Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin, ‘Cad é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?’, 2023

Dáta tosaigh: 23/11/2023 - 12:30
Dáta deiridh: 23/11/2023
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 23/10/2023

Bí linn Déardaoin, an 23 Samhain chun gach eolas a fháil faoin Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh!

Díreoidh an seimineár gréasáin seo ar phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus ar na huirlisí tacaíochta atá ar fáil do na heagraithe. Cloisfear teistiméireachtaí ó eagraithe reatha agus iar-eagraithe chomh maith. Chun tús a chur leis an seimineár gréasáin tabharfaidh eagraithe teistiméireachtaí ar a n-eispéireas leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ag díriú ar an bhfáth ar roghnaigh siad úsáid a bhaint as agus ar an bhfáth a bhfuil sé tábhachtach dóibh mar uirlis daonlathais rannpháirtíochta. Ina dhiaidh sin, tabharfar forléargas ar chéimeanna oifigiúla an phróisis a bhaineann leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, i.e. conas clárú, an amlíne agus an próiseas iarratais. Ansin cuirfear i láthair na huirlisí tacaíochta atá ar fáil d’eagraithe, agus leagfar béim ar conas comhairle a lorg agus ar oiliúint shaincheaptha. Cuirfear clabhsúr ar an seimineár gréasáin le seisiún ceisteanna agus freagraí ina mbeidh deis ag na rannpháirtithe ceisteanna a chur ar na cainteoirí go léir. 

Cláraigh don seimineár gréasáin anseo!

 

Dáta: Déardaoin 23 Samhain 2023 

An t-am: 12:30 – 13:30 Am Lár na hEorpa 

Modhnóir: Vasiliki Mustakis – ECAS 

Cainteoirí: 

Nils Kluger, Eagraí an TES ‘Cuirtear deireadh le teascadh eití – Cuirtear deireadh leis an trádáil’ (le dearbhú)

Elise Fleury, Eagraí an TES ‘An Eoraip Saor ó Fhionnadh’ (le dearbhú)

Rogier Vergouwen, Eagraí an TES ‘Príomhchathracha agus muintir na hEorpa go léir a nascadh trí líonra traenach ardluais’ (le dearbhú)

Barbara Walentynowicz, Oifigeach Beartais, an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, an Coimisiún Eorpach

 

Ardán: Webex 

Teanga: Béarla 

 

 

Webinar Recording - What is the ECI and Why Should I Care?, 2023
Categories
Dea-chleachtais

Sleamhnáin láithreoireachta

Discover the ECI - Procedural Steps of the ECI Presentation
Béarla
(1.84 MB - PDF)
Íoslódáil
Support Tools Available to Organisers Presentation
Béarla
(6.45 MB - PPTX)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?