Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Conas comhpháirtithe a aimsiú: leideanna praiticiúla

Rannpháirtíocht na saoránach i mbeartas an Aontais Eorpaigh a chothú

Tá an ceart ag saoránaigh den Aontas a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais Eorpaigh. Tá go leor bealaí ann inar féidir le muintir na hEorpa an ceart seo a chleachtadh (e.g. achainí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí, teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach, etc.). Mar sin féin, is uirlis ar leith é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) atá ar fáil do shaoránaigh chun tionchar a bheith acu ar chlár oibre an Aontais Eorpaigh. 

Má éiríonn le saoránaigh, iad ina ngrúpa d’eagraithe, 1 mhilliún síniú a bhailiú, agus na tairseacha íosta is gá a bhaint amach in aon cheathrú ar a laghad de na Ballstáit (mar atá 7 gcinn faoi láthair) laistigh de 12 mhí, féadfaidh siad iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí (féach an nóta treorach Conas tionscnamh a dhréachtú), reachtaíocht a mholadh chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Tá leideanna praiticiúla agus acmhainní úsáideacha sa nóta treorach seo chun cabhrú le heagraithe teacht ar na comhpháirtithe cearta agus comhghuaillíochtaí láidre rathúla a fhorbairt. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoi nós imeachta TES, féach An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh – Na bunghnéithe. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhfeachtas, féach an nóta treorach Conas dul i mbun feachtais agus Conas d’fhoireann le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a struchtúrú.  

An grúpa d’eagraithe

Ní mór seachtar saoránach Eorpach ar a laghad a bheith sa ghrúpa d’eagraithe, iad sean go leor le vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla ar a laghad. Tá tábhacht le saoránacht den Aontas (gan beann ar an mBallstát) agus le háit chónaithe araon chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.

Ainmneofar teagmhálaithe – ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin – chun labhairt leis an gCoimisiún thar ceann an choiste agus chun gníomhú ar a shon. Féadfaidh an grúpa d’eagraithe beirt eile a ainmniú a ghníomhóidh ar son an teagmhálaí sa chás nach bhfuil fáil air. Is féidir eintiteas dlíthiúil a chruthú chomh maith a dhéanfaidh ionadaíocht ar an ngrúpa d’eagraithe, rud a chuirfidh le hinfheictheacht an tionscnaimh. Ní mór an t-eintiteas dlíthiúil seo a chruthú i gcomhréir le rialacha Ballstáit, áfach. An dúshlán a bheidh i gceist ansin foirm dlí agus reachtaíocht na tíre is oiriúnaí maidir le riachtanais an tionscnaimh agus an ghrúpa d’eagraithe a roghnú.

Comhpháirtithe chun tacú leis an ngrúpa d’eagraithe agus leis an bhfeachtas

Is iad comhpháirtithe an tionscnaimh na daoine aonair agus na heagraíochtaí éagsúla a dhéanfaidh do chuid teachtaireachtaí a leathnú agus a mhéadú chun cabhrú leat feasacht faoin bhfeachtas a ardú agus daoine a spreagadh ráitis tacaíochta a shíniú.

Cé go mbeidh dlúthnaisc cheana féin ag na heagraithe le roinnt acu, beidh gá le cinn eile a earcú. Chuige sin, ba cheart don ghrúpa d’eagraithe liosta cuimsitheach a thiomsú de na tacadóirí féideartha ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach sna catagóirí seo a leanas:

  • idirghabhálaithe – eagraíochtaí ballraíochta a bhfuil bá acu le hábhar an tionscnaimh amhail ceardchumainn, ENRanna, comhlachais, etc.;
  • urraí – seans go mbeidh roinnt idirghabhálaithe toilteanach tacú leis an bhfeachtas (trí chistí nó trí thacaíocht comhchineáil a thabhairt). B’fhéidir gurbh fhiú duit freisin do mhachnamh a dhéanamh ar iarratas a chur chuig na fondúireachtaí carthanachta ábhartha;
  • tionchairí – má tá polaiteoirí, iriseoirí agus daoine mór le rá toilteanach tacaíocht a thabhairt do do thionscnamh, is féidir go gcabhróidh sin chun borradh a chur faoin mbailiú sínithe agus an scéala faoin tionscnamh a scaipeadh i measc an phobail ag an am céanna;
  • oibrithe deonacha – na pobail ar líne a leanann eagraithe agus eagraíochtaí comhpháirteacha nó a úsáideann haischlibeanna a bhaineann le hábhar, is foinse thábhachtach iad chun teacht ar oibrithe deonacha atá sásta teachtaireachtaí an fheachtais a thabhairt leo chuig na pobail sin, ar líne agus as líne araon, agus chun sínithe a bhailiú.

Foinsí eile chun comhpháirtithe a lorg

Clár Trédhearcachta an Aontais Eorpaigh

Is clár deonach é an Clár Trédhearcachta a chlúdaíonn eagraíochtaí a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar cheapadh beartas an Aontais agus ar institiúidí an Aontais.

Is féidir teacht ar eagraíochtaí de gach cineál sa bhunachar sonraí seo, cuir i gcás gnólachtaí príobháideacha, comhlachais tionscail, seirbhísí comhairleachta agus ENRanna, gníomhaireachtaí, meithleacha machnaimh, institiúidí taighde agus acadúla, agus bardais. Tá thart ar 12,000 cláraí ann a bhfuil eolas curtha ar fáil acu a bhaineann lena suíomhanna gréasáin, sonraí teagmhála, spriocanna, gníomhaíochtaí sonracha, baill foirne, buiséad agus réimsí spéiseanna.

Is féidir cuardach ginearálta a dhéanamh ach eochairfhocail amhail ‘comhshaol’, ‘cosaint sonraí’, ‘trádáil’, ‘tomhaltóirí’, ‘óige’, ‘iompar’ nó ‘cánachas’ a chur isteach. Is féidir cuardach níos mionsonraithe a dhéanamh sa chluaisín ‘Sainchuardach’. Ón mbarr anuas, na catagóirí cuardaigh ná rannóg nó cineál eagraíochta, ansin suíomh, leibhéal spéise (Eorpach, domhanda, náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil), réimsí spéiseanna, etc.

Do chomhpháirtithe a choinneáil spreagtha agus páirteach

Agus líon mór comhpháirtithe bailithe le chéile agat, ba cheart duit na dálaí cuí a chruthú chun go bhféadfaidh sibh oibriú le chéile agus chun go mbeidh do chomhpháirtithe spreagtha i rith an fheachtais. Chuige sin, ba cheart duit:

  • Tacar coiteann luachanna a chruthú chun dul i bhfeidhm ar shaoránaigh;
  • Cuspóirí atá soiléir agus réalaíoch a leagan síos agus spriocanna do gach uile chomhpháirtí a shainiú i rith an fheachtais;
  • Meon pobail a spreagadh trí chruinnithe rialta a eagrú ar líne agus, más féidir, cruinnithe duine le duine a eagrú;
  • Coinnigh do chomhpháirtithe ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh agus cuir aiseolas dearfach ar fáil nuair a bhaintear cuspóirí amach d’fhonn ardmheanma a choinneáil.
Conas comhpháirtithe a aimsiú: Noda agus leideanna praiticiúla