Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An seimineár gréasáin ‘Comhairle dlí maidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhréachtú’, 2020

Taifead

Dáta tosaigh: 28 May 2020
Dáta deiridh: 28 May 2020
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 22 September 2020
Webinar: Legal advice on drafting a European Citizens’ Initiative

Cainteoir: Alicja Klosok, Freshfields Bruckhaus Deringer

Modhnóir: Flavio Grazian, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach

Teanga: EN

Má chaill tú amach ar an seimineár gréasáin, féach an fístaifeadadh (atá ar fáil i mBéarla) chun tuilleadh eolais a fháil faoi na dúshláin a bhaineann le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhréachtú. Díríodh sa seimineár gréasáin ar na ceanglais dhlíthiúla a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus cuireadh comhairle phraiticiúil ar fáil maidir leis na céimeanna is gá a leanúint chomh maith leis na coinníollacha i dtaca le tionscnamh a chlárú.

Is ball í Alicja Klosok d’fhoireann na bpríomhshaineolaithe dlí atá ag obair leis an tseirbhís ‘Faigh Comhairle’ de chuid Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Is Comhlach í i ngrúpa iomaíochta, trádála agus in aghaidh trustaí de chuid Freshfields Bruckhaus Deringer sa Bhruiséil. Sular bhog sí go dtí na hoifigí sa Bhruiséil, rinne Alicja a cuid oiliúna sna hoifigí atá ag an ngnólacht i Londain agus le linn an ama sin dhírigh sí ar dhlí an Aontais, agus ar dhlí iomaíochta an Aontais go príomha.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Flavio Grazian [Nóiméad 0 go 4]

2. Eolas ginearálta maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh [Nóiméad 4 go 15]

3. Píosaí cainte ó Alicja Klosok maidir le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhréachtú [Nóiméad 15 go 58]

4. Ceisteanna agus freagraí le Alicja Klosok [Nóiméad 58 go 65]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

– Ó dhearcadh dlíthiúil de, cad iad na rudaí is dúshlánaí a bhaineann le tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a dhréachtú?

– Cad iad na botúin choiteanna is mó is ceart a sheachaint agus tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh á dhréachtú?

– Cad iad na forálacha ábhartha ar ar cheart tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh a bhunú?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

– Ní mór d’eagraithe fios cheart a bheith acu cad is mian leo a bhaint amach leis an tionscnamh. Caithfidh siad an méid sin a chur in iúl go soiléir sa dréacht. Ar an gcaoi sin, beidh sé níos éasca teanga dhlíthiúil a chur air.

– Ní mór d’eagraithe a rá go soiléir sa tionscnamh cad go díreach atá siad ag iarraidh ar an gCoimisiún a dhéanamh.

– Ní mór d’eagraithe a chinntiú go luaitear sa tionscnamh an réimse beartais inar mian leo athruithe a fheiceáil. Éascóidh sin tagairt a dhéanamh do na forálacha dlíthiúla faoi seach. 

 

 

 

Sleamhnáin láithreoireachta

Legal advice on how to draft a European citizens' initiative

Na seimineáir ghréasáin is déanaí

  • Dúnta
  • Arna nuashonrú an 25 July 2025
Taifeadadh ar fáil
  • Dáta tosaigh: 16 October 2025 - 12:30
  • Dáta deiridh: 16 October 2025
Cainteoirí
Mattéo Garguilo, eagraí ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’, Diego Naranjo, eagraí ‘D’aghaidh a éileamh ar ais’ , Timothée Galvaire, eagraí ‘Deireadh a chur leis an díolúine ó cháin ar bhreosla eitlíochta’
Na catagóirí
  • Dúnta
  • Arna nuashonrú an 22 May 2025
Taifeadadh ar fáil
  • Dáta tosaigh: 15 May 2025 - 12:30
  • Dáta deiridh: 15 May 2025
Cainteoirí
Olaf Grawert, eagraí ‘HouseEurope! Athchóirímis anois!’, Daniel Ondruska, eagraí ‘Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh], Pavel Zálešák, ball den TES ‘Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh]
Na catagóirí