- Dúnta
- Cainteoirí
- Ionut Grigoras, European Commission Policy Officer, Ioana-Virginia Motoc, Legal expert part of the "Ask an expert" service , Claire Damilano, ECI Forum Legal Advice Manager
- Na catagóirí
Is iomaí bealach chun go n-éireoidh leat agus tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh á sheoladh agat. Is cuma cé acu a shroicheann nó nach sroicheann tionscnamh an tairseach oifigiúil, is é sin aon mhilliún síniú, is féidir leis fíorathrú a spreagadh fós, ó reachtaíocht an Aontais a mhúnlú go feachtais chumhachtacha feasachta poiblí a fhorbairt.
Ar chaill tú an seisiún beo? Féach ar thaifeadadh iomlán an tseimineáir gréasáin thuas chun foghlaim conas a rinne triúr eagraithe TES gníomh dá gcuid smaointe trí straitéisí an-éagsúil a úsáid.
Sa seimineár gréasáin seo, a mhaireann uair an chloig, chomhroinn triúr eagraithe TES a n-eispéiris éagsúla chun an iliomad bealaí a léiriú ar féidir le TES cur le ceapadh beartas an Aontais. D’éirigh le feachtas amháin os cionn milliún síniú fíoraithe a bhailiú, agus ghlac an dá cheann eile bealaí éagsúla chun tosaíocht a thabhairt don ardú feasachta agus tionchar a imirt ar reachtaíocht trí shlógadh agus abhcóideacht.
Chuala na rannpháirtithe go díreach ó eagraithe:
Trí na scéalta pearsanta agus na léargais straitéiseacha sin, d’fhoghlaim an lucht freastail conas feachtas TES a phleanáil agus a reáchtáil, bíodh sin trí mhéadracht thraidisiúnta ratha nó trí chineálacha eile tionchair. Chomhroinn na cainteoirí na dúshláin a bhí rompu, ó easpa maoinithe go tost na meán, ó bhrú agus strus go tábhacht thacaíocht an phobail.
I measc na bpríomhléargas ón bplé:
Clár an tseimineáir gréasáin
Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa taifeadadh seo den seimineár gréasáin:
Is uirlis é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ní hé an sprioc. D’fhéadfaí torthaí fiúntacha a bhaint amach ach an tionscnamh a úsáid mar chuid de phlean abhcóideachta níos leithne, go háirithe nuair is dócha nach mbainfear spriocanna sínithe amach.
Teanga: Béarla
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.