Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin “Conas dul i mbun feachtasaíocht ar líne don tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agat”, 2020

Dáta tosaigh: 16/06/2020
Dáta deiridh: 16/06/2020
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 05/03/2021

Aoi-chainteoirí: Olga Kikou, an tionscnamh “End the Cage Age”, Meike Hartwig, Change.org

Modhnóir: Petko Georgiev, ProMedia

Teanga: EN

Má chaill tú amach ar an seimineár gréasáin, féach an fístaifeadadh (atá ar fáil i mBéarla) chun tuilleadh eolais a fháil faoi na dúshláin a bhaineann le dul i mbun feachtasaíocht ar líne le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

Olga Kikou, Ceann Oifig an Aontais, Compassion in World Farming. Is í Olga atá ina stiúrthóir ar ghníomhaíochtaí Compassion in World Farming, eagraíocht idirnáisiúnta ag a bhfuil oifigí agus ionadaíochtaí i 9 dtír Eorpacha, sna Stáit Aontaithe, sa tSín agus san Afraic Theas. Tá an eagraíocht tiomanta feabhas a chur ar leas ainmhithe, deireadh a chur le talmhaíocht thionsclaíoch ainmnithe agus bia agus feirmeoireacht inbhuanaithe a bhaint amach. Is ionadaí malartach í Olga freisin do Choiste na Saoránach don tionscnamh “End the Cage Age”.

Meike Hartwig, Feachtasóir Sinsearach, Change.org. Is feachtasóir í Meike le change.org, an t-ardán achainí ar líne is mó ar domhan. Sula ndeachaigh sí i mbun oibre le change.org, d’oibrigh sí le haireacht fheidearálach stáit sa Ghearmáin. Tá cúlra acadúil aici san eolaíocht pholaitiúil, i staidéar inscní agus i staidéar síochána agus coinbhleachta. I measc na rudaí is mó ina gcuireann sí spéis tá an daonlathas, an feimineachas, an inbhuanaitheacht agus gné shóisialta an digitithe. Is é a dhéanann sí le change.org tacaíocht a chur ar fáil do lucht tosaithe achainí chun feachtasaíocht rathúil a dhéanamh.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Petko Georgiev [Nóiméad 0 go 5]

2. Eolas ginearálta maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le Petko Georgiev [Nóiméad 5 go 15]

3. Píosa cainte ó Olga Kikou maidir lena taithí i dtaca le feachtais de chuid an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a reáchtáil [Nóiméad 15 go 28]

4. Píosa cainte ó Meike Hartwig maidir le feachtas ar líne a reáchtáil le linn paindéime [Nóiméad 28 go 47]

5. Ceisteanna agus freagraí idir na rannpháirtithe agus na cainteoirí [Nóiméad 47 go 61]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

– Conas is féidir le heagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh spriocanna a leagan síos agus a bhfeachtas a phleanáil?

– Conas is féidir le heagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh teagmháil a dhéanamh lena dtogh-cheantar agus feachtas a chomhordú?

– Conas a reáchtáiltear feachtas “de ghnáth” agus conas feachtas a chur in oiriúint d’aimsir COVID-19?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

– Tá sé an-tábhachtach agus an-chabhrach comhghuaillíocht mhaith d’eagraíochtaí éagsúla a bheith agat. Is mó an comhordú a bhíonn le déanamh má tá líon mór daoine ar bord. Agus is fadálach go maith comhordú a dhéanamh ar rudaí. Tá sé tábhachtach an chothromaíocht cheart a aimsiú.

– Is cuid ríthábhachtach d’fheachtas é logánú. Na páirtithe áitiúla, caithfidh siad a chreidiúint gur leo an feachtas.

– Chun tacaíocht a fháil ó lucht ceaptha beartas agus ó na meáin chumarsáide, ní mór d’eagraithe rud éigin a chur ar fáil dóibh. Níor cheart d’eagraithe a bheith trodach le lucht ceaptha beartas ach tús a chur le hidirphlé leo

 

Webinar: Campaigning online for your European citizens’ initiative
Categories
Bailiú sínithe

Sleamhnáin láithreoireachta

Meike Hartwig_Presentation Change.org_Webinar_16.06.2020
Béarla
(3.26 MB - PDF)
Íoslódáil
Olga Kikou_Presentation_Webinar on online campaigning 16.6.2020
Béarla
(5.95 MB - PDF)
Íoslódáil
Petko Georgiev_Webinar on Campaigning - Presentation
Béarla
(574.85 KB - PDF)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?