Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin san Aontas Eorpach

 

Maidir leis an ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin’

Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin (ainm iomlán: ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin san Aontas Eorpach’), ba é an 13ú Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh é chun níos mó ná aon mhilliún síniú bailí a bhailiú go rathúil. Cláraíodh an tionscnamh an 24 Eanáir 2024 agus seoladh go hoifigiúil é chun sínithe a bhailiú an 17 Bealtaine 2024, rud a rinne comóradh ar an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe, na Trasfhóibe agus na Défhóibe.

Is é atá i gceist le Cleachtais Tiontúcháin idirghabhálacha atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne agus/nó ar léiriú inscne daoine LADTIA+ a athrú, a chur faoi chois nó a bhrú faoi chois. Tríd an tionscnamh, d’iarr na heagraithe ar an gCoimisiún Eorpach toirmeasc dlíthiúil ceangailteach a mholadh ar chleachtais tiontúcháin atá dírithe ar dhaoine LADTI+ ar fud an Aontais Eorpaigh. In 2020, cháiligh Rapóirtéir Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe cleachtais tiontúcháin mar chineál céastóireachta, agus tá toirmisc dhlíthiúla tugtha isteach ag líon méadaitheach tíortha Eorpacha ó shin i leith. Tráth a baineadh sprioc an tionscnaimh amach, bhí toirmeasc curtha cheana féin ag ocht mBallstát ar na cleachtais sin.

Tar éis an feachtas bailithe sínithe a chur i gcrích go rathúil, agus tar éis sínithe a fhíorú, cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go foirmiúil an 17 Samhain 2025, in éineacht le deimhnithe lena ndeimhnítear bailíocht 1,128,063 síniú. Mar chuid de phróiseas freagartha an tionscnaimh ó na saoránaigh, bhuail na heagraithe leis an gCoimisinéir um Chomhionannas, agus um Ullmhacht agus Bainistíocht Ghéarchéime, Hadja Lahbib, an 12 Nollaig 2025 agus chuir siad a dtogra i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 2 Márta 2026.

Ghlac an Coimisiún Eorpach a fhreagra oifigiúil an 13 Bealtaine 2026 trí Theachtaireacht (féach an phreaseisiúint). An lá céanna, bhuail an Coimisinéir Lahbib leis na heagraithe agus d’eisigh sí ráiteas poiblí (féach an físeán).

 Sa mheasúnú uaidh, scrúdaigh an Coimisiún na bealaí dlíthiúla atá ar fáil agus gheall sé Moladh ón gCoimisiún a ghlacadh, lena n-iarrtar ar na Ballstáit cleachtais tiontúcháin a thoirmeasc. D’athdhearbhaigh an Coimisiún freisin gur cheart do bhaill uile an phobail LADTIA+ a bheith in ann a bheith dílis dóibh féin agus a saol a chaitheamh go bródúil, saor ó fhoréigean, ó idirdhealú agus ó eagla.

Léiríodh leis an tionscnamh ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin’ gur féidir le grúpa diongbháilte d’eagraithe pobail saoránaigh ar fud na hEorpa a shlógadh go rathúil, saincheisteanna tábhachtacha a chur ar chlár oibre an Aontais, agus rannchuidiú go fóinteach le ceapadh beartas an Aontais a mhúnlú.

  1. Cláraíodh an tionscnamh 

    24/01/2024

  2. Dáta tosaithe an bhailiúcháin

    17/05/2024

  3. Bailiú dúnta 

    17/05/2025

  4. Fíorú

    16/06/2025

  5. An tionscnamh curtha isteach

    17/11/2025

  6. Freagra tugtha ar an tionscnamh

    13/05/2026

Cad é a chuidigh leis an tionscnamh seo sínithe a bhailiú go rathúil?

A bheith ag troid ar son an mhéid a gcreideann tú ann

Bhí diongbháilteacht na n-eagraithe lárnach i rath an fheachtais.

Muintearas a chothú

Rinneadh difríocht mhór trí chomhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt.

An leas is fearr is féidir a bhaint as na meáin shóisialta 

Bhí ról lárnach ag an láithreacht láidir ar líne san fheachtas.
 

An straitéis taobh thiar den tionscnamh seo

Ullmhúchán

Ba é Mattéo Garguilo, an príomheagraí, a smaoinigh ar an tionscnamh ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin’ agus é fós ina mhac léinn ardscoile, trí go ceithre bliana sular seoladh an tionscnamh. Thart ar 2020, tarraingíodh aird phoiblí shuntasach ar shaincheist na gcleachtas tiontúcháin sa Fhrainc, áit arb as do Mattéo. Is é atá i gceist le Cleachtais Tiontúcháin (tugtar teiripí tiontúcháin orthu freisin) idirghabhálacha atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht inscne nó ar léiriú inscne daoine LADTIA+ a athrú, a chur faoi chois nó a bhrú faoi chois. Chuir sé iontas ar Mattéo go raibh na cleachtais sin fós dleathach i roinnt mhaith tíortha Eorpacha, agus nach bhfuil ach ocht gcinn de na 27 dtír san Aontas tar éis toirmeasc dlíthiúil a thabhairt isteach.

San am céanna, bhí spéis mhór forbartha ag Mattéo sa daonlathas rannpháirteach agus i rannpháirtíocht na saoránach, lena n-áirítear uirlisí mar atá Tionscnamh an Reifrinn Chomhroinnte sa Fhrainc. D’aithin sé gurb é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an uirlis cheart chun an tsaincheist sin a thabhairt chuig an leibhéal Eorpach.

Chun an tionscnamh a sheoladh, bhunaigh Mattéo ACT, an Cumann Eorpach in aghaidh an Chleachtais Tiontúcháin, in éineacht le beirt chairde leis agus é 21 bhliain d’aois nuair a bhí sé ag staidéar ag Institiúid na Staidéar Polaitiúil (I.E.P) de Lyon.

Chun tacaíocht a chothú don fheachtas, chuaigh Mattéo agus comhuachtaráin eile de ACT i dteagmháil le heagraíochtaí LADTIA+ agus le heagraíochtaí um chearta an duine ar fud na hEorpa. Sheol siad níos mó ná 500 ríomhphost chuig eagraíochtaí ar thóir comhpháirtithe a bhí toilteanach dul i mbun feachtais in éineacht leo. Mar eagraíocht nuabhunaithe, bhí sé deacair orthu tacaíocht a fháil ó eagraíochtaí móra ar dtús. Mar sin féin, trí mharthanacht, d’éirigh leo 12 chomhlachas a thabhairt le chéile chun cearta LADTIA+ a chosaint ó 12 Bhallstát éagsúla den Aontas chun an tionscnamh a sheoladh go comhpháirteach.

Tiomsú airgid agus acmhainní

Ní bhfuair na heagraithe aon tacaíocht airgeadais don tionscnamh. Cé gur smaoinigh siad ar thabhartais a lorg, chinn siad ar deireadh gan feachtas tiomsaithe airgid a sheoladh. Mar fhoireann bheag a raibh am agus acmhainneacht theoranta aici, tháinig siad ar an gconclúid go ndéanfaí acmhainní luachmhara a atreorú óna bpríomhchuspóir mar gheall ar an obair riaracháin a bhain leis (mar shampla páipéarachas a chomhlánú, teagmháil a dhéanamh le deontóirí féideartha agus ceanglais chistiúcháin a bhainistiú).

Ina ionad sin, roghnaigh na heagraithe a n-iarrachtaí a dhíriú ar lucht tacaíochta a shlógadh agus sínithe a bhailiú, agus tús áite á thabhairt don fheachtas féin seachas do thiomsú airgid.

Straitéis an fheachtais 

Tháinig athrú gan choinne ar an bhfeachtas ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin’ le linn na tréimhse bailithe sínithe. Cé gur osclaíodh an tréimhse bhailiúcháin i mí na Bealtaine 2024, faoi mhí Aibreáin 2025 níor bailíodh ach thart ar 234,000 síniú tríd an tionscnamh. Agus gan fágtha ach aon mhí amháin, bhí ar na heagraithe fós níos mó ná 770,000 síniú a bhailiú chun an tairseach is gá a bhaint amach.

‘Is é seo an chuid is deacra: daoine a choinneáil gníomhach. Bhíomar ag streachailt go mór leis sin. Stop go leor eagraíochtaí neamhrialtasacha de bheith ag tacú leis an bhfeachtas nuair a stop na sínithe de bheith ag sreabhadh isteach. Is deacair feachtas a choinneáil ar bun ar feadh bliain iomlán.’ – Mattéo Garguilo

D’aithin na heagraithe nach raibh mórán cur amach fós ag daoine ar chleachtais tiontúcháin i gcomparáid le feachtais eile um chearta bunúsacha, mar shampla feachtais um chearta ginmhillte, rud a d’fhág gur lú an seans go dtacódh saoránaigh leis an tionscnamh. Bhí an dúshlán sin le feiceáil go háirithe i dtíortha nach bhfuil cearta daoine LADTIA+ chomh seanbhunaithe céanna iontu, rud a d’fhág go raibh sé níos deacra eagraíochtaí comhpháirtíochta a mhealladh agus aird an phobail a tharraingt.

Thairis sin, bhí an feachtas ag brath go hiomlán ar fhoireann d’oibrithe deonacha mac léinn. Dóibhsean, ba ghníomh gníomhaíochais é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a reáchtáil in éineacht lena gcuid staidéir. Ba iad na meáin shóisialta, go háirithe Instagram, príomhchainéal cumarsáide agus slógtha an fheachtais.

10 lá roimh dheireadh na tréimhse bailiúcháin, sheol na heagraithe iarracht deiridh amháin a d’athraigh an feachtas ó bhonn. Thosaigh siad ag dul i dteagmháil leis an oiread tionchairí, ealaíontóirí agus polaiteoirí agus ab fhéidir, agus d’iarr siad orthu an tionscnamh a fhormhuiniú go poiblí agus a lucht leanúna a spreagadh chun é a shíniú.

Duine de na chéad phearsana poiblí a thug freagra ba ea an t-amhránaí Beilgeach Angèle, a d’iarr ar a lucht leanúna Instagram tacú leis an tionscnamh. Bhí a teachtaireacht simplí agus tarraingteach: gheall sí go dtabharfadh sí póg dá madra cáiliúil in aghaidh gach duine den lucht leanúna a shínigh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

 

Tar éis tacaíocht a fháil ó Angèle agus ón amhránaí Francach Hoshi, ghlac go leor ealaíontóirí eile páirt san fheachtas. Laistigh de chúpla lá, fuair an tionscnamh thart ar 500,000 síniú breise.

Tháinig móiminteam den chineál céanna chun cinn sa réimse polaitiúil. Trí theagmhálacha a bhunaigh eagraíocht fheimineach, ba é páirtí na heite clé de chuid na Fraince an chéad pháirtí polaitiúil a d’fhormhuinigh an tionscnamh, agus d’fhormhuinigh an Páirtí Sóisialach agus na Glasaigh é ina dhiaidh sin. Lá deiridh an fheachtais, d’fhoilsigh Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron teachtaireacht a thacaigh leis an tionscnamh ar na meáin shóisialta. Thart ar 30 nóiméad ina dhiaidh sin, mhol Príomh-Aire na Slóivéine Robert Golob go poiblí do na saoránaigh é a shíniú.

 

Lorg na heagraithe tacaíocht freisin ón bhfoireann atá taobh thiar den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh My Voice, My Choice: a raibh rath air. Chomhaontaigh na heagraithe Slóivéanacha go gcuideoidís tríd an líonra a d’fhorbair siad le linn a bhfeachtais féin a ghníomhachtú, líonra a bhailigh beagnach 1.2 milliún síniú le déanaí.

 

Bhí an comhar sin thar a bheith luachmhar. Chuidigh sé chun go scroicfeadh an feachtas eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Ghearmáin, agus sa Chróit d’éirigh leis an tionscnamh an tairseach náisiúnta a bhaint amach in aon lá amháin.

‘Nuair a d’éirigh linn tír amháin a fháil, bhogamar ar aghaidh go tír eile, agus chuireamar na leantóirí ar aghaidh chun teagmháil a dhéanamh le daoine, bídís ina dtionchairí LADT, ina n-amhránaithe LADT, nó ina mná toisc, go ginearálta, go dtacaíonn mná go mór le cearta LADT.’ – Mattéo Garguilo

Thuig na heagraithe cumhacht na práinne freisin. De réir mar a treisíodh an comhaireamh síos go dtí milliún síniú, spreagadh níos mó daoine chun páirt a ghlacadh ann. Mar aon le haird an phobail ar chearta LADTIA+ a bheith ag dul i méid, chruthaigh an bhraistint phráinne sin an móiminteam is gá chun go n-éireoidh leis an bhfeachtas.

Ba í an Fhrainc an bonn tacaíochta ba láidre a bhí ag an bhfeachtas. Tháinig níos mó ná leath de na sínithe uile ón tír sin, a bhuí den chuid is mó le cuntas Instagram @lecoindeslgbt, a raibh ról mór aige maidir le teachtaireacht an tionscnaimh a scaipeadh. Thacaigh an comharghrúpa feimineach Francach NousToutes leis an gcuntas, rud a chuidigh freisin le lucht tacaíochta a shlógadh agus a d'éascaigh teagmhálacha polaitiúla.

"Chuidigh siad linn go mór, agus mar sin bhrúigh muid ar aghaidh sa Fhrainc, agus bhí roinnt teagmhálacha againn sa pholaitíocht." – Mattéo Garguilo

Bhí toradh ar an straitéis. Thart ar 4 p.m. an lá sular tháinig deireadh leis an tréimhse bhailiúcháin, bhí aon mhilliún síniú sáraithe ag an tionscnamh. Faoin am a dúnadh an feachtas go hoifigiúil, bhí níos mó ná 1.2 milliún síniú bailithe aige.

Bailiú na sínithe agus an próiseas fíorúcháin

Chuir an tionscnamh ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin’ tús oifigiúil lena thréimhse bailithe sínithe an 17 Bealtaine 2024, an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na Homafóibe, na Trasfhóibe agus na Défhóibe, agus chuir sé clabhsúr leis an bhfeachtas bliain ina dhiaidh sin ar an dáta céanna.

Bailíodh an chuid is mó de shínithe an tionscnaimh le linn sheachtain deiridh an fheachtais, rud a léiríonn conas is féidir móiminteam a fhorbairt go tapa sna céimeanna deiridh de Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Tar éis dheireadh na tréimhse bailiúcháin, cuireadh an tionscnamh faoi bhráid na mBallstát go foirmiúil lena scrúdú an 16 Meitheamh 2025. Tar éis an próiseas fíorúcháin a thabhairt i gcrích, deimhníodh go raibh 1,128,063 ráiteas tacaíochta bailí.

An líon ráiteas tacaíochta a bhailigh ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin’ in aghaidh an Bhallstáit

 

Tabhair faoi deara: Bhain ‘Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin san Aontas Eorpach’ na tairseacha íosta amach i ndeich mBallstát Foinse: Suíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, 2026. Tá an tábla iomlán le ráitis tacaíochta ar fáil ar an leathanach gréasáin tiomnaithe de shuíomh gréasáin na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

Le linn an fheachtais, dhírigh na heagraithe a n-iarrachtaí ar thíortha a bhain amach an tairseach náisiúnta le haghaidh Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh go traidisiúnta, amhail an Fhrainc agus an Spáinn, agus dhírigh siad freisin ar Bhallstáit bheaga inar measadh go raibh tacaíocht an phobail an-láidir ann chun cleachtais tiontúcháin a thoirmeasc, lena n-áirítear an tSlóivéin agus Éire.

Tar éis dóibh an chloch mhíle de mhilliún síniú a bhaint amach, lean na heagraithe den fheachtasaíocht seachas stopadh di láithreach. Is é an aidhm a bhí acu lamháil sábháilteachta leordhóthanach a thógáil chun a chur san áireamh go bhféadfaí roinnt sínithe a dhearbhú mar shínithe neamhbhailí le linn an phróisis fíorúcháin. Faoi dheireadh an fheachtais, bhí níos mó ná 1.2 milliún ráiteas tacaíochta bailithe acu, agus iad ag iarraidh a chinntiú go raibh níos mó ná milliún síniú bailí fós ann tar éis an fhíoraithe.

Tionchar an tionscnaimh seo

Tar éis an tionscnamh a chur isteach go foirmiúil, bhuail na heagraithe leis an gCoimisinéir Hadja Lahbib, an Coimisinéir um Ullmhacht, Bainistíocht Ghéarchéime agus Comhionannas, an 12 Nollaig 2025.

  

Éisteacht phoiblí Pharlaimint na hEorpa

Cuireadh an tionscnamh i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa an 2 Márta 2026. D’eagraigh Coiste LIBE an éisteacht le rannpháirtíocht an Choiste um Achainíocha (PETI) agus rannpháirtíocht an Choiste um Chomhionannas Inscne agus um Chearta na mBan (FEMM). Le linn éisteacht na Parlaiminte, luaigh na heagraithe go bhfuil siad go maith ar an eolas faoi na deacrachtaí a bhaineann le reachtaíocht a mholadh agus thagair siad do Mholadh ón gCoimisiún a eisiúint mar bheart a bhféadfadh éifeachtaí tapa a bheith aige.

 

Leanadh den ábhar a phlé i bParlaimint na hEorpa. An 25 Márta 2026, bhí díospóireacht ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an tionscnamh sin ina seisiún iomlánach (féach ar an taifeadadh anseo). Thairis sin, thart ar mhí níos déanaí, an 29 Aibreán 2026, ghlac Coiste LIBE an tuarascáil bhliantúil ar staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2024-2025. Sa tuarascáil sin, chuir an Coiste na torthaí a baineadh amach leis an tionscnamh san áireamh trína lua, ag pointe 57, ‘gurb ionann an easpa nósanna imeachta dlíthiúla maidir le haitheantas inscne agus sárú ar chearta bunúsacha; ag cáineadh cleachtais tiontúcháin, amhail cleachtais atá dírithe ar ghnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne duine a athrú nó a chur faoi chois, mar sháruithe ar chearta bunúsacha, agus ag tathant ar an gCoimisiún dul i ngleic leo trí ghníomhaíochtaí nithiúla; ag tathant thairis sin ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, togra a chur i láthair le haghaidh gníomh dlíthiúil lena leagtar amach toirmeasc de chuid an Aontais ar chleachtais tiontúcháin i ngach Ballstát mar ghníomh leantach don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Toirmeasc ar chleachtais tiontúcháin san Aontas Eorpach;'

Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach

Chuir an Coimisiún san áireamh cheana féin an 'Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin' agus luaigh sé é sa Straitéis um Chomhionannas LADTIA+ 2026-2030, , a glacadh an 8 Deireadh Fómhair 2025. D'fhógair an Coimisiún, 'go gcuirfidh an Coimisiún idirphlé struchtúrtha ar an ábhar chun cinn freisin, go háirithe tríd an ngrúpa saineolaithe um chomhionannas LADTIA+, faoin nGrúpa Ardleibhéil um Neamh-idirdhealú, Comhionannas agus Éagsúlacht. Ar bhonn thorthaí an staidéir, déanfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí chun cleachtais tiontúcháin a chomhrac, agus cuirfear béim ar leith ar thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, a bhfuil ról ríthábhachtach acu sa réimse sin. […] Agus a chur chuige á fhorbairt aige maidir le cleachtais tiontúcháin a chomhrac, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, go háirithe, an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh le déanaí, 'Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach'.

Tar éis sin, ghlac an Coimisiún Eorpach a fhreagairt fhoirmiúil ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an 13 Bealtaine 2026 trí Theachtaireacht (féach an phreaseisiúint). 

Leis an tionscnamh, iarradh ar an gCoimisiún gníomh reachtach ceangailteach a mholadh lena ndéanfaí cleachtais tiontúcháin a thoirmeasc ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina mheasúnú, áfach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gceanglófaí le reachtaíocht den sórt sin bunús dlí nua a bhunú ar dtús trí chinneadh d’aon toil ón gComhairle lena leathnófaí liosta choireanna an Aontais Eorpaigh (‘coireanna Eorpacha’), agus treoir a ghlacadh ina dhiaidh sin bunaithe ar an mbunús dlí sin. Mheas an Coimisiún nach mbeadh próiseas den sórt sin a thionscnamh ar an mbealach is éifeachtaí chun cleachtais tiontúcháin a chomhrac.

Dá bhrí sin, d’fhógair an Coimisiún go nglacfadh sé, in 2027, Moladh ón gCoimisiún lena spreagfaí na Ballstáit chun cleachtais tiontúcháin a thoirmeasc. Cuirfidh an Moladh leis na dea-chleachtais a forbraíodh sna Ballstáit a bhfuil toirmisc dhlíthiúla tugtha isteach acu cheana féin agus ullmhófar é trí phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin, lena n-áirítear leis an nGrúpa Saineolaithe um Chomhionannas LADTIA+ agus leis an bhFóram Beartais LADTIA+ nua. Cuirfidh an obair freisin leis an grinnstaidéar leanúnach ar chleachtais tiontúcháin, a bhfuil coinne lena thorthaí go luath in 2027.

Bhuail an Coimisinéir Lahbib le heagraithe an tionscnaimh an lá a glacadh an freagra ón gCoimisiún, an 13 Bealtaine 2026, chun a bhfuil ann a mhíniú dóibh. Tar éis an chruinnithe, thug an Coimisinéir Lahbib preasráiteas ina ndúirt sí: 

‘Do gach duine LADTIA+ a d’fhulaing faoi na cleachtais seo: ní raibh aon rud cearr leat. Ní raibh tú le deisiú. Tá tú breá foirfe mar atá tú. Agus seasann an tAontas Eorpach leat.’

Tionchar reachtach agus obair leantach

Chuir na heagraithe mothúcháin éagsúla in iúl maidir le freagairt an Choimisiúin. Cé gur dhíol sásaimh dóibh cáineadh soiléir an Choimisiúin ar chleachtais tiontúcháin agus a ghealltanas na Ballstáit a spreagadh chun iad a thoirmeasc, ba chúis aiféala dóibh gur roghnaigh an Coimisiún gan gníomh reachtach ceangailteach a mholadh ar leibhéal an Aontais.

Mar sin féin, gheall na heagraithe agus a líonra leanúint dá n-abhcóideacht maidir leis an tsaincheist sin agus maidir le hábhair ghaolmhara, lena n-áirítear trí thacú le Tionscnaimh Eorpacha eile ó na Saoránaigh atá fós ar oscailt chun sínithe a bhailiú.

Leideanna agus noda d’eagraithe a bheidh ann amach anseo

Brath ar líonraí

Ní raibh ach beirt phríomheagraithe i gceist le ACT, an eagraíocht a thacaigh leis an tionscnamh. Mar sin féin, bhí an líonra leathan a thóg siad ar fud na hEorpa ar cheann de na láidreachtaí is mó a bhí ag an bhfeachtas. Trí bheith ag obair go dlúth le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le hoibrithe deonacha, le tionchairí agus le tionscnaimh chomhpháirtíochta, bhí an feachtas in ann i bhfad níos mó a bhaint amach ná an méid a d’fhéadfadh foireann bheag den sórt sin a bhaint amach gan iad.

Bain úsáid as na meáin shóisialta chun do leasa féin

Bhí sé ríthábhachtach móiminteam a chruthú chun go n-éireodh leis an bhfeachtas. Molann na heagraithe práinn a chur in iúl, go háirithe ag céimeanna deiridh an fheachtais, agus obair le tionchairí agus le cruthaitheoirí ábhair i dtíortha éagsúla. A luaithe a fhaigheann feachtas infheictheacht agus rannpháirtíocht ar líne, is féidir leis na meáin shóisialta a raon feidhme a mhéadú go mór agus cuidiú le lucht tacaíochta nua a mhealladh.

Straitéis an fheachtais thírbhunaithe a fhorbairt

Seachas iarracht a dhéanamh dul i mbun feachtais i ngach áit ag an am céanna, dhírigh na heagraithe ar dtús ar na Ballstáit inar chreid siad go raibh an deis is fearr acu an tairseach náisiúnta a bhaint amach. A luaithe a cuireadh tús le móiminteam i dtír amháin, d’aistrigh siad a n-aird chuig an gcéad tír eile, agus spreag siad an lucht tacaíochta chun teagmháil a dhéanamh le tionchairí áitiúla, ealaíontóirí, pearsana poiblí agus eagraíochtaí a d’fhéadfadh cuidiú leis an teachtaireacht a scaipeadh. 

Bí ullamh agus ná tabhair isteach riamh

Tá foireann thiomanta a chreideann sa chúis ríthábhachtach. Tá diongbháilteacht agus athléimneacht ag teastáil le haghaidh fheachtas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, ós rud é gur féidir cor gan choinne a bheith ann agus sínithe á mbailiú, agus gur féidir móiminteam a bhaint amach tráth ar bith.

Eolas breise

Tá eolas breise maidir le 'Toirmeasc ar Chleachtais Tiontúcháin' le fáil ar an leathanach tiomnaithe ar shuíomh gréasáin na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus ar leathanach Instagram an tionscnaimh.