Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An seimineár gréasáin dar teideal ‘Daoine óga a spreagadh chun páirt a ghlacadh i do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (TES) - An t-eolas is gá a bheith agat’, 2023

Dáta tosaigh: 28/09/2023 - 17:00
Dáta deiridh: 28/09/2023
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 11/09/2023

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoin óige a spreagadh chun páirt a ghlacadh i do thionscnamh Eorpach ó na saoránaigh? 

Bí linn Déardaoin an 28 Meán Fómhair agus cuirfidh Almog Yoana Sade, eagraí an tionscnaimh ‘Díonta Gairdíní Glasa’, Christelle Savall, Leas-Uachtarán na bhFeidearálach Eorpach Óg agus Daniela Vancic, Clárbhainisteoir Eorpach le Democracy International eolas praiticiúil, treoir agus taithí ar fáil maidir le ról daoine óga i dtionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh. Díreofar sa seimineár gréasáin seo ar conas daoine óga a spreagadh chun TESanna a shíniú, an chaoi ar féidir le daoine óga a bheith ina n-oibrithe deonacha gníomhacha i TESanna, agus an chaoi ar féidir le daoine óga TES a sheoladh.

Cuirfear tús leis an seimineár gréasáin le forléargas gairid ar na huirlisí tacaíochta atá ar fáil d’eagraithe agus ar an méid is gá a dhéanamh chun 1 mhilliún síniú a bhailiú, sin agus béim á leagan ar na tíortha sin a bhfuil aois sínithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh íslithe acu. Pléifidh na cainteoirí na bealaí ar féidir le heagraí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh an óige a spreagadh chun páirt a ghlacadh ann agus an chaoi le hoibrithe deonacha gníomhacha a dhéanamh díobh. Tar éis dóibh na leideanna praiticiúla agus na treorach praiticiúla sin a thabhairt, pléifidh eagraí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh, Almog Yoana Sade, a taithí maidir le TES a sheoladh, daoine óga a spreagadh chun TESanna a shíniú, agus daoine óga a mhealladh le bheith ina n-oibrithe deonacha gníomhacha ina TES. Beidh an deis ag na rannpháirtithe ceisteanna a chur ar na cainteoirí go léir.

 

Chun clárú don seimineár gréasáin seo, seol ríomhphost chuig ECIforum@ecas.org agus sonraigh d’Ainm Iomlán agus d’Eagraíocht (más infheidhme).

 

Dáta: Déardaoin, an 28 Meán Fómhair 2023 

An t-am: 17:00 – 18:00 Am Lár na hEorpa 

Cainteoirí: 

Almog Yoana Sade, Eagraí an tionscnaimh ‘Díonta Gairdíní Glasa’

Christelle Savall, Leas-Uachtarán na bhFeidearálach Eorpach Óg 

Daniela Vancic, Clárbhainisteoir Eorpach le Democracy International 

Ardán: Webex

Teanga: Béarla 

 

Speakers: Daniela Vancic, Christelle Savall, Almog Yoana Sade

Engaging Young People in Your ECI - What You Need to Know
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?