Chuig an bpríomhábhar
Fóram an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Clárú

Chun go leor de na feidhmiúlachtaí d’Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a úsáid (páirt a ghlacadh sa phlé, comhpháirtithe a aimsiú, fiosrúcháin a chur isteach, srl.), ní mór duit clárú agus logáil isteach. Beidh EU Login ag teastáil uait chun fíordheimhniú a dhéanamh ar Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Lean na céimeanna seo: 

  1. Mura bhfuil ceann agat cheana féin, cruthaigh cuntas EU LoginLean na treoracha chun cuntas EU Login a chruthú agus a chumrú agus chun an dara fachtóir a shocrú le haghaidh fíordheimhniú láidir. Is i mBéarla atá na treoracha agus bíonn aistriúchán uathoibríoch díobh ar fáil i 23 theanga oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
  2. Trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ thíos, tabharfar chuig leathanach EU Login thú, áit a líonfaidh tú isteach do dhintiúir EU Login (cuimhnigh ar fhíordheimhniú dhá fhachtóir a ghníomhachtú).
  3. Ansin beidh tú logáilte isteach i bhFóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh agus beidh ort do phróifíl a chruthú. Nuair a bheidh an chéim sin curtha i gcrích agat, beidh tú in ann rochtain a fháil ar fheidhmeanna uile Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.

Ar chliceáil Cláraigh duit, aontaíonn tú leis na téarmaí agus leis na coinníollacha atá leagtha amach sa Bheartas Modhnóireachta agus Príobháideachais de chuid Fhóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh.