Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin ‘Conas feachtas rathúil a reáchtáil’, 2018

Dáta tosaigh: 09/10/2018
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 15/07/2021

Aoi-chainteoir: Pablo Sánchez, an tionscnamh dar teideal ‘Right2Water’ [An ceart ar uisce]

Modhnóir: Simon Blackley, ESN

Teangacha: EN, PL, DE, FR, IT

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla, i bPolainnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus in Iodáilis) agus an cur i láthair PowerPoint chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas agus faoi na dúshláin a bhaineann le feachtas a eagrú le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Is féidir leat teacht ar leaganacha na dteangacha difriúla ach an teanga atá uait a roghnú sa seinnteoir físeán.

Oibríonn Pablo Sánchez le Ceardchumann na Seirbhísí Poiblí Eorpacha agus bhí sé ina chomhordaitheoir feachtais ar an tionscnamh dar teideal ‘An ceart ar uisce’.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Simon Blackley [Nóiméad 0 go 2]

2. Comhairle ghinearálta maidir le feachtais le Simon Blackley [Nóiméad 2 go 19]

3. Píosa cainte ó Pablo Sánchez [Minute 19 to 42]

4. Ceisteanna agus freagraí [Nóiméad 42 go 51]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Cén fáth a bhfuil sé ríthábhachtach príomhtheachtaireachtaí atá deartha go maith a bheith mar chuid den fheachtas?

- Conas amlíne an fheachtais a phleanáil mar is ceart.

- Conas an úsáid is fearr as bhaint as do líonra.

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Tá príomhtheachtaireachtaí ríthábhachtach chun díriú ar na daoine cearta agus chun dul i gcion ar dhaoine ionas go gcuirfidh siad spéis san fheachtas.

- Ní mór duit cur amach a bheith agat ar do líonra agus a bheith ar an airdeall faoi inniúlachtaí na n-eagraíochtaí.

- Ba cheart duit spriocanna a leagan síos duit féin i dtaca le líon na sínithe is mian leat a bhailiú laistigh de thréimhse ar leith.

Webinar ‘How to run a successful campaign’, 2018

Sleamhnáin láithreoireachta

How to run a successful campaign
Béarla
(627.67 KB - PDF)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?