Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin ‘Conas comhpháirtithe a chuardach’, 2018

Dáta tosaigh: 13/09/2018
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 15/07/2021

Cainteoir: Maarten de Groot, Feachtas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Modhnóir: Flavio Grazian, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach

Teangacha: EN, ES, DE, FR, IT

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla, i Spáinnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus in Iodáilis) agus an cur i láthair PowerPoint chun foghlaim faoi na dúshláin a bhaineann le comhghuaillíocht láidir comhpháirtithe a fhorbairt agus chun comhairle phraiticiúil a fháil maidir le conas na comhpháirtithe cearta a aimsiú. Is féidir leat teacht ar leaganacha na dteangacha difriúla ach an teanga atá uait a roghnú sa seinnteoir físeán.

Bhí an cainteoir Maarten de Groot ina chomhordaitheoir feachtais le Feachtas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh roimhe agus d’eagraigh sé tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh é féin cheana freisin.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Elisa Lironi [Nóiméad 0 go 3]

2. Cad é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le Elisa Lironi [Nóiméad 3 go 7]

3. Comhpháirtithe a chuardach le Elisa Lironi [Nóiméad 7 go 21]

4. Cad é Feachtas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le Maarten de Groot [Nóiméad 21 go 27]

5. Taithí phearsanta ó eagraí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh le Maarten de Groot [Nóiméad 27 go 33] 

6. Moltaí agus leideanna nuair atá comhpháirtithe á gcuardach le Maarten de Groot [Nóiméad 33 go 44]

7. Ceisteanna agus freagraí [Nóiméad 44 go 51]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Conas is féidir leat comhpháirtithe a aimsiú chun tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a sheoladh.

- Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach dóthain comhpháirtithe a bheith ar bord agat?

- Cén fáth a bhféadfadh sé a bheith deacair obair a dhéanamh leis an iomarca comhpháirtithe?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Tá sé ríthábhachtach dóthain comhpháirtithe a bheith ann chun tionscnamh rathúil a reáchtáil agus chun dóthain sínithe a bhailiú. Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil le heagraíochtaí a luaithe is féidir.

- Tá ról tábhachtach ag comhpháirtithe náisiúnta! Cé gur maith an rud é líonra mór Eorpach a bheith agat, is iad na comhpháirtithe náisiúnta is mó a chuidíonn chun sínithe a bhailiú ar an láthair.

Séanadh:

- Rinneadh an seimineár gréasáin seo a thaifeadadh in 2018. Dá bhrí sin, níl cuid den eolas i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ar ceart é a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. Baineann an t-eolas atá as dáta leis an bpointe seo a leanas a luadh le linn an tseimineáir gréasáin:

- An tréimhse 12 mhí chun sínithe a bhailiú, cuirtear tús leis díreach tar éis an tionscnamh a chlárú.

- Tá 2 mhí (ar a mhéad) ag an gCoimisiún Eorpach chun measúnú a dhéanamh ar chlárú an tionscnaimh.

- Beidh cead a gcinn ag eagraithe i gcónaí úsáid a bhaint as bogearraí oscailte an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.




De réir an chreata dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, is é seo a leanas an t-eolas ceart:

- Tá 6 mhí ag eagraithe tionscnaimh ó na saoránaigh an dáta tosaigh a chinneadh chun sínithe a bhailiú tar éis an tionscnamh a chlárú.

- Tá 2 mhí ag an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar chlárúchán. Má tá an tionscnamh go follasach lasmuigh de chreat cumhachtaí an Choimisiúin chun togra le haghaidh gníomh dlíthiúil a mholadh, tugtar an deis d’eagraithe athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéad iarratas agus leagan nuashonraithe a sheoladh isteach ina áit; sa chás sin, mairfidh an próiseas suas le 4 mhí.

- Ní bheifear in ann córais bailithe ar líne ar leithligh a úsáid ach i gcás tionscnamh atá cláraithe roimh an 31 Nollaig 2022.

Tá tuilleadh eolais faoi na rialacha nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar fáil ach féachaint ar an seimineár gréasáin seo, an bhlagphostáil seo a léamh agus ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Webinar ‘How to look for partners’, 2018

Sleamhnáin láithreoireachta

How to Look for Partners
Béarla
(1.09 MB - PDF)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?