An fáth a bhfuil an nóta treorach seo ábhartha duit
Mar eagraí, an chéad chéim ríthábhachtach i dtreo tionchar a imirt is ea do thionscnamh a chlárú. Tugann an nóta treorach seo leideanna praiticiúla maidir le conas do chuspóirí a shainiú go soiléir, an bunús dlí ceart a roghnú, agus do chúis a chur in iúl go héifeachtach chun an tacaíocht atá uait a bhailiú. Agus an treoir seo á leanúint agat, beidh tú in ann castachtaí phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a láimhseáil agus d’fhís a chur i gcroílár cheapadh beartais an Aontais.
Do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a chlárú
Tugann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) deis ar leith do shaoránaigh den Aontas a leasanna féin a chur go díreach i gcroílár cheapadh beartas na hEorpa trí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh ar ábhar a bhfuil inniúlacht aige ina leith. Má éiríonn leis an tionscnamh 1 mhilliún ráiteas tacaíochta ar a laghad a fháil, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh gníomh dlí a mholadh. D’fhéadfadh sé go gcuirfí tús le nós imeachta reachtach ansin, faoina ndéanann Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh in éineacht le chéile, i bhformhór na gcásanna (i gcásanna áirithe, is í an Chomhairle amháin a dhéanann an cinneadh).
I do cháil mar eagraí tionscnaimh, is é an chéad chéim a bheidh le déanamh agat an tionscnamh atá beartaithe a bheith cláraithe ag an gCoimisiún.
Coinníollacha maidir le clárú
De réir Rialachán (AE) 2019/788 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (Rialachán maidir le TES), ní féidir do thionscnamh a chlárú ach amháin má chomhlíonann tú na ceithre choinníoll seo a leanas:
- An grúpa d’eagraithe a bheith curtha ar bun agus na teagmhálaithe (ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin) a bheith ainmnithe. Tá an rogha agat freisin eintiteas dlíthiúil a chruthú go sonrach chun an tionscnamh a bhainistiú. Sa chás sin, ní mór sainordú a bheith ag ionadaí an ghrúpa d’eagraithe chun gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil;
- Gan aon chuid den tionscnamh beartaithe a bheith lasmuigh de raon feidhme smachta an Choimisiúin go follasach chun togra a mholadh le haghaidh gníomh dlíthiúil de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur i bhfeidhm.
- Gan an tionscnamh beartaithe a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach go follasach;
- Gan an tionscnamh beartaithe a bheith ag teacht salach, go follasach, ar luachanna an Aontais Eorpaigh atá leagtha amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (mar atá meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, ina measc sin na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, chomh maith leis an iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir) agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Cuir ceist ar ár saineolaithe má tá aon amhras ort faoi do thionscnamh!
Cuntas d’eagraithe a chruthú
Chun clárú do thionscnaimh a iarraidh, ní mór duit cuntas d’eagraithe a chruthú. Leis an gcuntas sin is féidir leat d’iarratas clárúcháin a chur isteach agus, tar éis clárú, bainistiú a dhéanamh ar na céimeanna ina dhiaidh sin de do thionscnamh.
Cuimhnigh! Ní mór d’ionadaí do thionscnaimh an cuntas d’eagraithe a chruthú.
Céimeanna chun cuntas d’eagraithe a chruthú:
- Mura bhfuil ceann agat cheana féin, cruthaigh cuntas EU Login. Lean na treoracha chun cuntas EU Login a chruthú agus a chumrú agus chun an dara fachtóir a shocrú le haghaidh fíordheimhniú láidir. Is i mBéarla atá lámhleabhar EU Login agus tá aistriúchán uathoibríoch de ar fáil sna 23 theanga oifigiúla eile den Aontas Eorpach.
- Déan nasc le EU Login chun cuntas d’eagraithe a chruthú ionas go mbeidh tú in ann an t-iarratas clárúcháin do do thionscnamh a líonadh isteach agus a chur isteach.
Cuirfear an seoladh ríomhphoist a chomhlachtóidh tú le do chuntas EU Login ar fáil go poiblí i gcás ina gclárófar do thionscnamh. De rogha air sin, is féidir leat seoladh ríomhphoist eile a sholáthar le haghaidh eolas poiblí sa réimse ‘seoladh ríomhphoist poiblí’ agus an t-iarratas clárúcháin á líonadh isteach agat.
An fhoirm chlárúcháin a chomhlánú
Tar éis duit cuntas d’eagraithe a chruthú, is féidir leat an fhoirm chlárúcháin le haghaidh do thionscnaimh a líonadh isteach.
Tá cúig chomhpháirt ann nach mór a chomhlánú:
1. Grúpa d’eagraithe
Is é an chéad chéim an t-eolas is gá a líonadh isteach don ghrúpa d’eagraithe, ina measc sin an t-ionadaí agus an t-ionadaí malartach. I gcomhréir le hIarscríbhinn II (pointí 4 agus 5) de Rialachán (AE) 2019/788, tá an méid seo a leanas san áireamh leis sin:
- Céadainm
- Sloinne
- Náisiúntacht
- Dáta breithe
- Seoladh
- Cód poist
- Cathair
- Tír chónaithe
- Doiciméid lena gcruthaítear na hainmneacha iomlána, seoltaí poist, náisiúntachtaí agus dátaí breithe (is leor cóip scanta inléite den doiciméad aitheantais)
I gcás an ionadaí agus an ionadaí mhalartaigh, tá gá le heolas breise:
- Uimhir ghutháin
- Seoladh ríomhphoist
- Seoladh ríomhphoist poiblí (le foilsiú ar shuíomh gréasáin oifigiúil TES)
Cuidíonn an t-eolas sin leis an gCoimisiún Eorpach seiceáil a dhéanamh go gcomhlíontar an ceanglas maidir le TES a bheith á eagrú ag seachtar saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla. Cuimhnigh gur féidir leis an ionadaí agus a ionadaí malartach a bheith ar an seachtar ball den ghrúpa d’eagraithe, nó iad beirt a bheith ina mball éagsúil den ghrúpa (seachas baill oifigiúla den ghrúpa d’eagraithe). Tá údarú acu labhairt agus gníomhú thar ceann na n-eagraithe, iad ina bpríomh-idirghabhálaí idir an grúpa agus an Coimisiún. Ar na freagrachtaí atá orthu tá bainistiú a dhéanamh ar gach aighneacht chuig an gCoimisiún, rochtain a fháil ar an gcuntas d’eagraithe, agus gach comhfhreagras oifigiúil a fháil.
Má tá baill bhreise ann i do TES, ar a dtugtar ‘baill eile’, ní gá duit ach a n-ainmneacha agus cruthúnas ar shaoránacht an Aontais a bheith acu a chur leis.
I gcás inar cruthaíodh eintiteas dlíthiúil, nuair is gá, ba cheart doiciméid a sholáthar chun an méid seo a leanas a léiriú:
- Gur cruthaíodh eintiteas dlíthiúil faoi dhlí náisiúnta Ballstáit den Aontas go sonrach chun tionscnamh ar leith a bhainistiú, agus
- Go bhfuil údarú oifigiúil ag ionadaí an ghrúpa d’eagraithe gníomhú thar ceann an eintitis dhlíthiúil.
Ina theannta sin, is féidir leat a roghnú Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí). Cé nach bhfuil sé éigeantach i ngach cás, moltar OCS a cheapadh. Foilseofar sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí ar leathanach gréasáin do thionscnaimh, agus is féidir leis an méid sin athdhearbhú a thabhairt do shaoránaigh atá ag smaoineamh ar do thionscnamh a shíniú.
Agus an cruthúnas clárúcháin á líonadh isteach agat, déan a chinntiú go gcuirfidh tú doiciméid ar fáil atá cothrom le dáta chun d’áit chónaithe reatha (do sheoladh poist) a dheimhniú.
Mura bhfuil seoladh poist le sonrú ar do dhoiciméad aitheantais nó do phas, nó má eisíodh é i bhfad ó shin, ní mór duit cruthúnas eile a chur isteach freisin, amhail bille fóntais a eisíodh le déanaí (e.g. uisce, leictreachas, guthán, etc.) nó doiciméad den sórt céanna. D’fhéadfadh sé nach nglacfaí le doiciméid aitheantais níos sine mar chruthúnas cónaithe reatha, fiú má tá seoladh le sonrú orthu. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le fianaise bhreise, amhail bille fóntais a eisíodh le déanaí (nach bhfuil níos sine ná 1 bhliain d’aois), chun do sheoladh reatha a dheimhniú.
Is éard atá sa ghrúpa d’eagraithe seachtar saoránach den Aontas a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla. Dá bhrí sin, ní mór an t-eolas sin a líonadh isteach i gcás gach baill den ghrúpa d’eagraithe.
Ní mór do gach ball den ghrúpa d’eagraithe a bheith sean go leor le vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa. Is é sin 18 mbliana d’aois i bhformhór na mBallstát, seachas:
- sa Bheilg, sa Ghearmáin, i Málta agus san Ostair, áit ar 16 bliana d’aois an aois vótála,
- sa Ghréig, áit ar 17 mbliana d’aois an aois vótála.
2. Sonraí an tionscnaimh
Agus do thionscnamh á chlárú agat, beidh ort na sonraí seo a leanas a chur ar fáil:
Teanga do thionscnaimh
Sonraigh an phríomhtheanga inar dréachtaíodh do thionscnamh. Cuimhnigh gur féidir do thionscnamh a chur isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Aistreoidh an Coimisiún teideal, cuspóir agus iarscríbhinn do thionscnaimh go teangacha oifigiúla uile an Aontais tar éis an chláraithe.
Tugtar faoi deara: Má tá aistriúcháin bhreise de dhíth ort (e.g. aistriúchán ar dhréachtghníomh dlí), is fútsa atá sé iad a chur ar fáil. Nuair a bheidh do thionscnamh cláraithe ag an gCoimisiún, is féidir leat na haistriúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun iad a chur le leathanach oifigiúil do thionscnaimh.
Teideal an tionscnaimh
Beidh do theideal ina chuid lárnach de bhrandáil do thionscnaimh, rud a chomhlánóidh a shainaitheantas físeach (e.g. lógó). Ba cheart machnamh cúramach a dhéanamh air, dá bhrí sin.
Léiríonn teideal éifeachtach bunús do thogra agus meallann sé agus spreagann sé saoránaigh. Is féidir le teideal láidir a bheith ina dheis chinniúnach chun aird a tharraingt agus tacaíocht a spreagadh.
Leideanna chun teideal éifeachtach a chruthú
Tá teideal gearr oiriúnach do na meáin shóisialta agus d’ábhair feachtais, agus is féidir le teideal níos faide soiléireacht a thabhairt i gcás tograí teicniúla nó mionsonraithe. Trí chothromaíocht a bhaint amach idir achomaireacht agus faisnéisíocht, cinntítear inrochtaineacht ar fud na n-ardán éagsúil. Níor cheart níos mó ná 100 carachtar a bheith i dteideal an tionscnaimh (gan spásanna san áireamh).
Ós rud é go mbeidh tacaíocht de dhíth ar do thionscnamh ar fud thíortha éagsúla an Aontais, smaoinigh ar an dóigh a n-aistreofaí an teideal go teangacha eile le go mbeidh sé éifeachtúil. Tá sé riachtanach teideal mealltach a bheith agat a n-oibríonn na leaganacha aistrithe de go héifeachtach i dteangacha uile an Aontais chun do theagmháil a leathnú agus chun dul i gcion ar lucht tacaíochta éagsúil.
Má tá sé beartaithe agat páirt a thabhairt do chomhpháirtithe sa phróiseas cinnteoireachta, cuir tús luath leis an bplé faoin teideal. Cinntítear leis sin go mbeidh dóthain ama ann don tobsmaointeoireacht, don aiseolas agus don fhorbairt comhdhearcaidh, agus seachnófar moilleanna ag céimeanna criticiúla chomh maith.
Cuspóirí an tionscnaimh
Agus cuspóirí do thionscnaimh á leagan amach, tá sé riachtanach an ‘gníomh dlí sonrach de chuid an Aontais’ a shainiú, ar mian leat go molfadh an Coimisiún Eorpach é. Chun a chinntiú go mbeidh do thionscnamh éifeachtach agus go gcomhlíonfaidh sé na caighdeáin is gá, déan do mhachnamh ar an méid seo a leanas:
Réimse beartais: Ní mór do thogra a bheith laistigh de réimse beartais a bhfuil inniúlacht ag an gCoimisiún ina leith.
Cineál gnímh: Is féidir leat reachtaíocht cheangailteach nó gníomh neamhcheangailteach a mholadh, amhail Moladh.
Sa rannán seo den fhoirm chlárúcháin, ba cheart duit príomhspriocanna do thionscnaimh a shainiú go soiléir laistigh de 1,100 carachtar (gan spásanna san áireamh).
Samplaí den chaoi ar mhúnlaigh TESanna eile a gcuspóirí
Cuspóirí
Cé go bhfuil cosc ar eití siorcanna a bhaint ar bord shoithí an Aontais agus in uiscí an Aontais, agus cé gur gá siorcanna a thabhairt i dtír agus na heití orthu ó nádúr, tá an tAontas Eorpach ar cheann de na honnmhaireoirí is mó eití agus is mol idirthurais ollmhór é sa trádáil dhomhanda eití.
Is mórghníomhaí é an tAontas i ndúshaothrú siorcanna agus de bhrí go mbíonn ganntanas imscrúduithe mara ann, tá eití go fóill á gcoinneáil, á dtrasloingsiú nó á dtabhairt i dtír go neamhdhlíthiúil san Aontas.
Tá sé d’aidhm againn deireadh a chur le trádáil eití san Aontas, lena n-áirítear iompórtáil, easpórtáil agus idirthuras eití mura bhfuil siad ar chorp an ainmhí ó nádúr.
Ós rud é go gcuireann teascadh eití siorcanna cosc ar bhearta caomhnaithe éifeachtacha i dtaca le siorcanna, iarraimid go leathnófaí RIALACHÁN (AE) Uimh. 605/2013 chun go gclúdófar trádáil eití leis agus mar sin de iarraimid ar an gCoimisiún rialachán nua a cheapadh, chun go gclúdófar faoi ‘eití orthu ó nádúr’ gach cineál trádála siorcanna agus roc san Aontas.
Tá sonraí iomlána an tionscnaimh ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin
Cuspóirí
Leis an tionscnamh sin, iarrtar a cheangal ar fhoilsitheoirí a dhíolann nó a cheadúnaíonn físchluichí (nó gnéithe agus sócmhainní gaolmhara a dhíoltar le haghaidh físchluichí a oibríonn siad) le tomhaltóirí san Aontas Eorpach na físchluichí sin a fhágáil i riocht feidhmiúil (inimeartha).
Go sonrach, féachann an tionscnamh le cosc a chur ar fhoilsitheoirí dul i mbun físchluichí a chian-díchumasú sula gcuirtear modhanna réasúnacha ar fáil chun go leanfaidh na físchluichí de bheith ag feidhmiú gan rannpháirtíocht ó thaobh an fhoilsitheora de.
Leis an tionscnamh, ní fhéachtar le húinéireacht a fháil ar na físchluichí sin, ar na cearta intleachtúla gaolmhara ná ar na cearta airgeadaithe, agus níltear ag súil leis go gcuirfidh an foilsitheoir acmhainní ar fáil don fhíschluiche sin nuair a scoirfidh siad de agus é á fhágáil i stát réasúnta feidhmiúil (inimeartha).
Tá sonraí iomlána an tionscnaimh ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin
Cuspóirí
Is mian linn príomhchathracha uile na hEorpa a nascadh trí línte iarnróid ardluais. Táimid ag iarraidh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh gnímh atá ceangailteach ó thaobh dlí de chun líonra traenach ardluais Eorpach a bhunú a luaithe is féidir. Is éard atá i gceist leis sin líonraí iarnróid ardluais atá ann cheana a nascadh agus línte ardluais a thógáil in áiteanna nach ann dóibh go fóill.
Tá sonraí iomlána an tionscnaimh ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin
Forálacha na gConarthaí a mheasann tú a bheith ábhartha
Chun a chinneadh an féidir do thogra a chur isteach mar TES:
- Cinntigh go bhfuil sé ailínithe le réimse beartais de chuid an Aontais mar a bhfuil inniúlacht ag an Aontas ina leith.
- Fíoraigh go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún togra a chur isteach le haghaidh gníomh dlí laistigh den réimse beartais sin.
Cad iad inniúlachtaí an Aontais?
Is i gConarthaí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 2 go 6 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a shainítear inniúlachtaí an Aontais. Bunaítear leis na forálacha sin na réimsí inar féidir leis an Aontas gníomhú agus an féidir leis an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh. Chun forléargas cuimsitheach a fháil, féach inniúlachtaí an Aontais.
Forálacha ábhartha an Chonartha a shainaithint le haghaidh do thogra
Agus do thionscnamh á chur isteach agat lena chlárú:
- Airteagail den Chonradh a shainaithint lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha dlí a mholadh. Is é sin...
...Go hiondúil, is iad na hairteagail a thagraíonn do nós imeachta reachtach (gnáthnós imeachta nó nós imeachta speisialta) a thugann údarás don Choimisiún leo, mura sannann siad an ról sin go sainráite d’institiúid eile.
Mar shampla: má éilíonn do thionscnamh gníomh dlí i réimse chosaint an chomhshaoil, dhéanfá Airteagal 192(1) CFAE a lua.
NÓ
...Airteagail ina luaitear gurb é an Coimisiún atá freagrach as togra a dhéanamh, tá na hAirteagail sin bailí freisin. Mar shampla: ‘Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún [...]’.
- Liostaigh na forálacha sin ar an bhfoirm chlárúcháin.
Chun forléargas cuimsitheach a fháil, déan tagairt do na réimsí beartais agus do na hairteagail ghaolmhara den Chonradh.
Fiú má tá na forálacha a luann tú mícheart, d’fhéadfadh sé go gclárófaí do thionscnamh mar sin féin, ar an gcoinníoll seo a leanas:
- Go dtagann sé faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin gníomh dlí de chuid an Aontais a mholadh.
- Go gcomhlíonann sé coinníollacha TES.
Má tá cuid de chuspóirí do thionscnaimh lasmuigh de chumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh, gheobhaidh tú aiseolas agus tabharfar an deis duit do thogra a athbhreithniú agus a chur isteach arís. Má dhiúltaíonn tú athbhreithniú a dhéanamh ar an tionscnamh nó leagan athbhreithnithe a chur isteach nach bhfuil faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin fós, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh le clárú páirteach. I gcásanna den sórt sin, ní chlárófar ach na codanna sin den tionscnamh a thagann faoi inniúlacht an Choimisiúin, agus ní fhéadfar ráitis tacaíochta a bhailiú ach amháin do na codanna cláraithe sin.
Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le clárú páirteach, féach na Ceisteanna Coitianta.
Leideanna chun na hairteagail chearta den Chonradh a roghnú le haghaidh do thionscnaimh
Is féidir airteagail a thagraíonn do ‘nós imeachta reachtach’ (‘gnáthnós imeachta reachtach’ nó ‘nós imeachta reachtach speisialta’) a úsáid le haghaidh tionscnaimh, ach amháin má tá sé luaite go sainráite san airteagal gur institiúid eile seachas an Coimisiún a dhéanann an togra. Airteagail eile ina n-ainmnítear an Coimisiún go sainráite mar an moltóir, is féidir iad sin a úsáid freisin.
Ní hionann forálacha iomadúla a liostú agus a bheith cinnte go n-éireoidh leat.
Déan scrúdú ar thionscnaimh a cláraíodh go rathúil agus ar na tionscnaimh ar diúltaíodh iad a chlárú.
Suíomh gréasáin le haghaidh do thionscnaimh
Tá suíomh gréasáin tiomnaithe ríthábhachtach chun eolas, nuashonruithe agus acmhainní faoi do thionscnamh a chomhroinnt le lucht tacaíochta. Cé nach bhfuil sé éigeantach seoladh an tsuímh gréasáin a chur ar fáil le linn an chlárúcháin, féadfaidh sé infheictheacht agus tionchar do thionscnaimh a mhéadú.
An fáth a bhfuil tábhacht le suíomh gréasáin
Cuidíonn suíomh gréasáin dea-dheartha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Nuashonruithe agus eolas riachtanach a lárú
- Muinín agus creidiúnacht a chothú i measc lucht tacaíochta
- Rannpháirtíocht a éascú agus gníomhaíocht a spreagadh, mar shampla an lucht tacaíochta a threorú chun do thionscnamh a shíniú tríd an Lárchóras Bailithe ar Líne
Tuilleadh eolais faoi straitéisí feachtasaíochta ó na TESanna ar éirigh leo
Iarscríbhinn maidir leis an ábhar, na cuspóirí agus an cúlra (roghnach)
Is féidir leat iarscríbhinn roghnach a chur leis (suas le 5,000 carachtar). Cé nach bhfuil sé éigeantach, is éard atá i gceist leis an iarscríbhinn tuilleadh sonraí a thabhairt faoi chuspóirí an tionscnaimh, agus eolas cúlra, mínithe mionsonraithe, nó argóintí tacaíochta a chur ar fáil. Rud atá tábhachtach, níor cheart cuspóirí nua a thabhairt isteach san iarscríbhinn thar na cuspóirí a luaitear i bpríomhthéacs an tionscnaimh. Is é is aidhm don iarscríbhinn tacú leis an mbuntogra, seachas cur leis.
Cuireann an Coimisiún aistriúchán ar an iarscríbhinn ar fáil go teangacha oifigiúla uile an Aontais.
Roinnt tionscnamh ar éirigh leo le déanaí, bhí iarscríbhinn ag gabháil leo chun tacú lena dtionscnamh, mar shampla ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ agus ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’
Eolas breise (roghnach)
Is féidir leat doiciméad tacaíochta a uaslódáil chun tuilleadh sonraí cúlra a thabhairt agus chun do TES a neartú. Bhí doiciméad tacaíochta ag gabháil le cuid mhaith tionscnamh, ina measc sin na tionscnaimh sin a bhain 1 mhilliún síniú amach: ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’, ‘Cuirtear deireadh leis an mbeodhioscadh’, agus ‘Pacáiste um Shábháilteacht do Mhionlaigh’.
Is féidir do dhoiciméad a mhúnlú gan bhac chun do thionscnamh a mhíniú ar bhealach níos doimhne, téacs agus íomhánna san áireamh. Ní aistríonn an Coimisiún é, ach is féidir leat do chuid aistriúchán féin a chur ar fáil lena n-uaslódáil ar leathanach gréasáin an tionscnaimh tar éis clárú.
Cé nach bhfuil aon teorainn carachtar ann, níor cheart an comhad a bheith níos mó ná 5 MB ó thaobh méide de.
Dréacht-ghníomh dlí (roghnach)
Is féidir leat téacs dlí beartaithe a chur isteach a ghabhfaidh le do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Cé go bhfuil sé sin roghnach, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach go háirithe do thionscnaimh theicniúla nó do thionscnaimh atá dírithe ar reachtaíocht. Níl dréachtghníomhartha dlí chomh coitianta céanna ach cuireadh san áireamh iad i dtionscnaimh roimhe seo amhail ‘Uno di noi’, ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’, agus ‘Toirmeasctar ar fhógraíocht agus urraíochtaí breosla Iontaise.’
Má chuireann tú dréachtghníomh dlí isteach, ní aistreoidh an Coimisiún é, ach is féidir leat do chuid aistriúchán féin a chur ar fáil lena n-uaslódáil ar leathanach gréasáin an tionscnaimh tar éis clárú.
Tabhair do d’aire nach gcuireann an Coimisiún Eorpach aistriúcháin ar fáil le haghaidh eolas breise faoi do thionscnamh nó faoin dréachtghníomh dlí má tá sé san áireamh. Is é an grúpa d’eagraithe amháin atá freagrach as cruinneas na n-aistriúchán go dtí na teangacha is gá a chinntiú.
3. Tacaíocht agus maoiniúchán
Dearbhaigh gach foinse maoiniúcháin is mó ná €500 in aghaidh an urraitheora chun trédhearcacht a chinntiú, mar a cheanglaítear leis an Rialachán maidir le TES. Foilseofar an t-eolas sin ar shuíomh gréasáin oifigiúil an TES. Moltar freisin an t-eolas sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin d’fheachtais.
Chomh maith leis sin, beidh ort eolas a chur ar fáil maidir leis na heagraíochtaí a chuidíonn leat ar bhonn deonach, fiú sa chás nach féidir an tacaíocht sin a mheas ar bhonn eacnamaíoch.
Tá tuilleadh eolais le fáil sa Treoirnóta maidir le Tuairisciú Airgeadais
4. Nósanna imeachta agus coinníollacha
Mar chuid den phróiseas clárúcháin, beidh ort glacadh leis an mbeartas príobháideachais agus an phríomhtheanga a shonrú inar fearr leat cumarsáid a dhéanamh.
5. Athbhreithnigh agus cuir isteach
Sula gcríochnóidh tú do chlárúchán, iarrfar ort athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar na sonraí go léir. Nuair a bheidh gach rud deimhnithe, cliceáil ar Déan iarratas clárúcháin, agus sin é! Tar éis duit an t-iarratas a chur isteach, fan go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le d’iarratas clárúcháin.
Déan seiceáil chúramach ar litriú na n-ainmneacha, na dteideal agus na gcuspóirí go léir sula gcuirfidh tú d’iarratas clárúcháin isteach. Nuair a bheidh sé curtha isteach, ní féidir aon eagarthóireacht eile a dhéanamh.
Amlíne tar éis tionscnamh a chur isteach lena chlárú
Tar éis duit do thionscnamh a chur isteach lena chlárú, cuirfidh an Coimisiún in iúl duit laistigh de dhá mhí ar cláraíodh nó nár cláraíodh go hoifigiúil é.
Má chomhlíonann do thionscnamh na ceanglais go léir, ach nach bhfuil sé (nó cuid de) i réimse ina bhfuil cumhachtaí ag an gCoimisiún, gheobhaidh tú freagra ón gCoimisiún laistigh de mhí amháin tar éis duit é a chur isteach lena chlárú. Tabharfaidh an Coimisiún dhá mhí duit chun do thionscnamh a athbhreithniú agus é a chur isteach arís lena chlárú. Tá an rogha agat freisin an t-iarratas clárúcháin ceannann céanna a sheoladh nó do thionscnamh a tharraingt siar. Tar éis é a chur isteach an athuair, déanfaidh an Coimisiún cinneadh críochnaitheach laistigh de 1 mhí amháin.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an leagan iomlán den tionscnamh a chlárú;
- an tionscnamh a chlárú i bpáirt;
- diúltú an tionscnamh a chlárú.
D’fhéadfadh suas le 4 mhí a bheith i gceist leis an bpróiseas iomlán sin.
An bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth ort?
Trí gach gné a ullmhú, is mó an seans go gclárófar an tionscnamh agus cuidíonn sé chun tacaíocht níos leithne a mhealladh do do thionscnamh. Má bhaineann do thionscnamh 1 mhilliún síniú bailí ar a laghad amach, cuirfidh an Coimisiún tús le céim an scrúdaithe, agus an t-ábhar ar fad atá cláraithe á chur san áireamh, ina measc sin iarscríbhinní, eolas breise agus dréachtghníomhartha dlí san áireamh.
Tábhachtach: Ní féidir leat aon sonraí a chur leis tar éis duit clárú, mar sin cuir isteach gach rud ar mian leat go gcuirfeadh an Coimisiún san áireamh le linn na céime sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach na Ceisteanna Coitianta tiomnaithe ón gCoimisiún.
An bhfuil comhairle shaineolach de dhíth ort maidir le do smaoineamh?
Cuir ceist ar ár saineolaithe má tá aon amhras ort faoi do thionscnamh!
Ceisteanna Coitianta
IS FÉIDIR.
Má chinneann tú athruithe a dhéanamh ar an ngrúpa, ní mór don ionadaí nó don ionadaí malartach fógra a thabhairt don Choimisiún trí do chuntas d’eagraithe.
Má dhéanann na hathruithe difear don riachtanas íoslíon ball a bhfuil cónaí orthu i 7 dtír éagsúla a bheith sa ghrúpa, ní mór duit na doiciméid is gá a chur ar fáil chun a dheimhniú go gcomhlíonann do ghrúpa fós na critéir maidir le náisiúntacht, aois agus cónaí.
Ina theannta sin, ní mór duit na foirmeacha ráitis tacaíochta a nuashonrú chun go léireoidh siad na hathruithe sin.
Taispeánfar ainmneacha na mball nua sa ghrúpa sa chlár ar líne, agus beidh ainmneacha na n-iarbhall le feiceáil fós le linn an nós imeachta. Cinntítear leis sin gur féidir leis na húdaráis ábhartha bailíocht na sínithe a bailíodh agus a cuireadh isteach a fhíorú.
IS FÉIDIR.
Níl aon srianta ar líon na dtionscnamh ar féidir leat a bheith páirteach iontu.
TÁ.
Mar sin féin, ní féidir iad a áireamh ar an íoslíon daoine a bhfuil cónaí orthu i 7 dtír éagsúla den Aontas, agus ní féidir iad a bheith ar an liosta sin nuair a chuireann tú do thionscnamh isteach lena chlárú.
NÍ GÁ.
Ní chaithfidh tú ach a bheith sean go leor le vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa chun páirt a ghlacadh sa ghrúpa d’eagraithe.
IS FÉIDIR.
Is ar fhorais dlí atá an cinneadh gan tionscnamh a chlárú bunaithe, rud a fhágann gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne. Leagfaidh an Coimisiún amach na fáthanna lena chinneadh agus míneoidh sé cén gníomh dlí atá ar fáil duit nó cad iad na réitigh mhalartacha atá ar fáil lasmuigh den chúirt.
Ina measc sin tá imeachtaí a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach (chun gearán a dhéanamh faoi dhrochriarachán).
IS FÉIDIR.
Is féidir leat tionscnamh a tharraingt siar tráth ar bith sula gcuireann tú isteach é, agus gach síniú fíoraithe san áireamh ann, chuig an gCoimisiún (i.e. tar éis na sínithe uile a bheith bailithe agus deimhnithe agat).
Nuair a tharraingíonn tú tionscnamh siar, ní féidir é a oscailt arís agus beidh na sínithe uile ar neamhní go hiomlán.
Beidh tú in ann breathnú air go fóill, áfach, i measc na dtionscnamh atá sa chartlann.
Déantar tionscnamh a chlárú i bpáirt i gcás nach bhfuil gach ceann de na cuspóirí faoi chuimsiú chumhachtaí an Choimisiúin dlí de chuid an Aontais a mholadh.
I gcásanna den sórt sin, ní féidir ráitis tacaíochta a bhailiú ach amháin le haghaidh na gcodanna den tionscnamh a chláraítear. Má bhailíonn an tionscnamh 1 mhilliún síniú ar a laghad agus má chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin é, ní scrúdófar ach na ranna a chláraítear.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlárú i bpáirt, léigh rannán na gCeisteanna Coitianta ar shuíomh gréasáin TES.
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
