Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Seimineár gréasáin: ‘Conas Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhuiséadú, agus ionchur ó Fheachtasóirí TES ar éirigh leo’. 2023

Dáta tosaigh: 11/10/2023 - 14:30
Dáta deiridh: 11/10/2023
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 22/09/2023

Ba é ab aidhm don seimineár gréasáin seo léiriú a thabhairt ar an mbealach le cistí a leithdháileadh go héifeachtach i bhfeachtas TES agus conas ceanglais tuairiscithe a chomhlíonadh. Le hionchur ó thriúr feachtasóirí rathúla den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, rinneadh iniúchadh sa seimineár gréasáin seo ar an dóigh a ndéanann na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a gcuid airgeadais a struchtúrú, agus ar na réimsí d’fheachtas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a bhfuil níos mó acmhainní airgeadais ag teastáil ina leith.

Clár an tSeimineáir Ghréasáin: 

1. Réamhrá agus Fáilte le Daniela Vancic, Clárbhainisteoir Eorpach ‘Democracy International’

2. Cur i láthair le Olga Kikou, Eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ‘Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta’ maidir leis an dóigh a ndearna siad a dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhuiséadú agus an dóigh ar bhain siad an úsáid ab fhearr ab fhéidir as a gcistí

3. Cur i láthair le Andre Menache, Eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh ‘Cuirtear deireadh leis an mBeodhioscadh’ maidir leis an dóigh a ndearna siad a dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhuiséadú agus an dóigh ar bhain siad an úsáid is fearr is féidir as a gcistí

4. Cur i láthair le Nils Kluger, Eagraí an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, ‘Cuirtear deireadh le Teascadh Eití’ maidir leis an dóigh a ndearna siad a dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bhuiséadú agus an dóigh ar bhain siad an úsáid is fearr is féidir as a gcistí

5. Ceisteanna agus Freagraí leis an lucht féachana

6. Cur i láthair maidir le tuairisciú éigeantach i leith cistí os cionn €500, Savannah Schuurbiers, ECAS

8. Ceisteanna agus freagraí agus aiseolas ar thaithí na gcainteoirí maidir le cistí a thuairisciú

7. Focail scoir 

 

Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo: 

Le buiséad teoranta, cad é do mholadh maidir leis na catagóirí is práinní is gá a mhaoiniú i bhfeachtas TES?

Cad iad na réimsí i d’fheachtas ar tháinig an toradh is fearr astu ar infheistíocht?

Anois go bhfuil taithí agus eolas agat nach raibh roimhe, dá dtabharfaí níos mó maoinithe duit, cad é a dhéanfá leis na cistí? Cad é a d’fhéadfaí a mhaoiniú ar bhealach ní b’fhearr?

Cad é is féidir a dhéanamh chun go mbeidh TES feiceálach sna meáin?

Cén dóigh a ndéantar cistí agus tabhartais os cionn €500 a thuairisciú?

An dtuairiscíonn tú cistí má dheonaíonn duine aonair nó eagraíocht méideanna roinnt uaireanta a charnann níos mó ná €500?

 

Cainteoirí: 

Olga Kikou, Eagraí an TES ‘Ná Coinnímis Ainmhithe i gCásanna Feasta’

Nils Kluger, Eagraí an TES ‘Cuirtear deireadh le teascadh eití’

Andre Menache, Eagraí an TES ‘Cuirtear deireadh leis an mBeodhioscadh’

Savannah Schuurbiers, Seirbhís Gníomhaíochta na Saoránach Eorpach, maidir leis an dóigh le cistí a thuairisciú 

 

Ardán: Webex 

Teanga: Béarla 

 

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe thíos (ar fáil i mBéarla)

 

Speakers: Olga Kikou, Nils Kluger, Andre Menache

How to Budget your ECI
Categories
Dea-chleachtais
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?