Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An Eoraip Saor ó Fhionnadh

 

Fur Free Europe logo

Eolas faoi ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’

Is é ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ an 10ú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a raibh rath air, agus is glao é ar thoirmeasc ar fud an Aontais ar fheirmeoireacht fionnaidh agus ar tháirgí fionnaidh a dhíol ar an Margadh Aonair.

Cláraíodh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ an 16 Márta 2022 agus chuaigh sé ó neart go neart go tapa. Cuireadh tús le bailiúchán sínithe an fheachtais go hoifigiúil an 18 Bealtaine 2022 agus bhain sé cloch mhíle iontach amach nuair a bhailigh sé 1,502,319 ráiteas tacaíochta fíoraithe. Baineadh na tairseacha íosta amach in 18 mBallstát, an líon ab airde riamh i gcás na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus rud a léirigh an comhbhá a bhí ag daoine ar fud an Aontais leis. Is díol suntais é gur thug na heagraithe céim an bhailithe sínithe chun críche an 1 Márta 2023, níos mó ná 2 mhí roimh an sprioc ar an 18 Bealtaine 2023. Seoladh na sínithe a bailíodh isteach go pras lena mbailíochtú ag na húdaráis náisiúnta faoi seach.

Tar éis an phróisis bailíochtaithe, cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go hoifigiúil an 14 Meitheamh 2023 (Preasráiteas). D’fhreagraigh an Coimisiún trí Theachtaireacht a fhoilsiú inar leagadh amach na gníomhaíochtaí a bhí beartaithe aige a dhéanamh mar fhreagairt don tionscnamh an 7 Nollaig 2023. Ba chéim shuntasach chun cinn é sin i dtaca le haghaidh a thabhairt ar éilimh na saoránach ar chaighdeáin níos déine i dtaca le leas ainmhithe agus breithnithe eiticiúla i margadh an Aontais.

  1. Cláraíodh an Tionscnamh

    16/03/2022

  2. Tosaíodh ar bhailiú sínithe

    18/05/2022

  3. Tréimhse bailithe sínithe dúnta

    01/03/2023

  4. An tionscnamh bailíochtaithe ag an gCoimisiún Eorpach

    14/06/2023

  5. Freagra tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an tionscnamh

    07/12/2023

Cad ba chúis leis an rath a bhí ar ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’?

Ní amháin gur chomhlíon ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ na spriocanna go léir, d’éirigh leis iad a shárú - bhailigh sé os cionn 1.5 milliún síniú agus bhain sé na tairseacha íosta amach in 18 mBallstát. Ba shárú ollmhór é sin ar an gceanglas 1 mhilliún síniú a bhailiú agus na tairseacha a bhaint amach i 7 dtír ar a laghad. Dar leis na heagraithe, bhí trí thosca thábhachtacha ann a chuir leis an rath sin:

Ullmhúchán ceart

Is próiseas fadálach é tionscnamh ó na saoránaigh a eagrú. Bíonn pleanáil chúramach de dhíth, chomh maith le hiarracht leanúnach agus tiomantas fadtéarmach chun na spriocanna a bhaint amach.

Líonra láidir a thógáil

Tá sé ríthábhachtach naisc a bhunú le raon éagsúil eagraíochtaí comhpháirtíochta agus an líonra sin a leathnú go leanúnach ar feadh an fheachtais chun tacaíocht fhorleathan a fháil.

Buiséadú agus tiomsú airgid

Tá gá le buiséad soiléir agus straitéis dhaingean maidir le tacaíocht a bhailiú agus maoiniú a fháil chun an feachtas a chothú agus na spriocanna a bhaint amach.

 

An straitéis taobh thiar de ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’

 

A group of people holding signs

Ullmhúchán

Bhain eagraithe ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ leas as a dtaithí ó Thionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a bhí ann roimhe, cuir i gcás ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’ agus ‘Sábháiltear Cosmaidí Neamhchruálacha’, a bhailigh thart ar 1.4 milliún agus 1.2 milliún síniú, faoi seach. Ba luachmhar an taithí sin a bhí faighte acu, mar thuig siad go bhfuil ullmhúchán cúramach riachtanach chun TES a eagrú agus a sheoladh go rathúil.

Sular seoladh an feachtas, dhírigh na heagraithe ar líonra láidir de 82 chomhpháirtí a thógáil chun bonn láidir tacaíochta a chinntiú do bhailiú na sínithe. Brateagraíocht ina bhfuil níos mó ná 90 ballghrúpa is ea Eurogroup for Animals, an phríomheagraíocht neamhrialtasach a thacaíonn leis an tionscnamh. Tá aon trian de na heagraíochtaí sin gníomhach le fada sa ghluaiseacht chun fionnadh a thoirmeasc agus tugadh cuireadh dóibh páirt a ghlacadh san fheachtas. Ina theannta sin, chomhoibrigh na heagraithe le grúpaí lasmuigh dá líonra trí eagraíochtaí ábhartha i mBallstáit an Aontais a shainaithint.

Tiomsú airgid agus acmhainní

Bhailigh eagraithe ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ tacaíocht agus cistí dar luach €1,904,595.00 ó 30 urraitheoir, le ranníocaíochtaí suntasacha ó eagraíochtaí amhail FOUR PAWS, Eurogroup for Animals agus Djurens Rätt.

Foinsí maoiniúcháin (€)

A chart displaying funding sources for the Fur Free Europe ECI in EUR

Tabhair faoi deara: Tá tuilleadh eolais faoi thacaíocht agus maoiniú 'An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin. Ní gá ach ranníocaíochtaí os cionn €500 in aghaidh an urra a thuairisciú.

Chun tacú lena n-oibrithe deonacha agus lena gcomhpháirtithe agus chun a chinntiú gur thacaigh na líonraí comhpháirtithe sin go gníomhach leis an tionscnamh, chruthaigh na heagraithe ‘stór sócmhainní an fheachtais’. Chuir an ‘banc’ sin ábhair chumarsáide, teimpléid meán sóisialta agus treoracha straitéiseacha ar fáil d’oibrithe deonacha agus do chomhpháirtithe. Ina theannta sin reáchtáil na heagraithe cruinnithe rialta leis na comhpháirtithe chun iad a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an tionscnaimh, chun an comhordú a choinneáil ar bun agus chun aon dúshlán a tháinig anuas le linn an fheachtais a phlé. 

Straitéis an fheachtais agus plean bailithe sínithe

Ba é príomhstraitéis feachtais na n-eagraithe díriú ar láithreacht láidir ar líne a fhorbairt, ós rud é gur aithin siad gurb é sin an bealach is éifeachtaí chun teagmháil a dhéanamh le raon leathan saoránach. D’fhorbair siad suíomh gréasáin ilteangach ar a raibh eolas faoi chúlra an tionscnaimh, faoina chuspóirí, leathanach bailithe sínithe, agus nuachtlitir. Ina theannta sin, leathnaigh na heagraithe a láithreacht amach ar fud ardáin na meán sóisialta, lena n-áirítear Instagram (5.3k leantóir agus 295 post). Bhain siad leas freisin as na cainéil meán sóisialta a bhí acu ann cheana féin chun an tionscnamh a chur chun cinn: X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo) ag a raibh 16.1k leantóir, YouTube ag a raibh 844 síntiúsóir, Instagram ag a raibh 6.2k leantóir, agus Facebook ag a raibh 20k leantóir. 

Phleanáil na heagraithe céim an bhailithe sínithe go cúramach, leag siad spriocanna síos do gach Ballstát bunaithe ar roinnt fachtóirí, mar shampla an bhfuil tionscal an fhionnaidh fós gníomhach sa tír sin, an líon sínithe a bailíodh roimhe sa tír sin ar fheachtais chomhchosúla agus an líon eagraíochtaí tacaíochta atá gníomhach ansin. Chinn na heagraithe díriú ar an oiread Ballstát agus ab fhéidir chun a léiriú gur tháinig tacaíocht don tionscnamh ó gach cearn den Aontas. 

“Ní beag an t-éacht é breis agus milliún síniú a fháil, mar sin de níor cheart daoibh sibh féin a theorannú don íoslíon de sheacht mBallstát atá ag teastáil.” – Duine de lucht eagrúcháin ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh'

 

Bailiú sínithe agus an próiseas fíoraithe

Bhain eagraithe an tionscnaimh úsáid as córas neamhspleách bailithe ar líne. 

[Cé gur úsáid eagraithe ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ córas neamhspleách bailithe ar líne, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, is é an Lárchóras Bailithe ar Líne an t-aon chóras is féidir le heagraithe a úsáid chun sínithe a bhailiú ar líne.]

Dhírigh a straitéis feachtais go príomha ar na meáin shóisialta, agus iad ag brath ar a líonra chun an feachtas ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ a chur chun cinn do lucht spéise na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta éagsúla. Bhí dúshlán roimh na heagraithe sa mhéid go bhféadfaidís móiminteam a chailleadh le linn an fheachtais bliana ach sháraigh siad an dúshlán sin trí anailís ghníomhach a dhéanamh ar a straitéis feachtasaíochta agus a chur in iúl dá gcomhpháirtithe cad é a d’oibrigh go maith agus cad é nár oibrigh go maith.

“Caithfidh tú a bheith síoraí seasta ag déanamh anailís ar do phlean, á thástáil, á athdhéanamh, ag féachaint cad é a oibríonn agus cén áit a n-oibríonn sé, agus an mhisneach a choinneáil!” – Duine d’eagraithe ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’

Chinn eagraithe an tionscnaimh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ deireadh a chur le bailiú na sínithe an 1 Márta 2023, 2 mhí go leith roimh an spriocdháta. San iomlán, bailíodh 1,701,892 shíniú ar fud 27 mBallstát an Aontais leis an tionscnamh, agus mheas na húdaráis náisiúnta go raibh 88% díobh bailí. Comhlíonadh na tairseacha riachtanacha in 18 mBallstát — an líon ab airde a bhí bainte amach ag aon Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh go dtí sin.

An 14 Meitheamh 2023, chuir na heagraithe na 1,502,319 ráiteas tacaíochta bhailíochtaithe faoi bhráid an Choimisiúin. Bhí an Ghearmáin ar thús cadhnaíochta i dtaca le tacú leis an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ - fuarthas 518,534 ráiteas uaithi - agus bhí an Fhrainc (107,672) agus an tSualainn sna sála uirthi (101,645). Nuair a cuireadh na sínithe isteach, osclaíodh an tréimhse scrúdaithe a mhaireann 6 mhí. 

An líon ráiteas tacaíochta a bhailigh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ in aghaidh an Bhallstáit

A visual map showing the distribution of signatures collected
Fur Free Europe reached the minimum thresholds in 18 Member States. Source: European Citizens' Initiative website, 2024.

Léiríonn na ticmharcanna ar an gcairt na Ballstáit inar baineadh amach tairseach íosta na sínithe a theastaíonn chun tacú leis an tionscnamh. Shroich ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ na híostairseacha in 18 mBallstát. Tá an tábla iomlán ina bhfuil ráitis tacaíochta do ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ ar fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin

 

Tionchar ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’

Tíolacadh foirmiúil agus cruinnithe leis an gCoimisiún

Tar éis an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ a thíolacadh go foirmiúil, bhuail na heagraithe le Věra Jourová, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar Luachanna agus Trédhearcacht, agus Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia an 20 Iúil 2023 (Preasráiteas). 

Visit of representatives of the successful European Citizens’ Initiative ‘Fur Free Europe’ to the European Commission
Visit of representatives of the successful European Citizens’ Initiative ‘Fur Free Europe’ to the European Commission

(© An tAontas Eorpach, 2023)

Éisteacht phoiblí Pharlaimint na hEorpa

An 10 Deireadh Fómhair 2023, thionóil Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’. Le linn na héisteachta poiblí sin, leag na heagraithe amach a gcuspóirí agus chuaigh siad i dteagmháil go díreach le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) in idirphlé cuiditheach. Féach ar thaifeadadh na héisteachta poiblí

 

European Parliament hearing on Fur Free Europe, showcasing the assembly in session with engaged participants.

(© An tAontas Eorpach, 2023)

Díospóireacht iomlánach i bParlaimint na hEorpa

An 19 Deireadh Fómhair 2023 pléadh an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ i seisiún iomlánach ag Parlaimint na hEorpa. Féach an díospóireacht iomlánach: Cuid 1 | Cuid 2.

Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach

An 7 Nollaig 2023, ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht ina leagtar amach a fhreagairt ar an tionscnamh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’. Chuir an Coimisiún fáilte roimh an tionscnamh agus d’fhógair sé na gníomhaíochtaí seo a leanas (Preaseisiúint): 

  1. Athbhreithniú eolaíoch EFSA: D’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuairim eolaíoch a thabhairt maidir le leas ainmhithe faoi mhí an Mhárta 2025. Ba cheart tuairim EFSA a bheith dírithe ar na hainmhithe a choinnítear go heisiach chun fionnadh a tháirgeadh, is iad sin minceanna, sionnaigh, madraí racúin agus sinsilí, agus anailís a dhéanamh ar leas na n-ainmhithe sin, ar na córais choiteanna feirmeoireachta agus ar an gcaoi a bhféadfaí aon fhadhb leasa a chosc nó a laghdú faoi na dálaí feirmeoireachta reatha.
  2. Meastóireacht ar thoirmisc atá molta: Ansin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na toirmisc a d’iarr lucht an tionscnaimh ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’, measúnú ar thionchair eacnamaíocha agus shóisialta na dtoirmeasc sin san Aontas san áireamh. 
  3. Cinneadh maidir le feirmeoireacht fionnaidh agus margaíocht fionnaidh: Faoi mhí an Mhárta 2026, agus an tuairim ó EFSA agus torthaí na meastóireachta á gcur san áireamh, cuirfidh an Coimisiún in iúl an measann sé go bhfuil sé iomchuí toirmeasc ar an bhfeirmeoireacht fionnaidh agus ar mhargaíocht fionnaidh san Aontas a mholadh tar éis idirthréimhse.  

Idir an dá linn, leanfaidh an Coimisiún dá chuid oibre ullmhúcháin ar thograí eile maidir le leas ainmhithe, mar a fógraíodh sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. Ina theannta sin tá sé ag déanamh roinnt beart maidir leis na tionchair atá ag an bhfeirmeoireacht fionnaidh ar leas, ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol. Ar na bearta sin tá cuairteanna ar an láthair ar fheirmeacha fionnaidh sna Ballstáit chun léargas a fháil ar na sásraí ‘Aon Sláinte Amháin’ atá i bhfeidhm, chomh maith le measúnú tionchair i bhfianaise athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí. Leanfaidh an Coimisiún cur chuige Aon Sláinte Amháin – lena n-aithnítear go bhfuil dlúthbhaint idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil – chun ráigeanna galair ar fheirmeacha fionnaidh a chosc, a bhrath agus chun freagairt orthu.

An 9 Feabhra 2024, bhuail na heagraithe leis an gCoimisinéir Kyriakides chun an freagra ar a dtionscnamh a phlé.

Visit of Representatives of the European Citizens' Initiative 'Fur Free Europe' to the European Commission
Visit of Representatives of the European Citizens' Initiative 'Fur Free Europe' to the European Commission

(© An tAontas Eorpach, 2024)

 

Leideanna agus cleasa d’eagraithe nua

Seo a leanas roinnt leideanna tábhachtacha ó eagraithe 'An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ chun a chinntiú go n-éireoidh le d’fheachtas:

Déan d’obair bhaile sula dtosaíonn tú! 

Tá ullmhúchán críochnúil ríthábhachtach. Déan cinnte go dtuigeann tú go hiomlán próiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus na ceanglais dhlíthiúla chun aon chonstaicí a sheachaint.

 

Cuir ceist ar ár saineolaithe má tá aon amhras ort faoi do thionscnamh!

 

Téigh i mbun comhpháirtíochta le heagraíochtaí seanbhunaithe sochaí sibhialta

Comhoibrigh le heagraíochtaí a bhfuil rannpháirtíocht agus tacaíocht láidir saoránach acu cheana féin. Cuideoidh a líonraí seanbhunaithe chun do theachtaireacht a scaipeadh agus pobal níos leithne a bhaint amach.

Leathnaigh do líonra

Dírigh ar chaidrimh agus ar chomhpháirtíochtaí nua a thógáil chun do raon tionchair a mhéadú. Dá mhéad nasc a chruthaíonn tú, is ea is mó an tionchar a bheidh ag do thionscnamh.

Cumhachtaigh do lucht tacaíochta

Spreag iad siúd a ghlacann páirt i do chúis le bheith ina dtionscnóirí gníomhacha ar d’fheachtas. Tabhair na huirlisí cearta dóibh - cuir i gcás eolas bunriachtanach, acmhainní cumarsáide, agus dátaí tábhachtacha feachtais -ionas gur féidir leo do theachtaireacht a roinnt ar a gcainéil féin.

 

Eolas breise

An Eoraip Saor ó Fhionnadh