Is iontráil é an físeán seo sa chomórtas ImagineEU. Sa chomórtas, iarradh ar dhéagóirí a gcuid smaointe a chur in iúl maidir leis an saol a fheabhsú ina bpobal nó ina dtír féin. Tá físeáin ghearra déanta acu a mhíníonn cad is gá a athrú, dar leo, agus conas a d’fhéadfaí an méid sin a dhéanamh. Cuireann an comórtas le coincheap an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh (TES), uirlis thábhachtach don daonlathas rannpháirteach san Aontas, rud a chuireann ar chumas na saoránach páirt ghníomhach a ghlacadh i gceapadh beartais an Aontais.
Greillí scagtha dramhaíola: smaoineamh measartha le haghaidh domhan saor ó thruailliú
Achoimre ar an bhfíseán
D’eascair ár dtionscadal as an taighde a rinneamar le haghaidh thionscadal Erasmus+ maidir leis an ngá atá le huisce a chaomhnú. Smaoineamh cruthaitheach agus nuálach is ea an líníocht, díreach cosúil lenár ngreillí scagtha dramhaíola. San fhíseán caitheann fear bun toitín uaidh, rud a thruaillíonn an t-uisce i ngeall ar na tocsainí atá sa toitín. Is dóigh leis gurb é féin atá i gceannas go hiomlán, ach is é a bhíonn ag fulaingt de dheasca a leithleachais féin. Dhéanfadh ár gcóras an chuid is mó den smionagar dromchla a scagadh, rud a chuirfeadh le hEoraip atá saor ó thruailliú.
Eolas faoi na daltaí
Ainmneacha na ndaltaí:
-
Marc-Aurèle BERTHOUD-PARIGI
-
Elisa ROUX
-
Chine MAZZELLA
-
Paoline CHAUSSABEL
-
Paloma SIVET