Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An seimineár gréasáin dar teideal ‘Feachtasaíocht a dhéanamh le linn Ghéarchéim Dhomhanda: Conas an t-ábhar atá agat a choinneáil i lár an aonaigh nuair a bhaineann imeachtaí seachtracha aird de.’

Dáta tosaigh: 06/07/2022 - 12:30
Dáta deiridh: 06/07/2022
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 13/06/2022

Tá taifeadadh den seimineár gréasáin ar fáil thíos

 

Cainteoirí:

Elisa Lironi, Stiúrthóir Cláir - Daonlathas Eorpach, ECAS

Nils Kluger, Stop the Finning - Stop the Trade [Cuir deireadh leis an eite-theascadh - Cuir deireadh leis an trádáil]

John Holland, Holland and Partners Communications

 

Teanga: EN

 

Má chaill tú an seimineár gréasáin, féach an taifeadadh físe (atá ar fáil i mBéarla)

 

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá agus focal fáilte le Elisa Lironi

2. Cur i láthair ó Nils Kluger ón tionscnamh ‘Stop the Finning - Stop the Trade’ [Cuir deireadh leis an eite-theascadh - Cuir deireadh leis an trádáil]

3. Ceisteanna agus freagraí leis an lucht féachana

4. Cur i láthair ó John Holland, Holland and Partners Communications

5. Ceisteanna agus freagraí leis an lucht féachana

6. Focail chlabhsúir

 

Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

- Bunaithe ar an taithí atá agat ar fheachtasaíocht a dhéanamh don tionscnamh ‘Stop the Finning - Stop the Trade’ [Cuir deireadh leis an eite-theascadh - Cuir deireadh leis an trádáil], cén chaoi ar reáchtáil tú feachtas éifeachtach rathúil nuair a bhain cúinsí seachtracha amhail paindéim COVID-19 aird den fheachtas? Cad iad na huirlisí a d’úsáid tú, agus cé acu ba éifeachtaí mar chuid de d’fheachtas?

- Seachas paindéim COVID-19, an raibh cúinsí agus/nó imeachtaí seachtracha eile ann a d’fhág go raibh sé deacair feachtas éifeachtach a reáchtáil? Má bhí, cérbh iad roinnt de na bealaí ar éirigh leat na deacrachtaí sin a shárú?

- Is é is aidhm do gach tionscnamh infheictheacht a fháil agus feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh an Aontais chun 1 mhilliún síniú a bhaint amach. Conas a reáchtálann tú feachtas éifeachtach nuair a bhaineann cúinsí agus imeachtaí seachtracha aird de d’fheachtas? Cad iad na huirlisí is féidir a úsáid chun feachtas éifeachtach a reáchtáil?

- Cad iad na leideanna agus na dea-chleachtais is mó is féidir leat a chomhroinnt leis an lucht féachana maidir le feachtasaíocht a dhéanamh le linn tréimhsí dúshlánacha i ngeall ar imthosca seachtracha, i.e. paindéim COVID-19, géarchéim na hÚcráine?

 

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

- Bíodh baint ag na daoine a shíníonn do thionscnamh leis, tabhair cuireadh dóibh a bheith ina n-oibrithe deonacha don tionscnamh, rud a choimeádann daoine i dteagmháil le do thionscnamh agus a chabhraíonn leis an tionscnamh a scaipeadh ar shaoránaigh eile

- Cruthaigh cuntas ar leith ar na meáin shóisialta do do thionscnamh

- Coinnigh tionchar foriomlán an tionscnaimh ar thús cadhnaíochta; ba cheart go mbeadh saoránaigh a shíníonn an tionscnamh in ann tionchar an tionscnaimh a fheiceáil

- Bíodh gné dhaonnúil le do thionscnamh agus cuir tionchar an tionscnaimh ar taispeáint

- Bain úsáid as nithe físiúla seachas go leor téacs - is fiú míle focal pictiúr

Speakers: John Holland , Nils Kluger , Elisa Lironi

Campaigning During a Global Crisis

Sleamhnáin láithreoireachta

Presentation Elisa Lironi
Béarla
(889.22 KB - PPTX)
Íoslódáil
Presentation John Holland
Béarla
(56.98 MB - PPTX)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?