Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Do TES a chur in iúl! Leideanna agus cleasanna maidir le conas do thionscnamh a chur chun cinn

Dáta tosaigh: 20/02/2024
Dáta deiridh: 20/02/2024
Stádas reatha: Dúnta
Arna nuashonrú an: 24/01/2024

Sa seimineár gréasáin seo, díreofar ar straitéisí éifeachtacha cumarsáide do na meáin shóisialta le haghaidh tionscnaimh
Eorpacha ó na saoránaigh. Marta Azevedo Silva, Bainisteoir Cumarsáide ECAS, agus Ciara Barry, Eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’, tabharfaidh siad léargas ar an mbealach is fearr chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur in iúl agus a chur chun cinn mar uirlis dhaonlathach rannpháirtíochta agus conas TESanna sonracha eagraithe a chur chun cinn ar na meáin shóisialta. Trí chomhairle phraiticiúil agus fíorthaithí a nascadh le chéile, tabharfaidh an seimineár gréasáin seo straitéis chuimsitheach duit maidir le conas do straitéis chumarsáide féin a fhorbairt le haghaidh tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh. 

 

Dáta: Dé Máirt, an 20 Feabhra 2024

Am: 14:30 – 15:30 Am Lár na hEorpa

Líon isteach an fhoirm le clárú: https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/ECIForum-Webinar-20Feb2024.

 

Clár an tSeimineáir Ghréasáin:

1. Réamhrá - Fáilte

2. Cur i láthair ó Vasiliki Mustakis - Comhordaitheoir an Daonlathais Rannpháirtíochta, ECAS maidir leis na
huirlisí tacaíochta atá ar fáil d’eagraithe TES agus conas an méid atá i gceist leis an
Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a chur in iúl dóibh siúd nach bhfuil ar an eolas faoi

3. Cur i láthair ó Marta Azevedo Silva - Bainisteoir Cumarsáide, ECAS ar leideanna agus
cleasanna maidir le tionscnaimh a chur chun cinn ar na meáin shóisialta

4. Cur i láthair ó eagraí tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh maidir leis an taithí a bhí acu ar a TES a chur chun cinn ar na meáin
shóisialta

5. Ceisteanna agus freagraí

 

Tiocfaidh tú ar fhreagraí na gceisteanna seo a leanas sa seimineár gréasáin seo: 

Cad é Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus cad iad na huirlisí tacaíochta atá ar fáil d’eagraithe tionscnaimh?

Conas is féidir le heagraithe a mhíniú go héifeachtach cad atá i gceist leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh do dhaoine nach bhfuil ar an eolas faoin uirlis seo de chuid an daonlathais rannpháirtíochta?

Cad iad na léargais, leideanna agus cleasanna praiticiúla is féidir a úsáid chun leas a bhaint as na meáin shóisialta chun do TES a chur chun cinn agus aon mhilliún síniú a fháil?

Conas is féidir leat do straitéisí cumarsáide ar na meáin shóisialta a chur in oiriúint do do TES sonrach?

 

Cainteoirí:

Marta Azevedo Silva, Bainisteoir Cumarsáide, Seirbhís Gnímh na Saoránach Eorpach (ECAS)

Ciara Barry, Eagraí an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Éadaí Maithe, Pá Cóir’

 

Ardán: Webex

Teanga: Béarla

ECI Forum Webinar - Communicating Your ECI
Categories
Dea-chleachtais

Sleamhnáin láithreoireachta

ECI Webinar - 20 February - Presentation - Marta
Béarla
(7.2 MB - PDF)
Íoslódáil
ECI Webinar - 20 February - Presentation - Good Clothes Fair Pay
Béarla
(6.96 MB - PDF)
Íoslódáil
Séanadh: Na tuairimí atá curtha in iúl ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, is é dearcadh a n-údar amháin a léiríonn siad agus ní féidir a thuiscint in aon chor go léiríonn siad seasamh an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh.
Réidh le do thionscnamh a chlárú?

Ag iarraidh tacú le tionscnamh? Tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi thionscnaimh reatha nó faoi thionscnaimh a bhí ann cheana?