Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An Daonlathas a Neartú trí Rannpháirtíocht Shibhialta: Dearann Eorpaigh Óga Smaointe Nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Arna nuashonrú an: 20 September 2024

Tá rannpháirtíocht shibhialta ríthábhachtach chun an daonlathas a neartú agus a chosaint. Ba théama lárnach é sin ag Acadamh an tSamhraidh dar teideal "An Daonlathas a Neartú: Rannpháirtíocht agus Freagracht Shibhialta, "a tionóladh ag Ionad Oideachais Kloster Banz sa Ghearmáin. Ghlac foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh páirt ann, agus chuir siad eolas agus uirlisí ar fáil don lucht freastail chun rannpháirtíocht shibhialta a chur chun cinn ina dtíortha féin agus ar leibhéal an Aontais araon. Leagamar béim inár gceardlann ar rannpháirtíocht na saoránach ar leibhéal an Aontais, ag díriú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) mar uirlis chumhachtach don daonlathas dioscúrsach.

Ag Acadamh an tSamhraidh, inar tugadh le chéile 140 rannpháirtí ó 13 eagraíocht scoláireachta, bhí foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh i gceannas ar cheardlann dar teideal “Rannpháirtíocht na Saoránach ar leibhéal an Aontais agus an Daonlathas Dioscúrsach.” Thug an seisiún seo isteach an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) agus a ról maidir le rannpháirtíocht shibhialta trasteorann a chothú. Taispeánadh do na rannpháirtithe an chaoi a bhfeidhmíonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh mar uirlis dhaonlathach ríthábhachtach, lenar féidir le saoránaigh athruithe reachtacha a mholadh go díreach don Choimisiún Eorpach, ar choinníoll go bhfaigheann an togra milliún síniú ar a laghad ar fud seacht mBallstát den Aontas.

Chuir foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh rannpháirtithe ar an eolas freisin faoi rannpháirtíocht ghníomhach shaoránaigh na Gearmáine sa Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) i gcaitheamh na mblianta. Tá an Ghearmáin ar cheann de na tíortha is mó a rannchuidigh le bailiú sínithe a lán tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Ó 2012 go 2024, bhailigh na deich dtionscnamh rathúla breis agus 4.47 milliún síniú fíoraithe sa Ghearmáin (Infographic 2024). Ba iad na feachtais shuntasacha de thionscnaimh ar éirigh leo ‘Right2Water,’ ‘Stop Finning,’ agus ‘Fur Free Europe.’ Chomh maith leis na tionscnaimh ar éirigh leo, bailíodh 620,979 síniú fíoraithe breise sa Ghearmáin, rud a thacaigh le feachtais éagsúla eile TES.

Students discuss with workshop organiser

Taithí phraiticiúil ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Chun tuiscint níos doimhne a fháil, rinneamar cleachtadh ionsamhlúcháin inar chuir rannpháirtithe a dtograí TES féin le chéile. Leis an ngníomhaíocht phraiticiúil sin, bhí siad in ann taithí dhíreach a fháil ar phróiseas an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Bhí dhá thogra shuntasacha mar thoradh ar an díograis agus ar an gcruthaitheacht a bhí ar taispeáint:

1. ‘Stop Turning Labels into Fables’ – Dírithe ar lipéad cóirthrádála caighdeánaithe a chruthú ar fud an Aontais chun cinntí eolasacha tomhaltóirí a chur chun cinn agus chun tacú le táirgeadh inbhuanaithe.

2. “Deisiúchán Cothrom” – Dírithe ar dhramhaíl ó olltáirgeadh a laghdú trí chiste de chuid an Aontais a bhunú lena spreagfar seirbhísí deisiúcháin agus lena gcuirfear geilleagar ciorclach chun cinn.

Léiríonn na tograí sin freagracht chomhchoiteann agus cruthaitheacht na rannpháirtithe agus iad ag dul i ngleic le saincheisteanna suntasacha amhail cearta tomhaltóirí agus inbhuanaitheacht.

12 participants holding the ECI ideas they developed during the ECI simulation

Athrú a Chumhachtú

Chuir an t-ionsamhlú ar chumas na rannpháirtithe machnamh criticiúil a dhéanamh ar na hathruithe is mian leo a fheiceáil san Aontas Eorpach, agus an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh á thaispeáint mar uirlis ghníomhaíochta. Má tá tú paiseanta faoi thodhchaí na hEorpa a mhúnlú, smaoinigh ar an gcaoi a bhféadfá an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha. Conas a d’úsáidfeá an uirlis dhaonlathach seo chun an t-athrú a chur chun cinn? 

Ar mhaith leat tacú leis na tionscnaimh a chuir na mic léinn ar bun? Comhroinn do chuid smaointe thíos. 

Rannchuiditheoirí

Foireann Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh

Fág do thuairim

Le go mbeidh tú in ann nótaí tráchta a fhágáil, ní mór duit fíordheimhniúclárú.