Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

An seimineár gréasáin ‘Conas feachtasaíocht a dhéanamh agus airgead a bhailiú le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh’, 2019

Dáta tosaigh: 26/02/2019
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 05/03/2021

Aoi-chainteoir: Daniel Schily, Democracy International

Modhnóir: Flavio Grazian, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach

Teangacha: EN, ES, DE, FR, IT

Má chaill tú amach ar an seimineár gréasáin, féach an fístaifeadadh (atá ar fáil i mBéarla, i Spáinnis, i nGearmáinis, i bhFraincis agus in Iodáilis) chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseas agus faoi na dúshláin a bhaineann le feachtasaíocht a dhéanamh agus le hairgead a bhailiú le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. Is féidir leat teacht ar leaganacha na dteangacha difriúla ach an teanga atá uait a roghnú sa seinnteoir físeán.

Is duine de chomhbhunaitheoirí Democracy International é Daniel Schily. Tá breis agus 25 bliana de thaithí aige ar ghníomhaíocht le haghaidh an daonlathais dhírigh.

Clár an tSeimineáir Gréasáin

1. Réamhrá le Elisa Lironi [Nóiméad 0 go 4]

2. Forbhreathnú ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh [Nóiméad 4 go 10]

3. Ceisteanna agus freagraí idir Elisa Lironi agus Daniel Schily maidir le Feachtasaíocht a dhéanamh [Nóiméad 10 go 31]

4. Ceisteanna agus freagraí idir na rannpháirtithe agus Daniel Schilly maidir le Feachtasaíocht a dhéanamh [Nóiméad 31 go 37]

5. Ceisteanna agus freagraí idir Elisa Lironi agus Daniel Schily maidir le hAirgead a bhailiú [Nóiméad 37 go 53]

6. Ceisteanna agus freagraí idir na rannpháirtithe agus Daniel Schily maidir le hAirgead a bhailiú [Nóiméad 53 go 59]

Tiocfaidh tú ar fhreagra na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo:

– Conas croí-chomhghuaillíocht a chruthú don fheachtas?

– Cad iad na gnéithe tábhachtacha a bhaineann le feachtas?

– Conas is féidir le feachtais tacaíocht a eagrú agus airgead a bhailiú?

Is iad seo a leanas na pointí is tábhachtaí ón seimineár gréasáin seo:

– Ba cheart tuiscint shoiléir agus comhaontú a bheith ann idir eagraithe tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh agus na comhpháirtithe comhghuaillíochta i dtaca lena bhfuil gach duine freagrach as.

– Is rud tábhachtach é comhdhéanamh an choiste saoránach nuair atá tionscnamh á sheoladh agus níor cheart talamh slán a dhéanamh de.

– Tá maoiniú ráthaithe ag teastáil le haghaidh gach feachtas chun go mbeidh rath air.

Webinar ‘How to campaign and fundraise for a European Citizens’ Initiative’, 2019

Sleamhnáin láithreoireachta

How to campaign and fundraise for a European Citizens’Initiative
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.