Eolas faoin mBeartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach
Is é an Beartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach an t-aonú Tionscnamh Eorpach déag ó na Saoránaigh (TES) ar éirigh leis an tacaíocht is gá a fháil. Iarradh leis an TES go ndéanfaí an méid seo a leanas le beartas comhtháthaithe an Aontais:
- Comhionannas a chinntiú do na réigiúin sin a bhfuil saintréithe náisiúnta, eitneacha, cultúrtha, reiligiúnacha nó teanga acu atá éagsúil le saintréithe na réigiún máguaird;
- Comhionannas deiseanna a chinntiú do na réigiúin sin chun gur féidir leo rochtain a fháil ar chistí éagsúla de chuid an Aontais;
- Caomhnú a saintréithe agus a bhforbairt eacnamaíoch chuí a ráthú, riaráiste eacnamaíoch a chosc agus an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche a choinneáil ag gabháil, chun forbairt an Aontais a chothú agus a éagsúlacht chultúrtha a choinneáil ar bun.
Cuireadh tús leis na hullmhúcháin don tionscnamh chomh luath le 2011, fiú sular tháinig an chéad Rialachán TES i bhfeidhm. I gcaitheamh an fheachtais, shlóg na heagraithe pobail ar fud na hEorpa agus bhailigh siad os cionn milliún síniú fíoraithe ar deireadh.
Tar éis don Choimisiún diúltú an tionscnamh seo a chlárú ar dtús in 2013, cláraíodh ar deireadh é an 7 Bealtaine 2019, ar dhóigh cháilithe. Cláraíodh an tionscnamh bunaithe ar an tuiscint gurb é is aidhm don tionscnamh díriú ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh gníomhartha dlíthiúla lena leagtar amach cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha agus ar choinníoll go ndéanfar neartú ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais de thoradh na ngníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú.
Bhí moill ar an tionscnamh ag an tús i gcomparáid le tionscnaimh eile ar éirigh leo. Chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar an bhfeachtas, cuireadh síneadh bliana leis an tréimhse bhailiúcháin go dtí an 4 Aibreán 2021 [i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/1042, Cinneadh C(2020) 9226, agus Cinneadh C(2021) 1121]. D’ainneoin na mbacainní sin, bhain an tionscnamh cloch mhíle shuntasach amach – 1,269,351 ráiteas tacaíochta fíoraithe a bhailiú. Comhlíonadh na tairseacha íosta in ocht mBallstát.
Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh go foirmiúil lena scrúdú an 4 Márta 2025 (preasfhógra). D’fhreagair an Coimisiún trí Theachtaireacht a fhoilsiú ina leagtar amach a sheasamh an 3 Meán Fómhair 2025.
Diúltaíodh don chlárú
26/07/2013
Cláraíodh an tionscnamh
07/05/2019
Tosaíodh ar bhailiú sínithe
07/05/2019
Dúnadh an tréimhse bailithe sínithe
07/05/2021
Síneadh COVID-19 san áireamh
Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh
04/03/2025
Thug an Coimisiún Eorpach freagra ar an tionscnamh
03/09/2025
Leideanna agus cleasa d’eagraithe nua
Seo a leanas roinnt leideanna tábhachtacha ó eagraithe an ‘Bheartais Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach’, chun a chinntiú go n-éireoidh le d’fheachtas:
Go hidéalach, ba cheart do gach comhalta a bheith ina phríomhfheachtasóir ina thír nó ina réigiún féin.
Tabhair isteach gníomhaithe paiseanta sula dtuga tú isteach baill foirne ghairmiúla, agus líon na bearnaí i gcás inar gá.
D’fhéadfadh sé nach dtiocfaí dlíthe nua díreach as Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i gcónaí, ach is féidir feasacht a mhúscailt, saincheisteanna a dtugtar neamhaird orthu a chur ar chlár oibre an Aontais agus líonraí marthanacha a fhorbairt dá bharr.
Bain úsáid as ábhar barántúil atá ábhartha go háitiúil, arna thabhairt ag daoine a bhfuil meas orthu, seachas a bheith ag brath ar theachtaireachtaí cineálacha.
Chun go n-éireoidh leis an tionscnamh, tá gá le hathléimneacht i bhfianaise dúshláin dhlíthiúla, pholaitiúla nó phraiticiúla. Bain úsáid as seimineáir ghréasáin agus ceardlanna arna n-eagrú ag Fóram TES chun foghlaim ó eagraithe a bhfuil taithí acu agus chun ullmhú do bhacainní a d’fhéadfadh a bheith ann.
Faigh tuilleadh eolais faoin tionscnamh seo i mblagphostáil le duine de na heagraithe, Attila Dabis.
An straitéis atá taobh thiar den tionscnamh seo
Ullmhúchán
Chuir eagraithe an tionscnaimh tús leis an ullmhúchán in 2011, sular tháinig an chéad Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh i bhfeidhm. Le linn na tréimhse ullmhúcháin sin, bhí cuspóirí soiléire roimh na heagraithe agus dhírigh siad ar a dtionscnamh a fhoirmliú go cúramach. Bhí sé ríthábhachtach do na heagraithe go dtiocfadh an tionscnamh le Conarthaí an Aontais agus go dtabharfadh sé aghaidh ar ábhar gearáin na bpobal sna ‘réigiúin náisiúnta’. Ina theannta sin, d’oibrigh na heagraithe go gníomhach le saineolaithe i ndlí an Aontais chun a chinntiú nach bhféadfadh an Coimisiún diúltú don togra ar fhorais easpa inniúlachta.
Ní raibh an chéim ullmhúcháin éasca i gcás an ‘Bheartais Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Caomhnú na gCultúr Réigiúnach’ toisc gur dhiúltaigh an Coimisiún Eorpach don chéad iarratas ar chlárú an 26 Iúil 2013. Ba é an t-údar a bhí leis an diúltú nár tháinig éilimh an tionscnaimh faoi chumhachtaí an Choimisiúin gníomhartha dlí de chuid an Aontais a mholadh. Rinneadh agóid i gcoinne an chinnidh sin ón gCoimisiún os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, a sheas le clárú páirteach an togra (preaseisiúint). Mar thoradh air sin, ghlac sé roinnt blianta an tionscnamh a chlárú go foirmiúil agus, ar deireadh, cláraíodh an 7 Aibreán 2019 é.
Bhí sé riachtanach líonra comhpháirtithe agus oibrithe deonacha a fhorbairt chun go n-éireodh leis an TES seo. Thacaigh 20 eagraíocht agus 60 bardas leis an tionscnamh seo. Fuair na heagraithe tacaíocht freisin ó roinnt brateagraíochtaí amhail Aontas Cónaidhme na Náisiúntachtaí Eorpacha (FUEN), an tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach (EFA) agus an Líonra Eorpach um Chomhionannas Teanga (ELEN).
Bhí sé ríthábhachtach freisin láithreacht ar líne a chruthú don tionscnamh seo, toisc gur le linn phaindéim COVID-19 a bailíodh na sínithe, agus níorbh fhéidir imeachtaí a dhéanamh ar an láthair dá bhrí sin. Thóg na heagraithe suíomh gréasáin ilteangach agus eolas cúlra faoin tionscnamh, éilimh an tionscnaimh, agus acmhainní ann. Ina theannta sin d’fhorbair na heagraithe a láithreacht ar líne ar na meáin shóisialta: Facebook (8,400 leantóir), Instagram (345 leantóir), X (Twitter roimhe seo) (649).
I gcás TESanna a cláraíodh tar éis an 1 Eanáir 2020, tá suas le sé mhí ag na heagraithe ón dáta clárúcháin chun tús a chur le sínithe a bhailiú, rud a fhágann go mbeidh an t-am ann chun ullmhúchán a dhéanamh. Roimh an athrú sin, bhí ar thionscnaimh tosú ar shínithe a bhailiú díreach tar éis don Choimisiún Eorpach iad a chlárú.
Tiomsú airgid agus acmhainní
Ar an iomlán, bhailigh eagraithe an tionscnaimh ‘Beartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach’ tacaíocht agus cistí dar luach €11,933.
Foinsí maoiniúcháin (€)
Nóta: Tá tuilleadh eolais faoi thacaíocht agus maoiniú an tionscnaimh seo le fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin ina leith. Ní gá ach ranníocaíochtaí os cionn €500 in aghaidh an urra a thuairisciú.
Straitéis an fheachtais agus plean bailithe sínithe
Shainaithin na heagraithe an Ungáir as measc na bpríomhthíortha ar a ndíreofaí chun sínithe a bhailiú, i ngeall ar íogaireacht stairiúil láidir na tíre sin ar staid réigiún mionlach náisiúnta. Ina theannta sin, shainaithin na heagraithe réigiúin náisiúnta ábhartha ar fud an Aontais Eorpaigh a d’fhéadfadh cuidiú leis na heagraithe an tairseach sínithe is gá a shárú ina mBallstáit faoi seach, rud a chinntigh gur bhain siad an t-íosmhéid amach, is é sin seacht dtír, agus tacaíocht cháilithe acu. Orthu sin, mar shampla, bhí an Chatalóin agus Tír na mBascach sa Spáinn, Flóndras sa Bheilg, an Ghaeltacht in Éirinn, agus Szeklerland sa Rómáin, i measc réigiúin eile.
Is éard a bhí san fheachtas sraith ’mionfheachtas’ a cuireadh in oiriúint do chomhthéacsanna áitiúla. Bhí scileanna scéalaíochta agus idirphearsanta riachtanach do na heagraithe. Níor leor fíricí agus figiúirí amháin chun daoine a spreagadh le gníomhú. Ina ionad sin, b’éigean do na heagraithe a dteachtaireacht a chur in iúl ar bhealach a rachadh i gcion ó thaobh na mothúchán de ar phobail ó chúlraí éagsúla cultúrtha, sóisialta agus polaitiúla. Is éard a bhí i gceist leis sin scéalta barántúla inspéise a chur i dtoll a chéile i dteangacha áitiúla ina gcuirfí béim ar an bhfíorshaol agus ar an streachailt taobh thiar den tionscnamh.
D’aithin na heagraithe freisin gur féidir leis an scéalaíocht atá bunaithe ar chomhbhá agus ar thaithí saoil miondifríochtaí mhothúchán an duine a léiriú. Is le léargas an duine a bhíothas in ann solas a chaitheamh ar na cúiseanna níos doiléire a bhíonn ag daoine le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a shíniú. I ré ina bhfuilimid ar maos le heolas, is minic a bhraitheann pobail faoi bhrú nó nach bhfuil siad rannpháirteach ann. Chuidigh scéalta barántúla cruthaitheacha chun an torann a shárú, rud a d’fhág go raibh daoine ag stopadh, ag déanamh a machnaimh agus, ar deireadh, ag cinneadh tacú leis an gcúis. Léirigh an méid sin nach uirlis chumarsáide amháin a bhí sa scéalaíocht, ach croí agus anam an fheachtais.
Bailiú na sínithe agus an próiseas fíorúcháin
Bhain eagraithe an tionscnaimh ‘Beartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach’ úsáid as an lárchóras bailithe ar líne. Bhain na heagraithe úsáid as a líonra comhpháirtithe agus oibrithe deonacha chun coinneáil leis an dul chun cinn agus chun leanúint dá bhfeachtas a phoibliú le linn na tréimhse bailithe sínithe.
Dúnadh an tréimhse bailithe sínithe an 7 Aibreán 2021. Tar éis síneadh a chur leis an tréimhse bailithe sínithe, is 1,418,659 síniú a bailíodh ar deireadh leis an tionscnamh i 27 mBallstát den Aontas. Sa phróiseas fíorúcháin foirmiúil, bhailíochtaigh na húdaráis náisiúnta figiúr deiridh 1,269,351 shíniú. Baineadh na tairseacha ba ghá amach in ocht mBallstát.
Líon na ráiteas tacaíochta arna mbailiú in aghaidh an Bhallstáit ag an mBeartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach
Léiríonn na ticmharcanna ar an gcairt na Ballstáit inar baineadh amach an tairseach íosta sínithe is gá chun tacú leis an tionscnamh. Bhain eagraithe an tionscnaimh ‘Beartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach’ na tairseacha íosta amach in ocht mBallstát. Tá an tábla iomlán ina bhfuil na ráitis tacaíochta le fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.
Tar éis na sínithe a bhailíochtú, chuir na heagraithe moill straitéiseach ar thíolacadh an tionscnaimh chuig an gCoimisiún Eorpach, nó bhí siad ag fanacht le Parlaimint nua na hEorpa agus Coimisiún nua dul i mbun oifige agus súil acu go nglacfaí leo ar bhealach ní b’fhabhraí. Cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn foirmiúil an 4 Márta 2025, rud a chuir tús leis an tréimhse imscrúdaithe 6 mhí.
I gcás tionscnaimh a cláraíodh tar éis an 1 Eanáir 2020, ní mór d’eagraithe a dtionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an deimhniú fíoraithe deireanach a fháil ó údaráis na mBallstát, ina bhfuil an líon sínithe bailí in aghaidh na tíre. Roimh an athrú sin, ní raibh aon sprioc-am ann chun tionscnamh a chur isteach.
Sular cuireadh an tionscnamh faoi bhráid an Choimisiúin, dhírigh na heagraithe ar chéim de phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh nach bhfuil chomh feiceálach céanna, céim a bhfuil níos mó obair thaidhleoireachta i gceist léi. Is éard a bhí i gceist leis an gcéim sin dul i dteagmháil ar chúla téarmaí le comhaltaí den Choimisiún Eorpach agus le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.
Tionchar an tionscnaimh seo
Tíolacadh foirmiúil an tionscnaimh agus cruinnithe leis an gCoimisiún
Tar éis an tionscnamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn foirmiúil an 4 Márta 2025, bhuail na heagraithe le Raffaele Fitto, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhtháthú agus Athchóirithe, an 25 Márta 2025 (clúdach grianghraf).
(© An tAontas Eorpach, 2025)
Éisteacht phoiblí Pharlaimint na hEorpa
An 25 Meitheamh 2025, thionóil Parlaimint na hEorpa éisteacht phoiblí maidir leis an tionscnamh ‘Beartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach’ (taifeadadh). Chuir na heagraithe cuspóirí an tionscnaimh i láthair agus rinne siad plé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (príomhphointí na héisteachta sa Pharlaimint).
Díospóireacht iomlánach i bParlaimint na hEorpa
Pléadh an tionscnamh ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 10 Iúil 2025 (taifeadadh).
Freagra foirmiúil ón gCoimisiún Eorpach
Ghlac an Coimisiún Eorpach teachtaireacht an 3 Meán Fómhair 2025 inar leag sé amach a fhreagra ar an tionscnamh. Rinneadh measúnú sa Teachtaireacht ar fhiúntas gach togra sa tionscnamh, mar a shainítear sa chinneadh clárúcháin (preaseisiúint).
D’athdhearbhaigh an Coimisiún a thiomantas rochtain neamh-idirdhealaitheach a chinntiú ar mhaoiniú ón Aontas agus cóir chomhionann a fhorfheidhmiú laistigh den bheartas comhtháthaithe. Mar sin féin, chuir an Coimisiún i bhfios nach bhfuil sé d’inniúlacht aige ‘réigiúin náisiúnta’ a shainiú ná a aithint ná teorainneacha riaracháin náisiúnta a athrú. Mhaígh sé freisin nach bhfuil gá le haon athrú reachtach breise, ós rud é go dtugann na Conarthaí agus an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair cosaint leordhóthanach cheana féin do mhionlaigh náisiúnta. Sa bhreis air sin, tá go leor deiseanna ann tacú le leathnú liosta na réigiún in Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a leathnú, ós rud é go sainítear míbhuntáistí réigiúnacha go príomha de réir tosca struchtúracha agus eacnamaíocha, seachas de réir sainiúlachtaí cultúrtha nó teanga.
Thairis sin, mhol an Coimisiún beartas neartaithe nuachóirithe maidir le comhtháthú agus fás faoi chuimsiú an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile do 2028-2034. Tá an creat sin ceaptha chun a chinntiú go gcuirfidh na Ballstáit sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun comhlíonadh na Cairte um Chearta Bunúsacha agus urraim don smacht reachta a ráthú i bpleananna comhpháirtíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha. I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, chuir an Coimisiún in iúl go soiléir go gcoinneofaí siar na híocaíochtaí comhfhreagracha.
Cad é a chuidigh leis an tionscnamh seo sínithe a bhailiú go rathúil?
Ullmhúchán straitéiseach
Cuireadh spriocanna an tionscnaimh in iúl ar bhealach a chuaigh i gcion ar phobail a ndearnadh difear dóibh agus ar phobal na hEorpa i gcoitinne araon. Chuidigh teachtaireachtaí saincheaptha sna teangacha dúchais, arna gcur ar fáil ag daoine áitiúla iontaofa, chun móiminteam a fhorbairt.
Díriú ar mhodhanna feachtasaíochta ar líne
Nuair a bhuail COVID-19, cuireadh an feachtas in oiriúint go tapa. Is go digiteach a bailíodh os cionn 80% de na sínithe, trí úsáid a bhaint as ardán an Choimisiúin ar líne. Chinntigh an méid sin teagmháil leathan agus slándáil sonraí á coinneáil ar bun ag an am céanna.
Diongbháilteacht
D’ainneoin an sceipteachais, na ndúshlán dlíthiúil, agus chur isteach na paindéime, bhí na heagraithe diongbháilte i gcónaí. Bhí a dtiomantas ríthábhachtach chun constaicí a shárú, agus ar deireadh, baineadh na tairseacha ba ghá amach chun go n-éireodh leo.
Tuilleadh eolais
Tá tuilleadh eolais faoi ‘Beartas Comhtháthaithe maidir le Comhionannas na Réigiún agus Inbhuanaitheacht na gCultúr Réigiúnach’ le fáil ar leathanach gréasáin tiomnaithe an Choimisiúin.
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
