Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin “Uirlisí tacaíochtaí le haghaidh eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh”, 2020

Dáta tosaigh: 15/09/2020
Dáta deiridh: 15/09/2020
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 05/03/2021

Cainteoirí: Jérôme Stefanini, Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta, an Coimisiún Eorpach

Adriana-Nicoleta Mungiu-Pătrașcu, Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh

Modhnóir: Assya Kavrakova, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach

Teanga: EN

Má chaill tú amach ar an seimineár gréasáin, féach an fístaifeadadh (atá ar fáil i mBéarla) chun tuilleadh eolais a fháil faoi na huirlisí tacaíochta a chuirtear ar fáil le haghaidh eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh.

Jérôme Stefanini, Oifigeach Tionscadal na Teicneolaíochta Faisnéise (TF), Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta, an Coimisiún Eorpach (DIGIT). Is é Jérôme atá i gceannas ar fhoireann TF an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh le 4 bliana anuas. I measc na bhfreagrachtaí atá air, tá Lárchóras Bailithe an Choimisiúin, iarratais ó Eagraithe na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (ECI) agus an tSeirbhís Malartaithe Comhad. Bhí baint aige le gnéithe TF a dhréachtú do rialachán nua ECI. Cuireann Jérôme tacaíocht ar fáil d’eagraithe na dtionscnamh Eorpach ó na saoránaigh agus téann sé i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara difriúla.

Adriana-Nicoleta Mungiu-Pătrașcu, Oifigeach Beartas – an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh. Is oifigeach beartas le hArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh í Adriana Mungiu, agus déanann sí comhordú ar ghníomhaíochtaí cumarsáide agus treoraíochta le haghaidh an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Is é an cuspóir atá aici feasacht a ardú i measc na saoránach maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, sin agus eagraíochtaí a bhfuil spéis acu ann a chumasú chun feidhmiú mar iolraitheoirí ar an láthair.

Assya Kavrakova, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ECAS. Tá Assya Kavrakova ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Sheirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS). Is í a bhunaigh agus a threoraigh forbairt réimse fócais ECAS ar an Ríomhdhaonlathas, lena bhfiosraítear an acmhainneacht dhaonlathach a bhaineann leis an teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide chun an bhearna a laghdú idir an uasaicme pholaitiúil agus na saoránaigh, sin agus claochlú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir saoránaigh an Aontais agus lucht ceaptha beartas an Aontais chun go bhfeidhmeoidh siad ar bhealach níos comhpháirtí, agus a chuideoidh chun saoránacht níos gníomhaí a mhúnlú.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá agus focal fáilte le Assya Karakova [nóiméad 1 go 5]

2. Réamhrá gearr maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh le Adriana-Nicoleta Mungiu-Pătrașcu [nóiméad 5 go 15]

3. Na huirlisí a chuireann Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ar fáil le Assya Kavrakova [nóiméad 15 go 20]

4. Tionscnamh a chlárú le Jérôme Stefanini [nóiméad 20 go 27]

5. Sínithe a thacaíonn le tionscnamh a bhailiú le Jérôme Stefanini [nóiméad 27 go 50]

6. An tSeirbhís Malartaithe Comhad le Jérôme Stefanini [nóiméad 50 go 55]

7. Ceisteanna agus freagraí [nóiméad 55 go 75]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:



– Cad iad na huirlisí tacaíochta a chuirtear ar fáil d’eagraithe chun cuidiú leo a dtionscnaimh a chur chun feidhme?

– Conas an úsáid is fearr a bhaint as an Lárchóras Bailithe ar Líne a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil?

– Cén chaoi a n-oibríonn an córas malartaithe comhad?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

– Cuirtear go leor eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh maidir le tionscnamh a eagrú (cuir i gcás, mínítear ann na nósanna imeachta, an creat rialála srl.)

– Féadfaidh eagraithe (nó eagraithe féideartha) an Fóram a úsáid chun eolas praiticiúil agus comhairle a fháil maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

– Leis an gcuntas d’eagraithe, féadfaidh eagraithe a dtionscnamh a chur isteach chun é a chlárú leis an gCoimisiún Eorpach.

– An Lárchóras Bailithe ar Líne a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil, cuidíonn sé go mór chun sínithe a bhailiú, sin agus déanann sé sonraí pearsanta na sínitheoirí a chosaint.

– Na córais malartaithe comhad a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil, féadfaidh eagraithe iad a úsáid chun ráitis tacaíochta a bailíodh a chur isteach ar líne nó ar pháipéar lena bhfíorú ag na húdaráis náisiúnta.

 

Webinar 'Support tools for organisers of a European citizens’ initiative', 2020
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?