Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin "Conas cistí a thiomsú", 2018

Dáta tosaigh: 14/11/2018
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 19/07/2021

Aoi-chainteoir: Olga Kikou, an tionscnamh dar teideal ‘Stop the Cage Age’ [Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta]

Modhnóir: Francisco Aranda Ruiz, CARSA

Teangacha: EN, ES, DE, FR, EL

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla, i Spáinnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus i nGréigis) agus an cur i láthair PowerPoint chun tairbhe a bhaint as treoir phraiticiúil maidir leis na bealaí éagsúla le cistí a thiomsú agus leis na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach do do thionscnamh. Is féidir leat teacht ar leaganacha na dteangacha difriúla ach an teanga atá uait a roghnú sa seinnteoir físeán.

Is í Olga Kikou Bainisteoir Gnóthaí Eorpacha le 'Compassion in World Farming', eagraíocht idirnáisiúnta a bhíonn ag obair ar mhaithe le leas ainmhithe feirme agus ar bheartas maidir le bia agus feirmeoireacht inbhuanaithe. Bhí sí ina comhordaitheoir tionscnaimh don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Ná coinnímis ainmhithe i gcásanna feasta’.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Francisco Solano Aranda Ruiz [Nóiméad 0 go 3]

2. Míniú ginearálta ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh [Nóiméad 3 go 7]

3. Treoir maidir le cistiú a thiomsú [Nóiméad 7 go 17]

4. Píosa cainte ó Olga Kikou [Nóiméad 17 go 34]

5. Ceisteanna agus freagraí [Nóiméad 34 go 41]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Cad iad na bealaí le cistí a thiomsú do do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh?

- Cad chuige a dteastaíonn an t-airgead uait mar fheachtasóir?

- Conas is féidir airgead a chur i leataobh go cliste?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Ba cheart d’eagraithe dul i dteagmháil le comhpháirtithe féideartha (tríd an líonra atá acu, páirtithe leasmhara eile, an rannóg ‘Nasc’ ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh). Ba cheart dóibh freisin tógáil ar an líonra eagraíochtaí neamhrialtasacha agus cónaidhmeanna a d’fhéadfadh tacú lena dtionscnamh.

- Is iad seo a leanas bealaí féideartha chun cistí a thiomsú leat féin: sluamhaoiniú, maoiniú idir piaraí, marsantú, foinsí eile a eagrú (e.g. cóisir). 

- Is féidir le himeachtaí poiblí agus pearsana poiblí cuidiú leat chun suim a mhúscailt san fheachtas agus aird a tharraingt air.

 

Séanadh:

- Rinneadh an seimineár gréasáin seo a thaifeadadh in 2018. Dá bhrí sin, níl cuid den eolas i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm faoi láthair agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. Baineann an t-eolas atá as dáta leis an bpointe seo a leanas a luadh le linn an tseimineáir gréasáin:

An amlíne atá le feiceáil ar shleamhnán 6 (Nóiméad 3:32 - 7:05).

De réir an chreata dlí atá i bhfeidhm faoi láthair, is é seo a leanas an amlíne atá ceart:

Clárú: 2+2 mhí

Bailiúchán: 12 mhí

Fíorúchán: 3+3 mhí ar a mhéad 

Tíolacadh: 3 mhí ar a mhéad

Scrúdú agus freagra ón gCoimisiún Eorpach: 6 mhí

Tá tuilleadh eolais faoi na rialacha nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar fáil ach féachaint ar an seimineár gréasáin seo, an bhlagphostáil seo a léamh agus ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Webinar ‘How to raise funds’, 2018

Sleamhnáin láithreoireachta

How to raise funds by Francisco Solano Aranda Ruiz, CARSA and Olga Kikou (End of the cage age European citizens’ initiative)
Béarla
(8.07 MB - PDF)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?