Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin ‘An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) céim ar chéim’, 2021

Dáta tosaigh: 18/05/2021
Dáta deiridh: 18/05/2021
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 27/05/2021

Tá taifeadadh den seimineár gréasáin ar fáil thíos

Cainteoirí:

Olga Kurpisz, Oifigeach Beartas – an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, an Coimisiún Eorpach

Olga Kikou, Stiúrthóir Oifig an Aontais, Compassion in World Farming

Hendrik Nahr, Comhordaitheoir For-rochtana um an Daonlathas Eorpach, ECAS

Teanga: EN

Má chaill tú amach ar an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla) chun tuilleadh eolais a fháil faoi na céimeanna éagsúla a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Chuir eagraí tionscnaimh agus baill ó fhoireann TES sa Choimisiún Eorpach eolas ar fáil mar chuid den seimineár.

 

Olga Kurpisz, Oifigeach Beartas – an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, an Coimisiún Eorpach. Oibríonn Olga leis an gCoimisiún Eorpach agus is í atá freagrach as beartais de chuid an Choimisiúin a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a shainiú agus a chur chun feidhme, cuir i gcás trí dhul trí na nósanna imeachta chun tionscnamh a chlárú, lena n-áirítear anailís dhlíthiúil a dhéanamh, cinntí ón gCoimisiún a dhréachtú agus nósanna imeachta glactha a bhainistiú. Tá roinnt blianta de thaithí aici ag obair go dlúth ar TES agus tá tuiscint chuimsitheach aici ar an tionscnamh, ar an leibhéal teoiriciúil agus praiticiúil araon.

Olga Kikou, Stiúrthóir Oifig an Aontais, Compassion in World Farming. Is duine d’eagraithe an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ‘End the Cage Age’ [Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta] í Olga. Le ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’, iarradh ar an gCoimisiún Eorpach deireadh a chur leis an gcaoi mhídhaonna a gcaitear le hainmhithe feirme, sin agus aird a dhíriú ar an gcleachtas atá ann faoi láthair san Aontas lena gcoinnítear na milliúin ainmhithe feirme i gcásanna don chuid is mó dá saol, rud is cúis le fulaingt mhór. D’éirigh le ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’ tacaíocht a fháil ó bhreis agus 1.4 milliún sínitheoir fhíoraithe, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na tionscnaimh is rathúla a bhí ann go dtí seo.

Hendrik Nahr, Comhordaitheoir For-rochtana um an Daonlathas Eorpach, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS). Faoi láthair, tá Hendrik ag obair ar réimse tionscadal a bhaineann le rannpháirtíocht saoránach agus le gníomhaíocht na saoránach san Eoraip. Tá sé freagrach freisin as straitéis for-rochtana agus scaipthe réimse fócais an Daonlathais Eorpaigh de chuid ECAS. Tá bonn eolais as cuimse ag Hendrik maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh trí pháirt a ghlacadh i mbainistiú Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, ar spás é inar féidir le saoránaigh na hEorpa eolas praiticiúil agus comhairle a fháil i dtaca leis an Tionscnamh.

 

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá agus focal fáilte le Hendrik Nahr [Nóiméad 1 go 4]

2. Cur i láthair le Olga Kurpisz, céimeanna oifigiúla gnásúla an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh [Nóiméad 4 go 20]

3. Cur i láthair le Hendrik Nahr, tacaíocht ón bhFóram le linn na céime ullmhúcháin de thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh [Nóiméad 20 go 28]

4. Cur i láthair le Olga Kikou, nós imeachta an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ó dhearcadh eagraithe [Nóiméad 28 go 41]

5. Píosa cainte ó Olga Kurpisz maidir le rialacha nua an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh faoin rialachán athbhreithnithe. [Nóiméad 41 go 48]

6. Cur i láthair le Hendrik Nahr, tacaíocht a fháil ón bhFóram le linn an phróisis bailithe sínithe [Nóiméad 48 go 52]

7. Cur i láthair le Olga Kikou, na sínithe a bhailítear a chur isteach faoin gcreat dlíthiúil athbhreithnithe [Nóiméad 52 go 58]

8. Ceisteanna agus freagraí leis an lucht féachana [Nóiméad 58 go 75]

 

Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Cad iad na céimeanna gnásúla éagsúla den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus conas a chuir an rialachán nua feabhas ar an bpróiseas trí chéile?

- Cén cineál eispéiris, ag na céimeanna éagsúla, a bhí ag eagraí tionscnaimh ar éirigh leis?

- Cad iad na príomhrudaí ar ar cheart d’eagraithe díriú ag céimeanna éagsúla?

- Cad é Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus cad iad na feidhmeanna tacaíochta éagsúla a chuireann sé ar fáil d’eagraithe le linn na gcéimeanna éagsúla?

 

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Is féidir an nós imeachta foirmiúil a scaradh ina 6 chéim, is iad sin: 1. tús a chur le tionscnamh 2. tionscnamh a chlárú 3. céim an bhailithe sínithe 4. an próiseas fíoraithe 5. an tionscnamh a chur isteach 6. freagra a thabhairt ar an tionscnamh.

- Ó dhearcadh an eagraithe, baineann dúshláin éagsúla le céimeanna éagsúla an tionscnaimh. Tá sé tábhachtach an obair ullmhúcháin a dhéanamh i bhfad sula seolann tú tionscnamh. Maidir le céim an bhailithe sínithe den tionscnamh, thuas seal agus thíos seal a bheidh an chéim sin. Tá sé tábhachtach pleananna malartacha a bheith ar intinn agat, agus a bheith cruthaitheach. Tá sé fíor-riachtanach a bheith réamhghníomhach agus ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú ag gach céim den phróiseas.

- Cuirtear cabhair agus cúnamh ar fáil d’eagraithe le linn gach céime de thionscnamh. Moltar go láidir caidrimh oibre mhaithe a chothú le foireann TES an Choimisiúin agus le foireann an Fhóraim freisin.

- Is ardán é Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a dtugtar rochtain saor in aisce do chách air. Cuirtear eolas tábhachtach ar fáil air chun cuidiú le heagraithe le linn na gcéimeanna gnásúla éagsúla den tionscnamh. Is féidir leat rudaí a fhoghlaim ó sheimineáir ghréasáin, nótaí treorach, scéalta ratha, agus teistiméireachtaí. Cuireann an Fóram ar do chumas duit rudaí a phlé le daoine eile, agus nascadh leo. Is féidir leat comhairle a lorg freisin, agus ceisteanna níos mionsonraithe a sheoladh chuig saineolaithe dlí/feachtasaíochta chun comhairle shaincheaptha a fháil uathu.

Webinar 'The ECI step by step’, 2021 Recording

Sleamhnáin láithreoireachta

Presentation Olga Kurpisz
Béarla
(1.76 MB - PDF)
Íoslódáil
Presentation Hendrik Nahr
Béarla
(1.29 MB - PDF)
Íoslódáil
Presentation Olga Kikou
Béarla
(942.94 KB - PDF)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?