Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin "Conas cistí a thiomsú", 2018

Taifead

Dáta tosaigh: 14 November 2018
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 03 June 2021
Webinar ‘How to raise funds’, 2018

Aoi-chainteoir: Olga Kikou, an tionscnamh dar teideal ‘Stop the Cage Age’ [Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta]

Modhnóir: Francisco Aranda Ruiz, CARSA

Teangacha: EN, ES, DE, FR, EL

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla, i Spáinnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus i nGréigis) agus an cur i láthair PowerPoint chun tairbhe a bhaint as treoir phraiticiúil maidir leis na bealaí éagsúla le cistí a thiomsú agus leis na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach do do thionscnamh. Is féidir leat teacht ar leaganacha na dteangacha difriúla ach an teanga atá uait a roghnú sa seinnteoir físeán.

Is í Olga Kikou Bainisteoir Gnóthaí Eorpacha le 'Compassion in World Farming', eagraíocht idirnáisiúnta a bhíonn ag obair ar mhaithe le leas ainmhithe feirme agus ar bheartas maidir le bia agus feirmeoireacht inbhuanaithe. Bhí sí ina comhordaitheoir tionscnaimh don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Francisco Solano Aranda Ruiz [Nóiméad 0 go 3]

2. Míniú ginearálta ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh [Nóiméad 3 go 7]

3. Treoir maidir le cistiú a thiomsú [Nóiméad 7 go 17]

4. Píosa cainte ó Olga Kikou [Nóiméad 17 go 34]

5. Ceisteanna agus freagraí [Nóiméad 34 go 41]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Cad iad na bealaí le cistí a thiomsú do do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh?

- Cad chuige a dteastaíonn an t-airgead uait mar fheachtasóir?

- Conas is féidir airgead a chur i leataobh go cliste?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Ba cheart d’eagraithe dul i dteagmháil le comhpháirtithe féideartha (tríd an líonra atá acu, páirtithe leasmhara eile, an rannóg ‘Nasc’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh). Ba cheart dóibh freisin tógáil ar an líonra eagraíochtaí neamhrialtasacha agus cónaidhmeanna a d’fhéadfadh tacú lena dtionscnamh.

- Is iad seo a leanas bealaí féideartha chun cistí a thiomsú leat féin: sluamhaoiniú, maoiniú idir piaraí, marsantú, foinsí eile a eagrú (e.g. cóisir). 

- Is féidir le himeachtaí poiblí agus pearsana poiblí cuidiú leat chun suim a mhúscailt san fheachtas agus aird a tharraingt air.

 

Séanadh:

- Rinneadh an seimineár gréasáin seo a thaifeadadh in 2018. Dá bhrí sin, níl cuid den eolas i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. Baineann an t-eolas atá as dáta leis an bpointe seo a leanas a luadh le linn an tseimineáir gréasáin:

An amlíne atá le feiceáil ar shleamhnán 6 (Nóiméad 3:32 - 7:05).

De réir an chreata dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, is é seo a leanas an amlíne atá ceart:

Clárú: 2+2 mhí

Bailiúchán: 12 mhí

Fíorúchán: 3+3 mhí ar a mhéad 

Tíolacadh: 3 mhí ar a mhéad

Scrúdú agus freagra ón gCoimisiún Eorpach: 6 mhí

Tá tuilleadh eolais faoi na rialacha nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar fáil ach féachaint ar an seimineár gréasáin seo, an bhlagphostáil seo a léamh agus ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Sleamhnáin láithreoireachta

How to raise funds by Francisco Solano Aranda Ruiz, CARSA and Olga Kikou (End of the cage age European citizens’ initiative)

Na seimineáir ghréasáin is déanaí

Dúnta
Arna nuashonrú an 08 June 2026
Taifeadadh ar fáil
  • Dáta tosaigh: 19 May 2026 - 12:30
  • Dáta deiridh: 19 May 2026
Cainteoirí
Pavel Zálešák, ball den TES ‘Stop Destroying Videogames’ [‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’], Olga Kikou, ball den TES ‘Good Food For All’ [‘Bia maith do chách’] agus iarbhall den TES ‘End the Cage Age‘ [‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’]
Na catagóirí
Dúnta
Arna nuashonrú an 27 January 2026
Taifeadadh ar fáil
  • Dáta tosaigh: 10 March 2026
  • Dáta deiridh: 10 March 2026
Cainteoirí
Ionut Grigoras, Oifigeach Beartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Ioana-Virginia Motoc, Saineolaí dlí den tseirbhís ‘Fiafraí de shaineolaí’ , Claire Damilano, Bainisteoir Comhairle Dlí Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh
Na catagóirí