Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Mic léinn ag iarraidh deireadh a chur le díolúine cánach ceirisín d’eitiltí AE

Arna nuashonrú an: 05/07/2019

 

Ar an 10 Bealtaine 2019, chláraigh an Coimisiún Eorpach an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Deireadh a chur leis an díolúine ó cháin ar bhreosla eitlíochta san Eoraip’. Tá mic léinn ó gach cearn den Eoraip ag iarraidh deireadh a chur le díolúine chánach d’eitiltí laistigh den AE.

 

A bhfuil i gceist lenár dtionscnamh

Is é is aidhm do thionscnamh na saoránach cáin a thabhairt isteach ar bhreosla ceirisín eitlíochta le haghaidh eitiltí intíre agus eitiltí laistigh den Eoraip. Cé go bhfuil na roghanna malartacha níos glaise ar an eitlíocht faoi réir cánacha arda, tairbhíonn tionscal na heitlíochta de go leor díolúintí cánach éagórach. Tá an breosla eitlíochta fós gan cháin san Eoraip agus ní fhorchuireann na Ballstáit CBL ar thicéid eitleáin, rud a fhágann gur modh iompair tarraingteach é an eitlíocht, ach is í an eitlíocht an modh is déine ó thaobh carbóin de.

Leis na fóirdheontais sin d’earnáil na heitlíochta, cruthaítear dreasachtaí do thomhaltóirí úsáid níos mó a bhaint as an modh iompair is déine ó thaobh carbóin de seachas roghanna malartacha atá níos glaise, agus ní spreagann siad earnáil na heitlíochta astaíochtaí a laghdú. Mar thoradh air sin, is foinse mhór astaíochtaí CO2 í an eitlíocht, rud a chuireann lena hastaíochtaí faoi 21 % laistigh den Eoraip le trí bliana anuas, agus táthar ag tuar go leanfaidh sí de bheith ag fás (Iompar agus Comhshaol, 2019). Má tá an Eoraip chun a spriocanna aeráide a bhaint amach, tá gá le gníomhaíocht agus tá ról lárnach ag beartas cánach.

Cé sinne

Is grúpa mac léinn reatha agus iardhaltaí sinn as gach cearn den Eoraip. Dá réir sin, tá comhaltaí ár gCoiste ina gcónaí sa Fhrainc, sa Ghréig, sa Bheilg, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Ríocht Aontaithe agus san Ísiltír.

An fáth ar chuireamar tús leis an tionscnamh ó na saoránaigh

Cuireadh tús lenár dturas nuair a thugamar faoi deara go bhfuil an modh iompair is déine ó charbón – eitlíocht – lasmuigh de theorainneacha an chánachais san Eoraip. D’ainneoin infhaighteacht agus úsáid eitiltí tráchtála a bheith ag dul i méid i gcónaí, níor tugadh aghaidh ar na tionchair ar an gcomhshaol. Thuigeamar nach bhfuil formhór na ndaoine ar an eolas faoi na contúirtí a bhaineann le hearnáil na heitlíochta a fhorbairt agus d’fhéachamar le haird ní hamháin ar lucht déanta beartas a tharraingt, ach go háirithe ar shaoránaigh na hEorpa iad féin.

An dá sprioc atá uainn a bhaint amach

Ar an gcéad dul síos, leis an athrú beartais, molaimid go gcuirfí deireadh leis na díolúintí cánach brabúsacha a chuir ar chumas earnáil na heitlíochta monaplacht a dhéanamh ar thaisteal fad-achair, rud a d’fhág go mbeadh iomaíocht mhíchothrom ann agus a bheadh thíos le roghanna taistil níos inbhuanaithe. Molaimid cáin a thabhairt isteach ar bhonn cúlchéimnitheach, rud a chiallaíonn go mbeadh cáin níos airde i gcás eitiltí gearrachair. Ar an mbealach seo, is féidir linn daoine a dhreasú chun eitleáin a sheachaint ar feadh achair ghairide.

Áirítear sa dara cuid dár dtogra chuig an gCoimisiún moladh go n-úsáidfí an t-ioncam cánach a ghintear chun iarnróid fhada a fhorbairt agus a fheabhsú. Is riachtanas dúbailte é an tionscal iarnróid a fhorbairt agus a fhóirdheonú agus deireadh a chur leis an díolúine cánach ceirisín ag an am céanna chun astaíochtaí iompair an AE ón eitlíocht a laghdú. Molaimid go gcoinneofaí an díolúine ó cháin d'eitiltí ó oileáin nó ó oileáin nach bhfuil nasctha le droichid ná le tolláin mar nach ann do roghanna inmharthana eile.

Tuilleadh eolais agus nasc chuig an achainí ar ár láithreán gréasáin:

Https:// www.endingaviationfueltaxexemption.eu/.

Rannchuiditheoirí

Tassos Papachristou (agus Timothée Galvaire)

Is mic léinn as gach cearn den Eoraip a bhfuil rún daingean acu todhchaí níos inbhuanaithe a thógáil iad eagraithe an tionscnaimh

Fág do thuairim

Le go mbeidh tú in ann nótaí tráchta a fhágáil, ní mór duit fíordheimhniúclárú.

Tuairimí

Miroslav Atanasov | 20/10/2022

Nuacht iontach, https://flights365.bg

Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.