Taifead
Aoi-chainteoir: Daniel Schily, Democracy International
Modhnóir: Flavio Grazian, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach
Teangacha: EN, ES, DE, FR, IT
Má chaill tú amach ar an seimineár gréasáin, féach an fístaifeadadh (atá ar fáil i mBéarla, i Spáinnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus in Iodáilis) chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas agus faoi na dúshláin a bhaineann le feachtasaíocht a dhéanamh agus le hairgead a bhailiú le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Is féidir leat teacht ar leaganacha na dteangacha difriúla ach an teanga atá uait a roghnú sa seinnteoir físeán.
Is duine de chomhbhunaitheoirí Democracy International é Daniel Schily. Tá breis agus 25 bliana de thaithí aige ar ghníomhaíocht le haghaidh an daonlathais dhírigh.
Clár an tSeimineáir Gréasáin
1. Réamhrá le Elisa Lironi [Nóiméad 0 go 4]
2. Forbhreathnú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh [Nóiméad 4 go 10]
3. Ceisteanna agus freagraí idir Elisa Lironi agus Daniel Schily maidir le Feachtasaíocht a dhéanamh [Nóiméad 10 go 31]
4. Ceisteanna agus freagraí idir na rannpháirtithe agus Daniel Schilly maidir le Feachtasaíocht a dhéanamh [Nóiméad 31 go 37]
5. Ceisteanna agus freagraí idir Elisa Lironi agus Daniel Schily maidir le hAirgead a bhailiú [Nóiméad 37 go 53]
6. Ceisteanna agus freagraí idir na rannpháirtithe agus Daniel Schily maidir le hAirgead a bhailiú [Nóiméad 53 go 59]
Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:
– Conas croí-chomhghuaillíocht a chruthú don fheachtas?
– Cad iad na gnéithe tábhachtacha a bhaineann le feachtas?
– Conas is féidir le feachtais tacaíocht a eagrú agus airgead a bhailiú?
Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:
– Ba cheart tuiscint shoiléir agus comhaontú a bheith ann idir eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus na comhpháirtithe comhghuaillíochta i dtaca lena bhfuil gach duine freagrach as.
– Is rud tábhachtach é comhdhéanamh an choiste saoránach nuair atá tionscnamh á sheoladh agus níor cheart talamh slán a dhéanamh de.
– Tá maoiniú ráthaithe ag teastáil le haghaidh gach feachtas chun go mbeidh rath air.
Na seimineáir ghréasáin is déanaí
- Dúnta
- Cainteoirí
- Mattéo Garguilo, eagraí ‘Déantar cleachtais tiontúcháin a chosc san Aontas Eorpach’, Diego Naranjo, eagraí ‘D’aghaidh a éileamh ar ais’ , Timothée Galvaire, eagraí ‘Deireadh a chur leis an díolúine ó cháin ar bhreosla eitlíochta’
- Na catagóirí
- Dúnta
- Cainteoirí
- Olaf Grawert, eagraí ‘HouseEurope! Athchóirímis anois!’, Daniel Ondruska, eagraí ‘Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh], Pavel Zálešák, ball den TES ‘Stop Destroying Videogames’ [Cuirtear deireadh le físchluichí a scriosadh]
- Na catagóirí
Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
