin shóisialta agus trí shuíomhanna gréasáin sluamhaoiniúcháin speisialaithe chun cistí a bhailiú lenar féidir leat ranníocaíochtaí beaga a bhailiú ó phobal leathan.
Comhroinn scéal an-suimiúil agus bain úsáid as na meáin shóisialta chun an scéal a scaipeadh. Dá mhéad daoine atá ar an eolas faoi d’fheachtas, is amhlaidh is dóchúla go dtacóidh siad leis.
Tiomsú airgead idir piaraí
Leis an gcur chuige sin, tugtar an sluamhaoiniú go dtí an chéad leibhéal eile trína chur ar chumas don lucht tacaíochta airgead a thiomsú thar do cheann. Is féidir le gach duine a leathanach tiomsaithe airgid féin a chruthú, é a chomhroinnt lena líonraí teaghlaigh, cairde agus comhghleacaithe chun cuidiú leo tabhartais a thabhairt isteach. Is bealach iontach é chun do raon feidhme a leathnú agus leas a bhaint as naisc phearsanta.
Marsantú
Is bealach cruthaitheach é díol marsantais ar a bhfuil branda an fheachtais chun cistí a thiomsú agus branda agus pobal a chruthú thart timpeall ar do TES. Is féidir le marsantas a bheith ina shiombail inláimhsithe de d’fheachtas, rud a chruthaíonn meon pobail i measc lucht tacaíochta.
Is féidir le hearraí cosúil le bráisléid, t-léinte, bileoga, cártaí, bróisiúir, scaifeanna ardaithe feasachta agus ábhar marsantaithe eile feasacht a ardú, chomh maith le hairgead a fháil don fheachtas.
Agus iad i mbun feachtais ar son Mo ghuth, mo rogha, chruthaigh na heagraithe t-léinte agus cupáin a raibh a mana feachtais orthu. Chonaic na heagraithe gur chruthaigh an marsantas meon pobail chomh maith leis an TES a mhaoiniú.
Eagraigh imeacht tiomsaithe airgid
Trí ócáid tiomsaithe airgid a reáchtáil, bíodh sé fíorúil nó ar an láthair, is féidir fuadar a chruthú agus deis a thabhairt do dheontóirí a bheith rannpháirteach go díreach le do chúis. Déan do mhachnamh ar imeacht téamach, ceant carthanachta, nó cruinniú pobail a eagrú a thugann daoine le chéile agus a thiomsaíonn cistí do do TES ag an am céanna.
Bealaí eile chun cistí a fháil
– Tiomsú airgid idir piaraí trí líonraí tacadóirí
– Tabhartais bunaithe ar liostáil trí ‘Patreon’ nó ‘Buy Me a Coffee’
– Imeachtaí spreagtha deonacháin ar na meáin shóisialta ina bhfuil uirlisí tiomsaithe airgid ionsuite (Facebook, Instagram, TikTok)
– Ceantanna ar líne le haghaidh eispéiris nó earraí cuimhneacháin eisiacha
– Imeachtaí tiomsúcháin (e.g., margaí éiceabhácha, dinnéir charthanais, nó féilte gníomhaíochais)
– Imeachtaí tiomsúcháin a bheoshruthú (e.g. Twitch, sruthanna carthanais YouTube)
– Dul i gcomhpháirtíocht le brandaí eiticiúla le haghaidh urraíochta nó tionscnaimh comhroinnte ioncaim
– Dúshláin deonúcháin a chluichiú (e.g. comórtais bunaithe ar dheonúchán, dúshláin aclaíochta)
– Licín neamh-idirmhalartach nó díolacháin ealaíne digití chun airgead a thiomsú don fheachtas
– Imeachtaí áitiúla faoi stiúir an phobail (e.g. quizeanna pub, taispeántais tallainne, ceolchoirmeacha carthanachta)
– Rásaí/siúlóidí fíorúla a bhfuil táillí iontrála ag gabháil leo a thacaíonn leis an bhfeachtas
Buiséad samplach
Bíonn éagsúlacht mhór i gceist le buiséad beacht TES, ag brath ar dhifríochtaí réigiúnacha, ar thosaíochtaí an fheachtais agus ar na straitéisí for-rochtana. Léiríonn creat ginearálta atá bunaithe ar TESanna roimhe seo ar éirigh leo conas a d’fhéadfaí cistí a dháileadh. Féach an buiséad samplach thíos:
Catagóir | An céatadán den bhuiséad a bhfuiltear ag súil leis |
|---|---|
Soláthar foirne | 30 - 40% |
Fógraíocht | 10 - 30% |
Cumarsáid agus suíomh gréasáin | 15 - 25% |
Imeachtaí agus taisteal | 10 - 15% |
Ábhair for-rochtana | 5 - 10% |
Dlí agus riarachán | 5 - 10% |
Is féidir le heagraithe feachtais a machnamh a dhéanamh ar dhul i gcomhairle le TESanna a bhí ann roimhe seo chun a meastacháin féin ar chostais a bheachtú agus difríochtaí réigiúnacha praghsála a chur san áireamh. Trí raonta solúbtha buiséid a bheith ann, is féidir coigeartuithe a dhéanamh de réir mar a thagann athrú ar riachtanais an fheachtais. Tabhair faoi deara go mbíonn go leor feachtas ag brath go mór ar obair dheonach.
Dúirt feachtasóirí ó ‘Mo guth, mo rogha’ gur ar acmhainní dlí, ábhair phriontála, eagrú imeachtaí agus speansais taistil a caitheadh an costas is mó dá mbuiséad. Thaistil na heagraithe ó thír go tír chun tacú le feachtais náisiúnta, rud a chruthaíonn meon tábhachta Eorpaí freisin.
Seicliosta
- Ainmnigh tiomsaitheoir airgid nó fo-fhoireann tiomsúcháin airgid i measc do chuid feachtasóirí
- Dréachtaigh buiséad ina sonrófar na costais a bhfuil coinne leo
- Déan achoimre ar chomhghuaillíochtaí agus comhpháirtíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le heagraíochtaí nó comhpháirtithe feachtais atá ar aon intinn leat
- Déan mapáil ar dheontóirí a d’fhéadfadh a bheith ann, ag tosú ó mhaoinitheoirí agus ceannairí TES a bhí ann roimhe seo i réimse do thopaice
- Déan clocha míle agus feachtais tiomsúcháin airgid chomhfhreagracha a shainaithint
- Ullmhaigh do chur i láthair
Seans go measann tú gur aistear dúshlánach a bheidh i gceist chun maoiniú a fháil do do TES, ach tá tú ar an mbealach ceart! Cuimhnigh nach bhfuil tú i d’aonar sa phróiseas seo. Má tá comhairle níos saincheaptha de dhíth ort maidir le tiomsú airgid, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun treoraíocht shaineolach a fháil. Is féidir leat glao oiliúna feachtais a sceidealú freisin chun leideanna agus straitéisí pearsantaithe a fháil a chuideoidh chun go n-éireoidh le do TES.
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
