Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin ‘Unlocking Engagement: Strategies for Reaching and Activating the Unengaged for Your ECI’ [‘An Rannpháirtíocht a bhaint amach: Straitéisí chun daoine a shroicheadh agus a ghríosú le haghaidh do TES’], 2024

Dáta tosaigh: 13/06/2024 - 12:30
Dáta deiridh: 13/06/2024
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 23/05/2024

Sa seimineár gréasáin seo rinneamar plé ar na straitéisí agus na bearta atá dírithe ar dhaoine a ghríosú nach bhfuil páirteach agus rannpháirtíocht ghníomhach i dTionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh (TESanna) a fhothú

Rinne ár saineolaithe machnamh ar na bacainní ar rannpháirtíocht, ar chur chuige nuálach maidir le hobair for-rochtana, agus ar an ról lárnach atá ag uirlisí digiteacha agus ag gníomhaíochas an phobail chun go n-éireodh le TES. Agus leas á bhaint againn as taithí phraiticiúil, ó pheirspictíochtaí saineolaithe agus ó eagraithe TES araon, rinneamar mionscrúdú ar straitéisí éifeachtacha, rinneamar léargais luachmhara a chomhroinnt, agus phléamar na dúshláin atá os ár gcomhair agus muid ag iarraidh á saothrú. 

 

Clár an tSeimineáir Ghréasáin: 

1. Réamhrá agus Fáilte 

2. Cur i láthair ó Alessandra Cardaci – An Eoraip faoi chaibidil maidir le straitéisí chun daoine nach bhfuil páirteach a ghríosú, dúshláin, agus na ceachtanna a foghlaimíodh

3. Cur i láthair ó Gauthier Hansel, ‘Tax the Rich’ European citizens’ initiative [‘Gearrtar cáin ar an mór-rachmas’ Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh] maidir leis an eispéireas a bhí acu agus iad ag plé leis na daoine nach raibh páirteach, na straitéisí a úsáideadh, na buanna agus na dúshláin a bhí rompu

4. Cur i láthair ó Kristina Krajnc, ‘My Voice, My Choice’ European citizens’ initiative [‘Mo Ghuth, Mo Rogha’ Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh] maidir leis an eispéireas a bhí acu agus iad ag plé leis na daoine nach raibh páirteach, na straitéisí a úsáideadh, na buanna agus na dúshláin a bhí rompu

5. Vasiliki Mustakis, Comhordaitheoir Daonlathais Rannpháirtíochta, ECAS maidir le huirlisí tacaíochta atá ar fáil d’eagraithe TES

6. Ceisteanna agus freagraí 

7. Focail scoir 

 

Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo: 

Cad iad na straitéisí nuálacha is éifeachtaí dar leat chun daoine nach bhfuil páirteach a ghríosú agus rannpháirtíocht ghníomhach a chothú (i do TES féin)?

An féidir leat roinnt de na ceachtanna is mó a foghlaimíodh ó do thaithí a chomhroinnt? Cé na nithe ar éirigh go maith leo agus na nithe nár éirigh chomh maith céanna leo?

An féidir leat feachtas ar leith a phlé a raibh dúshláin shuntasacha roimhe? Conas a sáraíodh na dúshláin sin?

Cé na dúshláin choiteanna a tháinig chun cinn agus tú ag iarraidh rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú, agus cé na straitéisí a d’úsáid tú chun na dúshláin a shárú?

Cén dóigh ar athraigh uirlisí digiteacha an bealach a ndéanaimid teagmháil leis na saoránaigh san Aontas? An féidir leat roinnt ardáin dhigiteacha nó teicneolaíochtaí digiteacha a lua a raibh tionchar ar leith acu?

Cé na dúshláin agus na teorainneacha a bhaineann le huirlisí digiteacha a úsáid le haghaidh rannpháirtíochta, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt orthu?

 

Cainteoirí: 

Alessandra Cardaci, Príomhbhainisteoir Comhpháirtíochta – An Eoraip faoi chaibidil

Gauthier Hansel, Eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ‘Gearrtar cáin ar an mór-rachmas’  

Kristina Krajnc, Ceann Cumarsáide an Tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh ‘Mo Ghuth, Mo Rogha’

 

Ardán: Webex 

Teanga: Béarla 

 

 

Webinar - Unlocking Engagement Strategies for Reaching and Activating the Unengaged for Your ECI
Categories
Dea-chleachtais
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.